NÓRA I GCILL CHOLMÁIN
Bhí sioc crua ar an talamh ar chúl an tí, faoin scáth ard, agus Nóra ag triall ar an ngairdín múrtha le ciseán folamh. Bhí na clocha cruinne os comhair na stáblaí, go háirithe, sleamhain. Ar aghaidh na ceárta, thug sí faoi deara go raibh an sioc leáite i gcruth crú ar an talamh agus dhruid sí isteach leis. Stop Timmy Mahoney ag gabháil de na boilg istigh, nuair a chonaic sé cé a bhí ag gabháil thar bráid.
‘Theastódh cruite nua faoi na boinn sin agat, a Nóra. Bhís ag sciorradh.’
Stop Nóra. Bhí an dá lámh aici ar chluasa an chiseáin.
‘Ní bheidh fuacht ar bith ortsa, Timmy. Tá sé deargtha breá luath agat.’
‘Bhí Paul Lambe chugam agus mé fós sa leaba. Tá sé féin agus an deartháir ag dul ag marcaíocht agus cruite nua le cur faoi dhá chapall. Cruite don sioc.’
‘’Bhfuil sé féin istigh?’
‘Hosford? Tá a chapall sa stábla le huair an chloig agus pus air féin. Dris. Bhí cúr allais leis an mbromach, pé tiomáint a bhí fé.’
D’imigh Nóra. Thaitin Timmy léi, a ghealgháire, a mhothall fionn fiáin, a ghéaga gabha, clúmh dlúth a bhrollaigh. Na súile gorma. Bhí trí chéad slat ann go dtí an gairdín múrtha. Ghabh sí thar bhinn thoir an tí. Bhí an bheirt deartháir, Paul agus Alan Lambe sa bhanrach ar aghaidh an tí agus adhastair ar dhá chapall acu. Shín an bhanrach, agus suas le fiche capall ann, an tslí ar fad síos go dtí an fál le bruacha na Bandan. Bhí Alan, an deartháir ba shine, ag déanamh peataíochta ar a chapall féin, gal anála á séideadh ina scamaill ag an láir le sásamh agus na polláirí á leathadh aici le sult.
Ghabh freanga creathánach trí Nóra. Leis an bhfuacht, chaith sé. Bhí sé de cheart aici geansaí olna a chaitheamh anuas ar an ngúna.
Bhraith sí an lámh gheal bhán á slíocadh le fínéaltacht.
Chleatráil innealra sa ghairdín múrtha, rothaí iarainn ag crangairt, ag gíoscán, agus ag crangairt. Bhrúcht puth amháin deataigh as an bpíobán, ansin thit an caipín stáin anuas de phlimp. Mhéadaigh na fallaí arda sa ghairdín ar an torann, leath-thóirneach mhaolaithe, agus baineadh geit as na capaill. Chiúnaigh Paul Lambe iad láithreach. Ba é Paul máistir na gcapall.
Chrom Nóra agus í ag dul isteach trí gheata an ghairdín. Bhraith sí láithreach ar deighilt ó shaol an tí, in áit eile. Bhí na crainn úll agus piorraí faoi ualach a dtorthaí méithe ar feadh na bhfallaí, na crainn plumaí agus silíní lomtha ag glioscarnach faoi sholas na maidine. Bhí na sceacha sméar dubh agus na toir spíonán agus cuiríní fós sa scáth. Ghabh sí an cosán isteach thar na ceapacha glasraí agus bláthanna, a bhformhór ceangailte agus bearrtha, go dtí an tigh gloine. Ní raibh aon radharc ar Hosford, an garraíodóir.
Sheas sí ag an doras agus ghlaoigh amach.
Níor tugadh aon fhreagra uirthi.
Ghlaoigh sí arís.
D’oscail sí an doras agus chuaigh isteach. Sheas. Bhí sé níos boige go mór.
Bhí an tigh gloine ag síneadh le falla agus na plandaí trátaí agus duilleoga cúcamair ag sceitheadh a mbolaithe san aer. Caora finiúna dubha ag nochtadh faoi dhuilliúr dlúth, ag breith go fánach ar ghrian na maidine. Na géaga espalier tairneáilte leis an bhfalla brící ag síneadh go bun, mar a bheadh línte corraiceacha déanta le toise rialóra ar pháipéar garbh. Luibheanna cumhra, sáiste, peirsile, tím, miontas, finéal. Lean sí lena súile cúrsa na mbraonacha uisce ag sileadh ó na pánaí anuas ón díon ard le cliathán an tí ghloine. Bhí píobán uisce luaidhe féin ann, agus pumpa speisialta á thriail ag Hosford chun soláthar dá phlandaí.
