BRÓGA RINCE
In aois a dá bhliain déag in 1910 chuaigh Nóra Buckley go dtí an baile mór lá an aonaigh san fhómhar chun bróga a fháil. Bhí sí i dteannta a hathar agus deartháir léi.
Bhí barr cruithneachta agus coirce an fheirmeora Edward Cousins bainte agus buailte ag Jack Buckley agus meitheal le cúnamh ó dheartháireacha Nóra, agus paca breise plúir chruithneachta faighte acu mar luach saothair. Fómhar na flúirse a bhí déanta aige agus praghas táirgí feirme ardaithe mar gheall ar chogaí i gcéin san India agus san Afraic. Níorbh fhéidir dóthain capall a choimeád le hArm na Breataine, agus bhí a raibh de bhromaigh trí bliana sa dúiche thart ar Bhéal Átha na Carraige agus i gceantar Dhún Mánmhaí scuabtha ag ceannaitheoirí an Airm ar aonach na gcapall ar an mBaile Buí i mí Lúnasa. Asal agus cairt a bhí ag Jack Buckley ag triall ar an aonach agus dhá mhuc i gcis sa chúl.
Ba í Nóra an ceathrú cailín sa tigh, agus é de theist uirthi gur rinc sí amach as an mbroinn. Mar gheall ar na cosa a theacht chun tosaigh é sin; theip ar an mbean chabhartha a ceann a ghabháil i mbéal na broinne agus ba é dícheall na máthar agus na mná cabhartha araon é í a thabhairt ar an saol. Bean mhór théagartha shlinneánach ab ea a máthair, Molly Donovan, agus cé go saolófaí seacht nduine dhéag clainne di in imeacht na haimsire, mhaíodh sí gurbh í Nóra ba mhó a strac an scairt aisti.
Ní raibh airgead na mbróg féin ag muintir Buckley don chlann ar fad, gan bróga rince a bhac, ach iad ag imeacht cosnocht mar a dhein a n-aicme ó gheal an samhradh. Satharn áirithe agus buille déanach an fhómhair tugtha bhailigh muintir an bhaile fearainn isteach in iothlainn Cousins don oíche scléipe. Bhí oíche dá gcuid féin ag muintir an tí thíos sa tigh feirme. Feircíní pórtair, tobac agus roinnt biotáille ag an meitheal, parlaimint bhuí ón tábhairne agus buidéal geal ón móinteán. I ndeireadh na hoíche, dhruid roinnt de mhuintir an tí mhóir i leith chun na hiothlainne le fiosracht. Triúr mac agus triúr cailíní a bhí i gclann Cousins, an duine ba shine de na cailíní Tilly, fiche bliain, agus í nuaphósta le hoifigeach Airm. Bhí sí ag seoladh amach chun a bheith ina theannta san India faoi cheann cúpla seachtain.
Sheas muintir an tí ag geata na hiothlainne ag faire ar an scléip istigh. Feirmeoirí móra gan aon luí acu le galántacht, ina gcuid éadaigh ná ina nósanna, agus níorbh iad a gcultacha fear ná a ngúnaí ban nár lig dóibh dul thar geata na hiothlainne isteach. Caidreamh na mionuaisle a bhí acu lena searbhóntaí na Buckleys. Anglacánaigh, bhraitheadar féin chomh fréamhaithe leis na Buckleys sa cheantar agus cé go raibh bundílseacht acu do chóras polaitiúil na hImpireachta agus don teaghlach ríoga, bhí dílseacht eile acu in éineacht leis sin dá rannpháirtíocht lena searbhóntaí agus lena bpobal féin i saothrú na talún. Feirmeoirí cnuaisciúnta agus dúshaothraithe ab ea iad ar an dá chéad ochtó acra a bhí ina seilbh ó aimsir Chromail. Talamh leibhéalta is mó, an chuid thoir de ag síneadh le ciumhais an locha, an talamh sa lár ab fhairsinge agus ba thirime, agus an chuid thiar de ab airde ag síneadh ar an teorainn ina móinteán. Murar chaitheadar go fial leis na Caitlicigh, bhíodar díreach i mbun gnó, agus ba é an teist a bhí ag na searbhóntaí orthu go mbeadh buicéad fola le fáil nuair a mharaídís muc, nó go mbeadh braillín lín le fáil ar iasacht aimsir thórraimh.
