Beirt Eile

Máirtín Ó Cadhain

images

‘Buailte suas aríst. Casacht. Gliúrach chasacht ó mhaidin . . .’

Ghíosc na ‘sclamhairí’ síolta sa mbuicéad leis an bhfuinneamh a dhúisigh i rí láimhe Mhicil:

‘…Agus cho géar is d’fheilfeadh sé dhom na cupla súileog sin ag an gcladach a chríochnú. Ach i leaba a dhul síos, suas a chaithfeas mé a dhul. Suas de mo shiúl ionsaí go barr an bhaile len a chuid ag an lao. Agus ar a bheith anuas dom ní dóide beirthe ná go mbeidh orm a dhul ar ais suas aríst leis an mbó a bhleán. Agus a gcuid a thabhairt do na cearca. Agus an suipéar a réiteach. Agus ansin i léine róine ó oíche go maidin ag éisteacht léi ag casacht agus ag éagaoine …An gcaithfe an Curraoineach a dhul le cuid lao agus a chuid earraigh a ligean chun siléige? …Nó arb é Tamsaí a bhlífeas na beithígh? Nó arb é Peadar an Ghleanna a thiúrfas a gcuid do na cearca? Is é nach gcaithfe, mo léan. Lách éasca a dhéanfas Máirín é, Máirín. Ní in a stróinse tinn a bheas sí ó oíche go maidin. Portúil mar an éan atá sí, an Mháirín chéanna . . .’

Thug Micil cic dhásachtach do smut de chloch a bhí mar theanga mhí-ómósach sáite aníos roimhe as béal an aird.

‘…Ag diomallú do theanga a bheifeá ag sáraíocht leis an seanchúpla a bhí sa teach sin thíos. Ní thuillfeadh sé in a gceann le anlann ar bith nach raibh an bhean eile ro-scinnéideach, roaerach, ro-aigeanta uilig. Ní bheadh a fhios agat céard a dhéanfadh a leithéid sin, adeiridís. Port feadaíola mar bheadh ag buachaill óg, ru! Níl sin ceart, bean ag feadaíl. Tá súil aici agus is le chuile fhear an tsúil chéanna, rud is dual dá cineál. Ní ceann éinín a fheilfeas sa teach seo, a Mhicil, a chuid, adeiridís. D’fhóinfeadh pínneachaí airgid agus an saol ar an bhfaraor géar mar tá sé. Céard a bheadh aici sin ag teacht isteach ar ghabháltas mór? A bhala ariamh ach a craiceann dearg . . .’

Le grá an réitigh, leisce na síorsháraíocht, drogall a dhul coilgdhíreach in aghaidh a athar agus a mháthar – chaithfeadh sé gur saghad as an lios a bhuail é as a dheire – phós Micil an céad punt, na cupla bearach agus Bríd. Bhí sí ag casacht agus ag cneadaíl oíche a bpósta: í tuirseach agus a ceann in a ghligear ag an gceol …Ní fhéadfadh fear a ghéaga a aclú faoi shásamh in aonleaba léi. Bhí sí robheannaithe ar aon nós. Bíonn an dream criotánach sin i gcónaí robheannaithe. Iontú chuici chor ar bith agus bheadh pleota mór de phaidrín tarraingithe ón gceannadhairt aici. Iamh ní thiocfadh uirthi ach ag paidreáil go n-éiríodh sí lá arna mháireach.

Níor ól Bríd aon deoir bhainne sláinte ó chua brat pósta orthu. Oíche ó shoin ní raibh sí gan phian: pian in a droim, in a corróig, in a cliabhrach, in a duánaí, casacht, fead ghoile, altraid chroí, coileacam, gaoth ag rabhláil timpeall istigh in a bolg, mar bhí aréir agus a liachtaí aréir eile. Ní chuimleodh do léine di gan í dhá fhuasaoid . . .

Ba mhór an díol truaí í. Ba mhór siúráilte. Scrúdadh sí Micil, go háirid sa leaba san oíche. Ach nár mhaith an chiall aige féin é? Níor dhíol truaí go dtí é. Ba mhinic é ag tabhairt cor géar timpeall agus gan d’fháth leis ach féachaint a bhfaigheadh sé léargas ar scáilí scinnteach eicínt a bhíodh dhá sheachaint, nó ba shin é a shíleadh sé . . .

