LE CHAT NOIR
Thaitin an bhladhm dheargtha, gríos an toitín san oíche, steall an chéad phuth as a pholláirí léi. Anois a chuimhnigh sí air. Bhain sé stad aisti ar an gcéim. Sheas sí, cé go raibh sí déanach.
Fuair sí lán a cinn den bholadh.
Tobac a hathar ag dó.
An baile, a chuir an toitín Francach i gcuimhne di.
Bhí Serge Laporte ag cúinne na sráide taobh leis an Hôtel Majestic, i rue la Pérouse, é tamall gearr uaithi ach gan í feicthe go fóill aige. Caol, ard d’fhear as Páras ach níos ísle de bheagán ná í féin. É ina scáthchruth ón taobh seo faoi sholas an óstáin chun tosaigh. A chasóg liathghorm casta go cluasa air, caipín go dlúth air, san fhuacht. Casóg olna uirthi féin leis.
B’fhéidir gurbh é a hathair a chuir sé féin i gcuimhne di ar fad. É tríocha a dó, a bhí ráite aige, ise fiche. Thart ar an aois chéanna a bhí a máthair nuair a bhuail sí lena hathair.
‘Bonsoir Serge.’
‘Ah, goodnight Nóra.’
Phóg sé ar an nós Francach í. A mhuisteais leis, ach é níos pioctha ná fuiscears a hathar. Go mór.
‘Bhí m’aird ar an gclog,’ ar sé, ‘ní fhaca ag teacht tú.’
‘Tháinig dream ón Astráil isteach gan choinne. Cruinniú eile. Tá’s agat féin. Beoir agus bia a bhí uathu….’
‘Beimid ag siúl agus ag caint,’ ar sé, beagán mífhoighneach.
‘Cén treo?’
‘Amach ar an Avénue d’Iéna, suas go dtí an stad Métropolitain ag Étoile. Turas deich neomat go Pigalle….’
Lámhainní donna leathair air, chuir sé a lámh faoina hascaill. Gan faic ráite aige. Pé cúis a bhí leis an mífhoighne. Shiúladar leo, Serge ag beannú do na gendarmes os comhair an óstáin. Bhí súilaithne acu ar a chéile, é féin ó bheith ag feitheamh ag an ngluaisteán le feidhmeannaigh i L’Hôtel Majestic. Na tiománaithe ag suí thart, ag caitheamh tobac, ag imirt chártaí fad a bhí na cruinnithe ar siúl.
É ag obair mar fheidhmeannach in oifig ar an Quai d’Orsay ag soláthar tuairiscí ar shaighdiúirí a bhí ar iarraidh ón gcogadh. Ina thiománaí fad a mhairfeadh an Chomhdháil Síochána.
Ní raibh sé tugtha faoi deara aige. An ndéarfadh sí?
‘Mon Dieu! Tá tú stoptha arís.’
‘Cheapas go dtugann Francaigh aird ar mhná.’
‘Et alors?’
‘An maith leat é?’
‘Cén rud?’
Rug sí ar a scairf. Chruinnigh sí na beola. O.
‘Á! beoldath!’
Phóg sé ar na beola í.
Shiúladar leo.
Mheas sí go ndéarfadh sé níos mó.
Bhí sé beagán tar éis a naoi. Bhí iarrtha aici ar a cara, Ella Daly, as Contae an Chláir, teacht ina teannta ach bhí sí traochta amach. Bhí Ella ag obair sa chistin in L’Hôtel Majestic. Bhuaileadar le chéile ar an mbád anall go Calais agus thugadar gean dá chéile láithreach.
Shiúladar leo síos rue la Perouse gur bhaineadar amach an Avénue d’Iéna. Bhí an Arc de Triomphe tamall uathu fós, soilsithe ón talamh aníos. Chroch na soilse cliathán an Arc níos airde fós sa spéir ghlan. Bhraith sí eití faoina croí, leis, ag éirí ina cliabh. Scata gluaisteán ag gabháil timpeall air anuas, na gathanna solais ag scuabadh leo. Daoine ag déanamh deabhaidh san fhuacht. Oíche Shathairn. Na lampaí lasta le ciumhais an Avénue, scáil ar na crainn chastáin uathu ar feadh na slí suas.
Bhí sí ag siúl arís i dtír na scáileanna.
‘An bhféadfainn an toitín sin a thriail?’ ar sí le Serge.
‘Lasfaidh mé ceann duit.’
‘Ná dein, ná dein. Triailfidh mé do cheannsa.’
‘Níor shíleas gur chaith tú tabac. Tá siad seo láidir.’
‘Ní chaithim, ach…’
Stop sí.
Chas sé uaithi, agus dúirt rud éigin i bhFraincis nár thuig sí. Ní raibh sé róshásta.
Gan aon taithí aici ar thoitíní. Chuir sé lena béal é. Ghreamaigh ar ghliú an bheoldatha. Thóg sí puth go tuathalach. Shlog sí an deatach. Loisceadh a scornach. Tháinig casadh ina putóga.