Aneas ón gcósta a tháinig Molly Donovan isteach sa dúiche. De chine ‘Donovan Islands’, bhí sí ina searbhónta ar a dintiúr, is é sin faoi oiliúint gan pá, ag muintir Lambe i gCill Cholmáin ó bhí sí trí bliana déag d’aois. Bheith istigh aici, cóiríocht, agus na scileanna tís á múineadh di a ligfeadh di imeacht ar cois mar ba mhaith léi ach an dintiúr searbhónta a fháil, chomh maith le litreacha cáilíochta pearsanta. D’fhéadfadh sí dul go Meiriceá féin, mar a dhein deirfiúracha di, nó go Sasana.
Bhí de theist ar na tithe móra Protastúnacha gurbh iad ab fhearr agus ba chothroime ag plé le searbhóntaí ná cuid de na feirmeoirí Caitliceacha. Bhí focal acu, agus chloífidís leis. Bhí dílseacht logánta acu do theaghlaigh Chaitliceacha áirithe a raibh teist agus cleachtadh acu orthu, ach d’fhostaídís Protastúnaigh sna poist shinsearacha, maor, stíobhard, bean tí, á dtabhairt isteach ó cheantair Phrotastúnacha eile i bhfad ó bhaile mura mbeidís le fáil go háitiúil. Ba ghá caighdeán ard, an caighdeán tís agus glanachair a mbeadh súil leis, a choimeád i riar na dtithe agus ní raibh an caighdeán sin ar fáil i measc na gCaitliceach. Agus d’íocadh na Protastúnaigh a bpá leis na searbhóntaí, in am, gan pingin gann ar an tsuim aontaithe.
Bhí a scéalta féin ag searbhóntaí agus sclábhaithe feirme na gCaitliceach, go dtéadh cuid acu a chodladh sna tithe feirme ag gol le hocras agus go n-éirídís chun ba a chrú leis an adhmhaidin ag cogaint cipíní adhmaid chun poll an ocrais sa ghoile a mhaolú. Ní fhaighidís bia te go dtí go mbíodh na ba crúite, curtha ar ais arís ar féarach, agus na meadair bhreise sciomartha le huisce beirthe don tráthnóna. Ba mhó an meas a bhí ar dhintiúr ó thigh Protastúnach i measc na bProtastúnach agus mórán Caitliceach féin, ná ar dhintiúr ó thigh Caitliceach, ar fheabhas na hoiliúna agus ar an tabhairt suas a gheobhadh cailín ann. Ach d’fhéachfadh sagart paróiste, nó clochar chuige gur dintiúr Caitliceach a bheadh ag cailín oilte agus í á fostú mar bhean tí nó cúntóir cistine.
Bean óg naoi mbliana déag ab ea Molly nuair a tháinig Jack Buckley ag baint an fhómhair. Spealadóir, sna fichidí déanacha agus trí bliana déag ag Molly air, é éirithe as na Bengal Lancers, agus pinsean beag airm aige. Saighdiúir singil, taingléir ag féachaint i ndiaidh na gcapall a bhí ann sna Lancers, agus é ar fiannas san Afganastáin agus san India. Bhí post sclábhaí feirme faighte aige ó Edward Cousins a raibh mac dó ina oifigeach sna Lancers, agus sheoladh na feirmeoirí Protastúnacha a meithleacha buainte féin chun a chéile aimsir an fhómhair. Thug Jack agus Molly gean dá chéile, eisean ina oibrí dícheallach, scoth na spealadóirí, agus ise scafánta, cneasdonn, dathúil. Anglacánach ab ea máthair Jack Buckley, Ellen Daunt, a d’iompaigh ina Caitliceach nuair a phós sí.
Shocraigh sé féin agus Molly síos ar roinnt acraí i mBéal Átha na Carraige in 1885. Ise ag leanúint mar shearbhónta ar a dintiúr ar feadh cúpla bliain ag muintir Cousins, agus é féin ina sclábhaí feirme acu.
Bhí cláracha sínte ón ngeata isteach i gcroí na hiothlainne agus doras sciobóil leagtha ar an talamh ina stáitse rince. An oíche bhreá spéirghealaí a lig dóibh bheith amuigh. Bhí slua bailithe ag féachaint ar Nóra Buckley. Peaits Callaghan, píobaire, a bhí ag coimeád an cheoil léi agus é suite le hais tine chraobhacha aitinn agus mhóna, agus pé spréach a bhí i meon agus i ngéaga Nóra, chuir sí caor thine ar lasadh i ndaoine. Í lom, teann, cnámhach, ard agus folt flúirseach dubh uirthi, bhí súile ar dhath donn aici, í donn ina cneas agus mianach Spáinneach inti a deireadh a muintir ó thaobh na máthar. Bean ab ea í agus gan ach na deich mbliana aici, a banúlacht neadaithe cheana idir na cromáin agus as sin sna gluaiseachtaí trína colainn iomlán. B’aoibhinn bheith ag féachaint uirthi ag siúl i móinéar. Bhí an móinéar bog, mín faoi bhoinn na gcos, agus deireadh sí go dtagadh an rince sna géaga ó bheith ag féachaint ar na bláthanna. Chomhairlíodh a máthair di gan a bheith ró-éaganta nó go gcuirfeadh an boladh ón bhfearbán feoir le báiní í. Ach deireadh a máthair chríonna Ellen léi gan a bheith ag tabhairt aird ar bith ar phisreoga baotha.
