ATHCHUAIRT AR PHÁRAS
Bhí tréimhsí caite agam i bPáras, sna seachtóidí luatha, ag dreapadh staighrí chomh fada le seandaoine ina gcuid árasán, ag tabhairt braillíní glana, torthaí agus iógart chucu. Colis a thugaimis ar na málaí. Thugas gean do na seanóirí. Cearrbhach gairmiúil a gcaithinn an nuachtán Cumannach L’Humanité a thabhairt chuige agus a gcuirinn geall i dtábhairne PMU dó ar na capaill, ‘is fearr pronostiqueurs – nodairí capall – na gCumannach ná éinne,’ a deireadh sé liom mar mhagadh cé gur anarchiste áitithe ab ea é féin. Bhí an anarchisme tar éis é a thabhairt go dtí prochóg ag barr tí gan aon ardaitheoir agus na cosa teipthe air. Bhí bean uaibhreach ann a mhaígh gurbh í a thug an teileagram gur suncáladh an Lusitania go dtí Roosevelt, agus dídeanaithe de chuid na Rúiseach Geal ag guí ag scrínte deabhóide ina seomraí go gcuirfí an teitheadh ar na Boilséivigh, seasca bliain tar éis na Réabhlóide.
Agus ansin, Miss Paris 1916, a giall creimthe ag ailse is fós a raibh rianta dá háilleacht mheata ina ceannaithe, La Belle qui fut heaulmière. Ise a d’eachtraigh dom an chéad uair i taobh na mná sna Folies Bergère.
Thugas an dara féachaint agus trí ar Miss Paris 1916, agus gan mé ábalta an tseanbhean os mo chomhair agus an bhean sciamhach a bhí, a thabhairt i leith a chéile. Shín sí fótagraf sepia de bhuíon rinceoirí na Folies Bergère chugam ó 1920, a gcosa san aer i gcuilithe an rince. D’fhéachamar sna súile ar a chéile, agus las soilse stáitse ó shaol eile ina súile siúd.
‘Sin mise an uair sin,’ ar sí ag síneadh méire i dtreo duine díobh, bhíos an-álainn táimse á rá leat’.
‘Is tú a bhí.’
‘Bhí na fir fiáin i mo dhiaidh. Chaití pósaetha chugam gach oíche ar stáitse tar éis an spectacle, agus bhíodh bláthanna agus cuirí amach i gcónaí romham sa seomra feistis.’
Rinc an solas ar a haghaidh laistigh d’fhuinneog, in airde faoi dhíon an tí, agus tháinig anam na scéimhe inti an athuair.
‘An íosfaidh tú do chuid iógairt anois, thugas beart nature chugat?’
‘Beidh sé anois agam.’
D’fheistíodh cuid de na seanmhná iad féin do chuairt an petit frère, uair nó dhó sa tseachtain, agus gan an ola dhéanach iomlán faighte ag a gcuid mianta coirp. Staid na ngrást a bhí sroichte aici seo, ach le linn dom í a chothú, faoi mar a rithfeadh sé léi gan cuimhneamh, a dúirt sí liom gur Éireannach ab ea an bhean ba chóngaraí di ar an stáitse. ‘Anglaise’, a bhí ráite aici, ‘ar do nós féin’, ach thuig sí gur Éireannach mé. Shín sí cárta poist d’eaglais an Madeleine chugam. Dubh is bán, crainn ón dá thaobh den tsráid, agus gan ach dhá fheithicil ar an mbóthar. Ceann de shraith chártaí poist na haimsire, chaith sé. D’fhéachas ar a chúl. Bhain an síniú i ndúch, nach raibh tréigthe ach ar éigean, geit asam: Nóra Buckley – Ellen Daunt agus cúpla líne as amhrán, ‘Et la blanche colombe, Qui chante jour et nuit’. Gan aon stampa ná marc stampáilte. Dhá líne agus síniú.
‘An cuimhin leat cá bhfuairis é seo?’
‘Níl aon chuimhne agam air. Tá sé i measc mo chuid stuif riamh. Tu peux la garder, mon petit frère je n’en aurai pas besoin. Je suis très fatiguée… Coimeád ar fad é, a fhir óig, níl aon ghnó agam de. Táim traochta amach….’
Chuireas chugam i dtaisce é. Pé dícheall a dheineas ar a scéal a fháil, bhí fuar agam. Bheadh a scéal féin chomh spéisiúil le scéal éinne, ach pé uair roimhe sin a dheineas iarracht ar í a bhogadh amach thagadh gléas sna súile aici, agus is í Miss Paris 1916 a shoilsítí. Chaitheas ligint di. Idir spúnóga iógairt, d’inis sí dom go dtugtaí La Colombe mar leasainm ar rinceoir na hÉireann.