Cuid lao, cuid cearca. Beithígh a bhleán. Suipéar a réiteach. Casacht agus criotán ó oíche go maidin. A gclann tóigthe ag an gCurraoineach, ag Tamsaí, agus muirín dreoilín timpeall ar Pheadar an Ghleanna. Maidir le Máirín sin! Seandrár a chraithe sa taobh a mbeadh sí le cóir ghaoithe.

Thug Micil a sheanchic do chloch eile a bhí in a straois amach as ucht an aird.

Micil féin: gan sac, ganmac, ganmuirín. Pér bith céard a rinne an sac ní raibh mac ná muirín aige. A ghabháltas mór gan oidhre tar éis a mbíodh de dhradaireacht faoi ag an seanchúpla. Oidhre ru! An chneadaíl. Gíoscán sna corrógaí. Seabhrán corrach na hanála. Anois b’fhéidir, an dtiúrfaidís leanbh dhó? An dtiúrfadh a gcual cré sa reilig sin thiar oidhre dhá ghabháltas mór a bhí ag dul chun báin? Ní raibh ach an t-aon teach ceann tuí fanta ar an mbaile anois, a cheann féin. Agus é sin ag titim in a chríonach cheal tuíodóireacht thráthúil. Dheamhan tuíodóir a bhí ann. Ní raibh an solas nua istigh aige, rud a bhí istigh ag chuile theach. Cén ghnatha a bheadh aige dhó? Níor fheil a leithéid do theach ceann tuí. Nár shuaimhní dó féin agus do Bhríd gan d’amharc a bheith acu ar a chéile, de shiúl oíche ar an teallach, ach amharc le solas preabúil na tine? Bhí an tsíorchasacht, an síorchriotán sin ón gclúid agus ón leaba, in a bhrúsca leac oighre ann faoi do bhróga ar chosán gan chríoch. Radio? Radio i dteach ceann tuí, i dteach gan an solas nua! Bhí Micil i riocht stáisiúin an domhain a aithneachtáil ar an srannán, an píochán, an slócht, an coileacam, an cliar …An t-aon rud a bhí sé a shaothrú, barr nuair a d’fhéad sé – le olc ar an gCurraoineach. Ní raibh aige ach bó. Ba lór sin. Cé a bhlífeadh iad, a chaithfeadh gabháil fhéir acu, a thiúrfadh a gcuid do laonntaí?

Ag mala an aird ba sheo é anuas mac ba shine Tamsaí in a aghaidh. Aon bhliain amháin a phós Micil agus Tamsaí. Bhí an scorach seo anois ag teanna suas le seacht mbliana déag. Chuir a cheannaghaidh bláfar fearg ar Mhicil. Arae facthas dó gurbh é an chaoi a raibh fearúlacht ghoiniúil an oirfeartaigh ag casa leis féin go raibh sé claíte agus ag dul chun deire. Seacht mbliana déag! Seacht mbliana déag tite as a shaol mar thitfeadh a dhrad nó dhúnfeadh a scóig seacht mbliana déag ó shoin, agus é gan aon ghreim a ithe ar an bhfad sin. Tháinig fuinneamh cho meargánta sin in a láimh is go ndeacha cupla ceann de na ‘sclamhairí’ thar bhéal an bhuicéid. Drithleachas a bhí ag dul thrín a cholainn. Bhí beirt mhac in a ghéaga fós. Thosaigh asal ag sáibhéaracht an aeir len a chuid grágaíl anuas ó uachtar an bhaile agus d’fhreagair asal eile i bhfad síos in íochtar an bhaile é, a asal féin ba chosúil.

‘Ná raibh tú ar choinleach an fhómhair,’ adúirt Micil agus a dhorn dúinte aige, ach staon sé ar an spriog ón rún leanbaí neamhfheidhmiúil a bhí ag scinne as a ghéaga – a dhorn a thomhais leis síos.

Cláirseachaí a bhí sna críonnaí driseachaí agus sna fálta. An t-ardtráthnóna seo bhí tír agus spéir torach le ceiliúr cúplála.

‘Óra nach ar éanachaí atá an ragús! Ní chaithfe siad a dhul le cuid lao. Chuile fhear eile sa tír san áit ba dhual domsa a bheith, i gcionn mo láí.’ An díoltas a bhí ag rince in a shúil ag féachaint dó faoi agus thairis ar na goirt bhí sé ag tosú dhá fhoilsiú féin go ciréibeach in a choiscéim. Ag cor an aird casadh Peadar an Ghleanna dhó: ‘Lá breá, a Mhicil.’

