DUANE ENSOR
San oíche ab ea é, an chéad uair a nocht Duane. Dhúisíos de gheit agus meathsholas sa seomra. Shíneas mo lámh i dtreo an lampa. É sin féin múchta. Ní ón taobh amuigh a bhí an solas ag teacht. Chaochas mo shúile. Chasas timpeall sa leaba. Nocht an feairín ón taobh eile den seomra agus é ag obair leis ag bord. Chaochas mo shúile arís. Gan aon fhalla ann. Ligeas sruth eascainí asam agus mé ar tí léim as an leaba.
Labhair sé.
‘Tá súil agam nár dhúisíos tú, ach b’éigean dom an solas a lasadh.’
‘Cé tú féin in ainm Chroim?’
‘Duane Ensor.’
‘Mo dhuine ar an bhfalla thíos…. An t-ealaíontóir?’
‘An fear céanna.’
‘Á, c’mon.’
‘Ar mo leabhar.’
Gan aon bhagairt uaidh, bhí sé íseal, maol, gléasta i ngeansaí dubh, agus meigeall air. Spéaclaí air. Cuma an tseodóra nó an draíodóra. Thosnaigh sé ag bogfheadaíl, agus é ag gabháil de chliabh sreanganna, á gcasadh i bhfoirm fíor dhaonna le pionsúr. Gan de thoirt san fhíor ach cúpla troigh ar airde. Bhí a aird go hiomlán ar an obair idir lámha, gan aon fhéachaint a thabhairt i mo threo. Bhí fíoracha eile ina seasamh timpeall ar an urlár san fhalla nó sa stiúideo, pé rud a thabharfaí ar an spás, nach raibh ann ach fallaí agus fuinneog mhór sa díon pé scéal é, agus doras amach san fhalla thall, más falla a bhí ann i bhfalla mo sheomra nó i bhfalla an stiúideo a bhí i bhfalla an tseomra pé scéal é. Á, bhí spearbail i mo chloigeann codlatach. Bord mór leathan, stól, cathaoir uilleann, agus raidió ar an urlár sa chúinne. Bhí an raidió múchta ar a laghad. Giotár acústaice, batráilte. An áit trína chéile ábhairín. Rug sé ar fháiscire, pliers de shaghas éigin, agus theann sé píosaí de na sreanganna ar an gcliabh. Thosnaigh sé ag bearradh agus ag baint lúibe anseo agus goib ansiúd. Éancheardaí éigin a rith liom, iascaire ag bearradh a chuid cuileanna, fear i siopa slat iascaigh ag socrú duán agus cleití.
‘Ísleoidh mé an solas tuilleadh más maith leat agus b’fhéidir go dtitfidh do chodladh ort. Tá brú orm leo seo. Taispeántas ag oscailt i gceann cúpla seachtain.’
Ní raibh a fhios agam cad a déarfainn, ar ndóigh. Bhí m’fhalla féin bailithe leis. Bhíos sínte sa leaba ag féachaint uaim glan isteach ina spás siúd. Mé i mo lándúiseacht anois. Gan aon chéim síos ná suas idir an dá sheomra, ach mar a bheadh aon seomra amháin déanta díobh. Na cláracha céanna ag síneadh sa dá sheomra, ó cheann go chéile. D’éiríos amach ar mo thaobh féin agus tharraingíos péire shorts orm. D’fhéadfainn siúl isteach ina stiúideo chuige dá mba mhaith liom é, ach bhraitheas go sáróinn tairseach éigin. Gan aon chuma ar an dá thaobh den alcóv go raibh comhlaí ann a d’oscail idir an dá sheomra. Fráma agus mo dhuine istigh ann i mbun oibre.
‘An bhfeiceann tusa mise chomh soiléir agus a fheicimse tusa?’
‘D’fheicfinn, gan dabht, ach na spéaclaí a bhaint.’
Bhain.
‘Don obair close-up amháin iad seo.’
Meangadh. Súile ag glinniúint, an solas is dócha. Lampa ar ghéag uillinne ar an mbord. Shocraigh sé ar a chaincín arís iad.
‘An dtarlaíonn sé seo go minic…go nochtann tú tú féin do dhaoine?’