‘Nóra, nach ea, a bhí mar ainm uirthi?’ a d’fhiafraíos.
‘Oui, c’est certain, Nóra… Et Hélène aussi.’
‘Comment Hélène, et Nóra?’
Ach níor thug sí aon toradh orm. Bhí an scéal níos casta ná mar a cheapas, dhá ainm agus dhá shloinne.
Agus b’in a raibh ann de. Cárta poist den Madeleine ó thús an fichiú haois. Bhí sé crochta anois agam ar an bhfalla san óstán, taobh leis an scáthán os cionn an bháisín. Mura raibh Nóra Buckley aimsithe agam fós i bPáras, bhí an cárta ar ais sa chathair. Bhíos áitithe ar a scéal a fhí le chéile, nó ar a laghad, a mhéid a luigh a scéal faoin gcraiceann agam féin a nochtadh.
Bhí bean de mo chine féin ann darbh ainm Nóra Buckley, ach is beag eolas a bhí le fáil ina taobh i measc na seanmhuintire agus chuadar siúd in éag gan aon cháipéis nó taifead a fhágaint ina ndiaidh. Loisceadh málaí litreacha a bhí ann tráth, a chuala, agus ba thrua nach bhfuaireas greim orthu sin a dúradh. Sea, a raibh d’fhianaise ann imithe ina deatach. Ní raibh de thuairisc ar an Nóra Buckley úd ach gur bhean rialta í, agus go raibh sí imithe gan tuairisc a measadh. Ní raibh an t-ord féin ar eolas ag an té a dúirt liom é, aintín chríonna nach raibh aici ach scéal scéil, ach d’éirigh liom clárúchán breithe Nóra Buckley áirithe in 1892 a aimsiú i dtaifead paróiste tuaithe na muintire, á thuairimiú gurbh í an bhean chéanna í. Ach arbh fhéidir, ar thalamh an domhain, gurbh í an bhean chéanna í? Is mó Nóra Buckley a bhí ann sna dúichí sin, agus an rabhas féin ag brú mo ghaoil shinseartha ar scéal i mbarr bata éigin? Bhí taithí mhaith agam ar ghaolta a cheil scéalta nár oir don insint ba mhaith leo féin a bheith ar an teaghlach, aon eachtra scannalach nó náireach a mhúchadh, agus nocht cuid de na scéalta ceilte sin níos mó i bhfad ná codanna den insint oifigiúil. Ach cad a bheadh le ceilt ag bean rialta? Conas a tharlódh sé go raibh sí ina rinceoir sna Folies Bergère agus ina bean rialta? Spreag a leithéid de smaoineamh mo chuid samhlaíochta. Thugas faoi insint ar an scéal a chruthú, bunaithe ar chur-igcás, mar a dhéanfadh scríbhneoir nach mbeadh mórán airde aige ar na fíricí. Cuir i gcás gurbh í an Nóra Buckley chéanna í, cén scéal a bheadh aici?
Fuinneog sa chúinne taobh leis an mbáisín, agus an sorn ón taobh eile de, a lig solas an lae isteach. Saisfhuinneog ab fhéidir a oscailt gan dua, agus a haghaidh siar ó thuaidh, thagadh an chuid is gile den solas isteach san iarnóin. Díonta tithe na comharsanachta amuigh, an clós thíos fúm, agus an Jardin du Luxembourg ina ndiaidh sin, ach gan é le feiscint. Bhí an leaba taobh thall in alcóv. Cófra beag bia tirim leis an bhfalla, cuisneoir taobh leis an sorn, agus bord is cathaoir le falla idir an báisín agus an doras. Bhí seanchathaoir uilleann agus boirdín lampa taobh leis an leaba. Cláracha nochta ar an urlár, iad dubh, agus ruga saor leata orthu. Níor threisigh an dath dorcha donn ar an bhfalla leis an ngile sa seomra, agus chaithfí an solas a lasadh luath ar maidin, nó déanach tráthnóna.
Bhí an seomra ciúin i mbabhtaí. Cé go raibh an doras i leataobh ón staighre, bhí gleo ag na cúlphacairí anuas na céimeanna agus iad ag imeacht leo amach ar maidin. Chuirtí an tigh faoi ghlas istoíche ag meán oíche, ach d’éalaíodh cuid acu isteach tríd an mbealach éalaithe ar chúl.