Ba dhó ab fhusa a bheith ag dradaireacht faoi lá breá. D’fhéad sé a dhul in a ghnatha dlisteanach fir. Arbh é drandal an mhaga a bhí air? Bhí diabhal eicínt dhá cheilt aige faoi fhora a shúil. Fachnaoid? Nó caithréim: d’éireodh dhó. B’fheasach do Mhicil go bhféadfadh Peadar ‘oíche bhreá’ a rá cho réidh céanna. Nó ‘bean bhreá.’ Nó ‘clann bhreá.’ Nó ‘leaba bhreá’ …Ar mhilleán air a cheird? Cáil an té a bheadh sa gcearta chéanna nach ar aon cheird le Peadar a bheadh? A cairín siúd mar bheadh láir Achréidh ann aníos faoin bhfraigh i gcónaí aige, ag cuimilt an bhruis ó chrios go glúin de. Shníomhfadh sí siúd in a thointe dualach, in a shúgán súgach, é. B’fhurasta aithinte chuile mhaidin sa mbliain ar Pheadar ar an mbóthairín é. Ba chuma cén mheirse a bheadh faighte thar oíche aige, bheadh a fhios agat ar an bhfora aige agus ar an gcáir mhór, ar nós builín milis a bhíodh fuinte i gcónaí ar a cheannaghaidh, go ndeacha an oíche chun maitheasa agus chun sláinte dhó. Cho cinnte le gleára cloig ba é Peadar an leathfhocal a bhí i mbéal chuile dhuine:

‘Ag dul ag iarra an nurse aríst, a Pheadair! Bheadh ciall i do leithéid, thara’s clocha caocha . . .’

‘Mo ghrá do ghéag, a Pheadair! Is tusa féin nach ag sméaracht i do bhod dall atá. Bull’s-eyes chuile bhabhta.’

‘Ní bheadh call ar bith nurse ann marach thú, a Pheadair. Ceann le gairm na cuaiche agus ceann aríst le breaca an choirce.’

‘Tuige nach dtugann tú iasacht do sheandrár do ghabhal bodhar?’

‘Dhá ndéanamh leis in a gcúplaí agus in a gceanna corra thoir ar an uaigneas ansiúd sa nGleann. Cá bhfios goidé sin? Comharsanaí soilíosach a bhí ariamh féin ar an mbaile thoir.’

‘Ara cén? Tá súil gabha i ndiaidh tairne aige uirthi. Mo choinsias duit cat bradach a gheobhadh aon bhrabach air siúd.’

‘Leaba eile briste ag Peadar agus ag Máirín go siúráilte den abhras seo.’

Ní raibh bréag ar bith nach raibh na leapachaí dhá mbrise. Ó chuir Peadar slinn air féin thug hearse an Speciality dhá leaba nua suas ann. Níl aon áireamh ar an méid seanleapachaí a chomhair Micil an lá faoi dheire i gcúinne iothlann agus i scioból Pheadair, áit a raibh siad in a bhfara cearc agus éanlaith tí. Ba bheag a d’airigh Peadar leapachaí nua: ag fáil lán ladhaire airgead gasúr, airgead Gaeilge, dole ar feadh na bliana i ngeall ar mhuirín agus a bheith taobh le leathghabháltas . . .

