ELLEN DAUNT
Bhí leathanach teilgthe comhréire i mBíobla an Rí Séamus le brath, á oscailt, ar ghabháil an droichead isteach sa dúiche thar Abhainn na Bandan.
D’oscail sé amach ar na sailm, agus bhaineadar comhcheol aoireachta as logainmneacha na mbailte fearainn ar na harda míne agus sna faichí méithe. Cill Bheanáin, Both Doire Mín, An Fial Uachtarach, Seanbhoth Thiar, Baile Uí Mhoinigh, Cill Cháscann. Bóthar maith garbhchloch isteach ag casadh soir agus siar ón ngabhal ar an ard réidh cois abhann. Fallaí cloiche, clathacha bearrtha, riar ar ainmhithe agus stoc, geataí dúnta, chúlaigh na tithe feirme isteach ón mbóthar faoi gheallúint an tsuaimhnis ar imeall an uisce. Crainn darach ag leathadh scátha, bruacha coimeádta na habhann don slatiascach, saoirseacht chloiche na dtrí áirse, sheol an Bhandain féin le cinseal thar an scoil, an reilig agus an séipéal Anglacánach ó dheas go Cionn tSáile.
Bhain na hAnglacánaigh agus na Protastúnaigh eile chomh dlúth leis an dúiche leis an bhféar borbfháis, leis an mbradán fáin ag filleadh ar ghrean an ghrinnill. Ní rabhadar ar fad gustalach, cuid acu chomh bocht lena gcomharsana Caitliceacha. Ach chuir teagasc focal Dé de réir téacs an Bhíobla cnámh droma righin iontu nár ghéill don lasc bhagrach ná don chaint bhaoth. Bhraitheadar bonn ar bhonn lena ministrí féin, ina ndaonnacht shaolta agus ina ministreálacht dhiaga.
Ó Bhaile Uí Mhoinigh ab ea Ellen Daunt, Anglacánach bocht a d’iompaigh ina Caitliceach ar phósadh di in 1848 in aois a fiche, agus bhí neamhspleáchas meoin ag baint léi a d’fhágfadh a rian ar na glúnta ban ina diaidh.
Bean bheag shlinneánach, ghéarchúiseach ab ea í. Í cnuaisciúnta gan a bheith cruinn, ba í a riar tigh a mic Jack Buckley ó bhog sí isteach ann nuair a fágadh a fear céile ina othar le breoiteacht saoil. Ní fhéadfadh sí seilbh a choimeád ar a cuid féin agus bhog sí deich míle soir. D’fhan Molly ag obair ag na Cousins mar shearbhónta ar feadh tamaill agus dhein sí féin cúram de na naíonáin óga. Ag na Cousins, leis, a bhí ógánaigh an tí ag obair go dtí gur bhuaileadar amach faoin saol ina siúinéirí ar a ndintiúir nó ina sclábhaithe.
Tigh ceann slinne an sclábhaí feirme a tógadh ar sheacht n-acra a bhí ag Jack Buckley, é ar cíos aige ó Cousins. Dhá sheomra leapa thuas staighre, ceann acu roinnte do na hógánaigh, cistin agus seomra cónaithe an tí thíos a d’oscail amach sa bhuaile chun tosaigh, cúlchistin agus seomra Ellen agus a fir chéile sínte ar dhá thaobh an tinteáin sa lár. Díon stáin a bhí ar an gcuid sin den tigh, tógtha le fána ón mbinn. Níor dhein Ellen Daunt clamhsán riamh ar phianta cnámh ná ar bhraon anuas ón gclagar báistí ag cnagadh ar an stán agus í sínte le taobh an othair istoíche, nó ag freastal air le hais an tinteáin i gcaitheamh an lae. Ina áit sin chuir sí sceach rósanna fiáine ag fás le taobh na binne, agus leathadar a gcumhracht trína seomra leapa agus trí fhuinneog na binne in airde.
Bhí téagar i bhfallaí an tí, an tigh tirim ar ard ar imeall fheirm Chousins, radharc ar an seanchaisleán i mbun an tsráidbhaile ón gceann thoir, agus laethanta, nuair a ghlan an bháisteach, ar an loch. Gan aon bhó, cró cúpla muc gan acmhainn chránach, sínteán do chruacha féir agus móna, roinnt bheag coirce ar dhá acra, agus bothán na cairte agus an asail. Tréad beag gabhar, iad á gcrú agus á marú. Dheineadh Ellen féin cúram den éanlaith chlóis, cearca, lachain, agus géanna sa tséasúr.
