BANRÍON AN TOBAIR


Riamh ó bhí sí an-óg, ón uair a bhíodh an Boogey Man chomh beo sa ló agus a bhíodh istoíche, d’insíodh sí a rúin ar fad do Bhanríon an Tobair. Bhí fios gach feasa ag an mBanríon ina taobh. I nGort na Luachra, tamall síos as radharc an tí agus trasna an bhóithrín a bhí tobar an tí. Ní thriomaíodh sé riamh, mar chinntigh an Bhanríon go raibh fíoruisce le hól ag na daoine, agus mura mbeadh uisce acu gheobhaidís bás. Dúirt a máthair gur sa luachair a aimsíodh í. Dhein sí féin amach gurbh as an tobar a tháinig sí, as ríocht na Banríona agus gur fhág duine de mhná freastail na Banríona sa luachair í. Bhraith sí gur leo siúd a bhain sí. Trí thimpiste a d’aimsigh a muintir féin í, nuair a chuala a hathair ag gol í. Bhí sé imithe ag triall ar bheart úr luachra agus é ag baint leis ar a shuaimhneas. Ba bheag nár bhain an lann an ceann di ach lig sí liú in am.

Bhí sí ag gol le huaigneas toisc gur thréig sí Ríocht an Tobair.

Ní fhéadfadh éinne ach Banríon a bheith i gceannas ar an tobar. Chuaigh an tobar síos isteach sa láib ag an mbun, i bhfad i bhfad síos faoin láib, agus thagadh saoir na banríona chun na clocha a shocrú nuair a thitidís isteach ón taobh. Chuaigh an tobar síos chomh domhain sin sa talamh, gur shín sé faoi gach rud sa dúiche, faoin gcnoc agus an Sean-Chaisleán, faoin loch agus an abhainn, faoin Tigh Mór agus an domhan.

Níorbh í Banríon an Tobair an Bhanríon Victoria a bhí crochta ar an bhfalla ar scoil, ach bhí aithne mhaith acu ar a chéile agus cairde ab ea iad. Chabhraíodh Banríon an Tobair leis an mBanríon Victoria uaireanta nuair a bhíodh earra éigin gann, im nó capaill. Ach bhíodh sí féin róghnóthach i mbun a Ríochta de ghnáth chun plé le him nó le capaill. Bhí searbhóntaí aici chun im a dhéanamh agus é a thabhairt ar an margadh i bhfeircíní, agus maoir do na capaill ar chuma a hathar. B’aoibhinn leis an mBanríon rince agus damhsa. Bhí a fhios aici féin é seo ó bheith ag faire ar na cuileanna agus na péileacáin ag rince ar barr uisce sa tobar agus ag pléireacht ar na driseacha, agus ar na cuilithíní a leathadh as lár an tobair dá dtitfeadh an mhionchloch ba lú isteach. Agus fiú nuair a bhíodh an talamh róbhog ina pluda timpeall ar an tobar chun rince a dhéanamh, dheineadh Nóra rince ina ceann agus í ag líonadh an bhuicéid le tionlacan rithime dá cuid féin agus rannta aici….

Rince rince

Líon an buicéad

Lámh a shíneadh

Ná scaoil braon

Braoinín braoinín

Cár imigh tú uaim

Ag rince sa tobairín

Lobairín-luaim

Rince rince

An lá go léir

Lámha sínte

Sciatháin sa spéir

Braoinín braoinín

Cár imigh tú uaim

Ag rince sa tobairín

Lobairín-luaim.

Chuaigh a mamó go dtí an tobar léi an chéad uair agus thaispeáin sí di conas an chomhla adhmaid a oscailt, agus an cupán ar shlabhra fada a bhí crochta ar chrúca a shíneadh isteach. Bhí glór sa tobar, mar a bhí i séipéal folamh. Dúirt Mamó léi gan síneadh rófhada isteach, nó go mbáfaí í. Thaispeáin sí di conas breith ar an gcupán, cén áit ba chóir an buicéad a leagadh chun é a líonadh gan titim isteach, agus nuair a bheadh an t-uisce faoi bhun leibhéil, filleadh ar an dtigh agus iarraidh ar dhuine eile dul ann.

‘An dtugann tú d’fhocal dom anois go ndéanfair mar atá ráite agam leat?’