‘Daoine i seomra a 2 amháin. Ní bhacaim leis na seomraí eile, bheadh sé ró-achrannach a bheith ag aistriú mo chuid stuif in airde staighre. Cuimhnigh ar an dua a bhainfeadh leis. Tá an áit seo feistithe ar mo thoil agam ar aon nós. Ar aon chuma, ní thabharfadh mórán den dream a fhanann san óstán aird ar bith orm. Déarfaidís liom focáil liom agus suaimhneas a thabhairt dóibh. Ag adharcáil leo. Ná cloiseann tú an dream lastuas, an gleo a leanann iad. Bíonn sé ina Aonach a’ Phoic acu. Ní ‘Aonach a’ Phoic’ a dúirt sé, ar ndóigh, ach ‘humpáil ar chuma madraí sráide’ ach is gá gach rud a aistriú na laethanta seo. Mar sin féin is túisce, nuair a chuimhním anois air, a thuigfí ‘humpáil….’ ná Aonach a’ Phoic. Ní dhéanfad an botún céanna arís ach ligint do Duane a chaint féin a bheith aige.
‘Cé a bhí anseo cheana a chonaic tú?’
‘Fan go gcuimhneoidh mé…Mike Deakin, rachmasóir as Texas, fear ola. Leonhard Euler, an matamaiticeoir a chruthaigh les carrées magiques nó Sudoku….’
‘Tá tú ag magadh fúm…breis is dhá chéad bliain ó shin é sin.’
‘Mar mhagadh a bhíos…féachaint an bhféadfainn breith amuigh ort. Tá tú i do lándúiseacht pé scéal é…. Tá margadh déanta agam leis na daoine go nochtaim mé féin dóibh….’ Lig sé scairt chroíúil, séidfíl óna bholg.
‘Á, caith uait Duane, ní hé an Fear Dubh tú….’
‘Níl ansin ach breall ó na meánaoiseanna agus tá go leor de sin fós thart…an margadh a dheinimse le daoine nach ndéarfaidh mé le duine ar bith beo go bhfacadar mé, agus nach ndéarfaidh siadsan le duine ar bith eile ach oiread é. Bíonn sé ina rún daingean eadrainn. Ní maith le daoine a thabhairt le fios pé scéal é go mbíonn spearbail orthu,’ ar sé ag ligean scairt as.
‘Táimse chun tae a dhéanamh. Ar mhaith leat muga?’
‘B’fhearr liomsa caife. Siúcra, dhá cheann, dubh.’
‘Caife a gheobhair.’
Bhí na fíoracha leagtha ar an urlár aige, eaglaisigh ón gcuma a bhí ar fheisteas chuid acu agus baill eile den chléir, iad gléasta i róbaí ildaite agus gothaí áiféiseacha rince orthu. Easpag nó cairdinéal agus a lámha le chéile san aer mar a bheadh sé ar altóir ach pointí na gcos cruinnithe le chéile ag déanamh pirouette. Bean rialta agus a brollach nochta aici i lár rince collaí, an aibíd leathair cruinnithe anuas lena cromáin, lámhainní go huillinneacha agus buataisí in airde os cionn na nglún. Dhá mhanach, plaitíní maola orthu agus iad i ngreim docht ina chéile. Gúnaí páipéir orthu. Straois na baoise. Sagart faoi éide óinmhide agus é ag scátáil. Lean Duane air ag obair ar an bhfráma. Bhí cleasaíocht éigin ar bun nár thuigeas, ach ní chaillfinn an ceann go fóill. Chaith sé go raibh míniú simplí air, comhlaí a dhruid isteach sna fallaí agus gur ón taobh thall a bhí Duane ag obair an t-am ar fad. Uaidh siúd gan dabht a chuala an ghnúsachtach ag teacht an chéad uair, ón taobh eile den alcóv. Ní raibh aon fhonn orm cuireadh isteach a thabhairt dó sa seomra nó i mo chuid féin den seomra mar a bhí anois ann. Bhí sé dorcha amuigh, leathuair tar éis a ceathair ar maidin ar an gclog. D’ólfainn an tae, agus raghainn ar ais a chodladh. Bheadh mo cheann glanta ar maidin.
‘Cad a cheapann tú den stuif?’
