AN BHANRÍON DHUBH
Sheas sí ina ríon mhaorga sna boinn, agus clóca cróch a shín go hurlár uirthi. Bróiste nó dealg órga ag ceangal an chlóca ag an muineál, í nocht ón mbrollach anuas ar fad, bhí a súile casta i mo threo ach í ag féachaint uaithi i gcéin ar an íor, nó ar ainmhithe lúfara ag rás ar mhachairí féaraigh, spáschúrsa spéirfhairsing sabhána.
D’oibrigh Duane go han-tapa agus é suite ar an stól, á sceitseáil, nó phreabadh sé chun í a fheiscint óna cúl, ón taobh.
‘Ná bog do cheann Jasmin, le do thoil, coimeád an fhéachaint aduain, choimhthíoch sin,’ a dúirt sé léi.
Bhí comhthuiscint idir an bheirt, gan teannas dá laghad, ach iad ag comhoibriú mar a bheadh páirtnéirí ag rince ar comhbhuille.
Ghabh sé tríd an pad sceitseála mar a bheadh sé ag breacadh nodanna nó sceitseanna garbha, ar luas lasrach. Bhí a shúile féin ag eitilt as a chloigeann, nach mór, agus iad ag éirí agus ag tuirlingt os cionn na leathanach. A lámh chlé – ciotóg a bhí ann – ag oibriú mar a bheadh loine agus é ag breith ó am go chéile ar mhaide gualaigh nua.
Bhraitheas i mo voyeur, ach chuir an chomhthuiscint idir an bheirt ar mo shuaimhneas mé. Chun an fhírinne a rá, thaitin mothú an voyeur liom ach chuir sí féin an teitheadh amach an doras air. Bhí Jasmin féin beagnach sé troithe ar airde, agus cúig nó sé orlach aici ar Duane. Gan aon smidiú uirthi, bhí áilleacht ársa na ndéithe ag baint léi. Bhí sí riamh ann, agus bheadh fad a mhairfeadh an domhan.
Thuigeas ar a laghad nárbh aon tráth cainte é, agus choimeádas mo bhéal dúnta.
Bhí roinnt prapanna ag Duane thall sa chúinne in aice a dhorais féin, sciath seithe, sleá, bróga, buataisí, agus feisteas liopaird de shaghas éigin crochta. Bhí cnámh dhaonna nó ainmhí éigin, géag bhán, caite sa chúinne ach ba dheacair í a dhéanamh amach. Bhí cannaí agus prócaí péinte ar an urlár aige, agus bratacha bána leata, canbháis mhóra ón gcuma a bhí orthu. Dréimire adhmaid.
‘Ar mhiste leat, Jasmin, an clóca a bhaint anois agus tabharfad an feisteas liopaird duit le cur ort,’ ar sé, agus thug sé di é.
‘Táim chun sos beag a thógaint,’ ar sise,’ táim i mo sheasamh le breis is uair a’ chloig agat, agus d’fhéadfadh an áit seo déanamh le beagán teasa.’
Chuir a guth beagán díomá orm, agus gan í cloiste go dtí sin agam. Bhíos ag samhlú go mbeadh guth aníos ó na cianta aici, ceol geitirí faoi leoithne tríd, fliúit mhall ar chúis éigin, ach glór coitianta sráide, beagan tanaí, a bhí aici. Fós, ní ar son a gutha a bhí sí ann, níor chuala éinne riamh an Mona Lisa ag caint ach Leonardo agus choimeád sé siúd a chlab dúnta leis. Ná Beatrice ná an Mhaighdean Mhuire, anois ó chuimhníos air. Choimeád Dante a gcuid cainte dó féin.
Las sí toitín, agus chroch sí casóg fionnaidh uirthi féin. Shuigh sí siar i gcathaoir.
‘Tá Maurice an-sprionlaitheach leis an teas sa gheimhreadh, agus na seanradaitheoirí ann ó tógadh an t-óstán,’ arsa Duane léi. ‘Tá an chuma orthu go ndéanfaidís halla a théamh agus a bhfuil d’iarann teilgthe iontu, ach is dícheall don teas sa tigh na radaitheoirí féin a théamh. Tá tine leictreach anseo agam, agus cuirfead ar siúl í….B’fhéidir go ndéanfadh ár gcara ón dtaobh eile caife dúinn…nó arbh fhearr leat biotáille?’
