MARIA ISABEL GÓMEZ RINCÓN


Bhíos ar ballchrith, mo shlat ina dúid ata ag pléascadh le dúil. Bhí canúint líofa na drúise eadrainn nár ghá d’urlabhra chuige ach cónascadh na ngéag.

Scuab sí a T-léine os a cionn in airde agus chroith piorraí lánmhéithe a dá chích mar a bheidís á lúbadh, crochta ar ghéag. Chuir na gais chnómhara fonn orm iad a stoitheadh agus a chnáfairt go fréamh. Luigh an t-aer go héadrom os a cionn, agus lastuas den mheangadh ar a haghaidh. Bhí an t-aer ar tinneall os mo chionn féin. Bhraitheas tonnchrith eadrainn, tonnta an aeir dhlúith sa seomra agus tonnta dúile ag líonadh ina chéile. Guairneán drúise.

An T-léine caite uaithi aici ar an urlár, shuigh sí ar chiumhais na leapa agus chaith di na bróga sál ard gan chromadh, d’éirigh agus d’oscail cnaipí na jeans a bhí fáiscthe ar thaobh amháin dá coim. Mhoilligh a méireanna ag gabháil de na cnaipí miotail mo cheann anuas, mar a bheadh fliúiteadóir ag gabháil d’fhonn mall, ach spriúch an mhoill m’fhonn. Cromáin leathana, slinneáin dá réir, d’ardóidís ualach. Bhíos féin nocht le mífhoighne roimpi, agus gháir sí. Gháir sí na gáirí geala amach aisti féin, aníos as ball di féin ar theastaigh uaim bheith báite go hiomlán agus go deo ann.

‘Tá tú ina ghátar, mi pobre amigo.’

‘Is breá liom gach cuid díot.’

‘An chuid seo,’ ar sí, ag fáisceadh a siní idir dhá mhéar. Tháinig luisne dhearg iontu, deora lachta.

‘An chuid sin, sea.’

‘Agus an chuid seo,’ ar sí ag líreac a béil le bior na teanga. Nathair ag siosadh.

‘An chuid sin, cinnte,’ arsa mé ag síneadh chuici agus á pógadh.

‘Tóg d’aimsir.’ D’fháisc sí mo bhod. Chuir sí fáinní na méireanna go feirc ann. ‘Níl tú ach ag cur fonn breise orm.’

Gháir sí.

‘Agus an chuid seo?’ Leag sí bos láimhe ar a gabhal, chuimil, agus leath na méireanna.

‘Cad eile, ach ní bhfuaireas a bhlas go fóill.’

Má bhíos ag sileadh le dúil, níor amach é ach isteach, stangtha. Chuimil sí mo ghéaga, d’fhuin na ceathrúna, agus shlíoc na matáin, síos, siar, timpeall agus isteach i mo ghabhal. D’fháisc sí na magairlí. Dhruid sí uaim. Chruinnigh sí anuas a treabhsar. Dhruideas ina leith agus leagas mo bhos ar thosach lonrach a drárs bána. Anuas ar an spéireata síodúil cheann sleá a bhí greanta orthu. Timpeall, fúithi, isteach, amach. Fuaireas boladh a brothaill ghnéis, goirt, te ó mo mhéireanna. Mo lámh leis anois, súpláilte, fliuch. Dheineas cuigeann bhoise lena lacht. Bhraitheas síoda geal fúm, ag teacht liom ina chúr, a cnocáinín aerach fraoigh ina théagar. A cnámh dhocht iarainn mar a bheadh hinsí fúithi, lúb sí anuas, sall agus anall ar mo bhos.

D’fháisc sí a greim ar mo loine ina lámh. D’fhuin. Bhraitheas cuair na bhfáinní ar a méireanna san fhuineadh di. Bhraitheas go rabhadar ag treisiú leis an mball fearga. Iarann ag dul ann. Ór. Diamant spréachta.

‘Ná ligfeá dom mo dhrárs a bhaint díom?’ ar sí, os íseal.