Comharsanaí soilíosach! Ach níor cuireadh comhar sin na gcomharsan i leith Mhicil ariamh i gCúirteannaí Mheán Oíche an bhaile! …Bhí an cruashiúl binibeach ciréibeach leis an mbuicéad dradlíonta in aghaidh an aird ghéir i ndiaidh giorrachan beag anála a chur ar Mhicil. Nach beag an ghiorranáil a bheadh ar Pheadar, an diabhal! Bhí Micil ar mhullach an aird anois agus an Gleann ó thua dhe dhá fhoilsiú féin, mar d’fhoilseodh an bonn airgid a thitfeadh de thimpiste as glaic duine é féin, go tobann dá shúil. É taobh le teach amháin, teach nua a raibh an ghrian ar a haistear siar i bhfastós in a chuid slinnteogaí dearga agus ag cur dealra dalltach clocha bua in a chuid fuinneogaí. Teach a bhí ann gan bun cleite isteach ná barr cleite amach, teach a sílfeá air gurb ar an nóiméad sin a seachadadh amach as an bpíosa ar an láthair as hearse an Speciality é. Agus an bhean, Máirín, spreabhasach ar fud na sráide; gasúr i ngreim thall agus abhus i mbeanna a gúna dearg scanraithe a smaoineofá ar do chéad fhéachaint air nach raibh sa mbean féin ach giota luainneach den teach; mias gheal idir a dhá láimh agus í ag fuagairt, de ghlór a bhí cho binn bíogúil le ceiliúr fáil agus spéire, gairm ghnáthach na mná tuaithe, ‘Tiuc Tiuc.’ Bhí a geadán tóinín cho triopallach is bhí ariamh. An gúna cho giortach is go raibh log domhain a hioscaide leis idir dhá ghasúr. Ba shin é bealach an spreabhasaire sin ariamh! Níor bhaol nach mbeadh a hioscadaí, cupán a glúnach, agus a peil tóna feiceálach. Peil a bhí inti féin agus peil i chuile mhíle ball di: peil de cheathrú, de chorróig, de bhoilgín …Na cíocha, na cíocha suáilceach sin ba bhuailtí gréine ar a hucht, bhíodar silte slaparáilte i gcosúlacht. Ba bheag an dochar dóibh, banaltra muirín mar sin …D’imigh an diabhal uirthi má bhí sí ag iompar aríst! Ba churanta an seasamh ag Peadar é ar a mhaga sin féin. Fear corrchnámhach a bhí ann siúráilte. Ní raibh aon lá ariamh nach raibh Micil i n-ann é a shárú le cor charaíocht, le cloich neart, le láí, le sleán, le speal, ar mhaide rámha . . .

Nuair a bhí an cosamar riartha ag Máirín ar na cearca shéid sí suas an port, an cineál ceoil a raibh taithneamh aici ariamh féin dó:

Is trua nach mise, nach mise

Is trua nach mise bean Pháidín

Is trua nach mise, nach mise

Agus an bhean atá aige a bheith caillte.

Bhí an braon cuideáin, an braon as an Tír Thiar, inti. Ní fhéadfadh Micil, ní fhéadadh ariamh, a dhéanamh amach a raibh sí ag breathnú air i ndiaidh a leicinn. Chuir an misinéara fainic, dí-aithníthear na Tine Móire, air le gairid. Ba fhainiceachaí agus ‘dí-aithníthear’ ariamh féin é. Ainneoin sin chinn ar Mhicil é féin a shriana gan a leagan féin den phort a rá faoin a anáil:

Is trua nach mise, nach mise

Is trua nach mise fear Mháirín

Is trua nach mise, nach mise

Agus an fear atá aici a bheith caillte.

‘Cinnte! Taobh na bpoll a bheith as a chionn, an scramaire fora-chleasach! Céard atá mé a dhéanamh ach ag cúitiú na comaoine, na dea-mhéine, léi?’ adúirt Micil leis féin. Ba chúitiú dháiríre a bheadh ann dhá bhfaigheadh sé ón a chlaonta a ghlór a ardú! ‘Nár nuacha Dia dhó!’ adúirt sé ar an toirt, ag cuimhniú dhó ar an asal neamhnáireach ó íochtar an bhaile ag freagairt an chinn eile ar ball. Bhí sise thoir ag cuimilt bosóige síos dhá plaic bheadaí tóna. D’aithin Micil go raibh sé braite aici ag féachaint soir. Go tobann ba shiúd iad a dhá shúil ag cuartú an raibh aon choinnlín geamhair thrí thalamh i ngarraí nuaspréite coirce Tamsaí taobh thiar . . .