Taom casachtaigh. Bhí sí lúbtha. Scaoil sí an scairf óna muineál.
Gháir sé.
‘Sea, mná na Fraince amháin atá in ann dóibh sin. Mná áirithe.‘
‘Bhíodh m’athair agus mo sheanmháthair ag caitheamh an tobac sin i bpíopaí, agus an tigh múchta acu,’ ar sí agus í tagtha chuici féin.
Níor léirigh sé aon spéis sa chaint.
Ní raibh ag éirí rómhaith leis an oíche. Go dtí seo.
Shiúladar rompu ag mionchaint. Chaith sí a caint a mhoilliú chun go dtuigfeadh sé í. Cé a bhí sa ghluaisteán inniu? Arabaigh tagtha. Sínigh agus a gcuid bia féin leo. Seans leis féin a bheith saor. Comhairleoirí i ngach áit. Cruinnithe i gcaitheamh na hoíche. Clemenceau – Uachtarán na Fraince ar sé – an seanghadhar, a lámh ar ghlúin mná i gcúl gluaisteáin ag dul chun bualadh leis an ambasadóir Meiriceánach. An toscaireacht Mheiriceánach le teacht gan mhoill. Tiománaí eile a dúirt.
Rug Serge ar lámh uirthi ag barr na gcéimeanna síos isteach sa Métro. Thóg sí ceann de mhaisiúchán an chomhartha. Na craobhacha fíniúna sa tigh gloine i gCill Cholmáin a rith léi. Glaise iarainn faoi dhuilliúr.
Cheannaigh Serge na ticéid ag an mboth in Étoile. Fiche centimes.
‘Bonsoir Mademoiselle’, a sméid an bhean in oifig na dticéad léi.
Cá mhéad ab ea fiche centimes in airgead? An cúigiú cuid de franc, tuairim is tríocha a cúig sa phunt ach an punt sterling ag neartú. Leathphingin?
I d’aonar, atá tú ag dul amach leis, a dúirt Ella. Francach?
Cúig faoi, abair, tríocha a cúig, sin cúig faoi chúig sin cúig beir leat a dó, cúig faoi thrí sin cúig déag agus a dó a seacht d…céad seachtó a cúig. Bhí na tíleanna bána ag glioscarnach faoin solas. Gach aon ní chomh glan.
Slua rompu ar an ardán, roinnt Meiriceánach. Dream glórach eile thall. An tollán. An t-ainm Étoile thíos, tíleanna, litreacha móra bána i bhfráma gorm. Tíleanna. Uaimhchruth chuartha, tonn bhog aeir.
Boladh dóite eile anseo.
‘An raibh tú ar an Métropolitain cheana Nóra?’
‘Ní rabhas. Ar éigean a bhíos amuigh ach an cúpla uair sa cheantar timpeall ar an óstán. Ach bhíos ar an traein i Londain, agus gal ag plúchadh stáisiún Victoria. Tá sé seo chomh sciomartha le seomra folctha san óstán.’
‘Tá na Sasanaigh lán de ghal. Tá E-leictreachas glan. Táimid anmhórálach as an e-leictreachas anseo i bPáras.’
Thaispeáin sé di mapa cuartha na líne agus na stadanna chomh fada anois le Nation, a dúirt sé. Bhí stailceanna ann seachtain roimhe agus an córas ina stad. Ní raibh an stailc ach réitithe agus ardú pá faighte ag na hoibrithe. Ardú ar na táillí, leis, den chéad uair le fada, ar sé. Thosnaigh sé ag déanamh cur síos di ar an gcóras e-leictreach agus na ráillí, mar a d’oibrigh na carráistí, agus an t-inneall motrice ar dhá ráille agus an tríú ráille chun an chumhacht a ghiniúint agus an cábla 600 volta crochta in airde, an bhfeiceann tú na ráillí thíos agus na cáblaí os do chionn? Gan spéis ar bith aici ann.
Sea, boladh dóite eile, sea, na cruite sa cheárta, ach gan a bheith chomh géar leis. Rian an chrú ar an gcrúb. Gríos eile. Cnámh bhog istigh sa chrúb. Ar an asal bocht leis. É á scamhadh. Iarann de shaghas éigin pé scéal é ab ea an boladh. Ón gceárta. Tairní sna crúba, agus an bun á bhaint díobh le casadh cluaise an chasúir ag Timmy. Chomh haclaí. Curláilte.
‘Agus an ndeineann tú obair ar an inneall sa ghluaisteán leis?’ a d’fhiafraigh sí.
Mionchur síos eile ar inneall gluaisteáin. Níor chauffeur amháin é, ach….
