Dís

Siobhán Ní Shúilleabháin

images

‘ ’Sheáin?’

‘Hu?’

‘Cuir síos an páipéar agus bí ag caint liom.’

‘Á anois, muna bhféadfaidh fear suí cois tine agus páipéar a léamh tar éis a lá oibre.’

‘Bhíos-sa ag obair leis feadh an lae, sa tigh.’

‘Hu?’

‘Ó, tá go maith, trom blúire den bpáipéar agus ná habair, “geobhair é go léir tar éis tamaill”.’

‘Ní rabhas chun é sin a rá. Seo duit.’

Lánúin cois tine tráthnóna.

Leanbh ina chodladh sa phram.

Stéig feola ag díreo sa chistin.

Carr ag díluacháil sa gharáiste.

Méadar leictreach ag cuntas chuige a chuid aonad . . .

‘Hé! Táim anso! ’Sheáin! Táim anso!’

‘Hu?’

‘Táim sa pháipéar.’

‘Tusa? Cén áit? N’fhacas-sa tú.’

‘Agus tá tusa ann leis.’

‘Cad tá ort? Léas-sa an leathanach san roim é thabhairt duit.’

‘Tá’s agam. Deineann tú i gcónaí. Ach chuaigh an méid sin i ngan fhios duit. Táimid araon anso. Mar gheall orainne atá sé.’

‘Cad a bheadh mar gheall orainne ann? Ní dúrtsa faic le héinne.’

‘Ach dúrtsa. Cuid mhaith.’

‘Cé leis? Cad é? Taispeáin dom! Cad air go bhfuil tú ag caint?’

‘Féach ansan. Toradh suirbhé a deineadh. Deirtear ann go bhfuil an ceathrú cuid de mhná pósta na tíre míshona, míshásta. Táimse ansan, ina measc.’

‘Tusa? Míshona, míshásta? Sin é an chéad chuid a chuala de.’

‘Tá sé ansan anois os comhair do dhá shúl. Mise duine des na mná a bhí sa tsuirbhé sin. Is cuimhin liom an mhaidean go maith. I mí Eanáir ab ea é; drochaimsir, doircheacht, dochmacht, billí, sales ar siúl agus gan aon airgead chucu, an sórt san. Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh. ’Cheart go mbeadh sé aici aon lá anois.’

‘Cad a bheadh aici?’

‘Leanbh. Cad eile bheadh ag bean ach leanbh!’

‘Cén bhean?’

‘An bhean a tháinig chugam an mhaidean san.’

‘Cad chuige, in ainm Dé?’

‘Chun an suirbhé a dhéanamh, agus ísligh do ghlór nó dúiseoir an leanbh. Munar féidir le lánú suí síos le chéile tráthnóna agus labhairt go deas ciúin sibhialta le chéile.’

‘Ní raibh uaim ach an páipéar a léamh.’

‘Sin é é. Is tábhachtaí an páipéar ná mise. Is tábhachtaí an rud atá le léamh sa pháipéar ná an rud atá le rá agamsa. Bhuel, mar sin, seo leat agus léigh é. An rud atá le rá agam, tá sé sa pháipéar sa tsuirbhé. Ag an saol go léir le léamh. Sin mise feasta. Staitistic. Sin é a chuirfidh mé síos leis in aon fhoirm eile bheidh le líonadh agam. Occupation? Statistic. Níos deise ná housewife, cad a déarfá?’

‘Hu?’

‘Is cuma leat cé acu chomh fada is dheinim obair housewife. Sin é dúrtsa léi leis.’

‘Cad dúraís léi?’

‘Ná tugtar fé ndeara aon ní a dheineann tú mar bhean tí, ach nuair ná deineann tú é. Cé thugann fé ndeara go bhfuil an t-urlár glan? Ach má bhíonn sé salach, sin rud eile.’

‘Cad eile a dúraís léi?’

‘Chuile rud.’

‘Fúmsa leis?’

‘Fúinn araon, a thaisce. Ná cuireadh sé isteach ort. Ní bhíonn aon ainmneacha leis an tsuirbhé – chuile rud neamhphearsanta, coimeádtar chuile eolas go discréideach fé rún. Compútar a dheineann amach an toradh ar deireadh, a dúirt sí. Ní cheapas riamh go mbeinn im lón compútair!’

‘Stróinséir mná a shiúlann isteach ’on tigh chugat, agus tugann tú gach eolas di fúinne?’