Ní geamhar glas a bhí sé a fheiceáil, ach Bríd. Bheadh Bríd ann i gcónaí. Driseachaí doréitithe cosáin a bheadh in a cuid cochaillí réama anocht, amáireach, an bhliain seo chugainn …Ní ghiorródh na ráigeannaí casacht a bhí ag gabháil di ar ala na huaire léi …mar sin féin, séideog de do bhois agus bheadh

Bríd ar neamh …Ba mhór an grá Dia é cois i mbois suas ar neamh a thabhairt di. B’ann ba dhual di. Bhí a hanam geal sciúrtha ag beannaíocht, tuartha ag pianta …Bríd: séideoigín anála. Peadar? Carraig eaglaise ar dhoiligh a bhua a fháil. Bhí sé lag slán mar bhí ariamh, rún broscán mór eile clainne faoin bhfora sin aige agus gan a saothar ag cur giorranála ná blas air …Ceo ar bith ach dhá dtugadh capall a seanchic dó! Crú nua as cosa i dtaca isteach i log na bléine. Ach diabhal capall ná gabha a bhí fanta feasta. Bhí cic sách gangaideach ag asal, go háirid agus tú ag iarra é a choinneáil ó asal eile. Ní raibh an bhrí sa gcrúib mhaol in a dhiaidh sin le fear séasúrach mar Pheadar sin a fhágáil réidh. Ná ní raibh sé ag tabhairt aon túnáiste dhó féin, nó má bhí ní sa ló é. Dhá dtéadh lorry móna in a mhullach, nó hearse an Speciality, ach bhí sé ro-ollbhaileach air féin. Ní théadh sé suas ar a theach nua dhá stór. Dhá dtéadh d’fhéadfadh sé sciora, duine a dhul suas a chúnamh dhó agus turraic a chur ann, nó an dréimre a bhoga uaidh ón talamh. A shraith a bheith ar lár ar aon nós …Ba shin í an t-aon fhaill air, má ba chaol féin: théadh sé síos corr-uair ag iascach le slat ar Charraig an Phoill. Bhí poll báite leis an taoille tuile ar a béala sin. Cois a chur roimhe, nó tuisle le fána a bhaint as de dhroim sleamhain na carraige. Níor chall láimh ná cois a chur ann dhá bhfaightí le bladar ná le bréaga é le fanacht uirthi, nó choinneodh gabháil mhór ar an iasc uirthi é nó go dtosaíodh an taoille tuile dhá folca. Bhí deire a chuid clainne déanta ansin. Ní raibh aon tsnámh aige agus bháifí sa gcúltsruth isteach é. Bháifí an té a choinneodh uirthi freisin é a bheith in a thogha snámhóir . . .

‘Nar agraí Dia orm é,’ arsa Micil leis féin. Ach an chéad mheandar eile bhí sé ag fiafrú dhe féin tuige a n-agródh. ‘Nach bhfuil sé ráite ariamh,’ arsa seisean, ‘gurb é an fear a gheobhas an chéad bharr ar an mbean, gur leis í ón saol . . .’ Ansin ’spáinfeadh sé do phaca diabhal an bhaile seo nach raibh in a gcuid leasainmneachaí agus grinn – bod dall, clocha caocha, gabhal bodhar – ach a mbodhaire, a ndaille, a gciotaíl féin …Bhí beirt mhac, ceathar nó cúigear b’fhéidir ó Mháirín – cúplaí agus eile – in a ghéaga glana líofa fós. Ach d’uireasa na hithreach ru . . .

Ainneoin caorthinte breithiúnas aithrí a chuireadh sé air féin agus a chuirtí air mhair na smaointe beartach céanna sin in a roth gintlíocht, in a leagan den ghluaiseacht neamhstaonach in a cheann, ag dul suas síos an bóthairín baile sin le chúig bhliana déag, ón lá ar phós Máirín Peadar an Ghleanna. Séideog, cois i mbois, turraic bheag, tuisle . . .

Neamhchosúil le sruth an tsolais a loiceas go forleathan nóiméad an chloig, níor scoir siad anois féin leis an gcúram nua a ghabh Micil lena ais. Asal a bhí ag tornáil in a aghaidh anuas an bóthairín, leath a chuid buairíní briste agus dhá strachailt in a dhiaidh aige, a aghaidh ar chladach, maolabhrach ar cheann scríbe eicínt agus chuile chosúlacht air go ngnóthódh sé a bháire. Leag Micil an buicéad uaidh agus thosaigh ag gabháil de chiceannaí ar an asal, suas ar ais aríst an bóthairín. D’éirigh leis cupla coiscéim ar ais a bhaint as an mbeithíoch, a bhí cho stalcach leis an ard aníos a bhí sáraithe aige féin agus le dubhchinniúint a shaoil a bhí sé ag iarra a shárú. Ba é an diabhalánach d’asal sin a bhí stalcach dochomhairleach! Thosaigh giorranáil bheag ag teacht i Micil ó thuargaint na ciceála. D’iontaigh an t-asal a chloigeann cho cinnte dochoinnithe le bád nó mótar dea-bhéasach ag géille don stiúir agus thug a aghaidh síos ar ais. Dhírigh Micil éacht de chic ar a ghabhal bastallach, chua a chois in aimhréidh sna ceanglacháin agus na ceanglacháin sa mbuicéad a dóirteadh. Níor leis an asal ab fhaillí é, ach ainneoin a chuid deifire agus na mbuairíní tharraing sé cic dá chois deire nach ndeacha ní ba ghaire do bhléin Mhicil ná an buicéad a bhí ar a thaobh ar an mbóthairín.

