Bhí sé fuar ar an Droim Deileoir, óir bhí sé faoi thrí seachtaine de Shamhain. Bhí an t-aer fuar, agus na creaga liatha agus an cuibhreann prátaí sin a bhí in ascaill an chnocáin. Agus bhí Cathal Ó Canainn fuar, agus é ar shiúl ar fud an chuibhrinn ag tochailt thall agus abhus. Fuar ocrach, bratógach – seanéadach ina phoill agus ina phaistí, crochta ina chlupaidí ar chnámha móra loma a raibh an fheoil seangtha díobh. Seilg dhúthrachtach a bhí sé a dhéanamh, seilg fhiáin chraosach mar a dhéanfadh ainmhí, agus ina dhiaidh sin bhí sé spadánta i ngach bogadh dá ndéanadh sé. Fada buan a chaith sé ar shiúl ó iomaire go hiomaire sular mheas sé go raibh a iarraidh aige. Ní raibh a iarraidh mór, más ní go raibh sé sásta leis an dosaen sceallán a bhí ina bhairéad leis, agus gan aon cheann acu baol ar chomh mór le hubh chirce.
Soir leis go dtí a theach – teach íseal ceann tuí a raibh lustan ag fás air, agus na ballaí glas tais daite ag an aimsir. D’aithneodh duine ar dheilbh an tí, ar na loitheáin a bhí fá leaca an dorais, ina luí i suan miodamais agus caileannógach throm orthu, gur imigh an lá a raibh teaghlach greannmhar gealgháireach fá na ballaí sin. Chuaigh Cathal isteach, ag umhlú síos faoin fhardoras, isteach i ndoiléireacht, óir ní raibh ar an teach ach fuinneog amháin, nach mó ná go dtiocfadh le cloigeann dul amach uirthi. An leaba a bhí sa choirnéal agus an dorchadas ní ba dhlúithe uirthi, siocair í bheith druidte os a cionn le cláir, agus cláir ar na taobhanna aici, d’amharcódh súil aineolach uirthi athuair sula dtabharfadh sí faoi deara go raibh duine ina luí inti, colainn lom faoi shean chuilt dhearg, agus ceann liath giobach idir ghruaig is fhéasóg ina luí ar an cheannadhairt gan mhothú.
Chuaigh Cathal suas os cionn an fhir a bhí ina luí.
‘A Airt!’
Níor labhair Art, agus nuair a leag Cathal a lámh air fuair sé amach go raibh an smaoineamh sin, an eagla a fuair greim fán chroí air, go raibh sin ceart. Bhí Art chomh fuar le creig.
Chuaigh Cathal anonn agus dhúbail sé síos ar an stól a bhí faoin fhuinneog. Chuir sé a uillinneacha ar a ghlúine, agus a bhos lena leiceann, agus shuigh sé ag amharc anonn ar an chorp. Níor tháinig deoir leis, níor tháinig tocht air fán scornach. Mhothaigh sé é féin beagán ní b’fhuaire, beagán ní b’fhoilmhe ná a bhí sé roimhe sin, agus a chroí rud beag ní ba nimhní ina chliabh. Má chaith sé féin agus an fear a bhí ina luí go híseal aon seal riamh go sámh i gcuideachta a chéile, bhí dearmad déanta aige de. Níor smaoinigh sé ar dhóigh ar bith a bhí leis an tseanduine, ar a gháire, ar ghlór a chinn, ar chaint ar bith a dúirt sé ná ar ghníomh ar bith a rinne sé, arb ansa le cara smaoineamh orthu – cuimhneacháin bheaga a chuireas cumha ar an té atá fágtha. Níor smaoinigh sé ar urnaí a chur leis an anam a bhí i ndiaidh é féin a stróiceadh amach as an cholainn chaite sin trí phian. Bhí dearmad déanta de Dhia aige, óir chonacthas dó go raibh dearmad déanta ag Dia de le fada riamh – bhí, ó tháinig an chéad mheath ar bharr na bprátaí, ó tháinig tús an ‘drochshaoil’. Shuigh sé ansin i bpianpháis bhrúite. Bhí a anam istigh ann mar a bheadh loitheán dorcha nach mbeadh sruthán ag sileadh isteach ann ná amach as, ach é ina luí i gciúnas mharfach, faoi choirt dhonn chaileannógaí.
Rinneadh tormán ar an tseantábla a bhí i dtaobh an tí. Chlis sé suas agus chonaic sé gogán a raibh lorg bracháin bhuí air ina luí ar an urlár ar a thaobh. D’éirigh leis amharc a fháil ar mhadra ag teitheadh trasna an tí – ainmhí giobach ciar agus a dhá thaobh buailte ar a chéile.
