SHOWTIME


Jazz an buzz-fhocal nua a sheol isteach i bPáras sna fichidí, aniar ar an aer, agus bhí blas úr Meiriceánach á lorg ar gach aon ghné de shaol na siamsaíochta. Ar chúl stáitse na Folies Bergère agus an Casino de Paris, bhí le music-hall agus le show i mbéal gach éinne mar mhúnla don ré úr.

D’oir fuinneamh fuascailteach an jazz, anam seanda na blues faoin gcuing ag spréachadh faoi chulaith nua, d’fhiabhras na ré, mar a bheadh tonn reatha a bhí ag cruinniú treise amuigh san Atlantach ag briseadh ar deireadh ar bhruacha an Seine. Bhí ré na Meiriceánach tagtha. Fós féin, níorbh aon jazz snasta a bhí le clos ag gnáthmhuintir na cathrach, oibrithe agus máithreacha lena leanaí ag snámh san abhainn chéanna i mbrothall an tsamhraidh, ach slabáil uisce lathaí.

Bhí turasóirí agus ceoltóirí Meiriceánacha amuigh faoin gcathair ó oíche go maidin, iriseoirí agus lucht gnó Meiriceánach ag seoladh tuairiscí meallacacha ar an gcathair abhaile, agus an bús a cruthaíodh abhus ag cruthú bús eile thall a sheol ar ais go Páras arís, ag athneartú na toinne. Agus cruthaíonn tonn cuilithe. Ceoltóirí dubha na jazzmen, a bhformhór, iad in Arm Fionnachtana na Stát Aontaithe, agus nuair a scoireadh iad tar éis an chogaidh, shocraíodar ar cheol a bhaint as aer scaoilte na hEorpa in áit filleadh ar dhoirse plabtha dúnta ina gcoinne sa bhaile. Thugadar leo a gcuid rincí a d’fhreagair don cheol, leis, an foxtrot, agus an boston agus an biguine féin ón Muir Chairb a raibh crainn phailme ag lúbadh na ngéag ann faoi thathaint na gaoithe ón bhfarraige.

Bhí stráicí móra den tseanchathair le scuabadh chun siúil, an chuid de na dúnta cosanta a scriosadh sa chogadh mór á nglanadh agus ceantair chónaithe le tógaint ina n-áit. Bhain na dúnta le seanré ar gach slí, ina dtuiscintí míleata agus ina ndéantús, le bochtaineacht mhuintir an zone a chruinnigh thart orthu, agus ba chomhartha ábhartha ar les temps modernes iad a bheith á gcarnadh agus á leathadh mar bhunsraith atógála.

D’fhásfadh an Ville de Paris amach tharstu, amach thar sheanteorainneacha na cathrach a bhí socair leis na cianta, agus cuireadh fáilte roimh imircigh ó gach aird den Eoraip chun an atógáil mhór a dhéanamh i gcoincréit agus i smaointe, i ndamhsa agus i ndóchas. Bhíodar ag teacht cheana, ó cuireadh clabhsúr ar an ár, ach bhorr a líon aneas agus anoir, ó bhrúcht Réabhlóid na Rúise a scaoil tuile dhaonna eile faoi scáth sciortaí Marianne ag lorg tearmainn. Bhí sí fial faoina cuid ar chuma na ré, ach d’ardódh sí a sciortaí sciota go mínáireach chun na Giúdaigh a shocraigh síos fúithi a dhíbirt gan taise faoin gcinedhíothú in imeacht aon ghlúin chorraithe amháin.

Ach bhí rince gach áit ar an aer, tochas rince sna géaga, sna boinn, mar a bheadh mianach éigin bunaidh, anam gan srian nochta sa duine óg go háirithe, tar éis an áir, á rá leis a bheith ina steillbheatha fad a mhairfeadh sé. Níorbh fhada é a théarma mar a dhearbhaigh bás a dheartháireacha agus a ghaolta féin. Bhí imní éigin á ghriogadh laistíos den scléip, dealg éigin faoi bhun an tochais sna boinn nárbh fhéidir a stoitheadh ó phréamh, dordán íseal fola nach n-éistfeadh.

Bhí na scéalta uafáis ó na trinsí, ó Verdun, triallta ó bhéal go béal: timthriall tnáite na marbh. Agus ba dhíbirt na marbh, leis, a bhí sna céimeanna ar chláracha, sa tadhall fáiscthe idir fir is mná, idir béal dlúth craorag agus béal.

Válsáil sluaite sna sráideanna istoíche le tionlacan cairdíní agus bainseónna ag féiltí an Sainte Cathérine agus aon sainte shaolta nó neamhshaolta eile a bhí á fógairt inniu chun bualadh amach anocht. Níor ghá gaoth an fhocail féin chun na seolta a ardú. Amhráin á scaipeadh ar mhórbhileoga sna cearnóga, an gléas raidió á fheistiú in árasáin leis an leictreachas, agus na Cluichí Oilimpeacha féin le teacht go Páras. Póstaeir á ndearadh cheana.

Lúthchleasaithe fireanna, lámh sínte caol díreach san aer, gualainn earótach nocht le gualainn nocht, básta go básta faoi éadach lín, ball fearga faoi scáth an fleur de lys, mar a bheadh sliocht déithe na nGréagach ag cúiteamh sléacht na n-óg le Páras féin. In imeacht fiche bliain, bhainfí cor eile as uillinneacha na ngéag, shínfidís go borb, d’fheisteofaí éide, clogad, paca agus gunna ar lúthchleasaithe oilte eile, agus shatlóidís le tionlacan poimp práis ar na pavés ronds faoin Arc de Triomphe.