‘Tugaim.’

Nuair a thug cailín a focal do Mhamó, ní raibh dul siar go deo air.

Ba í a mamó a d’inis di gur leis an mBanríon ab ea an tobar.

Dúirt cara di tar éis na scoile agus í ag dul ina teannta go dtí an tobar, go slogfadh an phiast a chónaigh i mbun an tobair í.

‘Ach an alpfaidh sé ar fad mé?’

‘Ní dhéanfaidh mura síneann tú isteach rófhada.’

‘Ach an mbeidh sé ag féachaint orm?’

‘Ní bheidh ná ag féachaint. Beidh sé ina chnap codlata. Ach má thiteann tú isteach, Dia idir sinn agus an anachain, dúiseoidh tú é. Ansin agus é ag méanfach, agus a ghiall leata aige deich n-oiread…béal do dhaideo nuair a bhíonn codladh air… raghaidh tú ceann ar aghaidh isteach ina chlab agus ansin síos trína scrogall mór fada, caol díreach ina bholg agus beidh tú mar bhéile aige. Nach é a bheadh sásta cailín óg blasta milis a fháil le hithe agus é díreach dúisithe as a chodladh agus é ag cuimhneamh an neomat sin díreach go raibh ocras air.’

‘Agus cé a dúirt é sin leatsa?’

‘Mo mhamó féin.’

‘Ach dúirt mo mhamó féin gur leis an mBanríon is ea an tobar.’

‘Agus nach Protestant do mhamó-sa?’

‘Téann sí ar Aifreann ar nós gach éinne sa tigh.’

‘Sea, ach dúirt mo mhamó liomsa gur Protestant is ea í ina croí istigh.’

‘Níl a fhios ag do mhamó cad atá ina croí. Ach tá’s agamsa. Tá’s agamsa.’

An phiast a thug uirthi cuimhneamh ar Bhanríon an Tobair. Bhí sí laethanta agus oícheanta agus laethanta agus oícheanta ag cuimhneamh go dian air, agus réitigh sí an scéal di féin ar deireadh… Bhí piast mhór i Ríocht tráth agus bhí scrios á dhéanamh aige. Bhí naíonáin á scuabadh chun siúil, leanaí óga ag imeacht gan tuairisc nuair a théidís amach ag déanamh folach fiaigh sna goirt, daoine óga á mbá sa loch nuair a théidís ag iascach, agus bhí eagla ar na daoine fásta go léir leanaí a scaoileadh amach as an tigh. Ní raibh éinne ag dul ar scoil, agus bhí an Máistir Mór ar buile. Chuaigh sé go dtí an sagart agus an ministir chun an scéal a insint dóibh. Dúradar sin leis nach raibh daoine ag freastal ar na séipéil ach an oiread. Chuaigh an sagart agus an ministir agus an máistir go dtí an Tigh Mór, agus d’insíodar an scéal don Tiarna Talún. Bhí sé siúd míshásta toisc nach raibh na daoine óga ag teacht ag obair dó agus go raibh an barr gan baint ná cíos gan díol. Chuaigh sé siúd leis féin go dtí an Tiarna Mór Talún agus shocraigh sé siúd go raghadh sé go Londain chun an scéal a insint don Bhanríon. Bhí aithne ag an mBanríon Victoria ar Bhanríon an Tobair agus chuir sí Sir Edward ag triall uirthi ar a chapall bán. Fear ard, fionn, dathúil, láidir ab ea é, súile gorma aige agus locaí chomh déanta le cocaí ag síneadh lena ghiall. Bhí claíomh agus gunna aige, agus dúirt sé le Banríon an Tobair go maródh sé an phiast di agus go mbeadh suaimhneas ag na daoine.

‘Tá go maith, Sir Edward. Agus má thugann tú cloigeann na péiste chugam ar spíce, gheobhaidh tú mo lámh féin i ngeallúint phósta.’

‘Tá go maith, a Bhanríon,’ arsa Sir Edward. ‘Is é do thoilse mo thoil féin.’

Shocraigh Sir Edward dul isteach san fhoraois mhór ar imeall an locha agus thug sé leis a lucht cúnta sna vaigíní. Bhí slua mór díobh ann, agus ualach ar a cheann nó ar a dhrom ag gach duine den lucht cúnta. D’fhág an Bhanríon slán leo agus níor chualadar aon scéal go ceann i bhfad ná aon tuairisc orthu.

