PORTRÁID DUANE


Ní raibh aon fhocal as ach é ag stánadh roimhe ar an gcanbhás os a chomhair ar sheastán agus é suite siar i gcathaoir uilleann chána. Bord lena thaobh, gloine agus buidéal biotáille. Carn péinteanna, agus bruiseanna i bprócaí. Scáthán fada le taobh an chanbháis, agus an solas dírithe orthu araon. Bhíodar báite i lochán tulsolais. Cuma níos loime ar a cheannaithe agus meáchan mór caillte aige, ach é fós faoina ghnáthchulaith, geansaí dubh olna gan léine, treabhsar agus ruinnéirí. Chruthaigh an solas saghas luain ar a phlaitín.

‘Pictiúr nua?’ a d’fhiafraíos.

Chroch sé lámh leis, thóg bolgam as an ngloine. Theastaigh uaidh a bheith ina thost.

Níor chorraigh sé ar feadh tamaill fhada, ach d’fhan ag stánadh. Ó am go ham thógadh sé súimíní as an ngloine. Ag féachaint air ag féachaint, mheasfaí go raibh an pictiúr, nó pé samhail a bhí ina cheann den phictiúr, idir é agus an canbhás, ar snámh san aer gan tuirlingt fós ina chruth ná ina dhathanna. Nó cé acu a tháinig i dtosach, má bhí tús, lár agus deireadh ag a leithéid? Bhí an canbhás féin ard, suas le cúig troithe go leith, agus dhá throigh go leith ar leithead, ag féachaint air ón gcúl agus dhá chlár sáite trasna ar a chéile mar thaca leis.

Thosnaíos ag comhaireamh na gclár ar an urlár, ó fhalla go falla, chun an t-am a chaitheamh. Mura raibh aon fhonn cainte air, bheadh an oíche fada. An raidió beag féin, múchta, má bhí sé in aon áit. Bhí an tigh ciúin, fiú Zabriskie féin ag fáil codladh na hoíche. Na deamhain cloíte aige ar deireadh. B’fhéidir. Ó am go ham, buinneán práinne ag fógairt, ag dul as.

‘Níl aon fhocal agat,’ a dúrt ar deireadh.

Níor thug sé toradh ar bith orm.

Níorbh ionann é agus a bheith ag féachaint ar phéint ag triomú féin. Ach ag féachaint ar phéintéir ag cuimhneamh ar phéint a chur ar chanbhás ab ea é. ’Chríost! Ní raibh a fhios agam an raibh an canbhás bán, lom, nó an raibh péint curtha cheana aige air gan fhios dom.

D’éiríos amach agus chuireas an citeal síos. Tochas i mo ghabhal. Mura raibh ceann de na míoltóga sin tar éis a shíol a chur i mo chneas arís, áit bhog bhán mhín. Na bastairdí lofa agus iad ag eitilt thart, ag faire ar a seans. Bhí sásamh millteach ag baint le faoiseamh a thabhairt do thochas sa ghabhal, ar chúis éigin. Gan aon phriocadh, pé rud a bhí ag priocadh. Níor theastaigh muga ar bith uaidh féin. Ní chuirfinn ceist arís. Thugas tamall fada ag luascadh an mháilín tae sa mhuga, suas síos. Lipton buí leamh. Cad a bhí le déanamh, gan aon aird a thabhairt air agus síneadh siar, nó suí ag féachaint air? Ba chuma leis ann nó as mé, ach a aird ar fad aige ar an gcanbhás. Bhí fonn orm siúl isteach thar tairseach chuige, sna boinn, agus féachaint ar an gcanbhás, ach níor lig pé fuinneamh a bhí sa spás eadrainn dom é a dhéanamh.

Shuíos ar chiumhais na leapa, ag ól an tae, ach ní raibh taca le mo dhrom. Bhogas cathaoir i leith, agus shuíos inti.

Las Duane soigeár, agus líon an seomra le deatach. An nós salach, bheadh an áit plúchta aige. Gan aon fhuinneog, d’osclaíos an fhuinneog i mo sheomra féin, ach sheol a chuid deataigh féin in airde gan teacht thar tairseach. Maith an bhail air é. Dhúnas m’fhuinneog arís le heagla an tséideáin. Shuíos. Mura raibh sé ag iarraidh léargas éigin a thabhairt dom ar ealaín an phéintéara, na huaireanta fada an chloig ag stánadh sa spás sula mbéarfadh sé ar bhruis féin, bhíos á fháil anois ina uaireanta fada leadráin uaidh.

