Rensaku sa Bhreatain Bheag
Nollaig 2004
snas na gcloch –
a bhfuil fágtha d’inscríbhinn
glaonn cuirliún
caoirigh
ag freagairt dá chéile
scaipeann an ceo
Eaglais Llanfaglan
níl aon éalú
fulaingíonn leaca uaighe an bháisteach
leac mharmair
ag Léigear Bhadajos a thit sé
damhán alla ag sníomh
nóinín aonair i mí na Samhna
nochtann soilse
i measc na gcnoc
titeann an oíche
ar leaca uaighe –
úrghuth an philibín
an bhliain ar an leac uaighe
níos tréigthe
t’réis ghaoth an lae inniu
gleann ceo
crainn ag péacadh
ina gceann is ina gceann
ong na mbó –
dorchaíonn uiscí
Bhá Chaernarfon
go réidh réidh
ag fás as creag
caora
as an gceo
tuilleadh ceo
ag éirí
ofrálann a drúcht
do ghrian an gheimhridh
leaba luachra
caoirigh ag dul as amharc
réaltaí ar an spéir
glór easa
seacht n-uaire a labhair an fiach
ansin cogarnáil
na habhann
ciúnas gorm na maidine
neamhbhriste ag ceol
na n-éan
grian íseal
scáthanna ag teitheadh
thar pháirceanna catha
púcaí peill
is gan éinne ag féachaint orthu
coill ar Inis Móna
crann a thit
is nár thit
crann eile á fhulaingt
fiach a tháinig amach as an gcoill
bhreathnaigh ar an domhan
agus d’fhill
aonchogar ard
na ngiúiseanna istoíche
seanmóir fhada
bánú an lae
an rabhadar ann ar feadh na hoíche?
caoirigh