Eoghainín na nÉan

Pádraig Mac Piarais

images

I

Comhrá a tharla idir Eoghainín na nÉan agus a mháthair tráthnóna earraigh roimh dhul faoi don ghrian. An chéirseach agus an gealbhan buí a chuala é agus (de réir mar a mheasaim) a d’inis do mo chairde na fáinleoga, é. Na fáinleoga a d’inis an scéal domsa. cw.

‘Teara uait isteach, a pheata. Tá sé ag éirí fuar.’

‘Ní fhéadaim corraí go fóill beag, a mháithrín. Tá mé ag fanacht leis na fáinleoga.’

‘Cé leis, a mhaicín?’

‘Leis na fáinleoga. Tá mé ag ceapadh go mbeidh siad anseo anocht.’

Bhí Eoghainín in airde ar an aill mhór a bhí láimh le binn an tí, é socraithe go deas ar a mullach agus cúl bán a chinn le bun na fuinseoige a bhí á foscadh. Bhí a cheann crochta aige, agus é ag breathnú uaidh ó dheas. D’fhéach a mháthair suas air. B’fhacthas di go raibh a chuid gruaige ina hór buí san áit a raibh an ghrian ag scalladh ar a chloigeann.

‘Agus cé as a bhfuil siad ag teacht, a linbh?’

‘Ón Domhan Theas – an áit a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Tá mé ag fanacht leo le seachtain.’

‘Ach cá bhfios duit gur anocht a thiocfas siad?’

‘Níl a fhios agam, ach mé á cheapadh. Ba mhithid dóibh a bheith anseo lá ar bith feasta. Is cuimhneach liom gur cothrom an lae inniu go díreach a tháinig siad anuraidh. Bhí mé ag teacht aníos ón tobar nuair a chuala mé a gceiliúr – ceiliúr binn meidhreach mar a bheidís ag rá: ‘Tá muid chugat arís, a Eoghainín! Scéala chugat ón Domhan Theas!’ – agus ansin d’eitil ceann acu tharam – chuimil a sciathán de mo leiceann.’

Ní cúram a rá gur chuir an chaint seo an-ionadh ar an máthair. Níor labhair Eoghainín mar sin léi riamh roimhe. B’fheasach di gur chuir sé an-suim san éanlaith agus gur iomaí uair a chaitheadh sé sa choill nó cois trá ‘ag caint leo’ mar a deireadh sé. Ach níor thuig sí cén fáth a mbeadh fonn chomh mór sin air na fáinleoga a fheiceáil chuige arís. D’aithin sí ar a aghaidh, chomh maith lena ghlórtha béil, go raibh sé ag síorsmaoineamh ar rud éigin a bhí ag déanamh imní dó. Agus tháinig roinnt míshuaimhnis ar an mbean chroí í féin, ní nach ionadh. ‘Ar ndóigh, is aisteach an chaint ó pháiste í,’ ar sise ina hintinn féin. Níor labhair sí smid os ard, áfach, ach í ag éisteacht le gach focal dá dtáinig amach as a bhéal.

‘Tá mé an-uaigneach ó d’fhága siad mé sa bhfómhar,’ a deir an gasúr beag arís, mar dhuine a bheadh ag caint leis féin. ‘Bíonn an oiread sin acu le rá liom. Ní hionann iad agus an chéirseach nó an gealbhan buí a chaitheas bunáite a saoil cois an chlaí sa ngarraí. Bíonn scéalta iontacha le n-aithris acu i dtaobh na gcríoch a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu, agus i dtaobh na bhfarraigí fiáine san áit a mbáitear na loingis agus i dtaobh na gcathracha aolgheala a mbíonn na ríthe ina gcónaí iontu. Is fada fada an bealach é ón Domhan Theas go dtí an tír seo: feiceann siad chuile rud ag teacht dóibh is ní dhéanann siad dearmad ar thada. Is fada liom uaim iad.’

‘Tar isteach, a ghrá ghil, is téir a chodladh. Préachfar leis an bhfuacht thú má fhanair amuigh i bhfad eile.’

‘Gabhfaidh mé isteach ar ball beag, a mháithrín. Níor mhaith liom iad a theacht agus gan mé anseo le fáilte a chur rompu. Bheadh ionadh orthu.’