Líon an chumhracht a scamhóga. Dá fhad dá raibh sí i gCill Cholmáin, ba é an chéad uair aici é sa tigh gloine. Ní raibh cead ag na searbhóntaí dul sa ghairdín múrtha leo féin de ghnáth ach fanacht lasmuigh de gheata sula nglaofaí isteach orthu, agus gan dul in aon ghaobhar don tigh gloine. Bhí sé caoga troigh ar fhad, ollmhór pé scéal é, agus bhí aire na fola tugtha dó. Na plandaí bearrtha. Slata taca. Cordaí crochta. Na cártaí ceangailte, speiceas, dátaí, ainmneacha. An pheannaireacht chaol. Gan oiread is duilleog strae ar an talamh cré.
Bhraith sí a colainn istigh, an cholainn eile a bhraith sí laistigh dá colainn le fada anois, á fuascailt mar a chasfaí eochair mhór throm i nglas. Is ea, an trunc.
Bhain buillí casúir cnaganna as miotal agus sheol an torann ina athbhuillí trí na píobáin leis an bhfalla taobh léi. Eascainí á leanúint ina steallta.
Leag sí uaithi an ciseán. D’éist. Tuairteáil eile. Shín sí lámh in airde go dtí na caora dlútha. Bhí a croí ag rás. Stoith sí caor, agus bhris é idir na fiacla. Searbh go leor ach milseacht éigin eile tríd. Milseacht áite eile. Rug sí ar thráta dearg aibí go cúramach, agus chuimil é dá bos. Chuir sí an bhos lena srón. Chuimil sí duilleoga na dtrátaí, mar a chuimleodh sí cluasa cait. Bholathaigh a lámha. Chuaigh an chumhracht síos isteach go domhain inti. Chrom sí ar scaradh gabhail os cionn na bplandaí. Cúcamair. Rug sí ar an gceann ba mhéithe lena lámha, chuimil go bog é, agus bhraith na spící sna bosa aici. Tháinig cáithníní ar a craiceann féin. Bhí an cúcamar fionnuar, buí, agus toirt ann. Choimeád sí greim air. Bhraith sí brat éadrom allais ar an gcraiceann tar éis na cuimilte. Tháinig imní uirthi de gheit. Leag sí uaithi go tobann é agus chlúdaigh é le duilleog.
Bheadh Mrs Cronin ag feitheamh leis an ualach ón tigh gloine.
‘Mr Hosford!’
‘Cad atá uait? Nach bhfuil sé ráite riamh leat gan teacht isteach sa tigh gloine?’
Bhí greim aige ar an gcasúr i gcónaí ag bun an tí ghloine. Fear ard caol, geal, agus buataisí leathair go glúine air.
‘Seas amach agus dún an doras i do dhiaidh.’
Tháinig sé anuas an pasáiste idir na plandaí agus an falla de thruslóga, mar a bheadh sé ag cuimhneamh ar robálaí a phleancadh leis an gcasúr.
Chúlaigh Nóra uaidh, agus bhí sí ar tí an doras a dhúnadh nuair a ghreamaigh Hosford é lena bhuatais. Bhí buile éigin sna súile aige, agus brat allais ar a éadan. Sheachain na searbhóntaí ar fad é, agus ní dhéanfadh éinne aon trasnaíl air.
‘Sé mo dhóthain é gan teas a bheith ann sa sioc, agus an choire teipthe, gan aer fuar a scaoileadh isteach trí dhoras oscailte. Scriosfar a bhfuil ag fás. Tá loisceadh seaca ar chuid de na trátaí…..cad atá uait?’
‘D’iarr Mrs Cronin orm ualach cúcamar agus trátaí, oinniúin agus peirsile agus tím a fháil don dinnéar anocht. Agus spíonáiste má tá sé ann.’
‘Fan ansin.’
Thóg sé uaithi an ciseán go borb, agus phlab an doras ina haghaidh.
Bhí tamall tugtha ag Hosford i dtíortha trópaiceacha, é ina luibheolaí, fear fionnachtana agus eachtraíochta, ach tháinig ráig maláire air agus chaith sé filleadh abhaile. Ní raibh sé i gceart ar fad ina dhiaidh, agus gan é ach cúig bliana is tríocha. Chónaigh sé ina aonar ina thigh féin ar a chuid talún in aice láimhe, agus bhaineadh iarsmaí an ghalair leagadh as ó am go chéile. Mheas an fhoireann tís nár ghlan sé óna chorp riamh. Bhí saotharlann eolaíochta agus ceimice déanta aige dá thigh cónaithe, trealamh agus uirlisí ann, chomh maith le ceimicí, airsnic ina measc. Chuir sé spéis áirithe sa tsaíocht dúchais a bhain le luibheanna agus plandaí, ach bhuaigh an eolaíocht glan ar an ársaíocht bhéil, dar leis, agus ceimicí nua-aimseartha ann a ghlac áit na bplandaí go héifeachtach ar bhonn tionsclaíoch.