Faobhar a bhí uirthi. Fonn eachtraíochta. Bhí rud éigin breise i bPáras. Dainséar. Bhí e-leictreachas ann. Ar an aer…. Dhá chéad daichead pingin i bpunt. Roinn ar a tríocha a cúig. Cúig isteach in dhá chéad daichead, ceathair agus a ceathair sin daichead sin daichead a hocht os cionn a seacht, abair daichead a naoi sin seacht bpingin i bhfranc agus an cúigiú cuid is ea pingin agus dó fágtha sin fiche roinnte ar a cúig sin ceathair…pingin agus feoirling, fiche centimes. Chiúnaigh an mata an rás sa cheann i gcónaí. Fós, faobhar.
‘…agus tá na línte Métropolitain leagtha amach ar shlí go gceanglaíonn siad lena chéile, an líne nord-sud san áireamh, agus go mbaineann siad na stáisiúin amach ar bhuille an chloig ag brath ar an am a thógann sé gach turas a dhéanamh….’
Chleatráil an traein isteach in Étoile, agus stad go tormánach.
Chuaigh na Meiriceánaigh sa charráiste buí 1ère classe. Roinnt fear dubh agus gléasanna ceoil acu, iad ag gáire le scléip.
‘Braithim an chumhacht ag cruinniú fúm ar an mbinse,’ arsa Nóra agus iad ina suí sa charráiste gorm. Eagla, leis. Eagla ó bhonn.
‘Sin é an roth maighnéadach ag casadh,’ arsa Serge.
Sheas an feighlí faoi éide isteach agus dhún an doras.
Luasc an traein chun cinn as an stáisiún faoi shoilse, isteach sa tollán, á gcaitheamh i gcoinne a chéile.
Chruinnigh an solas sa charráiste timpeall ar a cheannaithe faoin gcaipín. Súile donna. Cluasa beaga néata. Cneas crón. Oíle ann. Srón mhór. Béal leathan. Liopach. É ina ghiolla in ambasáid na Fraince i Londain go dtí gur chuaigh sé san arm. I ngéibheann Gearmánach ar feadh ocht mí dhéag, bhí paistí bána fós ar a chneas ón ngalar a thóg sé ón ngás. Stríoca lena mhuineál mar a bheadh scead ar chapall. Níorbh é an t-éinne amháin é. Ghoill an fuacht go mór air, ó thóg sé nimh ón ngás.
Bhí bean amháin sa charráiste agus í chomh gléasta le péacóg. Hata neadaithe feilte ar a folt gearr agus bróiste airgid ann ag spréachadh. Gúna buí lonrach fáiscthe go bun na nglún, barr dubh lena brollach crochta, leathnochta, í trom-mhaisithe san aghaidh leathan, agus buataisí lena colpaí a raibh cnaipí geala iontu go glúin uirthi. Casóg dhubh astrakhan leata ar a guaillí. Péarlaí bána.
‘Bíonn cuid de mhná na Fraince gléasta amach go hálainn,’ arsa Nóra, ag socrú an scairf timpeall ar a muineál.
‘Sea, ach is breá liom do chuid banúlachta féin Nóra!’
Bhraith sí an chumhacht a bhí cruinnithe fúithi ag maolú, ag dul as, agus iad ag sroichint stáisiúin.
Ternes.
Leath ceol bríomhar clairnéide anuas tríd an gcarráiste. Trumpa ansin á tionlacan. Na Meiriceánaigh i mbun pléaráca ina gcarráiste féin.
An dara hoíche amuigh aici le Serge. Chuir sé caint uirthi féin agus Ella Daly agus iad ag fágaint an óstáin cúpla seachtain roimhe. Iad ag dul ag siúl. D’fhág sé an cluiche cártaí ina dhiaidh agus thug go dtí caifé sráide iad. Fonn air a chuid Béarla a chleachtadh, b’fhéidir. Ach thug sé cuireadh amach di féin. Ella leis, dá mbeadh fonn uirthi teacht ina dteannta. Shuíodar i gcaifé. Bhíodar ag caint.
Bhain sé lámhainn de, agus leag a lámh ar a glúin.
Ba bheag eolas a bhí aici ina thaobh. É ar a shuaimhneas i measc na mban. Bhí a lámh fíneáilte, a chuid ingne bearrtha. Paistí geala ar chúl na lámh aige. Chuir sí lámh lena lámh féin. A cneas féin cruaite ag an sclábhaíocht. Chaithfeadh sí lámhainní a fháil.
Bhí amhrán á chanadh ag fear éigin anois. Sreanganna giotáir á thairneáil san aer. Deacair na focail a dhéanamh amach, leis an torann, ón gcéad charráiste eile. Chuir sí bior ar a cluasa.
……..
’s been a long long time,
…….
all day down the line.
Chiúnaigh an ceol leis í. Na focail a aithint, b’fhéidir.