Chonaic an mháthair nach raibh aon mhaith a bheith leis. Chuaigh sí isteach go buartha. Ghlan sí an bord is na cathaoireacha. Nigh sí na scálaí is na miasa. Rug sí ar an scuab agus scuab sí an t-urlár. Scól sí an túlán is na corcáin. Dheasaigh sí an lampa agus chroch ar an mballa é. Chuir sí tuilleadh móna ar an tine. Rinne sí céad rud eile nár ghá di a dhéanamh. Ansin shuigh sí os comhair na tine ag smaoineamh di féin.

Tháinig píobaire na gríosaí amach agus thosaigh ar a phort croíúil. D’fhan an mháthair cois teallaigh ag smaoineamh. D’fhan an gasúr beag ar a shuíochán aerach ag faire. Tháinig na ba abhaile ón gcoimín. Ghlaoigh an chearc chuici ar a héiníní. Chuaigh an lon dubh is an dreoilín is miondaoine eile na coille a chodladh. Coisceadh ar dhordán na gcuileog is ar mhéileach na n-uan. D’ísligh an ghrian go mall go raibh sí in aice le bun na spéire, go raibh sí go díreach ar bhun na spéire, go raibh sí faoi bhun na spéire. Shéid gála fuar anoir. Leath an dorchadas ar an talamh. Faoi dheireadh tháinig Eoghainín isteach.

‘Is baolach nach dtiocfaidh siad anocht,’ ar seisean. B’fhéidir le Dia go dtiocfaidís amárach.’

Tháinig an mhaidin lá arna mhárach. Bhí Eoghainín ina shuí go moch agus é ag faire amach ó mhullach na haille. Tháinig an meán lae. Tháinig an deireadh lae. Tháinig an oíche. Ach, mo léan! níor tháinig na fáinleoga.

‘B’fhéidir go bhfeicfimis chugainn amárach iad,’ arsa Eoghainín agus é ag teacht isteach go brónach an oíche sin.

Ach ní fhacadar. Ná ní fhacadar chucu iad an lá ina dhiaidh sin ná an lá ina dhiaidh sin arís. Agus ’séard a deireadh Eoghainín gach oíche ag teacht isteach dó:

‘B’fhéidir go mbeadh siad chugainn amárach.’

II

Tháinig tráthnóna aoibhinn i ndeireadh an Aibreáin. Bhí an t-aer glan fionnuar tar éis múir bháistí. Bhí solas iontach sa domhan thiar. Bhí séis cheoil ag an éanlaith sa choill. Bhí duan á chanadh ag na tonnta ar an trá. Ach bhí uaigneas ar chroí an mhalraigh agus é ag fanacht leis na fáinleoga.

Cluineadh go tobann glór nár cluineadh san áit sin le tuilleadh agus leathbhliain. Glór beag bídeach. Glór fann fíorbhinn. Ceiliúr mear meidhreach, agus é neamhchosúil le haon cheiliúr eile dá dtagann ó ghob éin. Le luas lasrach thiomáin toirt bheag dhubh aneas. Í ag eitilt go hard san aer. Dhá sciathán leathana láidre uirthi. Déanamh gabhláin ar a heireaball. Í ag gearradh na slí roimpi mar shaighead a chaithfí as bogha. D’ísligh sí go tobann, thiontaigh sí, d’éirigh arís, d’ísligh is thiontaigh arís. Ansin rinne sí caol díreach ar Eoghainín, í ag labhairt in ard a gutha, gur luigh is gur neadaigh sí i mbrollach an ghasúirín tar éis a taistil fhada ón Domhan Theas.

‘Ó! mo ghrá thú, mo ghrá thú!’ arsa Eoghainín, á tógáil ina dhá láimh is á pógadh ar an gcloiginnín dubh. ’Sé do bheatha chugam ó na críocha coimhthíocha! An bhfuil tú tuirseach tar éis d’aistir uaignigh thar tailte agus thar farraigí? Óra, mo mhíle míle grá thú, a theachtaire bhig álainn ón tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí! Cá bhfuil do chompánaigh uait? Nó céard a d’éirigh dhaoibh ar an mbóthar nó cé nach dtáinig sibh roimhe seo?’