Dheineas iarracht ar bheith istigh an uair is ciúine a bhí an tigh, tar éis a deich ar maidin agus san iarnóin. Fuaireas ticéad léitheora i leabharlann Sainte-Geneviève ar an Place du Panthéon agus bhaininn amach é uaireanta dá mbeadh suaimhneas uaim. Bhí fuílleach caiféanna Internet timpeall, agus bhuailinn isteach iontu sin dá mbeadh aon ghnó agam ar an Idirlíon.
Bhí roinnt leabhar agam ar an urlár taobh leis an gcathaoir uilleann, agus chrochas cúpla clár a cheannaíos sa siopa crua-earraí, an quincaillerie taobh leis an óstán, chun an chuid eile acu a iompar. Thugainn sealanna ag cuimhneamh ar fhocail, ar nós quincaillerie féin, ar chuala cannaí stáin á gcnagadh go héadrom in aghaidh a chéile ann. Bhí ledger groí scríbhneoireachta, mo pheann tobair Waterman, agus ríomhaire glúine ar an mbord. Bhí mo chuid ceoil lódáilte ar an ríomhaire. Bhí drochnós agam traic amháin a roghnú agus an cnaipe athsheanma a bhrú chun éisteacht leis as a chéile. Chaithfinn, a dúrt ar m’fhocal féin, an nós sin a bhriseadh. Bhí seomra eile lastuas agus satailt le clos tríd an tsíleáil. Ba chuma i rith an lae é, ach uaireanta bhaineadh sé codladh na hoíche díom. D’fhuasclaíos an scéal lá, nuair a bhuaileas leis ag teacht anuas an staighre go moch ar maidin. Ag dul ag rith a bhí sé, Seapánach, ar sé, ag brostú tharam.
Matamaiticeoir sa Sorbonne a bhí ann. Níor thuigeas cén fáth a bhfanfadh matamaiticeoir ón Sorbonne in óstán dá leithéid, ach gach duine agus a anró féin aige mar a deirtear. Murakami a bhí air, agus ní fhaca riamh é ach go raibh bróga agus feisteas reatha air. Chonac ina dhiaidh sin é sa Jardin du Luxembourg agus cosán dearg déanta aige ar an timpeall. D’éirigh liom é a theanntú lá ar an staighre ag teacht isteach óna sciuird reatha. Gan allas féin leis, bhí sé chomh friseáilte le hubh circe amach as an bprompa sa tuí.
‘Cá mhéad timpeall a dheineann tú in aon chor thall?’ a d’fhiafraíos.
Leath straois air.
‘Braitheann sé ar an gcruachás Matamaitice a bhíonn i mo cheann. Uaireanta, dá chasta dá mbíonn sé, zónálaim amach ar fad, agus caillim an comhaireamh. Ach deich, ar a laghad, lá ar bith.’
‘Cá mhéad ciliméadar é sin, n’fheadar?’ arsa mé le hiontas.
‘Dhá chiliméadar sa timpeall, sin fiche. Slán.’
Phreab sé in airde staighre ina x caol ailgéabrach. Matamaiticeoir, cinnte, a bhí ann.
Bhí comharsa amháin agam ón taobh thall den alcóv, a leaba siúd sínte lena ais ba léir. Meiriceánach, ar an gcaismirt ardghlórach a dheineadh sé agus é ina chodladh. D’éirigh liom caint a chur air lá.
Don Zabriskie, – ‘agus e leis mar atá sa scannán’ – a dúirt sé a bhí air, as ‘north Phili’. Níor thuigeas féin an tagairt do ‘north Phili’ ach gur cathair Philadelphia a bhí ann. ‘William Driscoll’, arsa mise leis, a bhí orm féin.
Spéaclaí dubha air, é téagartha, íseal, gan bearradh le seachtain, T-léine, gruaig fhada dhubh fós, sna caogaidí déanacha a mheasas. Cheapas gur rockstar nár chuala trácht riamh air ab ea é, nó cara do chara do dhuine de roadies Bruce Springsteen, ach níor mhaith liom dul ródhian air. Bhí sé beagán leochaileach. Bhí sé chomh leochaileach sin, chun an fhírinne a rá, gur bhraitheas na plaoscanna ubh ar fud chéimeanna an staighre. Steallta cainte uaidh, é ag spídeáil.
‘Opiates, sin iad is measa duit, man,’ ar sé glan amach, gan mise ach á fhiafraí de ar thaitin Páras leis.
Cuireann sé gothaí an dornálaí air féin, ag bocsáil an aeir. Bíonn orm druidim uaidh, agus cúlaím beagán le heagla go leaindeálfadh ceann strae nó go bhfaighinn pleancadh idir an dá shúil. Aire do na huibheacha, a deirim liom féin.
