L’HÔTEL DE MÉDICIS


Shiúlfá thar an Hôtel de Médicis, i rue Saint-Jacques, gan a fhios é bheith ann. Bhí an doras tosaigh, mar a bheadh ar ghnáth-thigh, ar aghaidh na sráide. Isteach tríd an halla agus in airde ar an gcéad urlár a bhí an seomra fáilte. Bhí leac crochta ar an bhfalla ar an mbealach isteach i gcuimhne ar ealaíontóir Meiriceánach, Duane Ensor, a chuir faoi san óstán ó 1970 ar feadh cúig bliana is tríocha. Gníomh ealaíne ann féin, ba léir, ab ea lóistín fadtréimhseach Duane.

Óstán gan aon réalt in aon chor a bhí ann, ná níorbh aon résidence buanchónaitheach é, agus bhí cuma an doichill ar an bhfeighlí nuair a chuas chuige an chéad mhaidin. Bhí a phus sáite aige i scáileán teilifíse agus é caite isteach i gcúits mar a bheadh seanbhalcais. Bhain seanchuisneoirí searradh astu féin ó am go ham sa chúlchistin i gcomhpháirt le crónán na teilifíse san oifig. D’fhanas féin ag stánadh ar an scáileán, chomh maith leis, go bhfaighinn a aird. Bean óg chnódhonn agus giobail ildaite uirthi ag iarraidh fáil amach as cás, d’oscail comhla fúithi nuair a theip uirthi an cuaille sleamhain a dhreapadh, agus caitheadh isteach í i ndabhach lathaí. Éirí amach agus tabhairt faoi arís, a páirtithe timpeall uirthi in airde sna frathacha á gríosadh. É seo ar siúl in aghaidh an chloig i seantúr a raibh cuma an doinsiúin air.

Ba é an dara huair agam é ag teacht an mhaidin sin. Bhíos ar tí éirí as níos luaithe, trácht moch na cathrach ag brúchtadh fuíll i mo shúile agus i mo scamhóga, agus mé ag brú ar chlog an dorais gan aon toradh a fháil. B’ait liom é bheith faoi ghlas, ach b’in é mar a bhí. Chromas idir dhá bhrú chun radharc a fháil isteach trí pholl na litreacha féachaint an raibh éinne ag teacht. Fiosracht faoin áit a thug ann mé agus Chambres de Voyageurs – Prix Modérés ar an bhfógra a choinnigh ann mé. Bhí na litreacha ar an bhfógra féin tréigthe, ach b’fhéidir iad a dhéanamh amach. Bhíos ar tí cur díom nuair a tháinig an feighlí aniar aduaidh orm chun an doras a oscailt.

‘Táim anseo le deich neomat gan aon toradh á thabhairt orm,’ arsa mise leis agus mé ar mo chorraghiob ag féachaint in airde air os mo chionn. An clab d’eochair dírithe aige siúd idir mo dhá shúil.

Bhraitheas go raibh beirthe orm agus mé ag iarraidh spléachadh a fháil in aisce ar thaispeántas stáitse istigh. Ach thángas chugam féin go tapa.

‘Ní fhéadfadh aon toradh a bheith tugtha ort nuair is mise a scaoileann an glas,’ a d’fhógair sé orm go grod. ‘Tá an cloigín múchta….Tuigeann tú cad chuige í seo,’ ar sé go tarcaisneach, á ropadh sa doras.

‘Ná bíonn éinne ann i gcaitheamh na hoíche?

‘Cad is dóigh leat atá á rith anseo?’ agus a chúl liom.

‘Táim ag lorg seomra. Fadtréimhseach.’

Encore un, duine eile fós agaibh. Fear meánaosta ar thóir na hóige… nó…b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh dul ag péinteáil,’ ar sé, agus é ag déanamh breacléamh ar an gcuma a bhí orm. Bhíos tar éis a bheith ag siúl sa Jardin du Luxembourg.

‘Más ea, cuir as do cheann ar fad é, b’éigean dom péintéir a chaitheamh amach seachtain ó shin, bhí an seomra scriosta le brocamas.’

Pé rud eile a bhain leis, bhí sé géarchúiseach ach ní rabhas chun a theallaireacht a scaoileadh leis.

‘Is géar a theastódh péintéir féin uaibh’, a dúrt ag díriú mo shúl ar an bhfógra.

Thug sé cic don doras agus d’oscail. Péire ruinnéirí air.

Dúrt leis go bhfillfinn níos deireanaí, mar gheall ar an bhfáilte chroíúil a chuir sé romham, ach lean sé ar aghaidh isteach gan aon aird a thabhairt orm. Níor bhain m’iarracht ar íoróin aon bharrthuisle as ach a choisíocht a ghéarú.

‘Cén t-am?’ a bhéiceas ina dhiaidh, gan scaoileadh leis.

Stad sé agus é ar tí doras gloine a dhúnadh ina dhiaidh.