Deireadh Peaits Callaghan gurbh í Nóra féin a chuireadh an phíob ag seimint le flosc ceoil a cnámh. Bhí ribíní ildaite fite ina gruaig ag deirfiúr di agus nuair a chroitheadh sí a folt i mbun rince phléascadh tine ghealáin san aer. Slipjig an ‘Stáca’ a dhein sí ar an sean-nós go raibh a nós féin déanta ar fad aici de, géag na lámh á bhfuascailt ag an gceol agus ag na coiscéimeanna, baill a coirp gafa sa cheol agus sa rince. Nuair a bhí a cuid déanta aici, thug sí Tilly faoi deara ar chúl agus í ag cur fios i leith uirthi. Ghabh an ealaín rince inti lastuas d’aon támáilteacht. Chuaigh sí go dtí an geata chuici agus cheistigh Tilly í i dtaobh a cuid rince. An raibh sé foghlamtha aici ó Master Kiely? Arbh fhearr léi rince cosnocht ná bróga a chaitheamh? Dúirt Nóra go gcaithfeadh sí bróga rince le fonn dá mbeidís aici agus bhain sí gáire as Tilly agus a compánaigh. Thaispeáin Jack Buckley bonn óir a bhí buaite ag Nóra ag feis áitiúil do Tilly, é á ardú amach as póca a chasóige go mórtasach. Ba í Tilly riamh an té ba ghnaíúla de mhuintir Cousins, agus bhronn sí coróin ar Nóra mar shíntiús chun bróga rince a cheannach á rá léi go mbeadh sí mar chuimhne bhuan aici agus í ag imeacht chun na hIndia.
Bhí ríméad ar an gcailín óg.
Go hannamh ar fad a théadh Nóra ar an mbaile mór, agus bhí sé fós ina adhmhaidin nuair a bhaineadar cearnóg Dhún Mánmhaí amach. Níor lig na sceitimíní di ach srac-chodladh a dhéanamh agus bhíodar éirithe amach ar a cúig chun dul ar an aonach.
Bhí dhá bheart tugtha léi aici, ciseán ina raibh dosaen ubh lachan agus dosaen ubh cearc, a bhí tugtha ag a Mamó Neilí di, agus stiall bagúin agus arán sóid dá haintín ar an mbaile.
Bhí treoracha soiléire tugtha ag a mamó do Nóra i dtaobh na n-ubh, iad a thabhairt go dtí Kingston’s ar an bpríomhshráid. Dúirt sí léi go gcuirfeadh Mr Kingston airgead na n-ubh síos i leabhar na gcuntas faoina hainm féin, Ellen Daunt mar a tugadh riamh uirthi, agus thug sí nóta di le tabhairt do Mr Kingston á mhíniú dó scilling as airgead na n-ubh a thabhairt di féin, agus an scilling sin a chur ina coinne féin i leabhar na gcuntas. Bhí a mamó cnuaisciúnta timpeall ar airgead, agus dhein sí nóta di féin de ghnó na n-ubh i leabhar na gcuntas a choimeád sí féin sa bhaile. Bhí cuntas na n-ubh ag dul siar na blianta aici, agus mhíníodh sí do na cailíní conas a cuid nótaí cuntais a léamh, agus praghas na n-ubh, lúide caiteachas ar mhin, a áireamh, chomh maith le hathruithe ar phraghas na n-ubh a léamh ina bpatrúin ó shéasúr go séasúr.
Bhí an deartháir ba shine, Jim, in éineacht léi, agus é siúd le dul go Meiriceá i gceann míosa. Bhí an chuid is mó den airgead ar mhuc amháin, muc Mheiriceá mar a thug Jim uirthi, le caitheamh ar chulaith éadaigh agus ar phéire bróg dó siúd. Bhí fiacha min na muc agus earraí feirme le glanadh Tigh Atkinson, agus fiacha plúir agus earraí eile i siopaí eile, mar ba é lá an aonaigh lá reicneála na siopadóirí. Bhíodar ag súil go nglanfadh airgead an dara muc na fiacha sin agus go mbeadh breis ann le cur le hairgead na mbróg. Bheadh airgead le caitheamh ar bhiotáille, leis, an braon crua a raibh blas ag Jack Buckley air. Ní ligeadh na fir aon rún leis na mná sa tigh timpeall ar a gcaiteachas féin, ach bheireadh máthair Nóra ar phinsean airm Jack Buckley nuair a thagadh an t-ordú airgid tríd an bpost gach mí.