‘Café cognac! Ba bhreá liom ceann. Dubh agus taoscán maith cognac.’
Baineadh siar asam, agus mé á thuiscint go rabhas ann gan fhios, ar chuma éigin.
‘Níl aon cognac agam, ach cuirfead an citeal síos,’ a dúrt ag preabadh i mo sheasamh.
‘’Bhfuil do chara i gceart?’ a d’fhiafraigh Jasmin de Duane.
‘Ó, tá, ach é beagán scanraithe romhat, a mheasfainn.’
‘Ní féidir liom plaic a bhaint as ón áit seo.’
‘Les femmes guerrières – na banlaochra – a bhaineann an bonn de, a déarfainn, nach ea William?’
‘Tá siad againn, tá’s agat sa phainteon Ceilteach, agus mhaireas le duine acu tráth de mo shaol. Medhbh.’
‘Cén t-ainm é sin arís?’ ar sí.
‘Medhbh. Mai-ve.’
‘Á, Mai-veux.’
‘Mai-ve, gan -eux láidir ann.’
‘Maive. Ní cheapfainn go mbeadh dochar ar bith in ainm mar sin, go mbeadh mí na Bealtaine faoi bhláth ann.’
‘Chuir sí cogadh ar siúl, spreag sí formad agus cath, chuir sí gaiscígh mhóra ag marú a chéile, cairde ag baint na bputóg as dlúthchairde, mar gheall ar tharbh.’
‘An raibh tusa sa chogadh leis, cogadh an tairbh?’
‘Ó, ní raibh, scéalaíocht is ea an chuid sin de. An dream a mhaireann sa chuid thuaidh agus thiar den tír againne ar fad a bhí ann.’
‘Á tuaisceartaigh! Tá siad sin san Aetóip chomh maith againn.’
Shíneas an caife chuig Duane, agus é ag gáire. Bhraitheas go raibh sé ar tí cogar a chur i mo chluas, ach ní dúirt sé faic.
‘Steall maith cognac anois agus raghaimid i mbun oibre arís. Ní thógann William cognac ar bith sa tae.’
‘Dá mbeadh a fhios agam go raibh tae ann bheadh sé agam,’ arsa Jasmin, ‘ach is fearr an caife agus an cognac ann. Tae leis féin. Tae menthe nó verveine timpeall a ceathair san iarnóin.’
‘Agus cén fáth nach dtagann tú trasna anseo chugainn ó do phluais, tá teas breá anseo anois ó chuir Duane an tine leictreach ar siúl?’ ar sí.
‘Tá sé go breá ansin thall go fóill, ar a sháimhín só. Duine beagán eaglach é,’ arsa Duane, ‘gan domhan na mban siúlta i gceart aige go fóill.’
‘Ó, an mar sin é?’ arsa Jasmin. ‘Ní gá dó aon eagla a bheith air romhamsa. Ní bhainfeadsa plaic as,’ ar sí, ag síneadh a géag lomnocht leis an teas, agus ag nochtadh a coirp ar a fad faoin gcasóg. Leath sí an chasóg amach ina sciatháin, ag cruinniú tonnta teasa chuici, nó ina planda fiáin ag leathadh duilleog agus ag sceitheadh mos mealltach chun feithidí a cheapadh ina lár. Bhí loinnir dhraíochta na hoíche óna ceathrúna agus óna léiseacha. Nocht gile sna súile aici, mar a bheadh ainmhí allta ag fiach creiche ar tí léim.
‘An ndeintear tae ar jasmin leis uaireanta?’
‘Ó, go minic, agus tá sé an-bhlasta i do scornach. Chomh blasta le.…’
‘Is fearr dúinn dul i mbun oibre,’ arsa Duane ag preabadh ina shuí. ‘An gcuirfeá ort an feisteas?’
‘Cuirfead a chroí.’