An seanfhaltanas a bhraith an Francach leis an Sasanach, ní raibh aon chuid den naimhdeas sin aige don Mheiriceánach. Go fóill. Fear ard, téagartha, folláin, déadgheal, croí mhóir an Meiriceánach, nó bean deaghléasta den fhaisean, í fíneáilte, tugtha do na healaíona, agus fonn uirthi pátrúnacht a dhéanamh agus a hollmhaitheas nuadhomhanda a roinnt ar an ealaíontóir Eorpach.

Bhí na prionsabail dhaonlathacha Phoblachtacha chéanna ag na Stáit Aontaithe agus a bhí dingthe sa Fhrancach. Den aon chraobh amháin a baineadh iad, agus ba iad na prionsabail sin a thug ar Mheiriceá teacht i gcabhair ar dhaonlathas na hEorpa in am an ghátair. Tarrtháladh Páras féin, baclainn na saoirse a bhí á tuairteáil ag gunnaí impiriúla, de bharr na hidirghabhála. Má bhí ciníocha eile míshásta leis an gcomhaontú iarchogaidh agus leis an Uachtarán Wilson, agus a gcúis acu, bhí an Fhrainc á haclú féin go mustrach an athuair leis na buillí troma inneonach a bhuail sí ar an namhaid leathchloíte trasRéine.

Bhraith an Meiriceánach gustalach, ealaíonta, saoirse i bPáras, an áit is fuinniúla inar fógraíodh an modernité, tuiscint a bhí ag stiúradh le flosc diamhair dhúshaothrú na péintéireachta, na dealbhóireachta agus na scríbhneoireachta faoi chló smiota na haimsire.

Bhraith an Meiriceánach aerach, leis, ar thairseach ré nua, an fhuascailt sin ó chúinge phiúratánach an bhaile a sheol an jazz leis anall ag leictriú an aeir i bPáras mar a bhí cumhacht an leictreachais á giniúint chun an chathair féin a chur ar taispeáint don domhan mór. Le spleodar Francach, ach ar an dul Meiriceánach, feistíodh innealra leictreach agus soilse gáifeacha i bpáirceanna siamsaíochta a lig do na sluaite bheith amuigh istoíche ag seoladh le sruthanna uisce, ag marcaíocht ar chapaill adhmaid lena seitreach leictreach, agus ag dul abhaile traochta i mearthraein an Métro.

Mheall vedette lom Néagró na siamsaíochta Josephine Baker na sluaite go dtí le show lena rincí collaí. Í ag tuirlingt ar stáitse i mbáillín criostail, crios scáinte bananaí ar a coim sheang faoina brollach nocht á mheabhrú go raibh bunmhianach gnéasúil riamh sa saol bundúchasach ach é sin leis a thabhairt chun míneadais ón sabhána agus ón bhforaois.

Bhí an dá thonn reatha aniar agus anoir tosnaithe cheana féin ar chnagadh in aghaidh a chéile i saol na polaitíochta san Eoraip, agus mhairfeadh suaitheadh na dtonn sin i bPáras go dtí go ndéanfaí iad a thaoscadh i mbrúchtadh ollmhór na dtríochaidí, agus an Dara Cogadh Domhanda.

Ach bhí le show le cur ar stáitse go fóill sna Folies, agus taispeántas nua Les Oiseaux des Folies á chleachtadh faoi stiúir chóiréagrafaí Shasanaigh, Doris Birch. Ba í Mistinguett, Jeanne-Marie Bourgeoise, iomráiteach, an príomhrinceoir agus amhránaí. D’iniúchadh sí glanachar na mbuíonta rinceoirí, in éineacht le dochtúir leighis uaireanta, sna seomraí cleachtaidh le géire bhorb na cigireachta.

Madraí pioctha ar iall aici, nó chihuahua slíoctha ag gobadh a chinn as a mála láimhe, slat éabainn agus cloigeann nathrach airgid ar an mbarr aici lena sliasaid, scrúdaíodh sí gruaig, ingne agus lámha na mban óg, les girls, le heagla sneácha, salachair agus galar cnis. Bhí an t-amhránaí Maurice Chevalier le bheith ar stáitse ina teannta, flosc orthu arís tar éis don bheirt sos comhraic eile a fhógairt ina bpáirtnéireacht lasánta.

Bhí na rinceoirí féin tagtha as gach aird, as mórán tíortha san Eoraip, iad roghnaithe ar bhonn a gcumas rince, ach níos mó go mór ná sin, a dtoisí coirp, a scéimh, a neart agus a ngéaga.

Bhí cáil an tíogair ar an gcóiréagrafaí Doris Birch, agus dhruileáladh sí a cuid rinceoirí le beirt chúntóirí ó mhoch maidine. Thosnaíodh an cleachtadh gach maidin le haclaíocht théite, agus géarghá leis sa halla fuar i dtosach an gheimhridh. Bhí Nóra Buckley ar dhuine de na rinceoirí sin i mbun aclaíochta.

Ba í Nóra Buckley an colm bán, éan in ál Les Oiseaux des Folies.