B’fhobair do Mhicil é titim ar chúl a chinn den gheábh sin. Ag athlíona an bhuicéid dó ní fhéadfadh Micil gan a shamhalú gur bearnú eicínt eile ina shaol, báire eile a chuir an chinniúint air, a bhí i ndóirte an bhuicéid. Ní raibh sa méid sin féin ach smeach eile sa ngluaiseacht neamhstaonach a bhí in a seanrith. Cois i mbois. Sciora den teach. Carraig an Phoill. An taoille tuile . . .

‘Suc! Suc! Suc! . . .’

Bhí giorranáil air le ‘sucannaí’, ach dhá mbeadh sé ag ‘sucáil’ go ndéanfadh a theanga maide milis ‘sucannaí,’ dheamhan cos aon lao a thiocfadh.

‘Ná raibh sliocht oraibhse ar chuma ar bith, a dheargbhlegeards!’ arsa Micil agus grágaíl an dá asal ó dheas ag tuairteáil a ‘shuc’ ar ais aríst in a bhéal fairsingithe. Shiúil soir ar chúla an leachta mhóir. Ba chosúil le áit é a mbeadh an goróir míchruthach. Ní raibh. Soir ó thua leis an cnocán ard nó gur chuala faoi dheire a phuthaíl chasacht. Sa ngeadán ab fhaide uaidh sa ngarraí, thoir adua sa lag a bhí sé agus diuc isteach air idir dhá chlaidhe an chúinne, mar bheadh sé ag iarra cluais bhodhar a choinneáil air féin ó shucannaí – ó cheiliúr agus ó ghrágaíl freisin.

‘Go mbaine an diabhal toiriall tairiall díot, más ansin atá tú sa deire! Dhá mbeadh áit ní ba ghaire do Leac na Crónach a bhféadfaí a dhul, b’ann a thealtófá thú féin’: bhí míshástaíocht shaol Mhicil fre chéile, a lá diomallaithe, a aistear callóideach aníos an bóthairín, ag dul in a n-urchar i leith an fheithidigh sa gcúinne.

‘Suc! Suc! A ghoróir bhradaigh! Suc! Suc!’ agus bhain cratha as láimh an bhuicéid. Ní chorródh an lao. Ní ligfeadh sé air amháin go raibh sa ngarraí ach é féin.

‘Buitléara a theastaíos uait, a ógánaigh, nó nurse b’fhéidir.’

Soir le Micil d’imeacht a n-aithneofá air go raibh ceann scríbe nárbh éiginnte, ní hé sin don chuid eile a bhí ag tuairteáil a chéile in a cheann é, ceann scríbe dearfa dalta an asail ar ball, tapaithe aige as deire an aistir seo aníos. Ag dul thar chlaise an tsruth dhó anonn ar an gcúl thoir d’ionsaigh an lao uaidh siar leis an gclaidhe ó thua, ar nós páiste faiteach ag teithe ó cheannaí, le teann scáth go n-ardódh sé leis in a mhála é. B’fheasach do Mhicil gur airigh an lao cuideáin é féin. Ba í Bríd ba mhó a thugadh a chuid dó.

Lean Micil é.

‘Mo leanbh agus mo lao thú!’ Faillíodh an teanga a araíona go raibh an ghairm mhúirne sciortha di amach, in a bhronntanas comhchoitianta cluaise, cluais éin, beithígh, nó duine má thit dó a bheith ag éisteacht. Ba náireach an mhaise dó é. Mar sin a chaithfeadh duine caint neamh-iomchuí thrín a néal. D’fháisc sé a phus docht in a ghlaic mar bheadh fonn air é a réaba ó chéile. Ba sheo Micil ina dhiaidh aríst ach aird ar bith ní thiúrfadh an lao ar a chuid bladair. D’fhan sé ag feithiú uaidh i gcónaí agus ag mionchasacht leis. Dhá mhéad dhá raibh Micil ag iarra coinneáil suas leis b’fhaide uaidh a choinnigh an lao. Nuair ba é thiar an gharraí a bhíodh ag Micil ba é thoir an gharraí a bhíodh aigesan agus nuair ab íseal do Mhicil b’ard dósan.