A fhaid is a bhí sé ag labhairt mar seo leis an bhfáinleog, á pógadh arís agus arís eile agus ag cuimilt a láimhe go grámhar dá sciatháin dhúghorma, dá scornach bheag dhearg, agus dá brollach geal cluthar, sheol éinín eile aneas agus thuirling ina n-aice. D’éirigh an dá éan san aer ansin, agus is é an chéad áit eile ar luigh siad ina nead bheag féin a bhí folaithe san eidheann a bhí ag fás go tiubh ar bhallaí an tí.

‘Tá siad ar fáil sa deireadh, a mháithrín!’ arsa Eoghainín, agus é ag rith isteach go lúcháireach. ‘Tá na fáinleoga ar fáil sa deireadh! Tháinig péire anocht – an péire a bhfuil a nead os cionn m’fhuinneoigese. Beidh an chuid eile chugainn amárach.’

Chrom an mháthair agus theann sí léi é. Ansin chuir sí paidir chun Dé os íseal ag gabháil buíochais leis as ucht na fáinleoga a sheoladh chucu. An lasair a bhí i súile an mhalraigh, chuirfeadh sí aoibhneas ar chroí máthar ar bith.

Ba shámh é codladh Eoghainín an oíche sin.

Tháinig na fáinleoga i ndiaidh a chéile anois – ina gceann is ina gceann ar dtús, ina bpéire is ina bpéire ansin, agus faoi dheireadh ina scataí beaga. Nach orthu a bhí an t-áthas nuair a chonaic siad an tseanáit arís! An choill bheag agus an sruthán ag gluaiseacht tríthi; an trá gheal ghainmheach; na fuinseoga a bhí in aice an tí; an teach féin agus na sean-neadacha go díreach mar a d’fhágadar iad leathbhliain roimhe sin. Ní raibh athrú ar dhada ach amháin ar an mbuachaill beag. Bhí seisean níos ciúine agus níos míne ná a bhíodh. Ba mhinice ina shuí é ná ag rith leis féin ar fud na ngarraithe mar ba ghnách leis roimhe sin. Níor cluineadh ag gáirí ná ag gabháil fhoinn é chomh minic is a chluintí. Má thug na fáinleoga an méid seo faoi deara, agus ní abróinn nár thug, is cinnte go raibh brón orthu faoi.

Chuaigh an samhradh thart. B’annamh a chorraíodh Eoghainín amach ar an tsráid, ach é ina shuí go sásta ar mhullach na haille ag féachaint ar na fáinleoga agus ag éisteacht lena gceiliúr. Chaitheadh sé na huaireanta mar seo. Ba mhinic ann é ó mhoch na maidine gur tháinig an ‘tráthnóna gréine buí’; agus ag dul isteach dó gach oíche bhíodh an-chuimse scéalta – scéalta áille iontacha – aige le hinsint dá mháthair. Nuair a cheistíodh sise é faoi na scéalta seo, deireadh sé i gcónaí léi gur ó na fáinleoga a d’fhaigheadh sé iad.

III

Bheannaigh an sagart isteach tráthnóna.

‘Cén chaoi a bhfuil Eoghainín na nÉan an aimsir seo, a Eibhlín?’ ar seisean. (‘Eoghainín na nÉan’ a bhí mar ainm ag na malraigh eile air i ngeall ar an gcion a bhí aige don éanlaith.) ‘Muise, a Athair, ní raibh sé chomh maith le fada an lá is atá sé ó tháinig an samhradh. Tá luisne ina leiceann nach bhfaca mé ann riamh roimhe.’

Bhreathnaigh an sagart go géar uirthi. Thug seisean an luisne sin faoi deara le tamall, ach má thug, níor mheall sí iad. Ach ba léir gur mheall sí an mháthair. Bhí deora i súile an tsagairt, ach bhí Eibhlín ag fadú na tine is ní fhaca sí é. Bhí tocht ina ghlór nuair a labhair sé arís, ach níor thug an mháthair faoi deara é.

‘Cá bhfuil Eoghainín anois, a Eibhlín?’