D’fhás Jack Buckley tobac ar cheathrú acra, agus é feicthe aige ag fás go rábach sa Phunjab san India. Bhí plean aige a dhúil chraosach sa phíp a shásamh lena sholáthar féin. D’ordaigh sé síolta Walker’s Broadleaf agus Tobac Turcach, tigh Atkinson, agus samhail ina cheann aige de na duilleoga dúilmheara ag cur allais le brothall an tsamhraidh agus á dtriomú, leasaithe, san fhómhar. D’éirigh leis le dua, ach ní ghéillfeadh an aeráid fhliuch aon phioc dá mhianta andúileacha. Cé gur fhás sé an tobac agus gur leasaigh sé é leis an gcúram a dhéanfadh fear eile de chraiceann gabhair, níor shásaigh a chuid féin a chraos i gceart riamh. Bhí sé aige in am an ghátair agus ghannchúis airgid amháin. ‘Baccy Buckley’ a thug an baile air go fonóideach. Thug sé a bhlas ar rís abhaile ón India chomh maith, agus dheineadh Ellen rís Jack a chócaráil dó féin, ach níorbh fhada gur dhíbir an práta bláfar an rís choimhthíoch gan dua. Bua glan. Deireadh Ellen gur mhór an obair é nach raibh an rís á fás aige ar an seacht n-acra, nó thíos ar an bhféith fhliuch le hais an locha.
Dheineadh sí peataíocht ar Jack, go háirithe tar éis dó dul ar an ól, í ag cúiteamh an dídean a thug sé di agus a choimeád ó Thigh na mBocht í féin agus a fear. Chuir an Poorhouse uafás beo i gcónaí trína croí, mar a bheadh scamall dubh ag leathadh ina súile, agus bheireadh sí ar an dúid tobac ag puthaíl léi ar a dícheall go gciúnaíodh an sceon inti. Ba é gan aon agó, géibheann docht na ndaor, agus é ina achasán gan taise a chasfaí leis an daor agus a chine daortha ar feadh na nglúnta. Cheil peataíocht Ellen an tuiscint ba léir di, ach nár nocht sí, gur bhain drochbhuille na cinniúna ina saol féin le gabháil le creideamh na Róimhe.
Bhí triúr clainne tógtha aici, beirt acu glanta leo, ach dhein sí aththeaghlach de chlann Jack agus í féin sna seascaidí, fós i dtogha na sláinte, agus bhailíodh sí na cailíní timpeall ar an mbord sa chistin chun cleachtadh a thabhairt dóibh ar an bhfocal scríofa, agus ar áireamh simplí cuntasaíochta, de bhreis ar obair na scoile.
Bhí dúil mhór aici i scéalta Charles Dickens, agus cheannaíodh sí ar an bpost iad le seachadadh chun an tí. B’fhéidir brath ar an bpost ríoga, agus bhíodh na sceitimíní féin uirthi nuair a thagadh leabhar eile le Dickens chun an dorais, faoina hainm féin ó shiopa i Londain. Deireadh sí leis na cailíní nach ag baint bolgaim as a mbéal a bhí sí, á gceannach, ach gur mhaith a raghaidís chun tairbhe dóibh agus don fheabhsú pearsanta arbh é toil Dé dóibh é ina saol. Chomhlíonfaidís toil Dé ach an chuid ab fearr dá dtréithe pearsanta a thabhairt chun cinn agus a chur faoi bhráid an tsaoil gan náire. Eiseamláirí morálta do mhná óga ab ea pearsana Dickens, cuid acu a ghabh ar strae, agus cuid eile díobh a ghabh an bóthar díreach.
Thriail sí scéalta rómánsacha ban a léamh di féin tráth, í á gceilt ar a clann féin, ach ní bhfuair sí blas ar bith ar na gligíní mar a thug sí orthu, agus choimeád sí go dúthrachtach le Dickens. Bhí a cuid leabhar i dtaisce i mbosca adhmaid ime thíos sa seomra, páipéar donn orthu á gcoimeád ón solas agus ón taisireacht, agus léadh sí Oliver Twist agus scéalta eile do na cailíní timpeall an bhoird faoi sholas lampa oíle uair sa tseachtain. Oliver Twist ab fhearr ar fad leo agus níor tháinig traochadh ar bith orthu ag éisteacht leis an scéal á athléamh agus á athinsint. B’amhlaidh ab fhearr ar fad an tríú agus an cúigiú huair é.
Bhíodh Molly ag cniotáil ag an tinteán ag cúléisteacht, agus William, fear céile Ellen i gclúid eile ag míogarnach. Thaitníodh A Tale of Two Cities le William Buckley, go háirithe aon chur síos ar na huaisle ag cromadh faoin guillotine, agus é féin sna Fíníní tráth. Deireadh Ellen le seanbhlas gurbh iad a chuid imeachtaí oíche sna Fíníní, ag cur gothaí orthu féin ar na móinteáin fhraoigh, a bhain leagadh as agus a d’fhág ina liobar sínte é.