‘Coimeád amach uaidh,’ an chomhairle a cuireadh ar an bhfoireann tís, ina measc féin. Mar sin féin, ba gharraíodóir áitithe é a chuir fios ar irisí garraíodóireachta agus luibheolaíochta ó Shasana agus ón Fhrainc, agus thriail sé plandaí agus glasraí coimhthíocha a fhás sa tigh gloine. Bhí Mrs Lambe, máistreás an tí, mór leis agus í mórtasach as an ngairdín agus an tigh gloine. Chosain an tionscadal ar fad mórán airgid, oiread is a choimeádfadh tréad capall a chualathas á rá ag Paul Lambe lá agus áiteamh idir é féin agus Hosford mar gheall ar an bpumpa uisce.
Bhí Nóra tamall maith ag feitheamh, gan aon bhricfeasta caite fós agus freangaí an ocrais anois uirthi. Nuair a d’fhill Hosford bhí a léine báite ón saothar istigh ag sciotadh na dtorthaí agus na nglasraí. Phlab sé an ciseán nach raibh an-trom os a comhair.
‘Tabhair é seo do Mrs Bolton,’ ar sé, agus é ag síneadh nóta chuici. Lán an chiseáin go beacht.
‘Agus an chéad uair eile a bheidh lán ciseáin ó Mrs Cronin, abair léi fógra lae ar a laghad a thabhairt dom. Ní barra margaidh sa tsráid atá anseo againn go bhféadfaidh aon straoille nó brídín teacht agus baint as. Go háirithe do leithéidse.’
Bhí sé ar tí casadh, nuair a stop sé.
‘Taispeáin dom do dhá lámh, bosa in airde, sín amach iad.’
Rug sé go garbh ar lámha Nóra agus dhein smúrthacht orthu.
‘Á, mar a shíleas. Ní féidir sibh a scaoileadh in aice le haon rud gan méar nó crobh a shá isteach ann le fiosracht mar a dhéanfadh leanbh. D’fhéadfadh salachar nó ceimic nó galar a bheith ar na lámha, sin iad a iompraíonn frídíní ó áit go háit, an dtuigeann tú mé, nó an bhfuil cur amach dá laghad agat ar an eolaíocht…ní theastaíonn uaim go dtabharfaí salachar ar bith ón taobh amuigh isteach sa tigh gloine ar sháil ná ar bhos…. Beidh focal agam leis an Máistreás Lambe ina thaobh seo, agus déarfad léi arís eile gur cordon sanitaire atá anseo. Bailigh leat.’
Phlab sé an doras ina haghaidh.
Bhí Nóra croite, ach d’ardaigh sí léi an ciseán agus thug a haghaidh amach. An t-ocras a bhraith sí anois ina bolg. Bhí an dá chapall tugtha i leith ag na deartháireacha go dtí an cheárta, agus boladh géar crúb á loisceadh ag scaipeadh ar an aer. Bhí tobán uisce taobh le doras na ceárta agus thum Timmy an Gabha an miotal dearg san uisce. Lig Alan scairt gháire nuair a phléasc an puth gaile. Bheadh pléascanna níos fuiltí go mór ina aghaidh agus é ag dul sa Royal Munster Fusiliers ina oifigeach.
Dinnéar chun slán a fhágaint leis ab ea ócáid na hoíche sin, agus é ag dul go Corcaigh an lá dar gcionn chun troid sa Chogadh Mór. Bhí col ceathrar leis ag dul sna Munsters ina theannta, agus gan aon tigh Protastúnach timpeall na dúiche, nach raibh duine, nó beirt, uaireanta, ag dul in Arm na Breataine.
Chonaic sé Nóra nuair a chas sé a cheann ach níor thug sé aird ar bith uirthi. Stop Nóra agus leag sí uaithi an ciseán ar na clocha, mar dhea chun sos a thógaint. Bhain sí síneadh as na slinneáin, d’ardaigh an ciseán, agus bhain amach an chúlchistin.