D’imigh Jim chun tuairisc a chulaith éadaigh a chur i dtigh Tailor Crowley. Bhí cairteacha agus daoine ar cois ag sroichint an aonaigh ón gceantar máguaird agus gleo ainmhithe agus rothaí, agus glaonna daoine ag díol agus ag fógairt ag gabháil trína chéile. Boladh na n-ainmhithe cheana féin go láidir ar an aer agus scudar ar an mbóthar agus ar na cosáin. An mhaidin bog, tirim, bhí siopaí agus tithe tábhairne ar oscailt agus daoine isteach is amach astu go fuadrach. Mná faoi chlócaí leis, agus ciseáin uibheacha cearc agus lachan acu, ach bhí Mr Kingston ag ceannach riamh ó Ellen Daunt, agus a socrú féin acu.
Lucht an tsléibhe le luibheanna triomaithe, roinnt gabhar acu nach raibh aon mheas orthu, agus iad ag súil le pinginí éigin chun an geimhreadh a chur isteach go lom ar Chúil Cheiliúir. Roinnt bheag beithíoch ar díol, ach muca, banbhaí agus cránacha is mó. Collach nó trí ar an aonach agus iad ceangailte leo féin as fáinne casta ar an soc. Bhí stallaí feistithe sa tsráid ag díol éadaigh agus mangaisíní, agus fiú Wheel of Fortune crochta ar leataobh sráide ar an taobh theas den droichead. Bhí triail nirt i mball eile den chearnóg, Ring the Bell, buille a tharraingt le tuairgín ar chnap iarainn a bhainfeadh cloigín amach in airde ar mheaisín. Slua ógánach bailithe timpeall air cheana féin agus iad ag cnagadh leo. Bhí triúr saighdiúirí le chéile ag gríosadh na n-ógánach agus ag fiodmhagadh san am céanna, agus iad fós sa diallait ar a gcapaill. Léim duine díobh anuas tar éis tamaillín. Bhain sé de a chasóg. Bhrúigh na hógánaigh i leataobh agus bhain flíp as an tuairgín. Bhí cuma an ghabha ar an mbalcaire saighdiúra, coca mór fuiscears crochta ón smig aige, agus bhainfeadh sé clingeanna as an gcloigín go maidin. Chling an clog in airde, lig a chompánaigh liú magúil. Bhain sé flíp eile as, agus chling arís. Liú eile. Flíp eile, cling eile. Chuadar ag áiteamh ar an ógánach a bhí i mbun Ring the Bell. Bhí bábóga agus mangaisíní boga eile mar dhuaiseanna agus leisce ar an ógánach scarúint leo. Ní raibh an táille íoctha ag an saighdiúir roimh ré. Bhíodar ag éirí teasaí, agus na saighdiúirí ag eascainí ar mo dhuine. Bhí slua ag bailiú. Tuin Shasanach ag na saighdiúirí, as buíon eachra i nDroichead na Bandan agus iad tagtha chun soláthairtí a cheannach ar an aonach. B’fhiú airgead mór a ngnó ar aonach nó ar bhaile. Tháinig constábla an treo, fathach fir agus cába air. An Sáirsint MacDonald, bhí údarás ina phearsa agus ina iompar ag gabháil na sráide. Ó Chontae Mhaigh Eo, ‘The Fowler’ a thugtaí air mar gheall ar a fheabhas a bhí sé ag aimsiú na gcearc fraoigh sa séasúr. Théadh sé féin agus an sagart paróiste ar an mbaile ag iascach bradán in Abhainn na Bandan, agus bhí ardmheas air ón altóir agus ón tairseach, mura raibh i gcónaí sna tithe tábhairne agus ar an móinteán ag na stiléirí. Ard-amhránaí ab ea é, agus amhráin den scoth óna chontae dúchais aige tar éis dinnéar lae iascaigh i bparlús an tsagairt.
Chuir sé i gcuimhne do na saighdiúirí go rabhadar ar thalamh na hÉireann, gurbh eisean a leag an dlí síos sa tsráid, ba chuma cén dlí a bhí sa bheairic acu féin, agus dhein sé socrú réasúnta idir ógánach Ring the Bell agus iad féin gan aon mhoill. Saighdiúir teasaí amháin, a bhí ag cur na gcos uaidh, chúb sé chuige láithreach nuair a shín an Sáirsint MacDonald a lámh go dtí a chliabh chun an cnaipe a oscailt agus a leabhar nótaí a thógaint. Chuir sé scaipeadh ar an slua, agus d’imigh na saighdiúirí i mbun a ngnó.