Bhí William imithe sna púcaí, a dúradh, agus bhíodh sé ag stealladh cainte leis na púcaí go minic cois na tine, é imithe chun fáin ina shamhlaíocht féin ag insint scéalta sí agus gan éinne ag tabhairt toradh air. Bhí seanscéalta agus rannta aige nach raibh mórán measa orthu sa tigh, agus toisc nach mbíodh sé amuigh ní bhuaileadh sé leis na daoine a raibh aird acu ar a leithéid. Chíodh sé samhlacha na sí á bpreabadh ina mbeatha sna lasracha ón móin nó ó chraobh aitinn go spréachadh splancanna uaidh, agus shíneadh sé isteach sa tinteán féachaint cá rabhadar imithe sa simné. Deireadh Ellen leis go scuabfadh an sí é lá éigin a bheadh sí amuigh ag rith i ndiaidh an ghandail, agus go n-aimseodh sí é ina chaor lasrach sa tine. Ní thugadh William aon aird uirthi, ach titim ina chodladh agus é fós ag rámhaille mar a measadh. Molly ba mhó a thugadh aird air, agus bhídís ag caint os íseal eatarthu féin i nGaeilge go minic, agus ag baint gáire dá gcuid féin as an saol.
Bean chráifeach ab ea Molly agus leagadh sí uaithi a cuid cniotála chun breith ar an bpaidrín agus an Choróin Mhuire a chur le hanamacha na marbh a bhí ag fáil bháis sna leabhair. Oícheanta, ní bhíodh aon stad aici, a dúthracht ar chlocha an phaidrín ag breith bua ar fad ar na bioráin. Bhí bean mhuinteartha léi sna mná rialta, i gclochar sa Fhrainc, agus deireadh sí paidreacha ar son a hanama agus a sláinte siúd ar chlos di go raibh fuil dhearg na cléire á sileadh ina slaoda sna sráideanna ag na ‘jeaicíní diabhail’ mar a thug sí ar lucht na réabhlóide céad bliain roimhe sin.
Sleachta oiriúnacha as A Tale of Two Cities a léadh Ellen do na cailíní, agus bhí Nóra an-tógtha le Doctor Manette a chuaigh le gréasaíocht bhuile na mbróg. Shamhlaigh sí, ag dul a chodladh tar éis scéal Dickens, go raibh bróga rince á ndéanamh ag gréasaí na buile, Doctor Manette, di féin leis i bPáras ach níor nocht sí a rún riamh dá deirfiúracha.
Nuair a bhíodh Oliver Twist á léamh ag Ellen bhaineadh tuairiscí agus cur i láthair Dickens ar dhearóile Oliver agus ar mhíthrócaire Bumble agus ar chruas cealgánta Jack Dawkins na deora as na súile acu, agus ceannaithe na gcailíní á mbogadh agus á leá faoin solas lag oíle. Cé go raibh sclábhaíocht dhian choirp ina saol féin, gach lá, b’fhaoiseamh dóibh a chlos go raibh an saol níos déine in áit eile.
Bhíogadh na scáileanna a leath ar an leabhar agus ar na fallaí bána agus ar an síleáil lom, le hanam mífhoighneach dá gcuid féin, nuair a stadadh Ellen chun teacht timpeall ar chanúintí Sasanacha Dickens lena tuin shaibhir féin, agus shamhlaíodh na cailíní gur chuid de dhráma corraitheach an scéil na scáileanna sin leis. Agus ba dheacair gan a shamhlú go raibh cluas le héisteacht ar na scáileanna chomh maith, i saol éigin eile, agus iad siúd trína chéile ag feitheamh leis an gcéad chor eile.
Léadh agus d’athléadh sí litreacha a thagadh ó Kate, an cailín ba shine, a bhí ina searbhónta ar a dintiúr sa Tigh Mór i gCill Cholmáin, cé go dtagaidís faoi ainm na máthar. Scagaidís na línte i bpeann luaidhe, ag plé gach mionghné dá mbíodh le rá aici faoi mar a bheadh Kate féin i láthair ag caint. Scríobhadh Kate abhaile gach seachtain agus tuairisc aici ar imeachtaí an tí. Bhí peannaireacht bhreá foghlamtha aici ar scoil ó Master Driscoll, agus bhíodh muintir an Aird Theas ag tnúth le scéal anoir ón dTigh Mór. Tuairisc ar ghnáthimeachtaí an tsaoil a bhíodh sna litreacha, i mBéarla na scoile a raibh blas na háite agus blas an Tí Mhóir tríd faoi stiúir na mban.
Servants’ Quarters,
Kilcolman House.