‘Ach bhí jab le déanamh aici. N’fhéadfainn gan cabhrú léi. An rud bocht, tá sí pósta le dhá bhliain, agus ’bhreá léi leanbh, ach an t-árasán atá acu ní lomhálfaidh an t-úinéir aon leanbh ann agus táid araon ag obair chun airgead tí a sholáthar mar anois tá leanbh chucu agus caithfidh siad a bheith amuigh as an árasán, agus níor mhaith leat go gcaillfeadh sí a post, ar mhaith? N’fhéadfainn an doras a dhúnadh sa phus uirthi, maidean fhuar fhliuch mar é, an bhféadfainn?’

‘Ach níl aon cheart ag éinne eolas príobháideach mar sin fháil.’

‘Ní di féin a bhí sí á lorg. Bhí sraith ceisteanna tugtha di le cur agus na freagraí le scrí síos. Jab a bhí ann di sin. Jab maith leis, an áirithe sin sa ló, agus costaisí taistil. Beidh mé ábalta an sorn nua san a cheannach as.’

‘Tusa? Conas?’

‘Bog réidh anois. Ní chuirfidh sé isteach ar an gcáin ioncaim agatsa. Lomhálann siad an áirithe sin; working wife’s allowance mar thugann siad air – amhail is nach aon working wife tú aige baile, ach is cuma san.’

‘Tá tusa chun oibriú lasmuigh? Cathain, munar mhiste dom a fhiafraí?’

‘Níl ann ach obair shealadach, ionadaíocht a dhéanamh di faid a bheidh sí san ospidéal chun an leanbh a bheith aici, agus ina dhiaidh san. Geibheann siad ráithe saoire don leanbh.’

‘Agus cad mar gheall ar do leanbhsa?’

‘Tabharfaidh mé liom é sa bhascaed i gcúl an chairr, nó má bhíonn sé dúisithe, im bhaclainn. Cabhair a bheidh ann dom. Is maith a thuigeann na tincéirí san.’

‘Cad é? Cén bhaint atá ag tincéirí leis an gcúram?’

‘Ní dhúnann daoine doras ar thincéir mná go mbíonn leanbh ina baclainn.’

‘Tuigim. Tá tú ag tógaint an jab seo, ag dul ag tincéireacht ó dhoras go doras.’

‘Ag suirbhéireacht ó dhoras go doras.’

‘Mar go bhfuil tú míshona, míshásta sa tigh.’

‘Cé dúirt é sin leat?’

‘Tusa.’

‘Go rabhas míshona, míshásta. Ní dúrt riamh.’

‘Dúraís. Sa tsuirbhé. Féach an toradh ansan sa pháipéar.’

‘Á, sa tsuirbhé! Ach sin scéal eile. Ní gá gurb í an fhírinne a inseann tú sa tsuirbhé.’

‘Cad deireann tú?’

‘Dá bhfeicfeá an liosta ceisteanna, fé rudaí chomh príobháideach! Stróinséir mná a shiúlann isteach, go dtabharfainnse fios gach aon ní di, meas óinsí atá agat orm, ab ea? D’fhreagraíos a cuid ceisteanna, a dúrt leat, sin rud eile ar fad.’

‘Ó!’

‘Agus maidir leis an jab, táim á thógaint chun airgead soirn nua a thuilleamh, sin uile. Ar aon tslí, tusa fé ndear é.’

‘Cad é? Mise fé ndear cad é?’

‘Na rudaí a dúrt léi.’

‘Mise? Bhíos-sa ag obair.’

‘Ó, bhís! Nuair a bhí an díobháil déanta.’

‘Cén díobháil?’

‘Ní cuimhin liom anois cad a dheinis, ach dheinis rud éigin an mhaidean san a chuir an gomh orm, nó b’fhéidir gurb é an oíche roimh ré féin é, n’fheadar. Agus bhí an mhaidean chomh gruama, agus an tigh chomh tóin-thar-ceann tar éis an deireadh seachtaine, agus an bille ESB tar éis teacht, nuair a bhuail sí chugam isteach lena liosta ceisteanna, cheapas gur anuas ós na Flaithis a tháinig sí chugam. Ó, an sásamh a fuaireas scaoileadh liom féin agus é thabhairt ó thalamh d’fhearaibh. Ó, an t-ualach a thóg sé dem chroí! Diabhail chruthanta a bhí iontu, dúrt, gach aon diabhal duine acu, bhíomar marbh riamh acu, dúrt, inár sclábhaithe bhíomar acu, dúrt. Cad ná dúrt! Na scéalta a chumas di! Níor cheapas riamh go raibh féith na cumadóireachta ionam.’

‘Agus chreid sí go rabhais ag insint na fírinne, go rabhais ag tabhairt freagra macánta ar gach aon cheist a chuir sí?’

