Rogha Haiku

an bhfeicfidh siad a chéile anocht?

púróg shliobach

an ghealach

clog an tseipéil…

cá bhfuil a dtriall?

slua seangán

cacaíní caorach

8 … 10 … dosaen …

ar fad mar a chéile

nuair a ainmnítear é

siúd an crotal coille

i ngach aon bhall

na haghaidheanna úd

sa bhéilteach thine -

is dual dóibh athrú leis

Image

bláthanna i vása

siúlann cat

trí gharrai lom

bonnán ceo sa chróntráth

beagán ar bheagán

an domhan ag dul as

bleibeanna tiúilipí á gcur

a ndath amach anseo

ar spéir an tráthnóna

an bhfaca sí an danse macabre

lena súile cinn?

cearc gan chloigeann

Image

turlabhait

na dtonn

glanann smaointe

ag sciorradh thar ghoirt na maidine

beireann gá gréine

ar mhún an ghiorria

Oileán Acla

na roilligh ag stánadh

ar chuairteoirí

a bhfuil fágtha den oíche

dhá phréachán

ar ghéag

brádán maidine

colúr ag blaiseadh

d’aiseag druncaera

grág préacháin

siosarnach bambú

saolaítear an tráthnóna

ár n-iníon

dhá chroí ag bualadh inti anois

nach ait é

i mball rúnda éigin

sa chruinne

foirmítear guth an phréacháin

maidin sheaca

nochtann spideog a brollach

don saol mór

ó dhuilleog sheasc go duilleog sheasc

sneachta briosc

éitlíonn préachán leis

Image

Image

nach uasal é!

an capall ar an mbonn

nach airgead níos mó é

gaoth an Mhárta

teannóga ag éalú

as pota briste

péire snag breac

ar eite -

anamacha a chéile

ag bun na Croise

iompaíonn seilide fuilteach

ina bhúda

ní hé gur dearúdadh é

an t-aiteann buí

arís

Image

grian bhuí an tráthnóna

míoltóga sa reilig

a Chríost, nach nimhneach!

fuaim lagbhuí…

coinneal á múchadh

leamhan eile slán

an é sin do ghósta

go sámh i measc na nduilleog?

gráinneog mharbh

ar saoradh a anam?

géaga an tseanchrainn

trí thine

tá na torbáin

ina ndúiseacht

dúisímis leo!

Image

Image

Image

i ngloiní dú’ an daill

dul fé

na gréine

uaigh ársa –

siosarnach de phaidir

i dteanga mharbh

léargas ar dhia

i súile an chait

is leamhan á leanúint aige

mún lagbhuí

ar fhiailí glasa dorcha…

ag smaoineamh ar Santóka

an ghealach lán

líonann an tsúil

go hiomlán

Image

Image

piorra

á róstadh sa ghríosach

giosáil na báistí

crann líomóidí

faoi scáil –

ní hea dáiríre

cnámh ar an trá

a raibh feoil uirthi uair amháin

is a dhein cúpláil

finéal go flúirseach

agus tá guth na fuiseoige

glasuisciúil

chúb an cat

isteach inti féin –

oíche shíoraí a dhá súil

Image

Image

Conamara

chaitheas cat marbh thar claí

réaltaí

an solas

ón bpríosún

nach dóite

deireadh lena ndualgais…

sé sheangán bheaga

i ngob na spideoige

gealach dheirceach –

fear an ghondola ag canadh

dó féin

Image