Tháinig an t-uaigneas anois air a thagann ar an té a bhfuil corp sa teach aige, an t-aileá fuachta a thagann ón bhás agus a thugann ar dhaoine cruinniú agus an marbhánach a fhaire i gcuideachta a chéile. Ach faraoir! Chuaigh am fairí thart. De réir mar a bhí an saol ag éirí crua bhí na daoine ag déanamh coimhthís le chéile. In am sonais agus pléisiúir bíonn daoine dúilmhear ar a gcomharsa. In am cruatain coinníonn siad leo féin, ag cruinniú iomlán a gcuid urraidh leis an tsaol a throid. Ar na mallaibh bhí daoine ag imeacht ina gcéadta, ag leá ar shiúl leis an ocras, á gcloí leis an fhiabhras. Cuid a bhí ag fáil adhlacadh Críostúil, cuid a bhí ina luí i gcréafóg gan choisreacan ina mollta. D’amharc Cathal anonn ar an ardán ghlas a bhí taobh thall den abhainn. Bhí mullóg ina lár agus an féar ag gobadh aníos air. Cuireadh síos ansin an triúr deireanach a fuair bás ar an bhaile sin, clann Mhicil Bháin. Tháinig daoine anoir ón Ard Mhór a chaith síos ansin iad faoi dheifir. Ní raibh mórán trua ag an talamh chadránta sin dóibh – an talamh seasc gan sú nár dhual dó barr a bhaint arís as go leasófaí é ar fud na hÉireann le feoil agus fuil daoine.
Fuair Cathal giota de rópa, agus thóg sé an corp ón leaba, agus chuir dhá iris ann mar a bheadh cliabh ann. Nuair a bhí sé ag dul trasna an tí leis thosaigh urchail uaigneach a sheinm i bplochóg dhorcha éigin i bhfad siar sa bhalla faoi thaobh an bhaic.
Bíonn oibrí fir meánaosta trom fán chroí agus fán chois faoi ualach. Bhí Cathal meánaosta, bhí sé ocrach agus bhí a chinniúint féin ar a dhroim leis, ag dul suas an t-ard breac éagothrom dó ag tarraingt ar an tseanbhealach mhór. An cosán a bhí aige le dul, bhí páirt de ina shlodáin agus páirt ina chreaga; idir bhonn fhliuch agus choiscéim chorrach bhain sé an bealach mór amach. Seanbhóthar cam agus an gruaimhín go hard os cionn na bpáirceanna. Istigh faoin ghruaimhín bhí gasúr bratógach, agus lorgaí fada loma air, ag clamhairt go haimirneach ar phráta fhuar. Nuair a chonaic sé Cathal ag tarraingt air faoin ualach d’imigh sé ina rith fá sheanteach a bhunaidh. Lig Cathal a dhroim le gruaimhín an bhealaigh mhóir agus rinne sé a scíth. Siar uaidh bhí an Droim Deileoir, rite leis an ghaoth aniar aduaidh, blár caoráin ar a chúl ina luí trasna go bun na spéire. Fada buan d’fhanfadh sé ag amharc ar an talamh sin agus ar an spéir, ach gur mhúscail obair a bhí le déanamh é.
Níor casadh duine dó gur chuir sé leathmhíle talaimh de, agus gur chor sé soir bealach na hAilte Móire. Istigh ansin bhí fear agus asal leis a raibh péire feadhnóg uirthi, agus d’amharc siad araon air. Níor labhair fear an asail. D’imigh Cathal soir uaidh go spadánta, ag éirí beag ar an bhealach mhór – agus manrán beag fágtha ag an tsruthán a bhí idir iad féin agus deireadh a n-aistir.
Chuir Cathal an chéad mhíle de. Ag éirí ar bharr an Aird Bhric dó nocht ros fada fuar os a choinne, breactha le tithe beaga bochta i ndeas dó, gan teach ná cónaí thíos ar a cheann, ach cladach íseal agus fáithim de chúr gheal thart leis. Bhí aige le dul go bruach an chladaigh sin. A fhad a bhí sé san ailt bhí an foscadh aige, ach nuair a d’éirigh sé ar an airdeacht tháinig séideán fuar air. Mhothaigh sé ina thuile é istigh ar a chraiceann faoina chuid bratóg. Bhí scíth eile riachtanach nuair a bhí an mhala tógtha aige. Thug sé a chúl sa ghaoth agus lig sé a thaca le cloch, an corpán fuar mar chumhdach aige ón aimsir.
Ag an chroisbhealach thiontaigh sé ar thaobh a láimhe deise. Ba é an bealach ab fhaide é, ach bhí anraith á thabhairt amach ag an Charnán. Bheofadh braon an t-anam ann go ceann lae eile. Bhí sé ag éirí lag, deora allais ag teacht amach ar a chraiceann agus é á bhrath féin fíorfholamh taobh istigh. Ach chonaic sé gogán anraith, gal fholláin agus boladh as a chuir tuile phléisiúir trína cholainn. Ghéaraigh sé a choiscéim.