Mac léinn innealtóireachta i gColáiste na Tríonóide ab ea Alan Lambe, é fiche bliain, agus bhí sé sa bhaile le cúpla mí, ag imeacht leis ar fud na dúiche ag marcaíocht, ag fiach, ag ól agus ag iascach. Ó thigh mór go tigh a bhí sé, agus é imithe chun fiántais ó chuaigh sé ar an gcoláiste i mBaile Átha Cliath. Aturnae an t-athair a thug cuid mhaith dá chuid ama i gcathair Chorcaí, agus ba é a mheas siúd go gcuirfeadh tréimhse san Arm cruth ar an mac ba shine. Dhéanfadh sé fear de. Bhí riar na feirme fágtha faoi lanúin Phrotastúnach as Cill Mhantáin, Matthew agus Pamela Bolton, agus bhí tigh cónaithe dá gcuid féin acu siúd ar an eastát.
Bhí foireann ceithre dhuine is fiche ar fad ann, fir is mná, agus áiteanna cónaithe ar leith acu ar chúl an tí, sciathán na mban ar chúl thiar an tí, agus sciathán na bhfear thíos ag an gceann thoir. Bhíodar ar deighilt ón dtigh féin, dhá sciathán mar dhá ghéag agus stáblaí, stórais mhóra gráin, an cheárta, cróite, agus innealra agus trealaimh, eatarthu. Bhí áirse ard ina lár ag síneadh go dtí an cúl agus na ba á gcrú ansin mar ghnó ar leith nach mór, ach go háirithe chun an t-aoileach agus an salachar a lean an obair, a choimeád scartha ón dtigh. Bhí teacht ón dtaobh sin ar an bpríomhbhóthar chun bainne agus im a thabhairt chun bóthair, agus isteach sa chathair féin ar an margadh ime. Bhíothas ag súil arís go spreagfadh an cogadh éileamh as an nua ar mhairt, arbhar agus im. Isteach an bóthar ar chúl a thagadh pé soláthairtí a thagadh chun an tí leis, agus bhíodh triall gach lá ar an dtigh ar chúis éigin.
Lá i dtosach Lúnasa, agus cuid mhór den fhoireann agus de mhuintir an tí imithe go dtí Rásanna Bhaile Buí, lá saor traidisiúnta chun scléipe agus fraeiceanna, d’fhan Nóra ina leaba. Bhí teocht uirthi, a dúirt sí, agus trioblóid aici lena colainn istigh, ach dá mhéid an t-áiteamh a dhein Bess Cronin uirthi an oíche roimhe, ní fhágfadh sí an leaba. Bheadh a muintir féin i láthair agus bhuailfeadh sí leo, a dúirt Bess Cronin. Ní rabhadar feicthe aici le sé mhí. Níorbh aon mhaith é. Baintreach ab ea Bess, agus dhein sí deoch bhog ar phúdar liachta di ach sheas an teas coirp. Ní raibh éinne toilteanach an lá a thabhairt uathu i bhfeighil an othair. Ach bhailigh Bess roinnt de na cailíní eile sa chistin agus dúradar an Choróin Mhuire go speisialta ar son Nóra. Bhí cúpla cailín Protastúnach ina measc, leis, i mbun na Corónach, béas nárbh annamh leo, díreach chun an t-am a chaitheamh a deiridís.
Bhí an aimsir gruama go leor, ach bhí sceitimíní ar an dtigh agus ar an bhfoireann go háirithe, le seachtain roimhe sin, ag súil leis an lá saor amuigh. Bhí dhá chapall ag rás ag Paul Lambe, agus bhí súil ag na fir cúpla geall a dhéanamh agus fiacha na dí ar a laghad a ghlanadh ar na capaill.
Chodail Nóra go headartha, agus pé aothó a dhein an tinneas, dhúisigh sí agus airc uirthi i lár an lae. D’éirigh sí, agus chuaigh sí ag triall ar an gcistin. D’ullmhaigh sí bia di féin, agus bhí sí leath ag cuimhneamh go mbeadh sí in am don chuid eile den scléip ach tabhairt faoin mbóthar siar go Baile Buí. Ach ní bheadh deoraí ar an mbóthar le cairt, asal ná capall, agus faoin am a mbeadh an cúig mhíle dhéag siúlta aici, bheadh an lá caite agus é in am filleadh abhaile.
Go tobann thug sí faoi deara mála maisiúcháin phearsanta a bhí fágtha ina diaidh ag bean éigin. D’oscail sí é, agus bhí púdar agus pommade agus rouge agus buidéal cumhra de shaghas éigin ann, mar aon le bruiseanna agus ceap bog púdair, agus ábhar dorcha do na súile. Bhí beoldath ann, nach raibh feicthe cheana aici, agus ainm éigin ón Fhrainc ar an tiúb miotail agus Paris greanta air. Chuimhnigh sí gur le duine de mhná óga an tí a bhí tagtha abhaile ar feadh cúpla lá ab ea é, agus dhún sí an mála arís. Leis an bhfuadar a fágadh ann é. Leag sí uaithi é, ach ní fhéadfadh sí a súile a bhaint de. Mhéadaigh ar a cuid sceitimíní, d’ardaigh sí léi an mála agus thug ar ais é go dtí an lochta mar a raibh a seomra leapa á roinnt aici le cailín eile. Bheadh suaimhneas leathlae aici ar a laghad. Ní raibh faoin dtigh mór ach Pamela Bolton agus a fear agus iad siúd, a cheap sí, thíos ina dtigh féin. Bhaineadar le haicme Phrotastúnach nach ngéillfeadh do lá scléipe féin.