‘Bhuel, ní raibh aon lie detector aici, is dóigh liom. N’fhaca é ar aon tslí. Ní déarfainn gurb é a cúram é, ní mhór dóibh síceolaí a bheith acu i mbun an jaib mar sin. Ó, chuir sí an cheist agus thugas-sa an freagra, agus sin a raibh air. Agus bhí cupa caife againn ansin, agus bhíomar araon lántsásta.’

‘Ach ná feiceann tú ná fuil san ceart? Mná eile ag léamh torthaí mar seo. Ceathrú de mhná pósta na tíre míshásta? Cothóidh sé míshástacht iontusan leis.’

‘Níl aon leigheas agamsa ar conas a chuireann siad rudaí sna páipéir. D’fhéadfaidís a rá go raibh trí ceathrúna de mhná na tíre sásta sona, ná féadfaidís, ach féach a ndúradar? Ach sé a gcúramsan an páipéar a dhíol, agus ní haon nath le héinne an té atá sona, sásta. Sé an té atá míshásta, ag déanamh agóide, a gheibheann éisteacht sa tsaol so, ó chuile mheán cumarsáide. Sin mar atá; nímise a chumná a cheap. Aon ní amháin a cheapas féin a bhí bunoscionn leis an tsuirbhé, ná raibh a dóthain ceisteanna aici. Chuirfinnse a thuilleadh leo. Ní hamháin “an bhfuil tú sásta, ach an dóigh leat go mbeidh tú sásta, má mhaireann tú leis?”’

‘Conas?’

‘Na Sínigh fadó, bhí an ceart acu, tá’s agat.’

‘Conas?’

‘Sa nós san a bhí acu, nuair a cailltí an fear, a bhean chéile a dhó ina theannta. Bhí ciall leis.’

‘Na hIndiaigh a dheineadh san, narbh ea?’

‘Cuma cé acu, bhí ciall leis mar nós. Bhuel, cad eile atá le déanamh léi? Tá gá le bean chun leanaí a chur ar an saol agus iad a thógaint, agus nuair a bhíd tógtha agus bailithe leo, tá gá léi fós chun bheith ag tindeáil ar an bhfear. Chuige sin a phós sé í, nach ea? Ach nuair a imíonn seisean, cad ar a mairfidh sí ansan? Redundant! Tar éis a saoil. Ach ní fhaghann sí aon redundancy money, ach pinsean beag suarach baintrí.’

‘Ach cad a mheasann tú is ceart a dhéanamh?’

‘Níl a fhios agam. Sa tseansaol, cuirtí i gcathaoir súgáin sa chúinne í ag riar seanchaíochta agus seanleigheasanna, má bhí sí mór leis an mbean mhic, nó ag bruíon is ag achrann léi muna raibh, ach bhí a háit aici sa chomhluadar. Anois, níl faic aici. Sa tslí ar gach éinne atá sí. Bhí ciall ag na Sínigh. Meas tú an mbeadh fáil in aon áit ar an leabhar dearg san?’

‘Cén leabhar dearg?’

‘Le Mao? ’Dheas liom é léamh. ’Dheas liom rud éigin a bheith le léamh agam nuair ná geibhim an páipéar le léamh, agus nuair ná fuil éinne agam a labhródh liom. Ach beidh mo jab agam sara fada. Eanáir, Feabhra, Márta, Aibreán, Bealtaine, Meitheamh; tá sé in am. Tá sé thar am. Dúirt sí go mbeadh sí i dteagbháil liom mí roimh ré. Ní théann aon leanbh thar dheich mí agus a dhícheall a dhéanamh …Is é sin má bhí leanbh i gceist riamh ná árasán ach oiread. B’fhéidir ná raibh sí pósta féin. B’fhéidir gur ag insint éithigh dom a bhí sí chun go mbeadh trua agam di, agus go bhfreagróinn a cuid ceisteanna. Agus chaitheas mo mhaidean léi agus bhí oiread le déanamh agam an mhaidean chéanna; níochán is gach aon ní, ach shuíos síos ag freagairt ceisteanna di agus ag tabhairt caife di, agus gan aon fhocal den bhfírinne ag teacht as a béal! Bhuel, cuimhnigh air sin! Nach mór an lúbaireacht a bhíonn i ndaoine!’

Lánúin cois tine tráthnóna.

An leanbh ina chodladh sa phram.

An fear ina chodladh fén bpáipéar.

An stéig feola ag díreo sa chistin.

An carr ag díluacháil sa gharáiste.

An bhean

Prioc preac

liom leat

ann as.

Tic toc an mhéadair leictrigh ag cuntas chuige na n-aonad.