Bhí sé ráite ag a hathair le Nóra nach bhféadfadh sé faic a gheallúint di go dtí go mbeadh na muca díolta agus na fiacha glanta. Bhí coróin Tilly i dtaisce aige di gan baint leis, agus bhí a fhios aige ó Nóra go raibh scilling le fáil aici óna máthair féin ar na huibheacha. Tháinig Jim ar ais ón táilliúir, ríméad air, agus chuaigh sé i mbun na muc lena athair. Cheangail sé an t-asal de chuaille agus scaoileadar na muca anuas. Bhí aire na fola tugtha ag Jim dá mhuc mhéith féin agus coirce ardaithe leis aige ó na capaill i stáblaí Cousins chun í a bheathú.
Thugadar sracfhéachaint timpeall ar an aonach agus tháinig iarracht de lagmhisneach ar Jack nuair a d’áirigh sé go raibh suas le cúig chéad muc ann. Bhí tuairim is ocht gcloch déag i muc Mheiriceá, a mheas sé lena shúile, dhá phunt le cois an dá chéad meáchan, agus níor mhór dó £7 a ghlanadh chun fiacha Jim a íoc agus £6 a fháil ar an dara muc nach raibh chomh beathaithe, chun na fiacha eile a ghlanadh agus a thuilleadh mine agus earraí eile tí a fháil ar cairde.
Bhí bia fáiscthe in éadach agus canna bainne tugtha leo acu agus a d’itheadar a gcuid sa tsráid. Bhí aintín, deirfiúr an athar, ar an mbaile, agus dúirt a hathair le Nóra a tuairisc a chur ar an taobh eile de dhroichead fad a bheadh sé féin agus Jim i mbun an aonaigh. Bhí boladh mealltach an óil ar an aer ó na tithe tábhairne agus fonn cheana féin ar Jack Buckley taoscán a chaitheamh siar, chun an faobhar a bhaint den aonach, a dúirt sé.
Bhailigh Nóra léi síos an tsráid. Thug sí léi ciseán na n-ubh agus an beart eile fáiscthe i gcnáib. Bhí siopa Kingston’s ar an tslí síos, ar an gcúinne, agus chuaigh sí isteach ann. Cailín tuaithe ab ea i gcónaí í ina coisíocht sa tsráid agus chloiseadh sí na deartháireacha ag trácht ar bhruíonta le garsúin an bhaile mhóir nuair a ghlaoidís ‘Carraigs’ orthu le drochmheas.
Ach chuir Mr Kingston fáilte chroíúil roimpi nuair a chuir sí í féin in iúl dó. Ní raibh náire dá laghad ar Nóra, ach an oiread, agus mianach éigin de mhuinín nádúrtha a mamó tugtha léi aici. Bhí sí ard dá haois, na géaga tar éis fás borb a dhéanamh i gcaitheamh an tsamhraidh, agus í chomh hard le gualainn an tsiopadóra nuair a chrom sé chun an ciseán a thógaint uaithi. Bhain sí an nóta amach as an gciseán agus thug dó é. Fear ar meánairde, faoi chóta donn siopadóra, carbhat agus léine ghlan air, gruaig liath agus muisteais, bhí sé pioctha taobh thiar den chuntar. Bhí an siopa glan sciomartha agus togha an bhia istigh i soithí, i mbairillí, agus i gcásanna gloine. Siopa Protastúnach, agus a rian rangaithe air ó urlár go síleáil. Bhí roinnt ban deaghléasta istigh agus chuir Mr Kingston cúntóir ina bhfeighil, fad a dhein sé féin an gnó go cúirtéiseach le Nóra.
Bhí Kate, an deirfiúr ba shine ag Nóra, ar aimsir ag muintir Lambe deich míle ó bhaile i gCill Cholmáin, le hais Abhainn na Bandan, agus gúna trom cailiceó, veist agus bróga uaithi siúd a bhí á gcaitheamh ag Nóra. Bhí na bróga ag luí uirthi, ach níor lig sí faic uirthi.
Nuair a bhí Mr Kingston ag scrúdú na n-ubh óna mamó, gach ceann á iniúchadh aige faoin solas ón bhfuinneog, agus ag breacadh na suimeanna airgid i leabhar na gcuntas, rith sé le Nóra go raibh a chuid peannaireachta ar aon dul lena ghuth séimh, agus a chaint dhea-chumtha mar ubh as a bhéal féin.