Bhí scáthán beag gan fráma os cionn an mhatail, agus bhain sí di a cuid éadaí anuas go dtí a cuid fo-éadaí le heagla go raghadh aon chuid den smidiú orthu agus go bhfaighfí a rian orthu. Níorbh í Nóra, searbhónta, níos mó í ach bean óg eile nár réitigh sí ar fad léi. Nár réitigh sí in aon chor go minic léi agus a bhí ag lorg aeir. Theastaigh uaithi aithne a chur uirthi, í a thabhairt amach faoin spéir agus an solas, dul ag siúl léi, a cuid rún domhain, dorcha a roinnt léi, a mianta a insint di, agus an rince a bhí ruaigthe aisti le trí bliana a mhúscailt inti an athuair. Dúradh léi gur teaspach rómhór riamh a bhí uirthi, nach raibh a fhios aici cad ba mhaith di ná cad a dhéanfadh a leas, go mbainfeadh an saol agus obair dhian Chill Cholmáin na cúinní di, agus go ndéanfaí bean chéile mhánla di d’fhear éigin ar an bhfoireann, Timmy an Gabha, nó Johnny Leary sa stábla go raibh na crobhanna air a bheadh ar éan fiaigh éigin ag sracadh creiche agus a d’fhág marcanna ar a brollach agus ar a drom oíche ag damhsa i mBéal Átha Fhínín. Thriail sí, gan cuimhneamh uirthi féin, an smidiú nach raibh taithí aici air. Ba bheag bean sa dúiche a chaith a leithéid. D’fhógrófaí ón altóir Chaitliceach í. Raghadh daoine trasna na sráide óna leithéid chun í a sheachaint. Thall i Londain nó i bPáras nó b’fhéidir i Meiriceá a bhíodar, aisteoirí gáirsiúla faoi shoilse ar stáitse, nó níos measa fós, mná faoi shoilse sráide ag gabháil de ghnó na drúise agus na feola damanta. Ba chuma léi. Bhrúcht meall éigin istigh ina lár, cnapán a bhí á bhrú faoi aici le trí nó ceithre bliana i dtigh seo na sclábhaíochta. Ní chuirfeadh sí suas níos mó le spídiúchán, ná le drochíde, ná le teanga bhioranta Mrs Pamela Bolton, ná le crobhanna ag scrabhadh an chraicinn in aghaidh claí agus gála gaoithe lena tóin. Ní raibh a fhios aici fiú, an raibh an smidiú á chur uirthi i gceart aici, ach ba chuma sin. Bhí an bhean istigh inti á nochtadh féin, dubh os cionn na súl, luisne dhearg ar na pluca, púdar anuas ar an luisne, agus beoldath dearg na fola ar na liopaí, agus ba í sin an bhean a dhéanfaí di an chuid eile dá saol. Bhí cuma an fhiántais uirthi nuair a bhí deireadh déanta aici, a folt flúirseach dubh ligthe anuas ar na guaillí agus scuabtha siar óna héadan in áit a bheith fáiscthe agus clipeáilte go docht lena plaosc faoi bhoinéad an sclábhaí. Bhí aer agus dath anois ag gabháil tríd, agus tríthi féin. Chuir sí an gúna samhraidh uirthi féin, d’oscail cnaipí breise anuas ar a brollach, chuir na buataisí maithe uirthi tar éis iad a ghlanadh, agus bheartaigh sí siúl amach. Bhí spadhar uirthi. Bhí péire lámhainní fada go huillinn aimsithe aici lá, iad i dtaisce, agus chuir sí uirthi iad. Ba bhean déanta í.