D’éirigh sé de gheit as an gcathaoir. Sheas sé os comhair an chanbháis, agus dhírigh é. Ba dheacair a dhéanamh amach cén bogadh nó ceartú a bhí déanta aige, ach lig sé gnúsacht éigin as. Thug sé féachaint i leataobh air féin sa scáthán, d’fhan ag stánadh air féin ar a fhad sa scáthán. Dhruid sé ina leith agus d’iniúch a aghaidh. Leath a shúile. Súile capaill a shamhlaíos ar chúis éigin. Sásair chuachta bróin. Ní raibh sé i bhfad uaim, ceithre nó cúig troithe, d’fhéadfainn seasamh agus mo lámh a shíneadh. Ach níor cheadaigh pé rud é, é.

Á, portráid de féin a bhí ar bun aige.

Bhí cead á thabhairt aige dom seasamh isteach gan seasamh i spás príobháideach dá chuid féin.

Chuaigh sé sall go dtí an bord, bhrúigh taos amach ar a chlár, thóg bruis as ceann de na prócaí, agus tháinig sé i leith arís. Leath sé péint le fuinneamh, ina stríocaí leathana ó thaobh taobh ar an gcanbhás, anuas ón mbarr go bun, agus saothar air. D’fhill sé ar an mbord, bhrúigh taos amach arís agus tháinig i leith. Gorm na spéire a chonac ar an gclár aige, agus an bhruis tumtha ann. Nó gorm clóca mná, nó gorm na Maighdine Muire…bhí teipthe ar mo shamhlaíocht dathadóireachta féin. Gorm na mara, cé gurb uaine ab fhearr go minic, gorm éadrom a bhféadfá féachaint tríd nach mór, a d’éadromaigh an tsúil nó an té a raibh an chaille ghorm á caitheamh aici, is ea bean de ghnáth….

Thit mo chodladh orm faoi bhrat gorm éadrom.

Lean Duane dá phortráid, oíche i ndiaidh oíche. É ina shuí ar feadh i bhfad, ag blaisínteacht ar a bhiotáille, ansin éirí agus seasamh os comhair an chanbháis ar stól uaireanta, ach bhíos buíoch nár chaith sé mórán soigeár. Agus in áit an doichill agus na leisce a chuir a chuid gothaí orm ar dtús, bhínn ag tnúth len é a fheiscint anois, ag súil leis an oíche a mbeadh an phortráid – is sé a bhí ann cinnte a mheasas – críochnaithe aige. Portráid an tosta a bhí tugtha agam féin air, gan oiread is gíocs as féin.

Bhraitheas go rabhas féin, leis, i gcomhpháirt sa phictiúr cé nár fhéach Duane sna súile orm riamh. Neamhaird ar fad. Ní rabhas ann. Agus in gan-a-bheith-ann, ba mhó a bhíos ann ná riamh. Bhí an dá sheomra ag rith ina chéile níos mó, agus uaireanta i gcaitheamh an lae d’fhaighinn boladh na bpéinteanna agus pé oíle a bhí aige ag oscailt spás Duane amach agus é féin ina thost ag gabháil dá shaothar, mé féin i mbun mo choda féin gan aird air. D’éiríos as a bheith ag cuimhneamh ar dhéantús na portráide, ar an gcuma a bheadh air, ar an bpictiúr de féin a chonaic Duane agus ar an bpictiúr a bhí agam féin de agus ar an bpictiúr de na pictiúir go léir a bhí againn dá chéile a thiocfadh amach ar deireadh ar an gcanbhás. Thosnaíos fiú ag guí ar son Duane, ar mo shlí féin, go n-éireodh leis an chuid ab fhearr de féin a chur i bpéint ar chanbhás, más é go dearfa a bhí ar bun aige. Nuair a stopadh sé dá mhionscuabadh, ina sheasamh agus blabanna ón gcanbhás ar bharr a chaincín nó smeartha ar a cheannaithe ina stríocaí, mionbhruis idir ordóg agus corrmhéar, é beagnach istigh sa chanbhás féin, bhínn féin chomh tógtha céanna leis an obair nár bhain liom agus mé ag súil le Dia go dtiocfadh pé cruth a bhí roimhe chun foirfeachta.

Ansin cuireadh cor eile ann.

Agus é ag gabháil den phéintéireacht, nó ina sheasamh siar uaidh ag glacadh sosa agus giobail éadaigh ag gobadh as na pócaí, shamhlaínn go raibh a ghéaga féin ag dul ar lár. A lámh chlé go dtí a shlinneán. A ghiall bailithe leis. É ar leathshúil. Ar leathchluas. Poll mór ina chliabh.