2nd March ’09
Dear Mother,
I hope this short letter finds you all well. I was very sad to hear of Betsy’s illness, I hope she will come to herself soon. I was happy to hear father got over his chill. I have started at the dressmaking with Mrs Cronin in the sewing room and am at it for two weeks now. We got patterns by post from London, and they will make lovely dresses when they are all done. I was all thumbs and foostering with the thimbles. I am only looking at Mrs Cronin most of the time, and helping her at the cutting out. She says I will not be a seamstress soon or ever. We got new sheets and bed linen from London and had to change all the beds in the house, from top to bottom. The sheets are very soft and are Egiptian cotton. Mrs Cronin says if I put my mind to my duties I will come out as a housemaid, but it will be a while yet before I leave the kitchen. Two pigs were killed during the week and we were all very busy boiling water on the stove and drawing buckets to Johnny Leary. He said to somebody who told me after that the Ballinacarriga girl had fine fetlocks, ready for the blade. The Master took a fall from a giddy horse and was laid up with a bad shoulder. Doctor Casey called in his new trap, and they’re was great laughing coming out of the Master’s room when he was inside and we could hear it in the whole house. The men are busy all week getting the fields ready for breaking and seeding.
I went to Mass with Mrs Cronin and the other Catholic girls to Enniskeane today.
I will close now,
Your loving daughter,
Kitty
Breacléamh an Bhéarla a bhí ag Jack Buckley féin, agus ní chuireadh na fir óga mórán spéise ach an oiread sa scríbhneoireacht. Bhaineadar leis an talamh agus leis an saol amuigh, i mbun sclábhaíochta, ag cóiriú cairteacha asail agus ag feistiú trealamh feirme do Cousins. Bhí obair d’ábhar siúinéara i gcónaí ar fheirm mhór. D’fhágtaí litreacha agus riar an tí faoi na mná. Ghreadfadh na balcairí óga leo, sna sála ar an deartháir ba shine, chomh luath agus a bheadh luach ticéid a bpasáiste acu go Meiriceá.
Ceannaithe stoic, feirmeoirí déiríochta agus curadóireachta, agus lucht capall, ab ea muintir Lambe agus feirm cúig chéad acra curadóireachta agus féir ghlais acu. Bhí maoin i mBaile Átha Cliath acu mar a raibh gaolta acu i gcúrsaí dlí agus baincéireachta, chomh maith le tigh cathrach i gCorcaigh. Bhí gaolta acu i Londain a bhí gafa le hArm na Breataine. Saol ar aimsir a bhí geallta do na cailíní, de réir dealraimh, ón uair nach bpósfadh mac feirmeora cailín nach raibh ach cúpla acra ag a muintir agus slua ag ithe as an aon chorcán amháin.
Chreid Ellen Daunt go diongbháilte gur cheart go bhfaigheadh mná oiliúint feabhais agus tís agus go raibh na deiseanna ab fhearr le fáil i dtithe na bProtastúnach. Bhí meas aici ar fhocail an tsagairt, ach bhraith sí gurbh fhear é ina chnámha agus ina fheoil, faoina éide agus a sheanmóinteacht. Níor thug sí toradh dá laghad ar scaothaireacht i dtaobh pianta Ifrinn, ná fíoch Dé. Bhain riail na sagart le fallaí an tséipéil agus leis an teagasc creidimh. Bhain údarás saolta leis an dtigh agus leis an gclann agus bhí a dhóthain le déanamh ag Dia i mbun na huilethrócaire. Níor chreid sí sa phionós síoraí dá ndéanfadh an duine daonna a dhícheall saolta. Bhí ómós aici do thobair bheannaithe ach níor bhac sí le scéalaíocht ná le seanchas béil. Bhí ‘bua na leabhar’ mar a deireadh sí, ag duine de na cailíní, Síle, agus é curtha ina ceann aici go bhféadfadh sí post a fháil i státseirbhís na Breataine ach coimeád leis na leabhair.
Ghlan airgead na n-ubh agus síntiúis ón bpinsean airm táille bliana ina thrí ghála ar an meánscoil i nDún Mánmhaí, agus chuireadh na deartháireacha cosnochta Síle ar scoil oíche Dhomhnaigh chun freastal ar an gClochar don tseachtain. Bróga á gcaitheamh ag Síle, suite ar chairt an asail chun nach mbeadh na bróga salach ón bpluda an seacht míle slí isteach ar an mbaile. D’fhanadh sí lena hAintín Hanna, laethanta na seachtaine.
Bhíodh cuid d’ógánaigh an bhaile ag fonóid faoin ‘éirí in airde’ a bhí ar na Buckley’s agus iad ag cur cailín ar an meánscoil. Ach bhí na Buckley’s óga righin. Choimeádadar leis. Fómhar, geimhreadh, earrach. Pluda. Sioc. An bogadh amach.
Bhí rothaí cairteacha na mbocht ag meilt chloch, is á gcaitheamh aníos, ar bhóithre ar fud na hEorpa.