Shiúil sí anuas na céimeanna, fiú gan cuimhneamh an raibh duine ar bith thart. Shiúil sí amach ar chúl an tí, agus ar aghaidh síos i dtreo doire na gcrann le taobh pháirc na gcapall. Raghadh sí chomh fada le bruach na Bandan, go dtí an tobar fíoruisce tamaillín isteach sa choill. Bhí an lá meirbh, a cuid fola ag rás. Bhí sí ag éisteacht lena croí féin ina cliabh, mar a bheadh eas ag titim is ag éirí i dtobainne ó charraig. Níor chuala sí fiú Alan Lambe ag teacht isteach ina diaidh aníos aibhinne na gcrann, ag sodar go dian ar a chapall. Bhí sé tagtha ó thigh éigin i nDroichead na Bandan, agus é ar a shlí go déanach ar fad chuig rásanna Bhaile Buí. Bheadh an chéad rás ann ar a cúig agus bhí sé anois timpeall a dó. Nuair a stad sé an capall taobh léi, an bhean aisteach seo os a chomhair, baineadh geit a hanama as Nóra. Bhí cúr allais leis féin, ón bpóit, agus leis an gcapall le déine sodair.
‘Cé tú féin?’ a d’fhiafraigh sé. ‘An mbaineann tú leis an dtigh?’
Ní raibh aon aithne ag Alan Lambe ar an bhfoireann tís, ach an cúpla duine a bhíodh ag freastal, iad i láthair ach gan a bheith ann, sna seomraí bia.
‘Ellen,’ a d’fhreagair sí go tobann. ‘Ellen Daunt. Duine de na searbhóntaí mé.’
‘Níor thugas faoi deara cheana tú,’ ar sé agus é ag stánadh uirthi le hiontas.
‘Níor chuaigh tú go Baile Buí?’
‘Bhí rudaí eile le déanamh agam.’
‘Mar a chím.’
Thuirling sé dá chapall. Sheas taobh léi. Bhí Nóra cúig troithe deich n-orlach sna buataisí, agus é féin comhard léi.
‘Táim féin déanach cheana do na rásanna, ach tabharfaidh capall eile ann mé in imeacht leathuair a’ chloig. Ní dócha go bhfuil éinne de na fir timpeall.’
‘Níl. Níl éinne thart ach Mrs Bolton.’
‘Is fearr gan fios a chur ar Mrs Bolton anois,’ ar sé ag sméideadh uirthi.
‘Ó, ní bheadh sí sásta in aon chor. Ar aon nós níorbh aon chabhair í leis an gcapall.’
‘An mbéarfá féin ar an srian mar sin, fad a raghad isteach i bpáirc na gcapall? Sé sin má tá capall maith ar bith fágtha.’
‘Déanfad cinnte.’
‘Beidh orm adhastar a fháil ón stábla.’
‘Níl aon deabhadh ormsa in aon áit.’
Gháir Alan Lambe agus d’imigh sé ag triall ar adhastar. D’fhill sé agus isteach leis thar fál, á léim go lúfar.
Shlíoc Nóra cloigeann an chapaill, creathán air agus é ag dul i bhfuaire. Bhraith sí na freangaí ag gabháil tríd, ina lámha féin agus ina colainn. Bhí capall eile ar adhastar ag Alan Lambe, agus thug sé tríd an ngeata í.
‘Ní raibh ann ach an láir seo, déanfaidh sí an gnó agus an searrach istigh ag tabhairt aire dó féin an chuid eile den lá. Ní raibh fonn uirthi an searrach a fhágaint, nádúir na máthar ach í críochnaithe leis an diúl.’
‘Tá sí tirim thíos fúithi.’
‘An mar sin é? Tá a cuid déanta aici go fóill. An raghfá chomh fada leis an stábla liom?’
‘Tabharfad liom an bromach. Tá sé séidte. Séidte amach.’
‘Is measa mé féin.’
D’fhéach sí air agus iad ag siúl. Fear breá, caol, slinneánach, gruaig ghearr, locaí fada, lámha fada fíneáilte agus fáinne ar mhéar leis. Níor chuaigh cré riamh faoi na hingne aige ach iad bearrtha, cóirithe. Bhí gal ag éirí as a chuid éadaigh, as an seaicéad, as an léine oscailte. Gal na póite agus smúit an bhóthair. Treabhsar teann air. Buataisí arda marcaíochta. Thugadar an dá chapall i dtreo an stábla, agus choimeád Nóra greim ar an láir fad a dhein Alan Lambe cúram den bhromach istigh, agus an diallait bainte. Leath sé brat olna ar an mbromach, agus tháinig amach leis an diallait. Bhí an láir feistithe gan mhoill, agus í réidh chun bóthair.
‘Is dócha go bhfuil do chúram déanta agatsa anois Ellen,’ ar sé.
Agus ansin go tobann.
‘Ceanglód an láir neomat den fháinne anseo ar an bhfalla.’
Rug sé greim láimhe ar Nóra.