‘Bíonn drochoíche agam ó am go chéile, lán de na soilse funny farm sícideileacha man, an full metal jacket, an whole show, téim an babhta ar fad leo go gcloisim an clog agus gan ina sheasamh ach mé féin…’
‘An clog aláraim?’ a fhiafraím, go hamaideach, ach ní haon mhaith é, níl sé ag tabhairt aird ar bith ar mo cheist, ná orm féin. Druidim síos céim eile fós uaidh.
‘…síneann siad mé, cá bhfuilim a deirim, agus seo mé ag croitheadh mo chinn, ag iarraidh…táim ar mo ghlúine, tá fuil le mo shrón, tá na opiates ag magadh fúm ó imeall an chró, gach ceann díobh faoina hata féin mar atá ar Popeye Doyle in The French Connection, iad all lined up and ready to go, agus an mullán bán leis féin, an sliabh bán beannaithe holy mountain holy shit oiread mála plúir de, táim ag caint ar mhála man ceann de na málaí full bags sin – chomh teann le tóin a bhfuil do cheann ag rá le do lámh breith uirthi ón gcúl agus í ag siúl romhat – a bhíonn acu ar chúl diner do na pancóga, mála na málaí man, agus sínim mo lámh ’dtí an chruach chun lán mo dhoirn de a sciobadh, táim fós ar mo ghlúine, ach tá an glove trom-mheáchain orm, heavyduty, heavweight, agus ní féidir an púdar naofa a sciobadh, ná bac lán do dhoirn ach oiread de a ghreamódh de bharr do lúidín féin, gan an glove a bhaint agus tá an iall agam anois idir na fiacla agus táim ag stracadh le m’fhiacla, gotta get this glove off man, nó táim right off this planet, it’s bye bye Zabriskie, is tíogar mé agus tá an zebra cleaimpeáilte agam, grrrrrrrr, tá blas na fola i mo bhéal anois ó mo shrón agus i mo bhéal tíogair ón zebra agus I want more man, I gotta have my doggy yum-yums agus tagann séideán gaoithe as áit éigin, nó ligeann an slua liú – b’fhéidir gur uathu siúd é – agus iad ag rá don’t do that…c’mon Zabriskie get up offa your knees agus chím na focail féin ag éirí san aer mar atá ag Doonesbury ina strip, c’mon Zabriskie get up offa your knees nó beidh an babhta thart, agus scuabtar an mullán bán chun siúil, séideann sé san aer agus tá sé ina scamall bán ag imeacht os a gcionn, cropduster ag sceitheadh scamaill anuas, agus scaoilim mo ghreim ar cheathrú an zebra, agus éirím i mo sheasamh agus fuil ag sileadh liom, agus dírím mo dhá lámh san aer ag iarraidh breith ar an scamall bán, agus ardaíonn an slua liú eile, agus an scamall bán ag tuirlingt ar a gceannaithe siúd, agus NO WAY don’t blow away the holy mountain ag teacht as mo bhéal féin, ach ceapann an slua go bhfuilim ag ligean gártha an bhua, I nailed the sonofabitch nó I nailed the motherfucker good and dead to the canvas agus ní chloiseann éinne beo mé ach mé féin os cionn an tslua agus all the way Zabriskie all day a day at a time á rá ar chúis éigin acu siúd….
Chuimhneoinn orm féin arís sula bhfiafróinn de Zabriskie conas a thaitin Páras leis.
Dream suaite ab ea roinnt de thionóntaithe buana an óstáin.
Bhí na nuachtáin fós lán de scéalta san fhómhar i dtaobh líon na seanóirí a fuair bás sna míonna roimhe sin i meirfean marfach an tsamhraidh. Gach aon uair a d’fhéachainn ar nuachtán bhíodh líon na marbh ardaithe, na mílte eile díobh, ag róstadh sna seomraí stáin gan aerchóireáil agus Páras ar saoire. Gan dóthain adhlacóirí fós ann i Meán Fómhair chun iad a adhlacadh, bhí na coirp á gcoinneáil fuaraithe acu i marbhlanna na arrondissements.
Bhíodar sin féin lán agus caitheadh oighreadáin ar leith a oscailt do na corpáin chun nach lobhfaidís sula ndéanfaí iad a adhlacadh nó a chréamadh. Bhí na céadta seanduine fágtha gan éileamh orthu ag a ndaoine muinteartha, corpáin gan adhlacadh i bplá na fuarchúise.
Dá aite iad cuid de mo chomharsana féin, a chuimhníos, Murakami agus Zabriskie ar aon nós, ar a laghad ní rabhadar fuarchúiseach.
B’fhéidir gach aon ní a mhaitheamh, foréigean as fuil the féin, ach amháin an fhuarchúis.