‘Tá sé ina shuí ar an aill amuigh “ag caint leis na fáinleoga”, mar a deireann sé féin. Is iontach an cion atá aige do na héiníní sin. An bhfuil a fhios agat, a Athair, céard a dúirt sé liom an lá cheana?’

‘Níl a fhios, a Eibhlín.’

‘Bhí sé á rá gur gearr anois go mbeidh na fáinleoga ag imeacht uainn arís, agus ar seisean liom go tobann: “Céard a dhéanfá, a mháithrín,” ar seisean “dá n-éalóinnse uait leis na fáinleoga?”’

‘Agus céard a dúirt tusa, a Eibhlín?’

‘Dúirt mé leis scuabadh leis amach agus gan a bheith do mo bhodhrú. Ach táim ag cuimhniú riamh ó shin ar an rud a dúirt sé agus tá sé ag déanamh buartha dhom. Nárbh aisteach an smaoineamh dhó é, a Athair – é a imeacht leis na fáinleoga?’

‘Is iomaí smaoineamh aisteach a thagas isteach i gcroí páiste,’ arsa an sagart. Agus thug sé an doras amach air féin gan focal eile a rá.

‘Ag brionglóidigh mar is gnách leat, a Eoghainín?’

‘Ní hea, a Athair. Tá mé ag caint leis na fáinleoga.’

‘Ag caint leo?’

‘Sea, a Athair. Bímid ag caint le chéile i gcónaí.’

‘Agus cogar. Céard a bhíos sibh a rá le chéile?’

‘Bímid ag caint ar na críocha i bhfad uainn a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí iontu, agus ar na farraigí fiáine san áit a mbáitear na loingis, agus ar na cathracha aolgheala a gcónaíonn na ríthe iontu.’

Tháinig ionadh a chroí ar an sagart mar a tháinig ar an máthair roimhe sin.

‘Tusa a bhíos ag cur síos ar na nithe seo agus iadsan ag éisteacht leat, is cosúil?’

‘Ní mé, a Athair. Iadsan is mó a bhíos ag caint agus mise ag éisteacht leo.’

‘Agus an dtuigean tú a gcuid cainte, a Eoghainín?’

‘Tuigim, a Athair. Nach dtuigeann tusa í?’

‘Ní go rómhaith a thuigim í. Déan áit dom ar an aill ansin agus suífidh mé tamall go míní tú dhom céard a bhíos siad a rá.’

Suas leis an sagart ar an aill agus shuigh le hais an ghasúirín. Chuir sé a lámh faoina mhuineál is thosaigh ag baint cainte as. ‘Mínigh dhom céard a bhíos na fáinleoga a rá leat, a Eoghainín.’

‘Is iomaí rud a bhíos siad a rá liom. Is iomaí scéal breá a insíos siad dom. An bhfaca tú an t-éinín sin a chuaigh thart anois díreach, a Athair?’

‘Chonaiceas.’

‘Sin í an scéalaí is cliste orthu ar fad. Tá a nead sin faoin eidheann atá ag fás os cionn fuinneoige mo sheomrasa. Agus tá nead eile aici sa Domhan Theas – aici féin is ag a céile.’

‘An bhfuil, a Eoghainín?’

‘Tá – nead bheag álainn eile na mílte is na mílte míle as seo. Nach aisteach an scéal é, a Athair? – a rá go bhfuil dhá theach ag an bhfáinleoigín agus gan againne ach aon teach amháin?’

‘Is aisteach go deimhin. Agus cén sórt tír ina bhfuil an teach eile seo aici?’

‘Nuair a dhúnaim mo shúile feicim tír uaigneach áibhéil. Feicim anois í, a Athair! Tír iontach uafar. Níl sliabh ná cnoc ná gleann inti, ach í ina machaire mór réidh gainmheach. Níl coill ná féar ná fás inti, ach an talamh chomh lom le croí do bhoise. Gaineamh ar fad. Gaineamh faoi do chosa. Gaineamh ar gach taobh dhíot. An ghrian ag spalpadh os do chionn. Gan néal ar bith le feiceáil sa spéir. É go han-te. Anseo is ansiúd tá ball beag féarach mar a bheadh oileáinín i lár farraige. Cúpla crann ard ag fás ar gach ball acu. Foscadh ó ghaoth agus ó ghrian acu. Feicim ar oileán de na hoileáin seo aill ard. Aill mhór mhillteach. Tá scoilteadh san aill, agus sa scoilteadh tá nead fáinleoigín. Sin í nead m’fháinleoigínse.’