Luigh sé ar a beola go trom agus phóg í. Le linn í a phógadh bhrúigh sé i gcoinne dorais í, d’oscail sé an doras isteach ar a cúl, agus stiúraigh isteach í sa stóras féir. Luíodar ar an bhféar tirim, agus bhain sé anuas a threabhsar. D’ardaigh sé gúna Nóra os cionn a cromáin, bhain anuas a drárs fada go halt, agus shlíoc sé a ceathrúna agus a brollach ar nós ainmhí fiáin. Stoith sé an seaicéad de, agus chaith i leataobh é. D’oscail an léine anuas ar fad. Bhain Nóra a gúna anuas óna slinneáin, agus leag sí lámh leis ar chíoch léi. Leag Alan Lambe lámh leis féin ar a gnéas agus mhaistrigh í lena mhéar. Rug Nóra greim ar a bhall fearga a d’at go feirc ina lámh. Shlíoc sé a léiseacha agus chuir a ingne go docht ina ceathrúna. Shil sé a chuid síl ar fud a boilg. Bhraith sí féin a mhéar á gortú, agus chuir sí uaithi é.
Bhí an eachtra thart in imeacht seacht nó hocht nóiméad.
Shín sé siar taobh léi ar an bhféar tirim.
‘Magairlí an mharcaigh,’ ar sé.
‘Ní thuigim,’ arsa Nóra.
‘Ag preabadh. Gabhal. Diallait.’ Chuir sé lámh faoi na pacaí spíonta. D’éirigh sé ina sheasamh, d’fháisc air a dhrárs, dhún cnaipí a threabhsair, agus rug sé ar an gcasóg.
‘Ba chóir dom mé féin a bhearradh is dócha, ach níl an t-am agam. Caithfead imeacht.’
Shuigh Nóra in airde. Ní raibh focal aisti. Shocraigh sí a cuid éadaí, agus sheas.
‘Cén aois tú Ellen?’
‘Sé déag.’
‘Is breá an bhean óg tú. Álainn ar fad. Bíodh sé seo ina rún eadrainn. Agus glan an stuif sin ó d’aghaidh. Ní bheadh a fhios agat go deo cé a chasfaí i do threo ag marcaíocht. ‘Seo,’ ar sé, ‘an fáinne seo, ní bheidh aon ghnó agamsa de, an áit go bhfuilimse ag dul.’
‘Baile Buí?’
‘Níos faide ó bhaile go mór. Níos faide ó bhaile. Agus féach, tá fob anseo agam i mo phóca. B’fhéidir go mbeadh gnó agat de lá éigin.’
D’imigh sé de sciuird amach an doras.
D’imigh sé ar cosa in airde ar an láir.
D’fhan sí ar feadh tamaill ina suí ar an bhféar tirim. Bhain sí amach an lochta agus nigh sí na stríocaí dá haghaidh. Nigh sí a bolg smeartha le síol téachta. Chuir sí an fáinne agus an fob i dtaisce ina tarraiceán faoi charn éadaí, istigh in dhá stoca olna fillte ar a chéile. Chruinnigh sí an mála maisiúcháin agus d’fhág ar ais sa chistin é.
Cad a bhí tarlaithe in aon chor di? Cén saghas mná ab ea í?
Cad a thug uirthi Ellen Daunt a thabhairt uirthi féin?
Luigh sí siar ina leaba. Bhí sí suaite ó bhonn. Chaithfeadh sí ciúnú anuas. Bhraith sí an gortú fós, go domhain ina colainn istigh. Chuir sí a méar láir leis an áit a bhí ag gortú. Leath sí na méireanna eile ar an gcnámh. Bhog sí an mhéar istigh timpeall go mall i dtosach, ag tóch, á síneadh, agus bhraith sí mar a bheadh oíle suain ag sileadh as a colainn istigh. De réir mar a shil an lacht, is ea a mhaolaigh ar an ngortú. Bhí brothall inti féin. Tobar an bhrothaill. Brothall ina colainn istigh. D’aimseodh sí an brothall úd. Bhí anam eile sa bhrothall úd. Bhraith sí an brothall anois ina cnámha, ag leathadh ina géaga. Rinc an brothall ar fud a coirp.
Bhí tobar an bhrothaill aimsithe aici.
Chodail sí.
Bhí Kate imithe go Meiriceá sna sála ar an deartháir, Jim, agus bhí Nóra idir dhá chomhairle. Í a leanúint sall go Boston, nó a bealach féin a dhéanamh agus í scaoilte óna dintiúr, go Londain. Bhí scéal an chogaidh imithe in olcas, ach bhí mná anois ag obair in áiteanna nach rabhadar riamh cheana. Bhí deirfiúr d’fhear a bhí ag obair sa mhuileann lín i nDún Mánmhaí ag tuilleamh airgid mhóir ar phúdar a bhrú i sliogáin na ngunnaí móra i Sasana.