‘Cén t-am? Cén t-am? An t-am a thógfaidh sé orm mo chúraimí maidine a dhéanamh quand même, ní bheidh a fhios agam faic nó go nglanfaidh daoine leo agus go nglanfar na seomraí.’

‘Tiocfad ar ais timpeall a haon déag mar sin?’

Comme vous voulez. Ach níl aon seomraí single fágtha agam.’

Níor thuigeas go ceann i bhfad cad a thug ar ais mé.

Fear ard sna daichidí luatha agus súile grinne aige, folt casta liath, geansaí agus péire jeans air, Maurice ab ainm don úinéir. D’éirigh liom a mhíniú dó go raibh seomra uaim ar feadh ráithe ar a laghad. Scrúdaigh sé mé ón gcúits le leathspéis éigin nuair a chuala sé ráithe, agus ansin lean sé air ag féachaint ar an teilifís gan an fhuaim a ísliú leis an gcnaipire fáiscthe ina dhorn. Nó, go liobarnach ina dhorn, mar go mbeadh air an iomarca fuinnimh a ídiú lena fháisceadh.

‘Seomraí dúbailte amháin atá fágtha’, ar sé leis an teilifís.

Ba é an dara huair nó trí aige á rá liom é. Bhíodar saor, fiche euro nó faoina bhun san oíche, céad sa tseachtain ar feadh ráithe. Bhí na seomraí single beag ar aon nós a dúirt sé, agus dá dteastódh uaim aon obair a dhéanamh sa seomra níor mhór dom ceann dúbailte a bheith agam.

Bhí carn málaí cúlphacairí caite thall i gcúinne.

‘An bhfuil bord sna seomraí dúbailte?’

‘Bord beag. Ar éigean a bheadh slí do bhord féin sa seomra singil.’

‘Idirlíon?’

‘Wi-Fi ar fud an tí. Tabharfad duit an pasfhocal má bhogann tú isteach. Ní thógaimid cártaí creidmheasa, dála an scéil. Airgead tirim nó seiceanna tarraingthe ar chuntas Francach amháin.’

Bhraitheas an stuacacht ag éirí aníos tríom. Ní bhogfadh faic amach é ach diongbháilteacht agus d’éirigh liom cnaipe na leisce a aimsiú ann i gcaitheamh na mionchainte. Nuair a thuigeas gurbh é a bhí agam, choimeádas sáite ina lár é mar a bhraithfeá breac ar dhorú. Mheasas gurbh fhearr na seomraí a thriail ar bharr an tí ar fad, ceann ar aghaidh na sráide agus ceann ar chúl. Ghabhas mo leithscéal leis, á rá gur thuigeas go raibh sé faoi bhrú agus nár theastaigh uaim breis cur isteach a dhéanamh air.

Dhéanfainn mo shlí féin in airde go dtí na seomraí. Dúirt sé liom eochracha dhá sheomra in airde a thógaint, ceann acu cóirithe nár chóir baint leis an gcóiriú ann agus an ceann eile gan chóiriú go fóill. Bhí córas éigin, dá dhoiléire é, i bhfearas.

Thugas liom na heochracha do 26 agus 28 agus dhreapas in airde. Gan aon ardaitheoir sa tigh agus an staighre ag tabhairt faoi mo choiscéimeanna. B’fhéidir cothromaíocht rithime nár chuir strus rómhór ar an staighre ná ar an dtigh a aimsiú, trí ghreim a bhreith ar an ráille agus gan meáchan an choirp a luí róthrom ar na céimeanna. Cheartódh an ráille féin tú trí bhogadh amach thar imeall an staighre, dá luífeá rómhór ina choinne, mar a dhéanfadh easnacha bosca ceoil agus seordán acu. Idir seordán an ráille agus gíoscán na gcéimeanna bhí an-cheol ag an dtigh. Saghas váls in airde ab ea an dreapadh. Thógfadh sé na míonna orm an rince a dhéanamh go seolta idir ráille agus céim.