Nuair a bhí an nóta léite ag Mr Kingston, agus an scilling tugtha aige do Nóra, thug sé admháil di chomh maith dá mamó.
D’fhiafraigh sé di an raibh aon phóca aici nó sparán don scilling. Dúirt sí go raibh sparán tugtha ag a mamó di, agus é crochta timpeall ar a muineál aici. Bhain sí amach é agus chuir an scilling i dtaisce.
‘Abair le Ellen Daunt go rabhamar ag cur a tuairisce, gur mór againn a gnó, agus go bhfuil súil againn go bhfuil sí i dtogha na sláinte.’
A bheannacht amháin a thug sé di, gan milseán sa bhreis. Níorbh in é a nós.
Bróga rince amháin a bhí ina ceann ag Nóra, agus stad sí ar an droichead ag féachaint ar na buataisí sál ard faoi bhean a dhreap na coiscéimeanna suas isteach i dtigh mór ar an gCearnóg. Thug sí suntas do na cnaipí a d’fháisc na buataisí, dá gúna fada gorm á ardú aici, agus dá hata. Lig an bhean scairt gháire leis an bhfear taobh léi a raibh greim faoina huillinn aige uirthi, agus dhruid sí a lámh faoi lámhainn fhada lena béal chun an gáire a mhúchadh. Shamhlaigh Nóra gurbh aoibhinn di a saol. Lean sí ag stánadh i sruth na habhann, agus ar dhá eala ar an mbruach. Bhíodh ealaí go minic ar an loch sa bhaile, agus bhí sí ag iarraidh a dhéanamh amach arbh iad na healaí céanna iad. Lúbadar a scrogall, agus phrioc ceann acu a chéile go grámhar. Leanadar orthu ag cuimilt agus ag priocadh ar feadh tamaill, agus iad ag faire ar an sruth san am céanna. D’iniúch sí iad go grinn, féachaint an raibh aon mharcanna orthu a ligfeadh di iad a aithint arís. Ní fhéadfadh sí aon mharc ar leith a aithint, ach stríoca níos faide le ceann acu ná a chéile. Sheoladar le sruth borrtha na habhann tar éis na báistí, a bprompa san aer síos suas, ó thaobh taobh. Bhainfidís amach an loch i mBeal Átha na Carraige ar ball, agus thabharfadh sí na bróga rince síos chucu le taispeáint dóibh ón mbruach. Ach iad a aithint arís.
Bhí sí lánchinnte go n-aithneodh.
D’imigh sí i dtreo tí a haintín go haerach. Chonaic sí dorn daoine agus ticéid á gceannach acu ag an Wheel of Fortune, clár cruinn éadrom adhmaid, tairní ann agus uimhreacha, agus stiall lúbtha ann chun an roth a stopadh. D’fhan sí chun éisteacht leis ag casadh, mar a bheadh béalbhach á changailt go mífhoighneach ag capall, agus ansin ag stopadh. Uimhir a 12, a ghlaoigh an t-ógánach leis an slua beag, uimhir a 12. A haois féin, a chuimhnigh sí.
Bhí a haintín roimpi nuair a bhuail sí an doras isteach chuici lena beart sa Chearnóg. Bhí sí ag súil leis an gcailín óg agus bheadh a deartháir agus an mac chuici níos deireanaí. Ní raibh aon chlann ar an aintín, Hanna, a bhí ag obair mar chúntóir i leabharlann nua Carnegie a bhí oscailte ar an mbaile. Bhí an leabharlann dúnta lá an aonaigh, agus bhí bricfeasta á ullmhú cheana aici do Nóra.
‘Tá sé luath fós agus is dócha go bhfuil tú traochta a chailín bhoicht’, ar sí á fáisceadh. ‘Agus lig dom féachaint ort, is tú éirithe chomh hard, ní le taobh d’athar a chuaigh tú ar fad, más ea, ach muintir do mháthar agus spanlaí cos fúthu, cuid acu. Íosfaidh tú ubh, agus cantam aráin, agus beidh braon tae agat ón uair gur cailín fásta anois tú. Ní mór duit do ghéaga a neartú agus gan imeacht ar chuma na gé, is gearr go mbeidh tú i do bhean… murar bean cheana tú?’
Agus chuir sí a dá lámh le haghaidh Nóra, ag féachaint idir an dá shúil uirthi. Scaoil sí léi.
‘Ó, mhínigh mo mhamó dom cúrsaí na mban bliain ó shin.’
Bhain an freagra díreach glan siar, beagán, as a haintín.