‘Cé a d’inis an méid seo dhuit, a Eoghainín?’

‘An fháinleog. Caitheann sí leath a saoil sa tír sin, í féin is a céile. Nach aoibhinn an saol atá acu ar an oileáinín uaigneach údan i lár na díthreibhe! Ní bhíonn fuacht ná fliche ann, sioc ná sneachta, ach é ina shamhradh i gcónaí …Agus ina dhiaidh sin, a Athair, ní dhéanann siad dearmad ar a nead bheag eile anseo in Éirinn, ná ar an gcoill, ná ar an sruthán, ná ar na fuinseoga, ná ormsa, ná ar mo mháthair. Gach bliain san earrach cloiseann siad mar a bheadh cogarnaíl ina gcluais á rá leo go bhfuil na coillte faoi dhuilliúr in Éirinn, is go bhfuil an ghrian ag dealramh ar na bánta, is go bhfuil na huain ag méiligh, is go bhfuilimse ag fanacht leosan. Agus fágann siad slán ag a n-áras sa tír choimhthíoch is imíonn siad rompu is ní dhéanann siad stad ná cónaí go bhfeiceann siad barr na bhfuinseog uathu agus go gcluineann siad glór na habhann is méileach na n-uan.’

Bhí an sagart ag éisteacht go haireach.

‘Ó! – agus nach iontach an t-aistear acu é ón Domhan Theas! Fágann siad an machaire mór gainimhe ina ndiaidh agus na sléibhte arda maola atá ar a imeall agus imíonn siad rompu go dtagann siad go dtí an mhuir mhór. Amach leo thar an muir ag eitilt i gcónaí i gcónaí gan tuirse gan traochadh. Feiceann siad síos uathu na tonntracha treathanmhóra, agus na loingis ag treabhadh na díleann, agus na seolta bána, agus faoileáin agus cailleacha dubha na farraige, agus iontais eile nach bhféadfainn cuimhniú orthu. Agus scaití éiríonn gaoth agus gála is feiceann siad na longa á mbá is na tonntracha ag éirí i mullach a chéile; agus bíonn siad féin, na créatúir, á dtuargaint leis an ngaoth agus á ndalladh leis an mbáisteach agus leis an sáile nó go mbaineann siad amach an tír faoi dheireadh. Tamall dóibh ansin ag imeacht rompu agus iad ag féachaint ar pháirceanna féarmhara is ar choillte barrghlasa is ar chruacha ceannarda is ar locha leathana is ar aibhneacha áille is ar chathracha breátha mar a bheadh i bpictiúir iontacha agus iad ag breathnú orthu síos uathu. Feiceann siad daoine ag obair. Cluineann siad beithígh ag géimnigh, agus páistí ag gáirí, agus cloig á mbualadh. Ach ní stadann siad ach ag síorimeacht nó go dtagann siad go bruach na mara arís, agus ní sos dóibh ansin go mbuaileann siad tír na hÉireann.’

Lean Eoghainín air ag labhairt mar seo ar feadh i bhfad, an sagart ag éisteacht le gach focal dá ndúirt sé. Bhíodar ag seanchas nó gur thit an dorchadas agus gur ghlaoigh an mháthair isteach ar Eoghainín. Chuaigh an sagart abhaile ag machnamh dó féin.

IV

D’imigh an Lúnasa agus an Meán Fómhair. Bhí an Deireadh Fómhair leathchaite. De réir mar a bhí na laethanta ag dul i ngiorracht bhí Eoghainín ag éirí ní ba bhrónaí. B’annamh a labhraíodh sé lena mháthair anois, ach gach oíche roimh dhul a chodladh dó phógadh sé go dil agus go díochrach í agus deireadh sé:

‘Glaoigh orm go moch ar maidin, a mháithrín. Is beag an spás atá agam anois. Beidh siad ag imeacht gan mórán moille.’ Ghealaigh lá álainn i lár na míosa. Go luath ar maidin thug Eoghainín faoi deara go raibh na fáinleoga ag cruinniú le chéile ar bharr an tí. Níor chorraigh sé óna shuíochán ar feadh an lae sin. Ag teacht isteach dó tráthnóna, ar seisean lena mháthair:

‘Beidh siad ag imeacht amárach.’

