TURAS TRAENACH
Bhí fonn amach uirthi. As an gcathair. Bhí a hanam ag brath air. Tháinig dúil mhillteach inti i nglaise féir ag síneadh faoin spéir, i ngéaga crann, i gcuair abhann. Bhraith sí sráideanna agus faichí Pháras agus saol clúmhach an stáitse ag breith ar sciúch uirthi agus á tachtadh. Bhí síneadh seachtaine curtha leis an seó sna Folies agus i dtreo a dheiridh, thug sí faoi deara a scáth sínte féin ag rince, frithchaitheamh ar chliathán an stáitse ag scinneadh agus ag dul as sna frathacha miotail. Ní raibh ann ach faiteadh na súl, ach bhraith sí ar deighilt uaithi féin ar feadh leathshoicind. Tháinig taom anbhá uirthi, ach cheansaigh sí é agus lean uirthi go deireadh. Fós, bhraith sí ina dhiaidh go raibh bonn tathagach a saoil á sciobadh uaithi, nó nuair a chuimhníodh sí air, go raibh sí ag eitilt ar leathsciathán mar a bheadh éan leonta.
Ní fhéadfadh sí é a phlé le héinne, fiú le Joy McClean a bhraith sí. Bhí sí náirithe ag an mothú seo tar éis a raibh bainte amach aici. Bhain sé léi féin amháin. Tugadh trí lá saoire don bhuíon nuair a bhí Les Oiseaux thart, agus bheartaigh sí a bean ghaoil sna mná rialta, Kate, a bhaint amach ó thuaidh ó Pháras. Bhí gliondar uirthi nuair a fuair sí freagra ar ais ar an bpost pras, á rá léi an traein a fháil sa Gare du Nord. Bheadh sí roimpi ag an stáisiún in Bethune, nó dá gcaithfeadh sí bheith ar dualgas san ospidéal ní raibh le déanamh ach an clochar a bhaint amach. D’fhreagair sí láithreach í, á rá go mbeadh sí ar thraein luath na maidine ag dul go Bethune ar an Satharn a bhí chucu.
Iníon do chol ceathrar dá máthair ab ea Kate agus feirm ag a muintir in aice le Drom Dhá Liag. Ní raibh an bhreacaithne féin acu ar a chéile, ach bhí an gaol fola ann agus bhí na gaolta sínte féin ar a n-eolas acu ón seanchas tí agus muintire. Ba iad an dream iad a bhí tar éis déanamh go maith, na Cárthaigh, agus ba bainne acu.
Chuir na páirceanna ó thuaidh ó Aulnay suaimhneas aigne uirthi, ar fhéachaint an fhuinneog amach di ón gcarráiste traenach. Iad faoi shioc crua na maidine fós, canbhás bán ag feitheamh lena bhreacadh. Bhí sé idir lámha dathadóra cheana. Deatach ag éirí díreach in airde as simnéithe feirme, gan puth gaoithe. Doirí fothana loma, cnámharlaigh an gheimhridh. A thuilleadh acu síorghlas, ag séanadh seaca. Murarbh é mianach a seanathar a bhí inti. Ag féachaint sa simné in airde. Sa stáisiún féin, bhraith sí na dreachanna ag leá ina chéile, faoi mar go raibh a gcuid feola caillte acu, go rabhadar ina leacht leata, agus chaith sí breith go docht ar ráille. Tháinig gearranáil uirthi, agus thosnaigh sí ag alpadh an aeir. Bhraith sí laige sna cosa, a croí ag rás ar cosa in airde. ‘A Chríost, déan trócaire orm, a Chríost déan trócaire orm’…d’éirigh léi an anbhá a cheansú, a hanáil a aimsiú an athuair, agus lean sí uirthi ag paidreoireacht faoina hanáil. Bhain a hanáil rithim phaidre amach, nó arbh é a mhalairt é? Ba chuma anois léi. Ba chuma sa sioc léi.
Rithim na traenach leis, agus boladh na gaile agus an ghuail. Fuair sí boladh an chitil os cionn na tine sa bhaile uaidh. Lig sí dá haigne, dá céadfaí an boladh úd a thógaint isteach ar fad. Boladh chomh deataithe leis. Bhí toirt sa traein. Bhí iasacht rithimiúil á fáil aici ón toirt úd ag bolgadh chun siúil. Dúirt Mrs Tiller léi dul abhaile oíche na cóisire, go raibh sí traochta agus codladh dhá oíche agus dhá lá a dhéanamh. Bhí sí an-mhórálach aisti a dúirt sí, agus bheadh conradh le fáil aici go ceann bliana féin b’fhéidir. Ach bhraith sí féin go raibh a saol falsa ar chuma éigin. Riamh óna hóige naíonda. Bhí saol dá cuid féin cruthaithe aici, ina samhlaíocht, agus níor luigh an saol sin leis an saol mar a bhí níos mó. Bhí bearna idir tá agus scáth. Bearna idir scáth agus tá, ar sí arís léi féin. Agus ní raibh a fhios aici cad a dhúnfadh an bhearna sin ná conas tabhairt faoi.
Bhraith sí suan ag teacht uirthi. Bhí an traein ag gluaiseacht chun cinn, ag stad ag na stadanna. Gan ach leathspéis aici sna hainmneacha, ná i scrios an chogaidh. Ní raibh a fhios aici cad a déarfadh sí le Kate. D’fhéach sí amach agus an traein ag moilliú. Chonaic sí an t-éan ina staic ar bhruach abhann. Ag feitheamh le goblach. Ag stánadh i leá chúr na habhann.
Chaithfeadh sí féin, leis, féachaint i leá chúr na habhann. Cad é sin mar ainm a bhí uirthi ag an loch sa bhaile? Joanie an Scrogaill. Agus a fíorainm féin leis. Nóra.
Nóra na bPortaithe.