Rensaku san India
Mumbai
ceirteacha ar an gcosán
corraíonn colainn iontu
an ghrian os cionn na Himáilithe
ólann mo mhiúil
as an nGainséis
an cruidín a bhí ann?
splais ghorm
ag airgeadú
maidin dhuairc
féachann préachán
síos an simléar
níl fágtha de
ach na geataí –
teampall aeir
Allah-o-akbar!
breacadh an lae in Kochi
tonnta ar crith
scéala báis
ialtóg torthaí ar crochadh
fá shuan
éigrit ina seasamh i murlach
fuaim éadaí á ní
ar leacacha
an loiteog!
á nochtadh féin arís is arís eile
dos na huiscí
seangáin seangáin seangáin
seangáinseangáinseangáin
seangán
nach grod
mar a thiteann ina cró féin
an ghrian laochta
préachán aonair
go hard os cionn na coda eile
tóraí críonna
an spéir glanta
de phréacháin
an chéad réalt
ceo brothaill
seanduine ar a rothar
faoi dhéin na síoraíochta
cróntráth
agus rós á phéinteáil féin
níos deirge an t-am go léir