Luasc an traein chun cinn, ó thaobh taobh, mar a bheadh rithim chliabhán tormánach ó dhomhan eile á luascadh féin chun suain. Bhraith sí thar lear uaithi féin ar shlí nár bhraith sí riamh i Londain, stróinséartha ina saol féin. Mar a bheadh sí ar an ardán thall, Ellen Daunt ar bheagán aithne, agus Nóra na haithne abhus. B’fhuascailt é sin, blas coimhthíoch gan ainm go fóill. Ach leis an mblas, leath eagla gan ainm aníos trína géaga agus a colainn féin. Chruinnigh ina colainn istigh. Chuaigh timpeall agus timpeall mar a bheadh guairneán. D’éadromaigh sé a ceann, ar chúis éigin. An tobar. Chaithfeadh sí cuimhneamh ar an tobar ag sroichint síos go domhain isteach i ríocht na banríona. An tobar a choimeád ina ceann. Socracht bhuan an tobair. Thabharfaí aire di. Dhéanfadh an bhanríon cúram di. Go grámhar. Dhearbhaigh litreacha maisithe na stáisiún, Monceau, Villiers, Rome, Clichy, Blanche, go rabhadar á sroichint agus á bhfágaint, agus san am céanna go raibh stáisiún gan ainmniú, áit gan sroichint go fóill, ná go deo b’fhéidir, le baint amach. Pé stáisiún é.
‘Pigalle an chéad stad eile.’ Scaoil sé lena lámh.
Chruinnigh tonn fuinnimh na hóige, fonn a bheith amuigh san oíche, timpeall ar an slua, os a gcionn, ar an ardán. Moill na dticéad ar an slí amach, nár mhaolaigh ar an bhfuinneamh. Soilse na hoíche ina scaoll ag caochadh fáilte rompu aníos amach in Place Pigalle. Bhí sé ar nós éirí amach in áit éigin a bhí geallta riamh, ach go raibh seilbh faighte ag dream eile ar an oíche. Pérbh iad an dream eile. An áit faoi lánseol siamsaíochta, géaga muilinn soilsithe Le Moulin Rouge ag imchasadh agus deireadh na scuaine ag feitheamh chun dul isteach. Béil solais na n-uaimheanna rince agus ceoil, póstaeir scannán, mná aonair ag siúl na sráideanna, cruinnithe ag cúinní ina mbeirteanna, ina dtriúir, fir ag caint leo, gluaisteáin ag bogadh go mall, gleo. Torann ard na fola.
‘Táimid ag dul síos i dtreo Clichy,’ arsa Serge ag breith ar uillinn ar Nóra agus é ag gáire.
‘Bheadh an stad roimhe ag Blanche níos cóngaraí, ach theastaigh uaim Pigalle a thaispeáint duit.’
Bhí anam tagtha ann, a ghlór cinn caolaithe.
Shiúladar leo thar na siopaí gáifeacha, Serge ag trácht ar chuid de na seónna a bhí ar siúl agus a chuid Béarla ag teip air. Bhrostaigh sí chun coimeád suas leis.
Bhí an saol seo ann, leis, nó cuid den saol nárbh é a saol féin riamh é, mura raibh sé sna póirsí aineoil dá samhlaíocht bhíogtha. Saontacht. Ba ghearr go mbeadh deireadh le saontacht. Bhí sé seo ar fad rómhór, róchasta di. Bhí sí gan treoir sa saol, ach ag brath ar uillinn Fhrancach. An tobar. An tsráid i bPáras anois mar a bheadh an taobh thall dá haigne tugtha anall, ón taobh istigh amach, agus í ag coisíocht trí thaibhreamh beo. Bhí mearbhall uirthi agus í corraithe. Ar snámh inti féin, meisce aerga, ag iarraidh a coiscéimeanna a aimsiú oiread na fríde os cionn talún. Bhraith sí go bhfacthas di an slua sí lastall uaithi, cruinnithe ar bhruach abhann, i mbun cóisire san oíche agus iad ag glaoch uirthi dul ina dteannta. ‘Tá an cibeal anseo, a Nóra, anseo thall cois abhann.’ Ó, a Chríost. D’fháisc sí géag Serge go docht. Bhí a fhios go maith aige cá raibh sé ag dul. Mura raibh sé ag iarraidh í a thabhairt in áit éigin gan srian.
Bhaineadar amach Le Chat Noir. Cuma an tí aíochta, tábhairne tuaithe sna sléibhte in áit éigin, air. É fáiscthe isteach beagán ón óstán lena thaobh. Cuma air go bpléascfadh sé trína chliatháin, nó amach sa tsráid, ach easnacha na gclár dubh adhmaid á choimeád ó thitim. Cá rabhadar ag dul?
Bheannaigh an fear feighle do Serge. Sleá fhada lena thaobh ar an gcosán agus é faoi éide áiféiseach gharda Eilvéiseach. Chuir sé caint air, thug Serge nóta airgid dó, agus tugadh an nod dóibh.
‘’Bhfuil cur amach agatsa ar an áit seo?’ a d’fhiafraigh sí de.
Bhí a béal tirim, an beoldath seargtha. Cheana féin.