Tháinig dhá scéal báis chun an tí an samhradh sin, teileagram ceann díobh.
Thit néal dobróin ar Chill Cholmáin nuair a fuair an Captaen Alan Lambe, an mac ba shine, bás i Sedd el Barr in Gallipoli in 1915. Bás faoi ghradam ar son an Rí agus na hImpireachta. Ní bhfuarthas rian dá chorp thall, crios, hata ná búcla práis le cur abhaile.
D’fhill fear an tí abhaile go buan, agus é anois ar an bport nach raibh ach an t-aon mhac amháin fágtha chun seilbh an tí a ghlacadh. Bhí Paul Lambe meáite ar a dheartháir a leanúint sna Munsters. Bhí sé naoi mbliana déag, bhí scil mhór aige sna capaill, agus chaithfeadh sé féin, leis, a chuid a dhéanamh ar son na hImpireachta.
D’éirigh lena athair a áiteamh air a chuid a dhéanamh mar oifigeach riaracháin i Londain, agus d’imigh sé leis.
Fuair Nóra scéala de bhéal ón mbaile go raibh a mamó Ellen Daunt tar éis bháis san fhómhar. Shocraigh sí imeacht ar fad as Cill Cholmáin. Bhí litreacha cáilíochta aici mar shearbhónta ginearálta ‘an-sásúil’, ó Pamela Bolton. Fuair sí nóta deich bpunt ó chiste an tí ar fhágaint di, agus beart éadaí athláimhe ag filleadh ar Bhéal Átha na Carraige.
Ba iad Bess Cronin agus Timmy Mahoney is mó a bhraith uathu í agus í ag imeacht de chois síos an aibhinne ag triall ar shochraid a seanmháthar. Mála aici agus cás batráilte, bhí cairt ag feitheamh léi amuigh ar an mbóthar chun í a thabhairt go Dún Mánmhaí. Bheadh na deartháireacha chuici an mhaidin dar gcionn i dtigh Hanna ach bhí Hanna imithe ar an tórramh an lá roimhe. Thug sí an oíche ag cuimhneamh ar an saol a bhí roimpi, agus d’fhill an sean-uaigneas uirthi nach líonfadh éinne beo ar an saol é, a mheas sí. Bhraithfeadh sí uaithi Ellen Daunt, ach bhraith sí gur mhair sí ar shlí éigin inti féin. Sea, ba í Ellen Daunt an bhean istigh tar éis an tsaoil. Pé bean ar domhan í Nóra Buckley. Cailín na scéalta agus na speabhraídí, an rince agus na scáileanna.
Bhí sí fuar ina haonar sa tigh, agus an ghealach san fhuinneog. Leath solas na gealaí fráma na fuinneoige anuas ar an mblaincéad agus ar a casóg a bhí caite ar an leaba aici. Bhí an ghealach agus an ghrian ag brath ar a chéile, a tuigeadh di, agus na taoidí ag brath ar a gcomhtharraingt. Spleáchas ar a chéile agus neamhspleáchas in éineacht. Pé rud ab ea Neamh. Bhraith sí go raibh Ellen Daunt, a mamó, ar Neamh. Bhí baint aici le solas seo na gealaí anocht. Bheir sí ar an bpaidrín a bhí tugtha ag a máthair di roimh imeacht go Cill Cholmáin. Mhéaraigh sí clocha an phaidrín go ciúin sa leaba, agus thit a codladh uirthi.
Bhí tórramh Gaelach ar Ellen Daunt, agus tháinig na comharsana ó gach taobh ann. Trí oíche agus trí lá os cionn cláir. Cuireadh síos sa talamh í i mBaile Uí Mhoinidh, sa reilig Phrotastúnach lena muintir féin. Bhí sí seacht mbliana agus seachtó. Bhí William Buckley istigh cheana, agus an uaigh in aisce acu. Ba chuma creideamh faoin gcré, agus ar aon nós bhí William imithe sna púcaí fadó riamh a dúirt comharsa le greann os cionn na huaighe, gan aon bheann aige ar cá raghadh sé.
Trí lá eile ina dhiaidh sin a chuir Nóra di ón mbaile.
Bhí an bád le fáil aici ina haonar ó Chorcaigh. Carr an phoist go Droichead na Bandan agus traein go dtí an chathair.
Bhraith sí, cinnte, gur bhean anois í ag seoladh amach cuan Chorcaí. Bhí fairsinge ag baint lena saol, agus mórán imní ag gabháil tríd. Bhí loingeas cogaidh feistithe sa chuan, liath faoi léithe na scamall, ar uisce liath.
Sea, ba í Ellen Daunt a bhí ag tabhairt faoin aibhéis.
Ellen Daunt. Bean seacht mbliana déag.