‘Agus mhínigh sí domsa leis iad, nuair a bhí d’aois-se agam. Agus an ndeineann tú cúram de do chúrsaí?’
‘Deinim. Thaispeáin sí dom.’
‘Agus bíonn do chirteacha féin agat, nite in uisce bog, agus coimeádta glan.’
‘Bíonn. Agus ag Síle leis. Níor tháinig cúrsaí Joan fós.’
‘Nach iontach an cailín – na mná óga – sibh. Suigh ansin isteach a chailín, agus cuirfead an bagún i dtaisce sa larder. Nach breá an dá lámh bhácála atá ar do mham i gcónaí, beidh cuid den arán donn againn leis an ubh chun bricfeasta’……’Agus cloisim go bhfuil tú ag dul ’dtí an gréasaí chun bróga a chur á ndéanamh duit. Síos go dtí John MacCarthy féin.’
Bhí sí ag caint léi ón gcúlchistin.
‘Bróga rince.’
‘Ná déanfadh na bróga féin tú?’
‘Ní dhéanfadh. Fuaireas coróin ó Tilly Cousins chun péire bróg rince a fháil.’
Chuir Hanna a ceann isteach ón gcúl.
‘Cá bhfios do Tilly Cousins faic, agus í dulta chun na hIndia, ní ar do chosa-sa a bheidh sí ag faire.’
‘Tá an choróin curtha síos do bhróga rince, gan aon dul siar air.’
D’fhill Hanna.
‘Gan aon dul siar, my oh my. Cé leis a chuaigh tú in aon chor?’
Agus ansin.
‘Sea, má tá an focal tugtha, caithfear cloí leis, is dócha. Ach is féidir bróga a bheadh oiriúnach do rince agus don tsráid in éineacht a fháil. Chonac bróga ban á bhfógairt ar pháipéar thuas ag Carnegie, ó Londain, sála láidre arda fúthu, d’fhéadfá seasamh i bpluda féin iontu gan do chosa a fhliuchadh. Agus bhainfidís cnagadh as clár, leis, táim cinnte.’
‘Deir an máistir Gaelach gan an clár a chnagadh róthrom, agus gan na glúine a ardú ró-ard, agus na lámha a choimeád mar a bheadh slat gan lúbadh, go bhfuil aon rince eile ró-aerach agus Gallda.’
‘An Máistir Kiely? Cá bhfios dó siúd faic, nach anuas ó Luimneach a tháinig sé siúd!’
‘Cad is brí le Gallda?’
Lig a haintín osna.
‘N’fheadar a chroí, tá cuid acu ann agus ní shásódh faic iad ach an duine Gallda féin a dhíbirt, nuair atáimid ar fad Gallda ar chuma éigin. Ní maith liom féin an focal sin, Gallda. Bíonn sé ar an bpáipéar Gaelach thuas sa leabharlann gach seachtain, a mhéid a léim é…. Seo, suigh isteach chun an bhoird, agus bí ar do chompord anois agus ná buair do cheann le Gaelach ná Gallda.’
Bhí an seomra beag cluthar, na hornáidí beaga ar an matal coimeádta rónéata, nach mór. Thit a codladh ar Nóra tar éis an bhia, agus níor dhúisigh sí go dtí gur chleatráil na fir isteach i lár na maidine.
Bhí deoch ar bord ag Jack, straois air agus buidéal i bpóca a chasóige, Jim ag breith ar uillinn air, agus an bheirt acu ríméadach. Bhí beartán mór faoina ascaill ag Jim, agus leag sé uaidh é.
‘Tá aonach maith déanta aige, chím,’ a deir Hanna agus Jack á chur ina shuí i gcathaoir.
‘Ceithre puint déag, gach aon chuid de, gach aon phingin, ceithre puint déag a fuaireas isteach i mo lámh ó John Lunham, an ceannaí muc amach as an gcathair.’
‘Seacht bpunt dhá scilling déag is réal a fuaireas ar mhuc Mheiriceá, agus….’
‘Sé phunt seacht is réal ar mo mhuicín féin…,’ arsa Jack.
‘Tháinig galar ar na muca timpeall na cathrach agus ghlan Lunham an t-aonach. Bheadh a dhá oiread tógtha aige. Ceithre cinn de thrucailí nua aige, agus a ainm lena gcliatháin LUNHAM’S BACON, agus chun tosaigh chomh maith á fhógairt.’
‘Tá bagún leis ann chun dinnéir, ach ní ó Lunham é. An íosfaidh sibh anois é?’
‘’Bhfuil aon deoch istigh agat?’ a d’fhiafraigh Jack.