Bhí an doras sa seomra os cionn na sráide ar oscailt cheana. Dhruideas uaim le fuinneamh é agus chleatráil carn buidéal sa mhullach ar a chéile mar a scuabfaí pionnaí in áiléar babhlála in aon straidhc amháin. Ligeadh glam borb ó sheomra ag bun an phasáiste. Ní fhaca riamh oiread buidéal in aon seomra amháin cheana, in airde ar sheilfeanna, istigh faoin leaba, i gcófra oscailte le hais na leapa, agus fiú ag máirseáil amach ar an mbalcóin bheag os cionn na sráide. Bhí slí chúng idir muir na mbuidéal ón leaba go dtí an doras, agus ar aghaidh go dtí an bhalcóin. Ba é an t-iontas é nach raibh níos mó díobh leagtha agam, a gcuid O-nna ag caochadh aníos ón urlár mar a bheadh goib éisc béal in airde i mbosca. Chroch an páipéar anuas ón bhfalla sa chúinne agus tocht spúinse a raibh mantanna bainte as a bhí ar an leaba. Thug trí choiscéim go dtí an bhalcóin mé, a raibh slí chun seasaimh ar éigean ann, agus radharc amach uaidh ar dhíonta na dtithe máguaird. Bhí fliuchán beag éigin á dhéanamh ag an maidin agus d’éirigh siosadh an tráchta aníos na ceithre urlár ó bholg na sráide mar a bheadh bogfhriochadh á dhéanamh thíos ar bhagún. Díon an Panthéon, líomóid gheal, ag gobadh aníos as an gcomharsanacht. Bothán éanlaithe ar dhíon tí. Oigheann stáin faoin díon a bheadh ann sa samhradh, agus ní raibh aon mhuinín mhór agam as teas cóir i gcaitheamh an gheimhridh. Bhí an bhalcóin go mór ar a shon, bheadh radharc ar chuid éigin den chathair uaidh, agus comharsana éigin le feiscint.

Bhogas liom go dtí an seomra eile. Gan aon bhalcóin ann, bhí sé cóirithe, agus radharc amach ar chúl tithe eile uaidh. Bhí na cláracha adhmaid thart ar an mbáisín níocháin bog ag an bhfliuchadh a bhí faighte acu, agus brat leagtha anuas orthu go tuathalach. Thugadar faoi mo bhróg. É glan a dhóthain, ach ní rabhas ach neomat ann nuair a réab liúireach agus eascainí an chodlatáin béal dorais trí na fallaí. Más ina chodladh a bhí. Dheineas cúpla casacht, féachaint an bhfreagródh mo dhuine mé, ach níor tugadh aon toradh orm. Bhí bord beag ag an bhfuinneog a raibh slí air do chóipleabhar. Ní raibh mórán airgid agam le caitheamh ar lóistín. Gheobhainn árasán le roinnt i gcomharsanacht eile ar phraghas an óstáin, ach bhí an t-óstán féin in áit bhreá, agus é taobh leis an Jardin du Luxembourg.

Bhí Maurice sáite sa teilifís i gcónaí nuair a bhaineas amach é. Bhraitheas go raibh triail éigin á cur aige orm, féachaint cad a déarfainn i taobh na seomraí. Dúrt go rabhadar go maith ar an airgead, go háirithe agus iad cóirithe. Níorbh fhiú scéal na mbuidéal a chasadh leis. Pé rud a tharla, d’ísligh sé fuaim na teilifíse agus dúirt sé gurbh é uimhir a 2 an seomra ab fhearr sa tigh agus go bhféadfainn féachaint air.

‘Ní fhanadh Duane riamh in aon seomra eile ach uimhir a 2,’ ar sé.

‘Agus cad a d’imigh ar Duane?’

Bhain sé an searradh ba lú as a ghuaillí.

‘Níl a fhios ag éinne cad a d’imigh air. Pé scéal aige é, ní shásódh aon seomra eile é ach uimhir a 2. Tabhair leat an eochair ansin agus féach isteach. Seomra fadtréimhseach é, oigheann agus fáinní leictreacha ann chun cócaireachta.’

‘Cá bhfuil an seomra?’

‘Leathstaighre díreach in airde.’

Seomra leis féin ab ea uimhir a 2, leaba ard iarainn ann agus spriongaí cearta faoin tocht crua, báisín mór níocháin, scáthán nach raibh scoilte, fuinneog a d’oscail amach ar an gclós ar chúl, agus slí ann. Dath donn dorcha ar na fallaí, bhí an chuma ar an seomra gur leis féin a bhí sé gan aon chomharsa ó thaobh an staighre ar a laghad. Bhí bord cuibheasach mór ann, arbh fhéidir cúpla leabhar nó trí a fhágaint air. Níos tábhachtaí ná sin féin, bhí an dá fháinne chócaireachta feistithe le hais na fuinneoige. Thriaileas iad a chur ar siúl, agus d’oibrigh. An t-oigheann mar a chéile ag pingeáil.

Níorbh aon dóithín é Duane.

Shíneas ar feadh cúpla neomat ar an leaba.

‘Bhuel, Duane, a bhuachaill, tá súil agam go bhfuil pé meanma a bhain go dearfach leat fágtha i do dhiaidh anseo agat agus an fuíoll eile tugtha leat trasna an Atlantaigh nó go tóin poill pé áit a chuais,’ arsa mise leis an seomra os ard.

Thugas réamhíocaíocht an mhaidin sin do Maurice. Tháinig anam ann agus an gnó idir lámha, faoi mar nach raibh san iompar eile aige ach réamhbhabhtáil.

Rud ab annamh sa Fhrainc, ní raibh aon ualach páipéir le síniú chun an gnó a dhéanamh, ach bileog amháin. Bhogas mo chuid stuif isteach cúpla lá ina dhiaidh sin.