‘Na fíoracha?…táid spéisiúil. I leith na háiféise.’
‘Bainfidh siad gáire as duine éigin. Táim ag súil le tríocha ceann a bheith réidh agam. Gan ach a leath déanta.’
‘Sin é an saghas ealaíne a dheineann tú?’
‘Seo cuid bheag de. Tá an spás cúng anseo. Ní feidir an iomarca gleo a dhéanamh nó dhúiseofaí an tigh. Fíoracha sreinge is mó a dheinim. Beagán líníochta. Ach tá an stiúidió mór ar chúl ansin,’ ar sé ag casadh i dtreo an dorais thall, ‘agus deinim mo chuid péintéireachta ansin. An uair a bhím istigh. Bogaim amach leis, ar ndóigh i sráid na hinspioráide, mar a deirim i gcónaí.’
‘Ait an áit é le dul ag obair. Is dócha go bhfuil stiúideo eile agat sa chathair in áit éigin?’
‘Ag magadh atá tú. Deineann an áit seo mo ghnó go breá. Tá muintir an tí tuisceanach. Ná bíonn tú féin ag obair anseo?’
‘Peann agus méarchlár.’
‘Mar a fheicim.’
‘Tá an caife réidh. Sínfead isteach chugat é.’
‘Tá go maith.’
Phreab sé anuas den stól agus tháinig i leith go dtí a thairseach féin nach raibh ann. Lán d’fhuinneamh éigin diabhlaí. Shíneas chuige é. Thug sé leis an muga. Bhuail faoi sa chathaoir uilleann. É beagnach ar lár inti, an dá uillinn níos airde ná a ghéaga féin, bhí sé neadaithe inti. Bhuaileas fúm le mo mhuga i mo chathaoir féin, ach ní fhaca ach a cheann ag gobadh in airde os cionn na leapa. D’éiríos amach arís agus bhuaileas fúm ar an leaba.
‘Tá súil agam a bheith réidh leis an gcairdinéal seo thall anocht’, ar sé ag féachaint i dtreo an bhoird, ‘agus tosnú ar an bPápa amárach. Níl a fhios agam cá mhéad acu atá sa curia iomlán, ach tá dóthain díobh ann chun an taispeántas a dhéanamh.’
‘Caitliceach tú?’
‘Ba ea, le mo thógaint. Éireannaigh mo sheanmhuintir, agus mo mháthair. Tháinig mo mháthair ar an saol ar bord loinge ar an aistear ó Éirinn. ’
‘Cén chuid de Mheiriceá?’
‘Yonkers. In aice le Nua-Eabhrac. Chuala tú trácht thairis?’
‘Chuala. Cad a thug anseo tú?’
‘An rud céanna a thug tusa anseo, is dócha.’
B’in mise curtha i mo thost.
‘Ní anseo atá buanchónaí ort? San óstán?’
‘Sea, gan dabht cén áit eile a raghainn?’
‘Ansan istigh?’
‘Tá mórán póirsí anseo nach bhfuil le feiscint.’
‘Ní chímse faic pé scéal é ach na fallaí.’
‘Táid ann,’ ar sé, agus leathshúil aige ar an doras san fhalla. ‘Táid ann.’
‘Deir Maurice nach rabhais anseo le fada.’
‘Maurice bocht! Níl a fhios ag Maurice faic. D’fhéadfadh damhán alla neadú ina chluas agus líontán a shní inti, agus ní bheadh a fhios aige é…. ’Bhfuil aon tseans go ndéanfá gar dom?’
‘Cén gar é sin?’
‘Táim rite as páipéar daite chun na fíoracha a mhaisiú. Na cairdinéil agus an Pápa go háirithe. Breis den dath sin, corcra. Tá siopa ansin thíos i dtreo an Luxembourg go bhfaighim mo sholáthar ann.’
‘Cén uair atá sé uait?’
‘Amárach, más féidir.’
‘Ná féadfá féin dul ag triall air?’
‘Táim an-ghafa leis an obair. Brú. Bheinn go mór faoi chomaoin agat. Abair leo gur ar chuntas Duane Ensor atá sé, ní bheidh aon deacracht.’
‘Níos fearr fós.’
Chaith sé siar bolgam caife.