‘Thugas cúpla Sasanach ann oíche le feidhmeannach Francach. D’fhanas féin amuigh, sa ghluaisteán. Ní chaithfead aon oíche eile amuigh.’
Cait éagsúla péinteáilte ar na painéil adhmaid ar an bhfalla dearg ar an slí isteach, súile stánáilte ag caochadh i gcat amháin acu, seoda lonracha ag spréacharnach. Bhraith sí gur lean radharc na súl cait isteach í.
Bhuail tonn teasa, tuile ardmheanmach iad nuair a dhruideadar an doras ina ndiaidh. Seomra fairsing a shín i bhfad siar, é chomh leathan leis an dtigh féin, nach mór, agus slí do chéad duine nó mar sin. Nótaí ceoil díreach imithe in éag, tinneall iarsheanma ar an aer. Néalta tobac. É ar chuma seomra taispeántais, gailearaí ealaíne agus siopa bric-à-brac in éineacht. Taipéis ar na fallaí, cuirtíní troma veilbhite. Clapsholas bog sa lár, soilse dearga. Roinnt colún ó urlár go síleáil, lampaí crochta, móitífeanna clasaiceacha Gréagacha greanta, agus féithleoga casta timpeall orthu. Áiteanna oibre faoi sholas. Freastalaithe, fir agus mná óga le tráidirí ag taobh an bheáir, ag na boird. Staighre ar chúl le taobh an bheáir, daoine ag dul in airde agus ag teacht anuas. Ag gáire. Comhartha agus saighead ag síneadh in airde – Théatre des Ombres thuas staighre. Pianó ar ardán cúng i leataobh beagán ó lár an tseomra, bean ag suí ar an stól lena ais, agus spás chun rince agus amhránaíochta ar an urlár clár. Boird bheaga agus mhóra, iad ar fad lán amach. Iad faoi ualach babhlaí bia, gloiní, buidéil, deochanna. Canbháis agus cláracha péintéirí ar na fallaí mórthimpeall, dathadóireacht ar an tsíleáil bhán ard, agus dhá ulchabhán mhóra ar sheastáin ag stánadh orthu, ag tabhairt a ndúshláin. Vásaí móra ar chúl sa timpeall, agus fíoracha nochta dubha ina lúba orthu. Cait poircealláin ar sheilfeanna leis na fallaí. Dubh. Buí. Bán. Ard. Íseal. Suí. Luí.
Níor tugadh aird ar bith orthu. Nó bhí fear an tí gafa.
‘Is fearr na cótaí a bhaint agus suí más féidir,’ arsa Serge.
Bhí cnámharlach iarainn le taobh boird amháin, na méireanna iarainn casta in airde ina gcrúcaí. Nó crúcaí déanta díobh.
‘Tá slí éigin anseo,’ ar sé ag díriú ar bhord i leataobh.
Bhí breis is deichniúr cheana féin ann, agus dheineadar slí dóibh. Hata ar roinnt fear sa timpeall, ach a bhformhór agus an ceann nochta. Cúigear ban ag an mbord. Cuma orthu go rabhadar faoi lánseol óil agus scléipe. Binse a bhí fúthu. Cathaoireacha ag na boird bheaga agus slí níos mó.
‘Cad a ólfaidh tú?’
‘Níor ólas mórán riamh.’
‘Sea, ach cad a bheidh agat anois? Gloine fíona?’
‘Cad a mholfá?’
‘’Bhfuil bia ite agat?’
‘Bhí greim i mo sheasamh agam níos luaithe. Ach d’íosfainn pláta bia.’
‘Tá bia éigin anseo. Cuirfead ceist. Ach ól agus ceol is mó.’
D’ordaigh sé buidéal fíona agus pot-au-feu do bheirt ón bhfreastalaí nuair a tháinig sí chucu. Bean óg ghealgháireach. Níor ghá aon imní. Bhraith sí an sparán lena brollach, seansparán Ellen Daunt. Bhí fiche a cúig franc agus seasca cúig centimes aici ann, idir nótaí agus bhoinn. Gan aon chlár bia go bhfeicfeadh sí na praghsanna.
Bhí Serge ag caint leis an bhfear óg taobh leis. Léine bhán oscailte, muinchillí fillte go huillinn, gruaig fhada dhubh, meigeall, agus cravate ar sileadh leis. Ní raibh éinne le taobh Nóra, í ag bun an bhoird. Bhí radharc aici ar chliathán an phianadóra, ach colún sa tslí uirthi. An beár ar chlé uaithi, agus bord mór eile. Rug an fear óg taobh le Serge ar bhileoga lámhscríofa, agus d’éirigh sé ina sheasamh. Chiúnaigh an slua timpeall air, ach lean an gleo ag an mbeár agus ag na boird eile.
‘File’, a dúirt Serge de chogar léi.
