Rensaku san Éigipt
Bealtaine 10

díríd ar ár bhfoinse –

ar ár dtriall

pirimidí

Gleann na Ríthe

buidéil phlaisteacha a mhairfidh

míle bliain

fear bréige

i ngort –

seargán beo!

is é ag siúl thar reilig

luascann an t-asal

a eireaball

An Níl um thráthnóna

ciúnas na gcrogall

nach bhfuil ann níos mó

loiteog ag bláthú

san uisce is fós

sa chroí