‘Cén scéal agatsa é? Cad a thug anseo tú?’
‘Scéal fada.’
‘Táim ag éisteacht.’
‘Ní bheadh spéis agat ann. Baineann sé liom féin amháin.’
‘Bíonn a scéal féin ag gach éinne.’
‘Táim ag cur tuairisc mná a tháinig go Páras.’
‘Ar thóir mná atá tú?’
‘Ní hea sa tslí sin.’
‘Conas mar sin?’
‘Rinceoir. Bhí sí sa chathair tar éis an chéad chogaidh. 1919 nó mar sin.’
‘Is breá liom féin an rince mar a chíonn tú,’ ar sé ag ligean scairt gháire. Tháinig cnapáin ina phlaitín leis an ngáire.
‘Sna Folies Bergère a bhí sí.’
‘Canathaobh go mbeifeá ar thóir mná a bhí ag rince sna Folies? Ar bhain sí leat?’
‘Bhain. Agus níor bhain.’
‘Anois ó chuimhním air, canathaobh ná beifeá ar thóir mná sna Folies? Ach í a bheith ina beatha…. Ar chuiris aon litir chucu, d’fhéadfadh a tuairisc a bheith acu?’
‘Gan aon fhreagra uathu.’
‘Hmm…buail suas ann, cnag ar an ndoras.’
‘Dheineas é sin leis, ach ní raibh éinne thart.’
‘Fuasclóidh an scéal é féin ar chuma éigin. Deineann i gcónaí.’
‘Níl dealramh ar bith leis seo…caithfidh go bhfuil míniú éigin air….’
‘Cén rud nach bhfuil dealramh leis?’
‘Ag suí anseo, ag caint i lár na hoíche, tusa a bheith ann, ón taobh eile den bhfalla…. tá sé áiféiseach…ag taibhreamh atáim…scáthshúilí.’
‘Féach air ó mo thaobhsa den seomra…tusa a bheith ann, ón taobh eile de m’fhallasa…ag suí ansin, ag caint agus ag ól tae…tá sé áiféiseach…agus ní ag taibhreamh atáim.’
‘’Bhfuil tú …beo?’
Chaith sé siar an caife.
‘Beo? Is gearr go mbeidh mo mhún agam tar éis an chaife.’
D’éirigh sé ón gcathaoir, agus chuaigh ag obair arís leis an bpionsúr. Bhí gach cnead aige, agus gáire múchta. Ansin tost. D’fhanas i mo shuí ar feadh i bhfad ag faire air. Sinn beirt inár dtost. Leagadh sé uaidh a phionsúr, mhúnlaíodh burla sreinge lena mhéireanna chun a shástachta, chuireadh cor anseo ann, bhaineadh blúire ansiúd, bheireadh ar an bpionsúr arís agus bhearradh. Nuair a bhíodh an cruth amuigh déanta aige chun a shástachta chuireadh sé toirt ann ón taobh istigh le nuachtán agus sreang bhurláilte, chuireadh ina sheasamh é agus d’fhéachadh go grinn air ar feadh i bhfad. Ligeadh cnead mhíshásta faoina anáil ó am go chéile agus bhaineadh as a chéile é, agus thosnaíodh an athuair. Chaith sé go rabhas ann ar feadh i bhfad mar bhí stríocaí solais an lae ag teacht trí na cuirtíní nuair a thit mo chodladh orm, agus Duane fós ag obair leis.
Nuair a dhúisíos arís, bhíos i mo leaba, agus gan rian ar bith de Duane Ensor ná dá sheomra ann.
Bhí an tigh ciúin, agus solas an lae aistrithe siar. D’éiríos amach agus chuireas an citeal ar siúl. Ba ghearr go gcaithfinn an solas a lasadh. Shuíos fúm arís le traochadh, mo cheann lán de cheo. Bhí dhá shaghas duine ann, a mheabhraíos, an té a éiríonn amach ar maidin agus an ceann chomh glan le biorán, agus an té nach nglanann ceo na hoíche óna cheann ach diaidh i ndiaidh. Dheineas roinnt machnaimh agus ansin tae. Chuimhníos ar Polanski, ar chúis éigin. Sea, scannán fadó agus coinín nó feoil éigin ag lobhadh sa chuisneoir. Coinín, a cheapas, bhí cruth cinnte ar choinín ina chabhail seachas plaic feola ar phláta. Cuma lúthchleasaí lom na bpáirceanna agus na nduimhche air gur bhain rás an tsaoil síneadh as mura raibh sé istigh i gcás féin. Sea, chuirfeadh Polanski iachall ar dhuine an seomra a bhaint as a chéile, blúire ar bhlúire.