‘Tá do dhóthain ólta agat, agus ní á chasadh leat atáim. Nach bhfuil a fhios go maith agat ná coimeádaim aon bhraon faoi dhíon, ach buidéal pórtair go fánach.’
‘Sea, más ea, tá leigheas agamsa air sin,’ ar sé, ag iarraidh breith ar an mbuidéal biotáille ina phóca. Ach theip air, le meisce, breith ar an mbuidéal.
‘Ná tógfá uaidh an buidéal sin?’ ar sí le Jim. ‘Maith an garsún.’
‘Ní dhéanfad, Hanna, bhainfeadh sé an ceann díom.’
‘Agus an bhfuil faic ólta agatsa?’
‘Bhí dhá phionta agam.’
‘Sin é do dhóthain. Agus an bhfuil an gnó ar fad déanta?’
‘Bhíomar ag Atkinson, agus tá málaí mine agus plúir amuigh ar an gcairt. Tá mála sweets i mo phóca thíos, agus mála olna do Molly, agus cad eile…?’
‘Snáithín bróidnéireachta agus dhá bhiorán do Mhamó.’
‘Agus an páipéar nuachta.’
‘An Eagle is dócha?’
‘Cad eile ach é? Fead chaol an iolair féin.’
‘Tá do chaint tagtha chugat, pé ar domhan é,’ arsa Hanna lena deartháir. Níorbh aon fhear cainte é Jack Buckley ach amháin nuair a bhí braon ólta aige.
Thóg Jim na bróga nua amach as a bheart féin le triail air arís, agus shiúil sé timpeall iontu. Balcaire ab ea é, agus bhí stocaí troma olna air. Bhí sé ag luí go trom, ar nós tuathánaigh, iontu.
‘’Bhfuil aon deoch istigh agat Hanna?’
‘Ná fuil a fhios go maith agat nach bhfuil.’
‘Tá leigheas an scéil agamsa anseo i mo phóca,’ ach chuaigh de arís breith ar an mbuidéal.
‘Nach breá an péire bróg iad sin, donn a fuairis.’
‘Leathar bog na Spáinne a dúirt John MacCarthy, an chuid is fearr de. Tá siad righin, ach is gearr go mbogfaidh siad amach.’
‘Bogfaidh sráideanna Boston amach go breá iad. ’Bhfuil siad ard?’
‘Leathbhuatais, is iad is fearr agus an sneachta ar an talamh i Meiriceá.’
‘Is dócha go bhfuil bróga acu i Meiriceá leis.’
‘Caithfidh fear bróga maithe a bheith aige ag triall ar Nua-Eabhrac. Deineann siad gach aon phioc díot a iniúchadh thall sula ligfidh siad isteach thú.’
‘Agus an bhfuil do pháipéirí ar fad agat?’
‘Tá, agus an ticéad ceannaithe.’
‘Tá long bhreá nua le seoladh sall gan mhoill a chloisim, an Titanic.’
‘Taightannic…’Bhfuil aon deoch istigh?’
‘Íosfaidh sibh an dinnéar. Is fearr ithe sula mbeidh aon deoch eile agaibh. Seo, suigh chun an bhoird, agus tógfad uait an buidéal sin sula dtitfidh sé. Cad a chuaigh an buidéal ort?
‘Coróin. Coróin a chuaigh an buidéal.’
‘Agus an bhfuil airgead na mbróg do Nóra fós agat?’
‘Cén bhróg? Nach é dóthain an aon lae é péire amháin? Ná caithfidh bróga a bheith faoi fhear Mheiriceá?’
‘Beidh a croí briste mura gcuirfidh John MacCarthy bróga á ndéanamh inniu di.’
‘Ná déanfaidh na bróga atá uirthi an gnó go breá?’
‘Nuair a théann an t-ól isteach téann an chiall amach. Sin deireadh déanta más ea. ’Bhfuil aon airgead fágtha agat tar éis do spraoi, ’spáin do phócaí dom.’
Nocht sé na pócaí, agus chomhair Hanna na pinginí agus an mionairgead. Bheadh Molly ag súil le scillingí éigin. Ní raibh dóthain ann chun aon bhróg a cheannach.
Nocht Nóra sa doras agus an comhrá cloiste aici ón gcúl.
Shuigh na fir isteach chun an bhoird.
Ghoil sí a raibh ina bolg agus ina croí. Ghoil sí uisce a cinn. D’fháisc Hanna chuici í.
‘Seóthó, anois a Nóra a chroí istigh, sin é an t-ól anois duit. Caithfidh na bróga rince fanacht. Beidh siad lá éigin agat.’
Dúirt Nóra léi féin go mbeadh.
Lá éigin.