Cheap gach éinne go rabhadar caillte.

‘Ó, tá súil agam nach báite atá Sir Edward, ná slogtha ag an bpiast allta,’ a dúirt an Bhanríon. Ach níor dhein sí aon ghol, mar bhí a fhios aici ina croí go dtiocfadh Sir Edward slán.

Ba é Sir Edward an ridire ab fhearr ar fad chun a shlí a dhéanamh san fhoraois. Bhí cáil ar fud an domhain air mar gheall ar a chuid éachtaí san Afraic agus san India.

Tar éis tamaill fhada, seachtain nó bliain, tháinig Sir Edward ar ais, agus istigh i gcás mór adhmaid a bhí cloigeann na péiste agus barra fada iarainn tríd ón scrogall aníos. Crochadh an cloigeann gránna in airde ar spíce os cionn an tslua agus tógadh na gártha. Go deo arís ní bheadh an phiast ag cur sceimhle ar na daoine.

Bhí an Bhanríon an-sásta, agus chruinnigh na daoine thart ar an gCaisleán chun bainis Sir Edward agus Banríon an Tobair a cheiliúradh. Bhí fleá agus féasta acu ar feadh trí lá agus trí oíche, ach d’imigh Sir Edward arís tar éis tamaill go dtí an taobh eile den domhan agus bhí an Bhanríon anuaigneach ina dhiaidh nuair nár tháinig sé ar ais.

‘Is é mo bhás é mura ndeinim rince,’ ar sí, ‘chun m’uaigneas i ndiaidh Sir Edward a ruaigeadh.’

Agus aon uair ina dhiaidh sin a dtosnaíodh méireanna an uaignis ag breith ar ghúna uirthi, d’ardaíodh sí féin a sciortaí ón urlár ina Pálás agus dheineadh sí rince. Bhí mná freastail aici a chabhraíodh léi a cuid éadaí a chur uirthi ar maidin agus iad a bhaint tráthnóna, nó dá mbeadh sraoth uirthi thugaidís naipcín póca síoda di, nó dá dteastódh púdar uaithi dá pluca chuiridís púdar uirthi. Agus bhí na mná freastail go léir in ann rince a dhéanamh.

Bhíodh rince aerach acu, agus rince scéil, agus rince uasal, agus nuair a thagadh na fir isteach sa halla mór bhíodh Bál acu agus rince saighdiúirí.

Ba é an t-aon rince amháin nach raibh acu ná rince na sí, mar bhíodh sé sin ar siúl ag lucht na sí agus ní raibh aon eolas ag an mBanríon ar lucht na sí.

Bhain an sí le saol a muintire féin agus iad cruinnithe thart ar an tinteán i mbun seanchais. Chónaigh an sí sna cnocáin agus sna móinteáin in aice leis an loch, agus in oileán beag san abhainn. Ceoltóirí ab ea iad, agus rinceoirí. Rince solais a dheinidís agus rince gaoithe. Bhíodar in ann eitilt tríd an aer gan sciatháin, nó lonnú i ndaoine fiú, nó naíonáin a thabhairt leo chun siúil. D’fhéadfaidís bheith cantalach, crosta agus damanta dá ndéanfaí trasnáil orthu, agus mhillfidís ainmhithe, bainne agus im. Bhíodh na huaisle sa Tigh Mór ag magadh faoin sí, agus an sagart ag fógairt ón altóir ar Hanna Harte, an bhean is mó sa pharóiste a ghéill sa sí. Uaireanta, ag gabháil thar sheantigh Hanna, ní thógadh cailíní óga aon anáil agus rithidís thar an mbothán ar cosa in airde.

Ach cheap sí féin go raibh pabhar ag an sí chun breith ar an solas agus é a análú agus chun an ghaoth a cheansú. Díbríodh iad i bhfad ó shin go dtí an saol dorcha toisc go raibh saol an domhain mhóir suaite acu. Ach bhí an pabhar acu i gcónaí i saol na ndaoine sa rince agus sa cheol.

Dhéanfadh sí féin rince na sí do Bhanríon an Tobair.

Uair éigin.