D’aithris an fear óg a dhán, ón mbileog, os cionn an ghleo, na mná go háirithe ag tabhairt cluas na héisteachta dó. Filí eile, nó scríbhneoirí, bileoga acu, an triúr a bhí in éineacht leis. Shuigh sé faoi, agus thug a chuid éisteoirí bualadh bos dó. Dhiúg sé a ghloine fíona. Líonadh a ghloine arís. Dhiúg.
Thosnaigh an bhean ag an bpianó ag seinnt, agus d’éirigh amhránaí ina sheasamh. ‘Auprès de ma Blonde’ a dúirt sé a chanfadh sé.
‘Tá cáil air seo,’ arsa Serge.
Leagadh buidéal fíona agus buidéal uisce os a gcomhair. D’imigh an freastalaí. Ní raibh aon ghnás móiréiseach ná éirí in airde anseo dá mhéid a iomrá. Ól nó fág i do dhiaidh é.
Líon Serge na gloiní.
‘Ól é sin agus beidh tú ar do shuaimhneas,’ ar sé. ‘Bordeaux maith é. Neictear na ndéithe,’ á bholathaíl. ‘Tá téagar ann, mianach aclaí as ithir rua shaibhir na gréine. Ól gathanna na gréine.’
Bhlais sí é. Luigh sé ar a teanga. Síoda sníofa lena béal. Oíle lena teanga bheag. Bhraith sí brothall ina bolg agus an bolgam fíona ólta aici. D’ól sí bolgam eile.
Chiúnaigh an slua agus seo leis an amhránaí fir. Seanamhrán, na focail ar bharr a ngob ag na Francaigh, chanadar an curfá in éineacht leis an amhránaí….
Auprès de ma blonde,
Qu’il fait bon, fait bon, fait bon.
Auprès de ma blonde,
Qu’il fait bon dormir….
Au jardin de mon père,
Les lauriers sont fleuris;
Au jardin de mon père,
Les lauriers sont fleuris;
Tous les oiseaux du monde
Vont y faire leurs nids.
Auprès de ma blonde,
Qu’il fait bon, fait bon, fait bon.
Auprès de ma blonde,
Qu’il fait bon dormir….
La caille, la tourterelle
Et la jolie perdrix.
La caille, la tourterelle
Et la jolie perdrix,
Et la blanche colombe,
Qui chante jour et nuit.
Elle chante pour les filles
Qui n’ont pas de mari;
Elle chante pour les filles
Qui n’ont pas de mari;
C’est pas pour moi qu’elle chante
Car j’en ai un joli.
Il est dans la Hollande,
Les Hollandais l’ont pris.
Il est dans la Hollande,
Les Hollandais l’ont pris.
‘Que donneriez-vous, belle,
Pour voir votre mari?’
Je donnerais Versailles,
Paris et Saint-Denis,
Je donnerais Versailles,
Paris et Saint-Denis,
Le royaume de mon père
Celui de ma mère aussi.
Chuir an t-amhrán ardmheanma ar an slua, fiú ar na filí gruama a bhí ag an mbord. Thosnaigh buíon bheag ceoltóirí lastall ag seinnt ceol mear rince jazz agus b’eo le roinnt lánúineacha amach ag rince. Tháinig meidhir ar an oíche.
‘Níor thuigeas na focail,’ arsa Nóra.
‘Scríobhfad roinnt díobh amach duit,’ arsa Serge, Et la blanche colombe, qui chante jour et nuit, Elle chante pour les filles, Qui n’ont pas de mari….’ Mhínigh sé na focail di le dua, agus bhain Nóra triail astu os ard…. Dheineadar gáire, Serge ag magadh fúithi agus í ag iarraidh teacht timpeall ar na focail ina canúint féin.
‘Ó, tá tú ag ithe Fraincise mar a itheann Sasanaigh a gcuid bia, á shlogadh gan blaiseadh!’
‘Múin dom na focail a bhlaiseadh!’
‘Ramhraigh na liopaí, fuascail do theanga ón scornach, fliuchaigh do bhéal beagán, blais na fuaimeanna, lig dóibh rince le ceol i do bhéal….’
Shéid sí na liopaí amach, mar a dhéanfadh capall, sháigh sí bior na teanga amach, agus bhlais sí na fuaimeanna ar an aer….
‘É lah blainns cúlambe….’
‘Non, non, blanche colombe….’
‘Blaunch cúlambe….’
‘Beagán níos fearr, féach ar mo bhéal….Blanch-e colomb-e….’
‘Blaunch-eh cúl-óm-beh….’
‘Níos fearr fós, b’fhéidir, gan -é ina dheireadh, ach scaoil le do theanga, mar seo…tá an béal Sasanach righin…’ agus sháigh sé a theanga amach timpeall ar a bheola, á leathadh.
Phóg sé í. Phóg sí é. Teanga ar theanga.
‘B’fhéidir go gcabhródh sé sin leat,’ ar sé, agus bolgam fíona á ól aige.
‘Agus braon fíona ina theannta. Cabhraíonn an fíon go mór. Chun Fraincis a labhairt.’