Thosnaigh sé ag caitheamh clóca fada donn go dtí na sála, mar a bhíodh ar mhanaigh fadó, chun na poill ina chabhail a cheilt a mheasas ar dtús. Bhí faoiseamh orm i dtosach nár chaitheas féachaint trí na poill ann, ar an bpáipéar gránna donn-anlainne ón taobh thall den bhalla uaidh, ach fós bhíodh oícheanta ann go mbíodh bruis ag gabháil den chanbhás agus gan faic ag breith air ach aer. Nó cabhail gan cheann i gclóca donn. ’Chríost, a ghuínn, déan trócaire ar an bhfear bocht, tá an ceann caillte aige. Ar mo shon féin, is dócha, a bhínn ag guí leath an ama ach ba é an dá mhar a chéile anois é ar shlí ach an iomarca d’ealaín Dali agus na n-osréalaithe a bheith slogtha agamsa. Thosnaigh an ghráin ag brúchtadh ionam do shaothar Dali agus na coda eile acu, an cholainn dhaonna smiotaithe acu agus meaisíní uafara a samhlaíochta ag obair ar an gcuid ba uirísle den duine daonna.

Chaitheas righniú. Righnigh, righnigh, a chloisinn ó na seanghuthanna as an gcuid ab íochtaraí de na híochtair íochtaracha, as na huaimheanna faoi thalamh, agus mé ag féachaint ar Duane Ensor bocht agus é ag dul as. Bhí sé á chreimeadh ag a chuid ealaíne, nó ag galar éigin nárbh eol don saol, bás beo. Níor chuas ródhomhain sa mhachnamh sin, buíochas le Dia, dom spáráil féin ar mo mheabhair a chailliúint.

Sea, righnigh.

Oíche amháin, bhí an phortráid críochnaithe agus gan aon radharc ar Duane. An seomra mar a bhí an oíche roimhe sin, na péinteanna caite thart ar an urlár anois, bruiseanna carntha ar an mbord, agus an solas os cionn chathaoir Duane múchta. Boladh na bpéinteanna agus na hoíle ag plúchadh an dá sheomra, d’osclaíos m’fhuinneog féin chun aer a scaoileadh isteach.

Bhí an tulsolas ina lochán gléineach anuas ar an gcanbhás agus a chúl fós liom.

Bhíos cinnte go raibh an saothar críochnaithe, mar a chasfaí lasc sna putóga á dhearbhú.

Gan cuimhneamh an dara huair air ghabhas thar tairseach, is gan aon tairseach ann, isteach i seomra Duane. Bhogas na cuail péinteanna agus giobail éadaigh as an slí le mo bhoinn. Sheasas, sna boinn, ag stánadh ar an gcanbhás.

San Proinsias. Duane Ensor in aibíd an naoimh.

Tháinig tocht orm.

Bhí sé ag stánadh roimhe lena shúile féin as súile an naoimh. A chloigeann féin, an plaitín maol, an meigeall. É faoi aibíd. Frámaithe i bhfuinneog. Pána briste. Éin ag eitilt thar bráid. Tortóg ar chnocán íseal. Éin go socair ar a ghualainn ón dá thaobh. An lon. An spideog. An fhuiseog. Fáinleoga amuigh.

An dá bhos béal in airde go humhal, ag freagairt do na súile ar chuma éigin agus colm bán neadaithe iontu. Í ag féachaint roimpi amach.

Éanphaidir.

Thugas na huaireanta an chloig ag féachaint air, ag ligean don phortráid gabháil lastuas d’aon mhachnamh. Bhí cathaoir fúm, agus níor bhogas. Chuimhníos ar Ensor agus a shaoltacht ghnách, ar an bhfiodmhagadh ann, ar a bhlas ar an saol atá.

Bhí a fhios agam go raibh deireadh déanta ag Duane Ensor, ar gach slí i mo shaol. Chuimhníos ar phictiúr a thógaint den phortráid leis an bhfón póca, ach chuimhníos nach raibh an áis sin ann. Ní thógfainn pictiúr den phortráid pé scéal é, a chuimhníos, dá mbeadh. Ní cheadódh an phortráid féin dom é, ar chúis éigin, ina simplíocht lom chlasaiceach.

Bhí Duane féin ag síneadh lámh chúnta, faoi aibíd San Proinsias, ón taobh thall de pé abhus go raibh an saol ann.