Lasas an ríomhaire agus chuireas Billie Holiday ar siúl ag canadh Strange Fruit ar YouTube, í ag salmaireacht ar ár son, mar a bhí na cantairí salm as Leodhas a lean í. Sheinneas roinnt traiceanna Delta Blues. Bhíos ag tnúth le Skip James a chlos agus go háirithe Hard Time Killing Floor Blues. Bhrús an cnaipe athsheanma agus d’fhágas Skip ag scaipeadh mil anama ar an aer.
Sheasas ag an bhfalla thall á iniúchadh. Bhí páipéar tiubh air agus é péinteáilte. Chaith sé go raibh monarcha éigin sa Fhrainc nach raibh faic ar siúl ann le cúpla céad bliain ach an phéint dhonn sin a sholáthar. Donn cnó capaill, nó donn anlainne. Shúigh an dath cloíte an t-anam ar fad timpeall air isteach ina lár gan é a shásamh choíche. Chnagas go héadrom ar an bhfalla ar feadh a fhaid ach níor aimsíos aon phainéal folamh ann. Moirtéar agus bloic faoin bpáipéar. Chnagas an athuair agus leanas an dromchla le mo mhéireanna, ach poll níor aimsíos ná painéal toll. Bhí rian seanfhráma dorais, chaith sé, istigh ina lár a bhraitheas faoi mo mhéireanna. Leanas orm timpeall ar an bhfráma, ach bhí brat plástair scimeáilte ansin leis. D’fhéadfadh rothaí éigin a bheith sna cúinní, nó gléas éigin a d’osclódh amach an falla mar a bheadh in amharclann. Gan faic ach brus cnis, fuíoll cuileanna triomaithe agus líontáin damhán.
D’éiríos as. Bhí ocras orm, agus é in am bualadh amach agus greim a ithe. É a ceathair a chlog. Bhí an margadh caillte agam, ach bheadh na siopaí ar oscailt fós i rue Mouffetard. Bhíos tugtha do shliogéisc, oisrí méithe, muiríní feolmhara, cleaimeanna súmhara, diúilicíní milse, ordóga bána portán, cloicheáin agus ribí róibéis, sceana mara a leáfadh ar do theanga dá mb’fhéidir iad a fháil rud ab fhíorannamh agus iad róchostasach, agus ó am go chéile gliomach groí ó thóin na mara de réir m’acmhainne. Scaip Aisling na Mara an ceo ó mo cheann. Chuir sé gliondar orm a bheith ag cuimhneamh orthu, na neacha beo a shnámh nó a rámhaigh sa sáile, a d’oscail agus a dhún comhlaí agus hinsí leis an taoide, a cheangail a ribí clúmhacha dá chéile agus a mhéithigh i mbroinn shliogánach, nó a sheol go tréshoilseach le sruthanna a lig rianta plandúla agus solais tríothu. Bhíos féin leis anois ag síobadh i sáile nár sháile é, ach leacht meanma íogair.
Gan ocras a bhac, réiteach amháin ar scéal Duane ab ea béile a dhéanamh, paella do bheirt. Chuir an smaoineamh giodam ionam. Paella buí cróch sa fhriochtán éadomhain a bhí ann. Chorizo te. Gan aon sicín. Ná coinín Polanski. Bhí cuid de na comhábhair sa chófra cheana, an rís paella, ach chaithfinn na spíosraí paella a cheannach, b’fhéidir gas finéil nó lus an choire a thaitin liom féin mar mhaisiú. Púdar cróch riachtanach. Bhí dúil mhallaithe agam sa bhuí.