Bhí scata mór fán Charnán. Ag taobh an tí mhóir ansin bhí coire, agus bhí lucht a fhreastail i ndiaidh an t-anraith a dhéanamh réidh. Bhí scata cruinn fán choire, óg agus aosta, daoine loma ocracha agus iad ag strachailt agus ag brú, ag tarraingt isteach ar an bhia. D’imigh an trua a bhíodh ag an lag ón láidir. Bhí fir ag brú ban agus páistí as an chosán.
Chuaigh Cathal isteach ina measc agus an corp ar a dhroim leis. Níor chuir aon duine sonrú ann. Bhí trí nó ceathair de dhromanna ag lúbarnaíl idir é féin agus an coire. Chonaic sé cúig nó sé de lámha ag gabháil trasna ar a chéile taobh istigh de bhéal an choire, soithí á mbualadh ar a chéile agus iad á ndoirteadh. Chaill bean dhubh lom a raibh súile tintrí aici, chaill sí a sáspán san anraith.
‘Mo sheacht mallacht ort, a Chaitríona na gadaíochta!’
Thug sí iarraidh anall a stróiceadh na mná eile. Chuaigh Cathal isteach ina háit, agus chuir sé gogán a bhí leis isteach thar bhéal an choire. Leis sin rugadh greim taobh thiar ar an chorp a bhí ar a dhroim agus tarraingíodh amach ón choire go garbh é. Chuaigh sé cúig nó sé de choiscéimeanna amach agus thit sé. Chruinnigh sé é féin suas agus d’amharc sé ar an té a chuir an truilleán air.
‘Cad é atá tusa a dhéanamh anseo?’ ar seisean.
‘Muna bhfana tú amach, cuirfidh mé an corpán sin síos sa choire.’
‘Ná bac leat, a Chonchúir,’ arsa Cathal agus d’imigh sé.
Níos brúite, níos nimhní, níos laige, d’imigh sé leis.
Bhí an domhan ní ba dhorcha ná a bhí riamh. Bhí an fuacht ní ba nimhní. Tharraing sé síos ar an ghob agus nuair a bhí sé ag an teach dheireanach chuaigh sé isteach.
‘Coisreacan Dé orainn,’ arsa guth fann sa leaba.
‘Tusa i do luí fosta, a Mhicil?’ arsa Cathal.
‘A Chathail Uí Chanainn, an tú atá ansin? Tá ualach bocht leat, a rún, ualach bocht.’
‘Tá, tá. Tháinig mé isteach a iarraidh spáide.’
‘Gheobhaidh tú ag an bhinn í, a rún. Ualach bocht, ualach bocht!’
Chuaigh Cathal síos go dtí an reilig a bhí ar léana an ghainimh. Seanreilig a raibh cnámha dheich nglún inti, ina luí ansin, rite le doineann. Ní raibh mórán tuamaí inti; croiseanna adhmaid ba mhó a bhí inti, an mhórchuid acu briste. Agus bhí mórán mullóg inti nach raibh croiseanna ar bith orthu, an áit ar caitheadh síos faoi dheifir na daoine a fuair bás ó tháinig an drochshaol. Chuartaigh Cathal an coirnéal a raibh crois a athar ann – í leathbhriste agus a cloigeann sa ghaineamh. Thosaigh sé agus thochail sé slat ar doimhne. Ní raibh croí aige dul níos faide síos. Rug sé ar an chorp a bhí mar a bheadh giota de mhaide ann agus d’fhág sé ina luí ansin é. Bhí sé iontach doiligh spád ghainimh a chaitheamh ar chorp nocht. Ba dhoiligh an úir a chur os cionn na haghaidhe sin, isteach i bpoll na sróine, tríd an fhéasóg. Bhí sé cosúil le marú duine. De réir a chéile chuaigh an cholainn as a amharc. Ar feadh tamaill fhada bhí an dá ghlúin, a bhí rud beag craptha, os cionn an ghainimh agus an fhéasóg ag gobadh aníos. Chuaigh sí i bhfolach, líonadh an uaigh go dtí go raibh sí ina mullóg cosúil leis na huaigheanna eile a bhí thart uirthi.
Chaith Cathal uaidh an spád agus chaith sé é féin síos ar an uaigh, a dhá láimh craptha faoina cheann, agus é fuaite den talamh ina phian.
Tháinig faoileán geal thart ar eiteoga os a chionn, agus é ag screadaíl, ag screadaíl go léanmhar. Tháinig an ghrian amach as cúl néil, agus spréigh solas fann báiteach a bhí mar a bheadh spiorad na tine agus spiorad an tsiocáin measctha le chéile, leath ar leath. Spréigh sé thart ar dhídean na gcorpán, ar pháirceanna prátaí gan tiontú, ar bhóithre a bhí uaigneach, ar thithe a raibh suaimhneas fá na ballaí acu.