‘Cá bhfios duit, a ghrá ghil?’

‘Dúirt siad liom inniu é …A mháithrín,’ ar seisean arís, tar éis scaithimh dó ina thost.

‘Céard é féin, a leanbhín?’

‘Ní fhéadfaidh mé fanacht anseo nuair a bheas siad imithe. Caithfidh mé imeacht in éindí leo …go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Ní bheifeá uaigneach dá n-imeoinn?’

‘Ó! a stór, a mhíle stór thú, ná labhair mar sin liom!’ arsa an mháthair ag breith air agus á fháscadh lena croí. ‘Níl tú le éaló uaim! Ar ndóigh, ní fhágfá do mháithrín agus imeacht i ndiaidh na bhfáinleog?’

Ní dúirt Eoghainín focal ach í a phógadh arís is arís.

Ghealaigh lá eile. Bhí an buachaillín beag ina shuí go moch. Ó thús lae bhí na céadta fáinleog bailithe le chéile ar mhullach an tí. Ó am go ham d’imíodh ceann nó péire acu agus d’fhilleadh arís, mar a bheidís ag breathnú ar an aimsir. Faoi dheireadh d’imigh péire is níor fhill siad. D’imigh péire eile. D’imigh an tríú péire. Bhí siad ag imeacht i ndiaidh a chéile ansin go dtí nár fhan ach aon scata beag amháin ar stuaic an tí. Bhí an péire a tháinig ar dtús an tráthnóna earraigh úd sé mhí roimhe sin ar an scata beag seo. Is cosúil go raibh leisce orthu an áit a fhágáil.

Bhí Eoghainín á bhfaire ón aill. Bhí a mháthair ina seasamh lena ais.

D’éirigh an scata beag éiníní san aer agus thugadar aghaidh ar an Domhan Theas. Ag imeacht dóibh thar bharr na coille d’fhill péire ar ais – an péire a raibh a nead os cionn na fuinneoige. Anuas leo ón spéir ag déanamh ar Eoghainín. Thart leo ansin, iad ag eitilt in aice leis an talamh. Chuimil a sciatháin de ghrua an ghasúirín agus iad ag scuabadh leo thairis. Suas leo san aer arís, iad ag labhairt go brónach, agus as go brách leo i ndiaidh na coda eile.

‘A mháthair,’ arsa Eoghainín, ‘tá siad ag glaoch orm. “Teara uait go dtí an tír ambíonn an ghrian ag soilsiú i gcónaí ann – teara uait, a Eoghainín, thar na farraigí fraochta go dtí tír an tsolais – teara uait, a Eoghainín na nÉan!” Ní fhéadaim iad a eiteach. Beannacht agat, a mháithrín – mo mhíle beannacht agat, a mháithrín mo chroí. Táim ag imeacht uait …thar na farraigí fraochta …go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí.’

Lig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osna as. Cluineadh gol mná san áit uaigneach úd – gol máthar ag caoineadh a páiste. Bhí Eoghainín imithe i bhfochair na bhfáinleog.

Chuaigh an fómhar is an geimhreadh thart agus bhí an t-earrach ar fáil arís. Bhí na coillte faoi dhuilliúr, is na huain ag méiligh, is an ghrian ag dealramh ar na bánta. Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga. Bhí solas iontach ag bun na spéire san iarthar mar a bhí bliain an taca sin. Bhí séis cheoil ag an éanlaith sa choill. Bhí duan á chanadh ag na tonnta ar an trá. Ach ní raibh aon ghasúirín fionnbhán ina shuí ar mhulllach na haille faoi scáth na bhfuinseog. Istigh sa teach bhí bean aonraic ag caí cois tine.

‘…Is a mhaicín mhuirnigh,’ ar sise, ‘feicim na fáinleoga chugam arís, ach ní fheicfidh mé tusa chugam go deo.’

Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul thar an doras. Níl a fhios agam an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na mílte míle i gcéin …sa tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí.