LES OISEAUX DES FOLIES
Fuascailt ab ea é, an léim a thabhairt sa duibheagán.
Bhraith sí go raibh cuing scaoilte aici agus tháinig ceol as an nua aníos inti. Bhraith sí an fuinneamh ag seoladh ón gcathair féin agus í ag imeacht sna sráideanna. Ná níor mhaolaigh casadh an tséasúir i ndeireadh an tsamhraidh é. Bhain an fómhar cor nua as. Bhí an séasúr ag cur séala ar a saol, á dhearbhú.
Bhraith sí go raibh cuid di a bhí ceilte uirthi féin, agus nach raibh a fhios riamh aici conas teacht air, á nochtadh faoi sholas an lae gach lá. Níor thuig sí a mhéid a bhí an chuid cheilte di ann, go dtí gurbh ann dó. Bhí sé riamh ann, an fuinneamh sin, ina thaisce rúnda in aisce sa saol chomh saor leis an lá, á roinnt gan teora ag an lá. Ní raibh an fios ach ag an bhfíorbheagán, naoimh agus geilt b’fhéidir. Agus níorbh aon tairbhe do na geilt é, mar ní fhéadfaidís é a roinnt ar éinne, ach iad gafa sa ghuairneán amháin. Pé scéal ag na naoimh é.
Bhraitheadh sí ó am go chéile é ina saol roimhe sin, nuair a ghlacadh an rince istigh seilbh uirthi idir anam agus chorp. A colainn istigh a mheas sí a bhí ann go dtí sin, ach, is ea, ba é an rince istigh é. Dhéanfadh an saol agus a mháistrí dorcha iarracht ar an rince sin a bhrú faoi chois, ar mhaithe le leagan na máistrí dorcha den saol, nuair ba réiteach meanman agus anama go léir, léir é. Ná níorbh aon tseilbh ach an oiread é. Í féin páirteach in iomláine shaolta lena beo, dá laghad é, ina beo. Bhraith sí, ag siúl na sráide di, go raibh sí ag cur síneadh breise leis an saol, ag coisíocht as an nua ar dhroim na talún.
D’fhoglaim sí conas aire a thabhairt di féin ar shlite nua, ó na smideoirí agus ó na gruagairí sna Folies Bergère. Cúram a dhéanamh dá colainn. Sea, conas caitheamh i gceart léi féin ar bhealaí simplí. Tháinig luisne spridiúil ina grua, splanc bhreise ina súil. Bhaineadh an cúram maisiúcháin phearsanta a dheineadh cuid de na Francaigh díobh féin, siar aisti i dtosach. Ach bheartaigh sí a gcuid cleasanna praiticiúla, a d’oir di féin, a fhoghlaim uathu. Bhí an chuid istigh di agus an chuid amuigh ag druidim i leith a chéile níos mó. Mar a bheadh cnó méith.
Bhí an cholainn bhanúil á feistiú, á cur i láthair i bhfuinneoga siopaí ar shlí nár shamhlaigh sí riamh. Chuimhnigh sí lá, ag féachaint ar chlóca faiseanta corcra i bhfuinneog i rue de Rivoli, ar a máthair agus ar a seanmháthair faoina gclóca dubh Spáinneach ó bhaitheas go sáil ar an mbaile mór. Lá amuigh, cén áit? Beanntraí. Bhuail dairt an uaignis í, agus iarracht de mhórtas, leis, tríd. Mórtas banúil. Thug sí dathanna agus dearadh agus ábhar éadaigh faoi deara, den chéad uair i gceart, agus láimhseáil sí a mianach sna siopaí. Cheannaigh sí mála láimhe dearg di féin i siopa Lafayette. Lá mór eile. Sheas sí amach thar tairseach na sráide mar a bheadh duais gnóite aici. Chuir sí a trealamh pearsanta i dtaisce ann, a scátháinín, uachtar cnis, agus fiú buidéilín cumhráin. Leabhar beag nótaí, an beoldath, gan a scuab gruaige a dhearmad. Dhein sí cúram speisialta dá lámha, dá hingne. D’fhoghlaim sí nár ghá airgead a chaitheamh, mura mbeadh sé aici. Níor chráigh saint na súl í, ó nádúr, de réir dealraimh.
Chaith sí slí bheatha a thuilleamh leis. The Birch Rod an leasainm a thug na rinceoirí i mbuíon les girls anglaises sna Folies Bergère ar an stiúrthóir rince Doris Birch. Na laethanta a thugadh sí ag liúirigh orthu, ag sceamhaíl ‘Precision, it’s about precision, p-r-e-c-i-s-i-o-n’ nó ‘Energy Up, Up, Keep the energy Up, Up’ orthu, ghlaodar The Bitch uirthi. Bhí sí féin chomh caol díreach leis an tslat ina lámh, treabhsar scaoilte uirthi, crios leathan lena coim, gealasaí dearg anuas ar léine olna, an folt fada fáiscthe buí mar a bheadh moing chapaill ar sileadh le caol a droma. A haghaidh lom chnámhach, agus a muineál fada corr réisc san airdeall.
D’fhaireadh sí na rinceoirí le súil ghéar an fhiaigh, féachaint an raibh an cor ba lú as alt. Dá mbeadh, phreabadh lena gob. Shíneadh an tslat faoi alt nó ioscaid, á gcrochadh san aer. ‘Timing, timing, timing, the timing is completely out’ a bhéiceadh sí lena scréach chaol coirre, agus chaitheadh an pianadóir agus na rinceoirí stopadh agus tosnú arís ó thús ar na céimeanna cleachtaidh. Bheadh rince na buíne chomh beacht le céimeanna míleata. Ní bheadh an ribe ba lú as alt, ach na géaga fada loma ag síneadh agus ag gluaiseacht ar comhbhuille mar a bheadh craobhacha ag lúbadh agus ag teannadh faoi chóch gaoithe. Ní raibh solas ar bith, ach a raibh den lá ann trí na fuinneoga arda, sa halla cleachtaidh ar chúl na Folies síos isteach i rue Trévise agus chaití an solas leictreach a chur ar siúl go luath sna hiarnónta le teacht an gheimhridh. Bhí an foirgneamh féin á athchóiriú ó bhonn agus gan ach seanchóras téamh gaile i bpíobáin sa halla a bhain an ghoimh as an aer.
Má bhí l’exotisme á chur chun cinn ag bainistíocht na Folies, agus míreanna coimhthíocha as an Afraic á gcur ar stáitse i leataobh, bhí cnámh droma chomh druileáilte le hArm i gcnámharlach na Folies Bergère. Bhí an ghaoth bainte as na Folies féin ó thug an stiúrthóir Léon Volterra na cosa leis go dtí an Casino de Paris, bliain roimhe sin, agus na sluaite le mealladh ar ais faoi athchóir. Shocraigh an slánaitheoir nua Paul Derval, go nochtfadh cuid de mhná na Folies níos mó dá gcorp beo ná mar a bhí déanta riamh roimhe sin ar stáitsí Pháras. Agus bhí éirithe leis Mistinguett agus Maurice Chevalier, amhránaithe agus rinceoirí a bhí ina leannáin tráth, a mhealladh ar ais ar chostas ard ón Casino de Paris go dtí cláracha na Folies don seó nua Les Oiseaux des Folies. Mar bhreab bhreise do Mistinguett, bheadh a hamhrán nua ar ghramafón, Mon Homme, ina chuid dhílis den seó nua agus leáfadh na sluaite roimh Mistinguett agus í ag canadh
Is é m’aon áthas ar domhan é, níos mó ná éinne,
Is é m’fhear féin é.
Tugaim dó mo ghrá iomlán, fiú éirí na gréine,
– dá mba liom féin é –….
í feistithe ina féinics, ar crochadh ar luascán agus ag scuabadh os cionn na sluaite go dtí Chevalier i lárstáitse faoi fheisteas fiolair órga agus an chathair féin ina pictiúr teilgthe reatha lena chúl. Bheadh leas á bhaint as teilgean scannáin den chéad uair, an tseanaois seo caite á glanadh chun siúil ar deireadh, agus na Folies le feistiú don ré úr. Agus d’fhásfadh sciatháin, leis, faoin amhrán le himeacht aimsire a sheolfadh trasna an Atlantaigh agus a thuirlingeodh i nótaí anama My Man ar liopaí créachtaithe Billie Holiday.
Ach d’éireodh leis na Folies Bergère méar a chur ar chuisle reatha na ré le Les Oiseaux des Folies, an seó ba mhó fós a mheallfadh na sluaite. Choimeádfadh na hirisí siamsaíochta faoina gceannteidil gháifeacha anam an bhiadáin leis an seó, agus iad ag fiafraí Cad a tharla dáiríre píre sa taipéis? ag tagairt don uair a rolláil Mistinguett agus Chevalier as taipéis ar stáitse i lár taispeántais, agus iad fáiscthe ina chéile faoi lánsolas gan brat na clúide. Dá mb’éagantacht iomlán féin é, chomh héadrom le feisteas clúmhach na rinceoirí, ba chuma, faoi mar a tuigeadh do na sluaite agus do na Folies araon i gcomhpháirt, nach raibh i ngach gné den seó ach áiféis thaitneamhach, cleasaíocht bhrionglóideach á preabadh le ceol spreangtha as gaiste. Agus mheallfaí Chevalier, ina Bhéarla briste le blas siúcrúil na Fraincise, chun áiféise ar scannáin Hollywood agus ar ghramafóin a cheil ar an bpobal agus air féin a bhriseadh croí agus é ina gharsún óg ag canadh ar stáitse chun greim a choimeád ina bhéal.
Fuacht agus na matáin a choimeád te agus súpláilte is mó ar fad a bhí ina gceann ag buíon les girls anglaises, agus bhraith Nóra ar feadh i bhfad, nó Ellen Daunt mar a bhí anois amháin uirthi, nach raibh sí i bpáirt go hiomlán leo. Ba í ba dheireanaí a tháinig ina measc, agus í roghnaithe ag Mrs John Tiller í féin tar éis di teacht ina láthair. Bhí aithne ag an deichniúr eile ar a chéile, cuid acu níos fearr ná a chéile, a nósmhaireachtaí bunaithe, iad tagtha chun cinn mar bhuíon i Sasana faoi stiúir John Tiller agus a bhean chéile. Bhíodar mar ealta ghuilbneach ar bith eile a dtiocfadh éan fáin eile ina measc.
Rinceoirí Sasanacha agus eachtracha eile as lár na hEorpa a bhí ina gcnámh droma ag na Folies Bergère. Mná óga breátha as tír na muilte cadáis in Lancashire is mó, bhí taithí ag cuid acu ar shaol na hallaí ceoil i Sasana, gan taise ná trua iontu don té a bhí lag, leonta, ná leachta. Shín a sinsearacht féin na glúnta siar i muilte cadáis na mban. Bhí na muilte dulta ar gcúl de thoradh soláthar earraí agus bunábhair níos saoire anois ó Mheiriceá agus ó na coilíneachtaí nua. Níor náir le bean óg ar bith díobh a bheith ina factory girl. Albanach amháin a bhí ina measc, Joy McClean as Glaschú, an bhean ba shóisearaí sa bhuíon go dtí gur thuirling Ellen Daunt.
Bhí ord maorlathach ann; cé acu duine a bheadh i dtosach na buíne, cé acu a bheadh ina deireadh, nó cén áit a sheasódh duine i dtús cleachtaidh chun aird Doris Birch a fháil. Ag brath ar an gcleachtadh, mhalartaíodh sí ord na rinceoirí thart sa líne, agus laethanta bhíodh teannas sreinge ag gabháil tríd an mbuíon, á teannadh agus á scaoileadh ag an stiúrthóir de réir mar ba thoil léi féin é. Bhí a saol iomlán ar stáitse ag brath ar chomhghuaillíocht na buíne i mbun rince, ach bhí nimh acu dá chéile, leis, nuair nár ghá é ach chun nach nochtfadh nimh níos túisce sa duine eile. Fuair Ellen Daunt an chuid ba nimhní de i dtosach, ach fuair sí aird Doris Birch go luath toisc gur luigh sí isteach leis an mbuíon. I ndeireadh na líne. Dá mhéid an giobadh, choiméadfadh sí leo. Má bhí muinín ghrámhar inti, níor leor a leithéid chun plé leo seo, agus d’aimsigh sí righneas a muintire, tiufáltacht shinseartha, chun coimeád leo.
Bhí ceol nuachumtha á chleachtadh i mbun rince na buíne, é bunaithe ar jazz a d’fhág a chúl go hiomlán le ragtime. ‘Feel the music, feel the music in your bones, feel the music in the tones and the toes,’ a bhéiceadh Doris Birch orthu agus iad i mbun cleachtaidh. Mura mbraithfeadh sí go raibh bean acu ag freagairt don cheol chun a sástachta, d’fhógraíodh sí ar an mbuíon éirí as agus dhíríodh sí ar an mbean sin ina haonar. Dhírigh sí ar Ellen, maidin. Mír á cleachtadh. Naoi gcéim leanúnacha i leataobh, ceithre chéim níos tapúla, agus an chos dheas sínte ar aon bhuille leis na trí chéim chlabhsúir. Bhí an rithim imithe sa mhuileann uirthi. ‘Leaden Ellen’ a thug Doris Birch uirthi le tarscaisne, agus thug sí leathuair an chloig ag gabháil di suas agus anuas ar na cláracha go dtí go raibh sí leathshásta.
Serge Laporte a shocraigh an seomra cónaitheach di faoin díon sa Résidence Hôtellière i rue Frochot taobh le Place Pigalle. Mhínigh sé di go raibh ceangal air fanacht ina árasán féin in Belleville, tamall ó Pigalle, chun aire a thabhairt dá mháthair. Níor chreid sí focal uaidh, ach ba chuma léi. Duine cuiditheach ab ea é, agus an cárta cónaitheach Francach faighte aige di, ach bhí sé leamh.
Bhí a thrí oiread pá aici ó na Folies Bergère, ar chonradh gearrthréimhseach, ach faoin am go raibh an cíos díolta aici leis an tiarna talún Airméineach, agus a cuid costas glanta, ba lú an t-airgead a bhí fágtha aici is a bhíodh agus í ina searbhónta. Nuair a d’aistríodh sí airgead na Fraince ina hairgead féin, ba lú go mór é. Ní raibh airgead aici le cur i dtaisce níos mó. Bhí sí ina haonar, ag déanamh di féin, agus ba dhícheall di seachtainí áirithe agus éadaí rince le ceannach aici, airgead a aimsiú chun a caiteachas a ghlanadh. Bhí sí cnuaisciúnta, ach dá mhéid an fhuáil a dhein sí ar éadaí sractha rince, bhí ball éadaigh le ceannach i gcónaí chun coimeád te nó teacht i láthair le linn chleachtaidh. Chaithfeadh na rinceoirí a bheith néata gach lá don chleachtadh, agus dheineadh Doris Birch iniúchadh chomh géar orthu agus a dhéanfadh maorsháirsint. Bhí bailiúcháin mhóra feisteas ag na Folies, maintíní agus mná fuála eile ag obair orthu, ach ní raibh teacht orthu go dtí tráth na gcleachtaí feistithe.
Bhí Ellen ina cónaí i mbarr an tí, gan ach soláthar uisce ann as, leithreas á roinnt aici le triúr ban eile, agus ba é a dícheall í féin a ní, agus a cúraimí a dhéanamh. Fuinneog sa díon agus séideán isteach tríd, radharc ar spéir na hoíche, agus gleo na sráide maolaithe chomh fada seo in airde. Fáinne gáis chun cócaireachta agus spás ar éigean chun casadh timpeall idir an sorn agus an leaba, bhí bord beag taobh leis a bhféadfadh sí pláta agus cupán a leagadh air. Vardrús amháin dá cuid éadaigh le hais an fhalla, scáthán suarach, chaithfeadh sí a ceann a chromadh chun nach gcnagfadh sí an díon agus í ag oscailt na fuinneoige. Bhí gnúsachtach na mná taobh léi i mbarr an tí le clos agus compánaigh istigh aici oícheanta, agus í ag iarraidh dreas codlata a dhéanamh. Páipéar tiubh bán ar na fallaí agus rianta taisireachta sna cúinní. Cláracha adhmaid fúithi ar an urlár agus brat caite donn.
Théadh na rinceoirí go dtí folcadh poiblí, cúpla uair nó trí sa tseachtain, taobh le foirgneamh na Francs-Maçons i rue Cadet, ach níorbh acmhainn dóibh na seomraí faiseanta Hydrothérapie a bhaint amach. D’fhás caradas agus cóngas eatarthu. Bhí na háiseanna i bhfoirgneamh na Folies féin teoranta, mar gheall ar an athchóiriú, agus chaitheadh sí síneadh siar ina leaba, oícheanta, agus ligean don fhuarallas téachtadh ar a craiceann faoi chuilt tar éis lá fada ar na cláracha.
Bhraith sí bearna ag méadú ina saol, idir an saol a bhí á chaitheamh aici ó lá go lá agus an tsamhail a bhí ina ceann den saol a d’fhéadfadh a bheith. B’fhéidir go raibh sí féin, leis, baoth agus a cheapadh go raibh comhlíonadh cinniúnach geallta di ag an saol. Riamh ó bhí sí óg. Fantaisíocht a bhí ann, chomh mór ina scéal sí agus a bhí lá ar bith i gceann William Buckley ag féachaint sa spéir tríd an simné. Bhí Charles P. McCarthy lách léi, nuair a dúirt sí leis go mbeadh sí ag fanacht i bPáras. Dúirt sé léi, fiú, scríobh chuige dá mbeadh aon chúnamh uaithi. Uair ar bith.
Bhí litir faighte aici ó Ella Daly féin, a bhí anois in Melbourne, agus í fós ag tathant uirthi an Astráil a bhaint amach. Bhain Ella gáire aisti, lena scéalta ar na fir san Astráil, feirmeoir garbh amháin agus a dhreach ruadhóite ar chuma ceathrú bagúin leasaithe a thairg í a phósadh ach a raghadh sí chun cónaithe san outback. Bhí a dóthain faighte aici, ar sí, d’outback na hÉireann agus d’fheirmeoirí caorach. Ní raibh sé ráite aici ina litreacha féin abhaile go raibh sí imithe le saol an rinceora, ach go raibh sí ag obair ar feadh tamaill le teaghlach Sasanach i bPáras. Ghabh sí leithscéal mar gheall ar ghannchuid airgid, go fóill, á rá go raibh Páras costasach agus airgead na Fraince – chuir sí nóta fiche franc sa litir – gan a bheith acmhainneach.
Bhraitheadh sí an seanuaigneas ó am go chéile, leis, tobar a hóige ag cur thar maoil inti, agus go mbrisfí í dá bhfanfadh sí rófhada ag cuimhneamh air. Cathair aduain ab ea Páras gan tuiscint aici ar an mionchaint idir daoine sa tsráid ná i mbun gnó, ná ar a ngreann gur shólás é i Londain le ciumhaiseanna a huaignis. Chuir an rince an t-uaigneas ar gcúl, cinnte. Mura mbeadh an seanuaigneas, b’fhéidir, ní bhraithfeadh sí riachtanas rince chomh láidir riamh ina géaga, faoi mar go raibh ceol rúnda ina lár a d’éiligh gníomh seanma, ar son a hanama. Agus bhraitheadh sí laethanta ag gabháil an cnoc síos le fána i dtreo rue Henri Monnier, agus ar aghaidh go dtí rue Notre-Dame des Lorettes go mbuaileadh sí léi féin ag siúl aníos chuici i ndreachanna na mban sráide a chruinnigh isteach sa chomharsanacht ó thuath na Fraince. An feisteas áirithe sin, caite le chéile. An fhéachaint aduain, scoite. An fiafraí síoraí sna súile, stoite. Iad ag seasamh sna doirse, searbhóntaí eile ag glanadh na gcéimeanna, nó mná a chuaigh le collaíocht an mhargaidh chun greim a choimeád ina mbéal agus bróga faoi na boinn. Bhí nós aici tamall a thabhairt ina suí ar chúl séipéal Notre-Dame des Lorettes, agus í ag filleadh abhaile ó na Folies, chun slí a thabhairt dá ceann ciúnú, dá colainn téarnamh. Bhí teas sa séipéal, agus brí le guí ina suí.
Bhí Serge tar éis filleadh ar a phost ar an Quai d’Orsay dhá bhliain tar éis an chogaidh agus é fós i mbun riarachán na marbh, agus chuaigh sí isteach ann lá chun bualadh leis. Shín na scórtha bord ar feadh an halla síos agus feidhmeannaigh ag freastal ar na scuainí a bhí sínte leis na fallaí go foighneach. Mná agus leanaí is mó, agus seandaoine, seilfeanna ó urlár go síleáil, dréimirí crochta go dtí na háiléir in airde, agus banaltraí ag freastal ar dhaoine a raibh scéala faighte acu ar fhear céile nó ar mhac a bhí aimsithe ar deireadh. Iad á dtabhairt i leataobh go discréideach go dtí seomraí ar chúl. Bhí Serge ag éileamh go luífidís le chéile, agus an chéad uair a d’fhág sé nótaí airgid le taobh na leapa aici, tháinig alltacht uirthi. Ní raibh ann, a dúirt sé, ach roinnt airgid chun cabhrú leis an gcíos. Ní mór a bhí spártha aige féin, ach oiread. Bhí sé le haistriú ar feadh cúpla mí go dtí Verdun, mar a raibh na páirceanna áir á nglanadh diaidh i ndiaidh, agus liostaí na marbh á gcur le chéile de réir mar a d’éirigh leis na meithleacha Airm na corpáin a thochailt agus a aithint. Ba mhó a bhí gá leis ansiúd anois ná i bPáras.
B’ait léi féin gur bhraith sí an tarraingt inti ar an séipéal, ar fhreastal ar Aifreann. Chruinnigh mná óga eile isteach ann ar uaire, bochtáin an cheantair, teaghlaigh a raibh cuma na sócúlachta orthu, agus bhain sí sagart amach, fear óg a raibh tuiscint aige ar Bhéarla chun éisteacht lena faoistin. D’inis sí dó go raibh sí ina rinceoir. Labhair sé léi go tuisceanach, gan í a dhamnú as éadan, á ceistiú mar gheall ar Éirinn, mar gheall ar a saol i bPáras, agus bhunaigh sí caidreamh leis i mbosca na faoistine. Ghlac sí comaoineach. Bhraith sí go raibh ualach bainte dá guaillí, agus chaith sí a dúthracht níos mó ná riamh lena saol rinceora.
Bhí saol na cathrach féin coimhthíoch, cinnte, fiú na bolaithe, ach laethanta ag brostú síos i dtreo na Folies ó na harda in Pigalle, bhraitheadh sí nár luigh a cos in aon chor le clár na sráide. Bhí sí folláin, láidir ina colainn, gach aon phioc chomh maith le bean ar bith eile sa bhuíon, agus shocraigh sí ina ceann gur ag maireachtaint i sráidbhaile a bhí sí. Shín an sráidbhaile sin ó Pigalle go dtí comharsanacht na Folies féin i rue Richer. Thabharfadh Páras aire di féin.
Thaitin na siopaí Giúdacha thar aon dream léi, sna cúlsráideanna, na trilsíní fada ar na fir faoina hataí a chuir cuid den seandream ó na sléibhte i gCúil Cheiliúir i gcuimhne di agus iad ag triall ar an margadh lena ngabhair. Agus, uaireanta, nuair a bhíodh áiteamh teasaí ar siúl idir beirt nó triúr ar an gcosán roimpi, iad ag gáire os ard nó ag margáintíocht, shamhlaíodh sí go raibh canúintí ramhra sléibhe a muintire féin, leis, ag tochas na gcluas aici. D’fhanadh sí ina seasamh ag féachaint i bhfuinneog, ag cúléisteacht leo, agus bhraitheadh sí ar feadh cúpla neomat ar aon nós go raibh sí ag siúl na sráide i nDún Mánmhaí lá aonaigh.
Bean spleodrach lasánta ab ea an tAlbanach Joy McClean, folt flúirseach rua uirthi, agus í chomh lúfar le heilit na mbeann ard ina tír féin. Oíche tar éis chleachtaidh, d’áitigh sí ar Ellen dul ag féachaint ar rinceoirí Zúlú a bhí ag déanamh seó ar ardán i leataobh ón bpríomhstáitse. Boird agus beáir istigh agus faobhar meanmach an óil ar an slua. Na balcóiní in airde ag cur thar maoil, agus bús chomh hard leis an tsíleáil mhaisithe. Bhí gean ar leith ag pobal Pháras do na Zúlúnna dochloíte, de réir dealraimh, agus an seasamh éachtach a bhí déanta acu in aghaidh Arm na Breataine agus gach Arm eile ina mhiotas beo á leanúint. Chruinníodh na sluaite timpeall orthu agus iad ag imeacht sna sráideanna, garsúin óga ardaithe ina mbaclainn acu, fótagraif á dtógaint de na leanaí ina seasamh le glúine na ngaiscíoch, mná agus fir araon ag déanamh iontais de na seithí ainmhithe ar a nguaillí agus ar a bprompa in aghaidh fuacht an gheimhridh san Eoraip. Thugtaí bualadh bos dóibh agus iad ag siúl anuas an Champs Élysée ina mbuíon, gach fear díobh os cionn sé troithe ar airde; leathar cnódhonn na matán, rósadhmad téagair na ngéag, diamaint spréachta na súl, dealbha beo de chuid Rodin ag coisíocht go grástúil ar leacacha na gcosán ina mboinn leathair. B’ábhar iontais a ngluaiseacht aclaí, a soilíos, a gcoimhthíos, agus a rithimí seolta siúil chomh héadrom le leoin mhaorga ag aimsiú aer na mbonn oiread na fríde os cionn talún. Ba í an Afraic an Ghréig as an nua, anois, agus tóir ag ealaíontóirí agus impiriúlaigh chraosacha araon ar acmhainní na gcríoch Afracach, dream amháin ag tochailt fíoracha samhlaithe na mbundúchasach agus an dream eile ag creachadh a gcuid acmhainní aiceanta agus daonna.
Lascáil triúr drumadóirí Zúlú cnagbhuillí ar dhrumaí le cúl bhuíon na rinceoirí chun tosaigh orthu ar an ardán, na fuaimthonnta ag pléascadh os cionn an tslua, na chandeliers ar crith ón tsíleáil. An dá leon ornáideacha órga sínte ar na balastráidí agus a mbéal cruaphlástair ar leathadh, a dteanga amuigh acu. Léimfidís dá mbeadh anam iontu. Na rinceoirí feistithe faoina seithí, cleití ildaite agus siogairlíní ina gceannbhrat orthu, púitseanna ar sileadh le gabhal nó fáiscthe isteach lena mbaill fearga, súgáin nó ribí ildaite fite ina dtrilsíní ar crochadh leo, maisiúcháin ar ghéaga uachtair na lámh, eireabaill ainmhithe go halt nó lena gcolpaí, sleánna agus sciatha beartaithe acu. Ó na cliatháin a bhí Joy McClean agus Ellen, ag faire orthu. Both cruinn tuigí agus tuí ar chúl an stáitse, prapanna feistithe acu leis an mboth féin, plaosc bhán bó, agus leis na comhlaí a bhí crochta acu.
Bhí a béal ar leathadh ar Joy McClean leis, gan focal aisti ina seasamh ach í ag luascadh na gcromán ar aon bhuille drumadóireachta leis na rinceoirí. Gléas sna súile aici. Bhí boladh milis allais ó na Zúlúnna, mos spíosraithe, bús ón halla pulctha ina cheo tríd, brothall dearg ó chríocha coimhthíocha faoi na soilse. Bhí an ghrian scallta agus fuil the tugtha leo acu ar stáitse. D’fhreagair na Zúlúnna ina mboinn do rithim ársa sa drumadóireacht agus iontu féin, gaiscígh stoite ó phréamh. Ligeadar u-anna borba as a mboilg ar comhrithim lena ngluaiseachtaí, a threisigh lena bhfuinneamh pléascach agus a sceith san am céanna é. Chliceáladar fuaimeanna stadacha idir teanga agus carball, tionlacan íseal. Chruinníodar breis fuinnimh. Scaoileadar. Ghluaiseadar. Luigh a leath díobh. Léim an leath eile tharstu. B’eo leo, ag babhtáil ar a chéile, agus faobhar an tslua anois ina scian ar an aer. Mhímeáil na rinceoirí a gcleachtas cogaidh, a gcóiríocht chatha, agus shil sruthanna allais trí na stríocaí péinte ar a ndreachanna mar a bheadh fuil. D’at matáin. Bhorr féitheacha. Bagraíodh goib sleánna. Cantaireacht phrimitíbheach, de réir dealraimh, rince ársa na cogaíochta ag díbirt an áir go dtí críocha i gcéin nár bhain leis an slua sa halla anois ach le cultúr allta, agus iad ag liúirigh agus ag gríosadh na rinceoirí ar stáitse mar sin féin. Thiomáin na rinceoirí chun cinn, faoi lánseol sna boinn le tionlacan mire drumaí, agus tiomáineadh an slua mar a bheidís féin ullamh chun catha, faoina hataí agus a gcleití faiseanta.
Stopadar.
Bhí tost leathshoicind ann. Ansin phléasc an halla thíos ina thonnta gártha agus liúnna. Sheas a raibh ann, breis agus trí chéad duine, agus thugadar bualadh bos ar an nós Francach do na hionadaithe ó chine uasal na hAfraice. Níor mhaolaigh an bualadh bos mall go ceann i bhfad.
‘’Íosa Críost, Ellen…,’ arsa Joy McClean. ‘Táim fliuch acu, agus ní le hallas é.’
Gháir Ellen.
‘Caithfidh duine de na fir bhreátha sin a bheith anocht agam,’ arsa an tAlbanach. ‘Féach orthu. Ní fhágfad droim na talún seo gan duine acu ag síneadh liom agus ag tumadh go feirc ionam.’
Bhí sí ar mire.
‘Nár chuireadar aon fhonn ort féin?’
‘Chuir. Cinnte. Ach ní bhraithim é mar a bhraitheann tusa é, is léir.’
‘Agus nach bhfuil sé idir na cromáin agat?’
‘Tá…bhí agus é ag trá.’
‘Á, Ellen, níl trá ar bith ormsa. Táim lán go gob acu!’
‘Tá a gcultúr féin acu,’ arsa Ellen. ‘A gcuid ban féin acu, cinnte.’
‘Nach cuma? Raghaimid siar go dtí na seomraí feistis chun bualadh leo. Seo.’
‘Ní dhéanfad, Joy. Raghad leat go dtí an doras. Sin uile.’
Dheineadar a slí go dtí na seomraí feistis, agus scuaine ag feitheamh ag na doirse. D’fhág Ellen slán aici, agus chuir sí di abhaile.
An lá dár gcionn bhí cuma na leidhbe ar Joy McClean agus í i mbun cleachtaidh. Dúirt Doris Birch léi seasamh i leataobh, má bhí sí tinn. Tháinig sí chuici féin go tapa ina dhiaidh sin. Nuair a labhair Ellen léi le linn sos lóin sa brasserie trasna na sráide i rue Richer, fuair sí tuairisc na hoíche uaithi. Gháir sí, nuair a dúirt Joy léi go raibh cúigear nó ochtar ban ag cuid de na rinceoirí, agus nach luífidís le bean gheal go deo le heagla go dtógfaidís galar éigin ‘geal’ uaithi. Áirneán gan sásamh a bhí déanta aici, a dúirt Joy léi, agus na galúin beorach ólta ag fir na hAfraice go maidin.
Fad a bhíodar ag cleachtadh do Les Oiseaux des Folies chaitheadar cleachtadh a dhéanamh ar an dara seó a bhí ar siúl roimhe, amhráin bhunaithe agus rince nach raibh cóiréagrafaíocht róchasta air. Bhí feisteas an dara seó le caitheamh sna cleachtaí, seachtain roimh an oscailt, agus chaithidís iad féin a fheistiú agus a smidiú, baint díobh agus a gcuid éadaigh cleachtaidh a chur orthu agus tosnú an athuair ar chleachtadh Les Oiseaux des Folies. Ní bheadh ach coicíos ann idir oscailt Les Oiseaux agus deireadh an taispeántais roimhe, agus brú mór sna Folies an uair sin agus iad ar an bpríomhstáitse i rith an lae, ach fáil a bheith air. Ní bhíodh fáil ar an bpríomhstáitse go dtí an oíche go minic, agus bhíodh ar les girls anglaises suí fúthu ina seomra feistis, leabhar a léamh, caife a ól, agus cúram a dhéanamh dá smidiú agus dá bhfeisteas. Bhí cóta mór olna ceannaithe ag Ellen ar athláimh i gceann de na margaí in Montmartre, agus théadh sí i bhfolach ann chun teas a choimeád léi fad a bhídís ag feitheamh.
Bhí an chéad ghlaoch ag Mistinguett agus ag Chevalier ar an bpríomhstáitse, an orchestre iomlán á dtionlacan, trealamh agus feistis, soilsiú agus teilgeoirí le socrú. Bhí buíon rinceoirí fear, les boys ag rince i mball eile, agus chaithfidís siúd cleachtadh a dhéanamh le Mistinguett chomh maith. Bheadh les girls anglaises ar stáitse le Chevalier ach ní bheidís ina theannta go dtí na laethanta déanacha. Tionscal mór siamsaíochta a bhí ann, bainisteoirí, ceardaithe, teicneoirí agus riarthóirí ag plé le gach gné den seó agus den chur i láthair. Ar éigean a bhuail rinceoirí les girls anglaises riamh leis an gcóiréagrafaí ná leis na vedettes, na réaltaí móra rince agus amhránaíochta. Bhí buíon bhan eile, mná óga na Fraince, cuid díobh a rincfeadh brollachnocht den chéad uair, agus a gcuid cleachtaí siúd in áit eile fós. Míreanna mearaí ab ea seó stáitse Les Oiseaux des Folies, a thiocfadh le chéile diaidh i ndiaidh faoi stiúir iomlán Mrs Tiller agus an stiúrthóir stáitse.
Bhí rithim dá chuid féin ag an seó beo, cuid den saol nárbh é an saol ar fad é ach taibhreamh léirithe, beo; í pioctha san fheisteas stáitse i líne ar an gcliathán, an púdar déanach ón smideoir, an faobhar fáiscthe sa ghoile ag feitheamh leis an nod, an siansa buacach ón orchestre, an halla lán, an taoide fuinnimh idir cheol agus rince agus slua, an spréacharnach úd. An rince istigh, a choimeád istigh, agus fós é a sheoladh amach faoi stiúir mar a bheadh an beo féin á chur i láthair, tríd an gcolainn. An tobar ina ceann. Ina rún. Ná scaoil braon. Go deo. Seó beo. Choimeád tonn bhreise ar snámh í oícheanta, lámh chúnta gan choinne a shín chuici ó bhall éigin. Bhí sí ann. Ansin saol na hoíche a chaitheamh ina dhiaidh, sna caiféanna, agus éirí ag meán lae an lá dár gcionn agus dul i mbun cleachtaidh arís.
Scéal grá idir Chevalier agus Mistinguett ab ea Les Oiseaux des Folies, Chevalier an fiolar agus Mistinguett ina heala chloíte i dtosach agus ansin féinics ina hathbheo ag an ngrá. Níor luaigh éinne nár dhein féinics d’eala riamh cheana in éabhlóid éanlaithe, ach ba chuma. Mhaithfí gach aon rud do Mistinguett, fiú cor cinniúnach san éabhlóid. Chaithfeadh Chevalier an ruaig a chur ar phréacháin – les boys – a bhí ag ciapadh na heala, agus mhaolódh sé a mhianta creiche le cúnamh na mionéan i bPáras – les girls anglaises – agus éiníní eile a mheallfadh brollach-nocht é chun ceoil, mianach nárbh eol dó a bhí ann. Bheadh les boys ina loin chomh maith le bheith faoi fheisteas préachán, les girls anglaises ina meantáin agus ina smólaigh, agus feisteas lasair choille ar na rinceoirí a nocht a mbrollaigh. Spideoga agus gabhláin agus ceolairí agus éin eile ann, thuirlingeodh cuid acu ó na spéartha sa trealamh soilse stáitse.
Caitheadh an folt a bhearradh anuas go plaosc chun an feisteas stáitse a chaitheamh. Bhí an feisteas cliste, ina aonphíosa síoda saorga amháin a shín go mín lena cneas. Leaisteachas guiséid sna sciatháin, faoina hascaillí, nuair a shín sí a lámha. Ceannbhrat éin, an smólach mór, a chlúdaigh an ceann anuas ar a héadan, agus gob crua air. Shín eirbeall an fheistis, ciumhaiseanna geala air, lena cúl síos agus é righnithe le stairse. Spotaí dubha ar an mbrollach bán, na cleití donna agus uachtair fuaite de láimh agus cruaite le hábhar gliú chun nach bpreabfaidís le linn rince, ba phíosa lámhcheardaíochta álainn ann féin é.
Bhí na cleachtaí feistithe ar siúl, le tionlacan an orchestre, agus les girls anglaises tugtha ar láimh anois don stiúrthóir stáitse agus dá chúntóirí. Bhí coicíos ann roimh oíche oscailte Les Oiseaux des Folies agus na doirse sna Folies Bergère faoi ghlas ar lucht nuachtán agus fótagraf. Bhí fuadar ar an bpríomhstáitse ón a seacht ar maidin go dtí déanach san oíche, tráthchlár stáitse na mbuíonta leagtha amach go docht, agus é tógtha timpeall ar éilimh Mistinguett agus Chevalier. Nuair a bhí a gcuid déanta acusan a scaoilfí na buíonta isteach. Ní bheadh cleachtadh iomlán ann, ó thosach deireadh Les Oiseaux, go dtí an tseachtain deiridh. Ghéaraigh ar an teannas tríd an amharclann. D’ardaigh an teocht. Ba ghearr go mbeadh sé ina fhiabhras.
Bhí cóiréagrafaíocht ballet jazz déanta do Les Oiseaux, den chéad uair ag na Folies Bergère, agus aithris rince ag les girls anglaises ar ghluaiseachtaí smólaigh mhóir. Iad ina seasamh cruinn díreach, maorga, in airde agus na céimeanna acu ina léimeanna, na huirlisí gaoithe san orchestre ag aithris ar ghlao caol fliúite, sruthcheol líofa an éin. Thug na cleachtaí feistithe an bhuíon le chéile, ar shlí nua, agus sheol cumhacht na buíne nár bhain le héinne amháin níos mó, tríd an rince. Bhí le look riachtanach Francach i gceart. Bhí na stiúrthóirí thíos san amharclann, ag faire orthu. Bheidís ar an stáitse dhá bhabhta, agus amhráin le Chevalier á leanúint. Trí huaire an chloig ar stáitse ag cleachtadh le tionlacan an orchestre ar mhaithe le seacht neomat déag ar stáitse, agus ansin dhá mhír eile faoi fheisteas meantáin. Mír níos éadroime ab ea rince na meantán. Lá i ndiaidh lae a chleachtadar i gcaitheamh na seachtaine. Rince, cleachtadh, codladh a bhí á dhéanamh acu, agus gan fonn ar éinne feasta breis ama a thabhairt i dteannta a chéile tar éis an lae. Bhí ordú crua faighte acu aire a thabhairt dóibh féin, le heagla go mbainfeadh gortú díobh.
Seachtain roimh an oscailt, fuaireadar scéala go raibh an rinceoir a bhí i bpáirt an choilm bháin éirithe tinn. Gan éinne le seasamh isteach di, bhí duine le roghnú chun an colm bán a dhéanamh. Ról ar leith a bhí ann, mír aonair a mhair ceithre neomat i dtreo dheireadh Les Oiseaux. Níorbh fhéidir an ról a chur ar ceal. Nasc riachtanach a bhí ann sa scéal idir Chevalier agus Mistinguett. Bhí an ról ar aon dul leis na rólanna eile. Ach bhí an feisteas níos troime agus níos casta ná an gnáthfheisteas. Ní oirfeadh ach an beagán don ról. Bhí am ar fáil déanach an oíche sin ar an bpríomhstáitse. Bheadh Mrs Tiller agus an cóiréagrafaí féin i gceannas ar an triail. Iarradh ar Ellen cur isteach ar an ról.
Roghnaíodh an oíche sin í do rince an choilm bháin in Les Oiseaux des Folies.
Ní raibh an tseachtain féin ann chun an rince a chleachtadh ó bhonn, agus thug Mrs John Tiller i leataobh í. Mhínigh sí di gur roghnaíodh í toisc go raibh sí ar an té ba láidre corp ar les girls anglaises ainneoin go rabhadar go léir ar aon airde agus ar aon mheáchan, a bheag nó a mhór. B’fhearr cothú na hÉireann, a dúirt sí, ná gruth Lancashire.
Bhí an feisteas achrannach, na sciatháin fhairsinge feistithe le strapaí agus le giúirléidí dá guaillí, agus neart ag teastáil sna géaga uachtair chun an t-iomlán a láimhseáil agus rince a dhéanamh san am céanna. Bhí soilsiú ar leith ann don cholm bán, agus chaithfidís oibriú faoi na soilse ar an bpríomhstáitse tráth éigin gan mhoill le linn an chleachtaidh. Rince brionglóideach a bhí ann, ar aon dul le ballet, na dathanna ag freagairt don cheol mar a bheadh míreanna de bhrionglóid an ghrá a réalófaí idir Chevalier agus Mistinguett.
Bean uasal ab ea Mrs Tiller, í éilitheach ach tuisceanach. Creideamh ab ea an rince, dar léi, go bhféadfadh mná iad féin a iomlánú nó a shlánú tríd ach a bheith tiomanta do na cleachtais a bhí tugtha chun cinn aici féin agus ag a fear céile. Rinceoir í féin tráth, thaispeáin sí na léaráidí dearaidh cóiréagrafaíochta den cholm bán do Ellen. Thosnaíodar ar chleachtaí feistithe láithreach, chun go raghadh Ellen i dtaithí ar an bhfearas, agus d’oibríodar na huaireanta fada le chéile go dícheallach leis an bpianadóir. Agus fós, bhí rince na buíne le déanamh.
Bhí a brollach ag pléascadh, a croí ag preabarnach. Cromtha ar an stáitse ar chúl. A cnámh droma ina lúb. Teas na soilse ina bhruth ar an bhfeisteas clúimh. An strapa ródhocht ar a halt clé, lúbtha, á gortú. Chaithfeadh sí fanacht socair, gan chorraí. Gan oiread is ribe féin a bhogadh. Bhí an drámatúlacht ar fad ag brath ar an mburla clúmhach. Colm bán agus a chloigeann fáiscthe ina bhrollach. Faoi shuan. Sin é a bhí le feiscint ar stáitse, ag an lucht féachana. Í ann gan fhios do Chevalier agus Mistinguett. Bhí borradh ann. San amharclann. Brothall borrtha. Lámhainní bána sróil go gualainn uirthi. Stocaí síoda saorga bána. Bróga sál ard bána. An t-éinín ina lámha an lá úd le Ella a bhraith sí. Coilmín strae. Idir a lámhainní sróil. An croí ag preabarnach. Chiúnaigh sí í. Scaoil sí léi. Scaoilfeadh sí léi féin. Chun eitilte. Eitilt bhrionglóide… ‘et les oiseaux des Folies’ an nod i ndeireadh an amhráin ag Chevalier. Fuair sí an nod. Phléasc an slua san amharclann.
Choinnigh an stiúrthóir ceoil an orchestre ag imeacht faoi lánseol. Meanma iomlán éagsúil anois. Roucoulement an focal a bhí ag duine de na Francaigh. Fanacht go mbeadh an roucoulement críochnaithe ag an óbó. Leáigh an focal i sruth na nótaí ceoil, na nótaí feadánacha tríd an bhfocal. Bhí sí ar siúl.
Geit tobann na veidhlíní agus an chlairnéid á dúiseacht as a suan. Ghabh creathán tríthi, trína feisteas clúimh. Cuilithíní ar barr uisce, na tonnta is lú. D’ardaigh sí a cloigeann go mall ina lúb chuartha as a clúmh, á shíneadh aníos os a cionn. Leath na súile, caoch, faoi na soilse lonracha, ar dtús. Bhain sí síneadh as a muineál mar a bheadh sé á nochtadh aníos go mall, á scamhadh. D’éirigh sí óna glúine agus shín géaga na sciathán nár sciatháin. Ar aon bhuille, i dtiúin. D’aimsigh sruth eitilte an aeir is í fós ar dhroim na talún. An spéir os cionn Pháras san oíche á teilgean lena cúl. Moill bhrionglóideach. An seó ar fad a mhoilliú anuas. Bhraith sí tonnta an cheoil á scuabadh chun siúil. Leath sí na sciatháin os a comhair, thug trasna ar a chéile iad, leath arís iad agus nocht a géaga síoda. Bhí sí iomlán collaí agus mar a bheadh sí gan aon cholainn san am céanna. Phléasc cailéideascóp dathanna ó na soilse anuas. Bhí an chuma ar an gcolm bán anois go raibh sí ag spréacharnach ina cith i spéir na cathrach lena cúl. Ghabh freanga tríd an lucht féachana, frisson tríd an amharclann. Ceol dá chuid féin ab ea an rince anois, in éineacht le ceol an orchestre. Dhá cheol in aon sruth amháin. Thóg an ceol in airde í. Bhraith sí tobar an cheoil as foinse láir an domhain, ag síobadh inti. Sea, ba í féin a tobar féin rince agus ceoil ag cur thar maoil. Ach bhí sí chomh héadrom, seasta le cleite i mbun eitilte.
Bhí sí ag eitilt lena beo.
D’eitleodh go deo.