D’imíos liom amach go rue Mouffetard, agus bhaineas an Poissonnerie amach ag bun na sráide. Fonn a spreagann fonn. Scuaine Francach romham agus iad mioncheisteach, leadránach, bhraitheas míchéatach ach níor mhaolaíodar ar m’fhonn. Cheannaíos a raibh uaim. Gan aon ghliomach ná ordóga portán, ach slisíní cudail sa bhreis. Bhí an finéal, paipríce, agus an púdar cróch i siopaí eile in aice láimhe. Gan an líomóid a dhearmad. D’fhilleas ar mo sheomra, agus thosnaíos ag réiteach.
Gairleoga, oinniúin agus piobar buí a ghearradh go mion, agus cúpla duilleog labhrais. Piobar agus salann. Pinsín luibheanna Provence. Bhaineas an cloigeann de na ribí róibéis, chruinníos roinnt diúilicíní, cleaimeanna agus slisíní scuideanna, chuireas an t-iomlán faoi uisce agus teas leo chun an sú a bhaint astu. Dhoirteas fíon bán ann. D’fhágas ar suanbhruith iad ar feadh i bhfad agus ceol ó Chnoc na Graí ar siúl. Shíneas siar ag éisteacht leis, rince i mo mhéireanna cos.
Níl aon ní is mó a fhágann poll sa bholg, poll na díomá, ná béile do bheirt nó triúr a ithe leat féin. Bhíos tamall fada ag stánadh ar an bpan i lár an bhoird agus mullán breá paella ann, gal imithe as faoin tráth seo, mo chnuasach trá agus ríse. Bhíos ag samhlú ceol na mara ar thrá thart orm, ach níor chnag Duane, níor oscail comhla, níor chuala aon ‘halló’. Bheadh an boladh faighte aige i bhfad roimhe sin. Bhraitheas i mo leathamadán. Cad a bhí orm in aon chor agus a cheapadh go bhfaigheadh sé an boladh? Bhí fallaí an tseomra triallta agam, agus gan poll eochrach féin ann a sceithfeadh gal an bhia tríd. Fós. B’fhéidir, a chuimhníos, nár thaitin bia na mara leis, gurbh fhearr leis stéig mhairteola agus oinniúin, súlach na feola ag leathadh trí na hoinniúin, an ghairleog ag ruachan, agus b’fhéidir anlann trátaí i bpota eile, i dteannta pasta de shaghas éigin, pasta úr tagliatelli a chuirfeadh uisce leis na fiacla agus an anlann trátaí á leathadh air. Meiriceánach ab ea é, cé go raibh tamall fada caite aige i bPáras, cá bhfios cad iad na nósanna bia a bhí aige faoin tráth seo agus gurbh fhearr leis bia an diner féin i gcónaí thíos in íochtar a bhoilg. Ach tóg bog neomat é! Ag iarraidh ciall a dhéanamh de rud nach raibh ciall ar bith leis a bhíos agus mé tiomáinte go rue Mouffetard féin chun dúil a bhí ionam féin a shásamh le súil is go dtiocfadh neach a bhí feicthe agam i lár na hoíche a thabhairt chun solais an athuair. Bhíos mar sin riamh, a chuimhníos, agus mé ag stánadh níos géire ná riamh ar an paella ag dul i bhfuaire agus i lagbhrí. Á shamhlú go raibh beatha sna sprideanna a chonac i mo cheann féin, na híomhánna, na samhlacha agus fíoracha daonna nó neamhshaolta a bhí riamh óm naíondacht féin sa cheann agam. Mura raibh iontu ach cleasanna, gan fhios dom féin fiú, chun mianach níos doimhne fós, tréith éigin a bhain liom, a chur ar gcúl. Fiú Nóra Buckley féin, nó Ellen Daunt mar a bhí anois uirthi, mo bhean rince. B’fhéidir nárbh ann di, go raibh cleas eile fós á imirt. Lámh chaol. Lámh dhocht. Greim gríobhach. An uaignis.
Thógas mo chuid as an paella, oiread agus a líonfadh an bolg faoi dhó. Buidéal uisce ar an mbord. Beagán aráin chun an pláta a ghlanadh. Chuireas Ladies Sing the Blues, traic Bessy Smith ag gabháil de Empty Bed Blues ar siúl ar an ríomhaire. Bhain sí gáire asam.
D’itheas an paella, ach thuigeas nach líonfadh sé an poll eile úd go brách.