Sheas Micil ar an gcnocán i lár an gharraí, agus giorranáil air. Dar ndóigh b’ann ab fhearr a bheadh amharc aige ar an lao. Clár níocháin a bhí in a chlár éadain. Rocach mar sin freisin ag eisciriú agus ag eitiriú a bhíodh poll báite Charraig an Phoill le taoille tuile. Fear dhá bhocáil idir chomhairlí a bhí ann, in a sheasamh ar an gcoraice i ngarraí gabhann a shaoil, a chaithfeadh a dhul le fána ar dheisiúr nó ar thuathúr nár aithin sé thar a chéile, fear a raibh glas-shnamannaí, buairíní, geiseannaí le fuascailt aige dhe féin:

‘An mbeidh sé cho deacair Bríd agus Peadar a chluifeáil leis an lao? Cois i mbois. Turraic. Cois roimhe. Carraig an Phoill . . .’

Lig an lao géim chráite, géim thráthúil, arb intuigthe aisti go raibh sé lionnraithe roimh an dúil bhuile seo a bhí in aon ghabhainn thalúna leis. Bhuail reacht casacht ansin é. Thomhais Micil a dhorn leis:

‘An síleann tú go gcaillfe mise síol mo chlainne leat, ag reathach i do dhiaidh, le do chuid a chur ort den bhuíochas? A thruailleacháin, gan aird agat ar cheiliúr ná ar ghrágaíl, ach oiread is tá ar “Suc Suc”. Ag teithe uaim . . .’

Mar theith an t-asal, mar bhí an saol ag teithe uaidh. Agus na blianta, dóchas a óige agus an lánúnachais …Ag teithe uaidh agus gan iad ag fágáil d’oidhríocht aige ach giorranáil . . .

Ar éigin gurb ar an lao a bhí Micil ag smaoiniú feasta. Bhí sé dhá thuairteáil ó shruth go dtí cúltsruth comhairle. Chinn air, mar chinn ariamh, é féin a bhréaga ó cholla ar chliath a choinsiais. Ba í an ghluaiseacht neamhstaonach chéanna í – ‘séideog …an poll báite . . .’ – nár thug iamh ná foras dó leis na blianta ag dul síos suas dó bóthairín an bhaile, bealach a pháise; nach dtiúrfadh iamh ná foras dó pér bith cé na blianta eile a bheadh sé i riocht a theacht aníos bóthairín an bhaile; nach dtiúrfadh suaimhneas dó nuair nach mbeadh de lúd in a ghéaga corrú amach as an teach; gluaiseacht nár dhóigh dhi staona le staona na hanála féin; ar dhóigh dhi a bheith ar siúl faoin bhfód, is é sin má b’fhíor go raibh saol eile ann a mbeadh daoine beo agus ag luainn ann …Níorbh aoibhneas síoraí ach Máirín. Séideog do Bhríd suas go Flaitheas Dé. Ba mhaith an aghaidh sin uirthi. Poll báite sa tsíoraíocht do Pheadar. Bhí greada aoibhnis faighte aige ar an saol seo féin . . .

Thuig Micil go raibh an ghluaiseacht neamhstaonach a bhí dhá bhroda, ag cur cathú air leis na blianta, agus a bheadh go deire, cho neamhfheidhmiúil le fear bréige sa ngort nach mbeadh puth gaoithe, ach oiread le puth paisiúin, puth beatha, dhá luasca agus a n-aithneodh éanlaith an aeir gur inneall gan bhrí gan éitir é …D’iontaigh sé an buicéad béal faoi. Ansin chuir dhá sheanurchar i leith an lao an buicéad falamh. Thit sé sin go neamhdhíobhálach i bhfad ón a cheann scríbe, fearacht na rúin a bhíodh sé féin a shíor-athnuachan. Ní raibh puth dhá anáil fanta aige. Tháinig le fána an chnocáin agus thug aghaidh ar an mbóthairín . . .