D’ól sí breis fíona agus líon sé na gloiní arís.
‘Fan go mbainfidh mé triail anois as…. Blaunche col-ómb-e….’
‘Bravo! Beagnach i gceart…anois qui chante jour et nuit….’
Bhí an bia dearmadta ar fad acu, faoin am ar tháinig sé. D’itheadar é go mall, ag blaiseadh na feola a thit le boige mhéith den chnámh, ag sú súlach na hanlainne ar an arán. D’óladar an fíon agus an t-uisce ina theannta, agus leanadar orthu ag iarraidh na focail Fraincise a rá eatarthu, ag gáire idir fuaimeanna glana Fraincise agus aithris bhéil ar fhuaimeanna. Ba chuma tuathalach nó foirfe. Níor thugadar aon aird níos mó ar an gcomhluadar ag an mbord, ach a spás dílis féin acu, faoi mar nach raibh éinne ar bith beo thart orthu. Bhog an bia agus an fíon amach iad, iad beirt ag caint agus ag gáire go glórach, agus thosnaigh an dream taobh leo ag cur cainte orthu, ach ba bheag aird a thug Serge orthu ach á bhfreagairt go béasach. Bhí a aird iomlán ar an mbean óg os a comhair, í ag bláthú, ag ligean léi, ag scaoileadh teannas a coirp le gach blaiseadh béil agus bolgam brothaill trína teanga agus a béal maoth.
‘Caithfeadsa leithreas a bhaint amach,’ arsa Nóra.
‘In airde staighre. An mbeidh tú ábalta é a bhaint amach leat féin?’
‘Táim cinnte go mbeidh.’
‘Raghaidh mé ann i do theannta ar fad. Ní bheadh a fhios agat cad a bhuailfeadh leat ansin thuas.’
Bhí sí beagán bogtha agus cnaipí a brollaigh oscailte amach aici, an scairf fágtha ar an mbord aici.
Bhaineadar amach an staighre agus thionlaic Serge in airde í. Bhí an soilsiú dearg maolaithe ar fad ar an gcéad urlár eile, agus staighre eile fós ag dul in airde uaidh sin. An Théâtre des Ombres agus doras isteach ann ón bpasáiste. Ghabhadar go bun. D’fhan Serge léi go raibh a cúram déanta aici.
‘Cad atá in airde staighre arís?’
‘Seomraí príobháideacha. Do na fir is na mná.’
‘Ó. An mar sin é?’
‘Ní maison close atá anseo, tigh leathair…. Ach bíonn áit phríobháideach ó fhir is ó mhná ó am go chéile, tá’s agat.’
‘Tuigim é sin…agus an áit sin thíos…?’
‘Bíonn seó ar siúl ann, amharclann na scáileanna.’
‘An féidir dul isteach ann?’
‘Táille eile.’
‘Tá sé agam anseo le mo bhrollach.’
‘Ní bhacfadsa leis,’ arsa Serge. ‘Tógfar ár n-áit thíos ag an mbord mura mbíonn duine againn ann.’
‘Ba mhaith liom féin é a fheiscint.’
‘Isteach leat.’
Bhí an taispeántas ar siúl cheana, gan éinne ag an doras. Bhain sí suíochán ar chúl amach. Bhí sí meidhreach. Seomra beag gan é ach leathlán, slí ann do thríocha duine. An stáitse nó an spás taispeántais crochta beagán, ba iad na scáileanna féin a thug doimhneacht dó. Ceol gan aon fhocal, rince na scáileanna, agus a scéal féin acu. Teilgeoirí ar chúl an bhrait, teilgeoir ón mbun aníos, agus laindéir eile á n-ionramháil le rithim an cheoil. Taibhreamh beo eile, agus fós, taibhsí. Bhain sé leis an gcogadh. Cailéideascóp. Ceol pianó. Máirseáil. Craiseáil. Feadanna. Scáileanna á bpléascadh, á smiotadh. Ag síneadh le fad an tseomra. Gunnaí ina scáileanna. Corpáin ina scáileanna á bpreabadh san aer. An chistin sa bhaile. Na scáileanna ag síneadh ar an tsíleáil agus a seanmháthair ag léamh na scéalta. Bhí sí ar ais ar urlár na cistine. Chuala sí glór a seanmháthar ag teacht timpeall ar na focail. Bualadh bos. Ansin, scéal eile. Scáileanna collaí, ag rince. D’éirigh sí amach.
Bhí buidéal fíona eile ar an mbord ag Serge nuair a bhain sí amach é. Ceol.
‘An bhfuil fonn rince ort?’ ar sí.
‘Tá dhá chos adhmaid fúm.’
‘Seo, raghaimid amach. Is maith liom an ceol seo.’
‘Ól braon fíona ar dtús.’
‘Ólfad.’
Chaith sí siar bolgam fíona. Chuir sí an scairf timpeall ar a muineál. Rug sí ar lámh ar Serge agus thug amach é.