‘’Chríost, bhíos i mo liobar aici agus gan agam ach an tae leamh buí ó Lipton chun iarann a chur ionam. Bhí sí seo glan anuas as na spéartha, mealltóir de chuid Zeus, nó pé máistir déithe a bhí acu san Aetóip. Cleasaithe ab ea na déithe riamh, mura raibh Duane féin ina measc ina chleasaí acu, drúth beag agus abhlóir in éineacht, ach ba chuma liom. Bhíos sásta a bheith i gcomhpháirt leo ina gcuid cleasaíochta. Greann na ndéithe, ag magadh faoin duine daonna lena chuid lúbaireachta agus fantaisíochta. Oíle a dhéanfadh sí de agus a smearfadh sí ar na bosa aici.
Sheas sí gabhalscartha ina feisteas liopaird agus crios leathan dearg leathair fáiscthe ar a coim sheang, na lámha ag síneadh lena taobh nó amach roimpi mar a bheadh sí ag breith ar aer soladach, ag leanúint treoracha Duane. Bhí sé féin i mbun péintéireachta anois, ach an uair seo bruiseanna lena thaobh ar an urlár agus é ag sá agus ag stoitheadh bruiseanna, agus ag leathadh uiscedhathanna ar a chuid leathanach. Scuab sé an t-aer leis na bruiseanna, agus steall dathanna agus uisce ar fud an urláir, saghas mire nó néal air agus é ag éirí ina sheasamh óna stól, ag crochadh píosaí canbháis nó páipéir nó ábhar éigin eile a d’aimsigh sé faoina chosa ar an urlár agus á chaitheamh ar sheastán roimhe.
Ansin, d’iarr sé uirthi baint di ar fad, agus chuir sé ceol ar siúl.
Ceol Afracach as Mali a mheasas a bhí ann, níor aithníos i gceart é, ach d’fhreagair Jasmin don cheol mar a bheadh sé ag gabháil trí gach féith fola dá colainn ó bhonn aníos. Ceol mall ar dtús ar théadchlár agus drumaí boga faoi bhosa ag coimeád tionlacan leis le rithim uisce abhann agus na n-eas. Ghabh Jasmin na rithimí chuici, ag leathadh na lámh, ag scaradh a méireanna, ag lúbadh na nglún, ag luascadh a cromán, ag innilt an aeir lena déada agus a beola maotha, fad a ghlan Duane na giúirléidí agus an trealamh ón urlár. Leath sé péint go héadrom ar bhrat canbháis urláir, dath buí, agus rinc Jasmin ar an bpéint. Ba dheacair di a coisíocht a choimeád i mbun rince ar an bpéint fhliuch, ach nuair a sciorr sí uair nó dhó, rug Duane ar lámh uirthi, á rá gurbh fhearr fós an obair agus sciorradh gan titim. Nuair a bhí an ceol sin thart, agus péint leata ar na boinn aici agus é ina steallta ar a géaga, srac Duane an brat den urlár, chroch i leataobh é, agus chuir sé ceol bríomhar ar siúl, drumadóireacht nach raibh aon rian den domhan leictreonach tríd, ach bosadóireacht ársa, ainmhithe ar cosa in airde, sna rite reaite. Steall sé péint an uair seo as canna, péint ghlasuaine ag freagairt don fhéar ar sé os ard léi, tá tú ag rás tríd an bhféar borb go halt ort, ar sé léi, agus ní chailleann tú do choisíocht.
Ní raibh a fhios agam an rabhas i láthair dráma éigin, agus Duane ina stiúrthóir air, nó i láthair na healaíne mar ab eol d’éinne eile í, ach ba chuma. Líon an t-aer le macnas allta an cheoil, an rince, bolaithe na ndathanna, áilleacht chruthanna na mná seo nárbh ón saol seo ar domhan í, mar ab eol dúinn é. Ní raibh an seomra an-mhór, ach mhéadaigh a cuid rince agus a gothaí an spás timpeall uirthi ar shlí go gcreidfeadh éinne a bhí ag faire uirthi go raibh machairí fairsinge, agus sléibhte i gcéin ar an íor le baint amach uathu, mar aon le locha móra ar thuirling éanlaith ghrástúil le foirfeacht ón spéir ar a mbruacha agus ar a ndromchla réidh.
Lean Duane air ag baint na mbratacha urláir, ag leathadh péinte, agus Jasmin ag rince le ceol éagsúil gach brat acu. Shín sí ar bhrat ó am go ham, ag lúbadh ina nathair tríd an gcoillearnach agus ceol macnasach bundúchais ar siúl, ceol Indiach ar an sitar, ceol dobro ó Mheiriceá, ceol timthriallach a lúb sa timpeall mar a lúb sí féin a géaga. Bhí sí smeartha anois ó bhun go barr i stríocaí ildaite, í faoi hiopnóis choimhthíoch a bunmhianaigh féin agus pé sprideanna a raibh seilbh acu ar a colainn agus a meanma. Ealaín bheo chollaí a bhí ann ach taifeadadh i ndathanna á dhéanamh air. B’ealaíontóir í féin leis, a colainn ina huirlis ealaíne den mhéid a bhí inti féin, á thabhairt amach ag Duane ar na canbháis. Ní raibh a fhios agam cad chuige ab ea é, cér dó é, ach ba chuma. Uair amháin, bhí sí leata ar chanbhás agus í ag lúbadh léi tríd an gcoillearnach donnbhuí, gasghlas, nuair a leath Duane péint órga uirthi agus leath na preabanna breise a ghabh tríthi, agus na coir a bhain sí as a colainn, stríocaí áthais, dá mb’fhéidir dathanna a chur ar áthas, anuas ar na dathanna a bhí cheana fúithi.
Bhí sí spíonta ag a cuid oibre agus Duane mar aon léi. Bhíos féin leis, chomh maith leo. Bhí saothar uirthi, agus nuair a d’éirigh sí den chanbhás deireanach mar a mheas sí, chonaic sí a cruth i scáthán.
‘Bhí na sprideanna sinseartha ag gáire anocht inár dteannta,’ ar sí, ag beannú dóibh agus a lámha ardaithe os a cionn. Gháir sí, aníos as a putóga, gáire a bhainfeadh comhgháire as ainmhithe na foraoise.
‘Ceann amháin eile, agus beimid críochnaithe,’ arsa Duane ag síneadh tuáille chuici chun na boinn a ghlanadh.
Bhí brat canbháis amháin fágtha agus b’fhéidir fiche ceann crochta ar chordaí ar fud an tseomra. Chaitheadar cromadh chun gabháil tríothu.
‘Is féidir an teas a mhúchadh anois,’ arsa Jasmin. ‘’Bhfuil braon uisce agat?’
Shín sé buidéal chuici fad a bhí sí ag glanadh na mbonn.
‘Ceann simplí é seo,’ arsa Duane.
‘Rian na gcos i bpéint dhubh ag siúl tríd an oíche. Teastaíonn uaim ciúnas na hoíche a chlos iontu, na coiscéimeanna ag luí go héadrom ar thalamh fúthu, tríd an gcoill ar feadh chúig choiscéim, ag teacht amach as an gcoill, ag stad, ag féachaint ar an ngealach go hard sa spéir, gealach lán, spéir ghlan na hoíche, an féar bog faoi na boinn agus ansin deich gcéim eile faoi sholas ard na gealaí, bainne solais, solas bainniúil…déanfaimid cleachtadh ar dtús air gan péint. Níl luid ort, nocht ar fad mar a chonaic do mháthair an chéad uair tú, an chéad radharc agat féin ar do mháthair, an chéad lámh a leag sí ort, an chéad uair a chuiris do bhéal lena cíoch….’
Shiúil sí ó cheann ceann an chanbháis gan aon phéint ach a raibh de stríocaí triomaithe uirthi cheana a dhein bean neamhaí di, sprid a raibh a hanam réalaithe ar talamh, nó péinteáilte ag treabhchas ban a bhí ag glaoch agus ag mealladh na sprideanna teacht ina láthair.
Steall Duane péint dhubh i soitheach agus chuir sí a cosa go halt ann, ceann ar cheann. Dhún sí na súile, agus dhein cantaireacht éigin os íseal. Shiúil sí tríd an gcanbhás, agus chreideas an uair sin go rabhas féin leis ag siúl faoi sholas bainniúil na gealaí, máthair ársa na leamhnachta.
D’fhanas ar feadh i bhfad ag féachaint orthu, agus iad suite ag caint ina dhiaidh. Bhíodar ag teacht chucu féin, ag caitheamh siar biotáille, í féin ag caitheamh toitíní agus gúna anois uirthi tar éis í féin a ní ar chúl in áit chónaithe Duane chaith sé.
Pé áit ar domhan nó sa spéir go raibh cónaí ar Duane.