Bhí dhá staic adhmaid faoi. Fear lách, áfach. Ní fear lách a bhí uaithi. Ach fear dainséarach. Fós. An dainséar ann a nochtadh. Í fein i gceannas ar an rince. Scaoil sí leis. Rinc sé leis féin. Cúpla lánúin eile amuigh. Rinc sí i spás coirp agus cinn dá cuid féin. Bhraith sí an ceol ag freagairt dá gluaiseachtaí coirp féin, mar a bheadh na ceoltóirí ag seinnt di féin amháin. Ghabh an ceol tríthi ó bhonn aníos. Bhraith sí teanntaithe sa ghúna fada. D’ardaigh sí aníos é. Scaoil sí leis. Le tarcaisne, á chur uaithi. Shín sí an scairf amach, an ceann a bhí tugtha ag Gauguin di. Dhein sí rince Gauguin leis an scairf. Cá raibh sé uaithi? Ba é Gauguin an fear. An feairín. Bhí na súile dúnta aici, agus í ag imeacht léi féin, timpeall, ina scáil bheo bhíogtha, ina creat feola géagach ag lúbadh. Bhraith sí cuair an cheoil inti, na nótaí ar an gclairnéid agus ar an sacsafón ag baint cuisle a hanama féin amach, agus í ag freagairt dóibh ina lúba lúbtha, ina gcuair chuartha, ina steallta, sea, ag stealladh. Bhraith sí ina brollach é. Ina lámha sínte. Níor léi a colainn féin níos mó, cé go raibh sí in iomláine a coirp, an scairf á teannadh lena brollach aici, á scaoileadh uaithi aici mar a bheadh sciatháin, á síneadh ar fud fad na lámh sínte aici ar a leithead. Bhraith sí an ceol bíogtha ina cromáin os cionn na ngéag, neamhspleách orthu agus nasctha leo in éineacht, i neart na matán súpláilte ag freagairt do gach nóta nár nótaí amháin níos mó iad ach sruth ag stealladh idir dhá charraig ar chnocán fraoigh…rinc sí amach as a craiceann, amach as an gcreat feola, agus fós na sála fúithi ag coimeád rithim an cheoil leis an urlár clár. Bhí na ceoltóirí anois ag coimeád ceoil lena gluaiseachtaí féin, ag cruthú an cheoil ar ala na huaire, ag tionlacan an rince. Bhí sí ina haonar ag rince, gan a fhios aici féin é, na rinceoirí eile druidte siar uaithi nó ina suí, lasair bheo rince ag gabháil stealladh uirthi ina colainn istigh, an cholainn ina namhaid aici agus ina dlúthchara araon arbh eol di gach cuas rúnda agus féith dheargtha riamh inti ó tháinig sí ar an saol agus ó chonaic sí an solas in airde uaithi, an spéir ghlan os cionn talún i nGort na Luachra….
Bhí sí spíonta.
Stop an ceol.
Bhí tost ann.
Ansin lig an slua na gártha.
Níorbh í féin í féin níos mó. Bean eile. Di féin an greadadh bos. Bhí allas léi. Tuirlingthe ar thalamh. Thug sí a haghaidh ar an mbord.
Bhuail sí fúithi. Shín Serge gloine uisce chuici. D’ól. Agus gloine eile. Tugadh buidéal seaimpéin i mbuicéad go dtí an bord. Ó fhear sa lucht féachana, a dúirt an freastalaí. A chárta ina theannta. Stiúrthóir halla rince i bPáras. Les Folies Bergère.
Líon Serge gloine seaimpéin di. D’ól sí é. Bhraith sí a ceann ar snámh, chomh héadrom le cleite á scuabadh san aer ag leoithne. Bhí an t-amhránaí ag gabháil fhoinn eile agus an slua ar fad meidhreach.
Tháinig stiúrthóir Les Folies Bergère, Paul Derval, go dtí an bord. Labhair sé féin agus Serge le chéile, agus rug sé ar lámh uirthi á pógadh go béasach. Cuma na huaisleachta air, faoina hata ard. Dá dteastódh uaithi rince a dhéanamh aon am ar stáitse ní raibh le déanamh aici ach a chárta a thabhairt léi go dtí Les Folies Bergère, agus é a lorg. D’imigh sé.
Bhraith sí clúmh éadrom seaimpéin ina ceann agus iad ar an slí abhaile sa fiacre. Serge ag caint ar í a lonnú i bPáras, go bhféadfadh sé socruithe a dhéanamh di. Bhí aithne aige ar na daoine cearta. Gheobhadh sé carte d’identité d’étranger di gan aon dua.
Nuair a phóg sé í i gcúl an fiacre agus an capall ag gluaiseacht go mall trí shráideanna Pháras, bhraith sí go raibh a bheola agus a theanga chomh héadrom le clúmh, leis.
Ní raibh aon ualach feola ag an saol níos mó.
Clúmh ar fad ab ea an saol.