Ina seasamh sna boinn, ní raibh sí ard ach í déanta do mo thoise féin, sna boinn. Bhíomar déanta dá chéile. A liopaí méithe Colómacha, a súile olóige, thosnaigh sí ag baint na ndrárs di. Stad sí agus iad lena ceathrúna agus rug sí orm timpeall ar mo mhuineál. Bhaineas féin anuas iad an chuid eile den tslí, greim fáiscthe i gcónaí aici orm. D’fhanamar inár seasamh, más seasamh a bhí fúinn, leath ag rince agus ag glúinaltadh. Phlab a cíocha i mo chliabh, bhraitheas na siní ag teannadh, agus tháinig cnap sna cíocha mar a thiocfadh borradh aníos ón toinn. Theangamar ár mbéala araon, a teanga allta féin mar cheann nathrach do mo sciúchadh. Rud beo a bhí sáite ionam, go beo. Dhiurnamar. Boladh ola róis a scéigh óna colainn agus allas á dhéanamh againn eadrainn, na ceannaithe ag imeacht bán. Luíomar siar sa leaba. Chuas chuici síos le mo bhéal. D’iontaigh sí mo ghabhal suas ar a haghaidh féin, dom ardú ó mo cheathrúna mar a dhéanfadh sí le spóla feola. Bhraitheas a teanga bheithígh ar mo bhod, á dheochadh.

Á, na gamhna! Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána.

Dúrt os ard é idir a ceathrúna, agus d’fhiafraigh sí cad a bhíos ag rá. Dúrt léi gur chuma, líne as amhrán grá, nár thuigeas i gceart go dtí anois.

‘Caithfidh tú amhrán grá mar sin a mhúineadh domsa,’ ar sí.

Gháir sí. Gháireamar beirt.

Luigh sí a ceann siar sa leaba, shocraigh adhairt ar chúl a muiníl, ghreamaigh an ball fearga lena fiacla, á scaoileadh siar isteach ina scornach. Greim fáiscthe ar an sleabhcán aici chun srian a choimeád air. Changail sí é ó charball go cár. Dá dhéine a bhain sí mé is ea ba dhéine a bhaineas féin í. Mheileas í. Ní raibh tál chomh te, oíliúil leadhbtha riamh agam i mo ghob. Scar sí a cosa a thuilleadh agus chuir anuas ar log mo dhroma iad. Shocraíos mo ghéaga féin ar chúl na hadhairte aici, agus pé géagfháscadh a bhí déanta againn eadrainn, bhaineamar comhrithim amach nárbh é fíoch na dúile amháin a bhí á thiomáint níos mó.

‘Mall. Mall, mi amigo nó tiocfaidh mé róluath,’ ar sí, agus shíneamar beirt taobh le taobh. Caint na súl eadrainn. Bhraitheas an t-allas eadrainn mar oíle feamainne ag leathadh sa sáile san fhómhar. Chuimhníos ar shúile na portráide ag stánadh amach as an bhfráma. Shlíocas a folt agus d’fháisceas chugam í. Níor chaolaigh meá dhian an bhreithiúnais iad, níor chruaigh. Iad lánoscailte, neamhscáfar. Impí ar son na tuisceana, an mhaithiúnais. Comhbhá. Leis an uile ní.

‘Tá tú ag cuimhneamh ar rud éigin,’ arsa Maria.

‘Dá ndéarfainn leat é, ní chreidfeá mé.’

‘Abair leat é.’

‘Portráid. San Proinsias.’

Lig sí racht gáire aisti.

‘Sin é an chéad uair riamh a tháinig San Proinsias sa leaba liom.’

‘San Proinsias a mhol dom glaoch ort, ar shlí.’

‘Ó, ab ea anois?’ ar sí agus dhruid sí uaim chun féachaint i gceart orm. Iarracht d’alltacht uirthi, ar ndóigh.

‘Á, ní mar sin é atá i gceist agam.’

‘Conas, mar sin?’

‘Scéal fada é, agus dá ndéarfainn leat é, ní chloisfinn uait go deo arís. Déarfá gur gealt mé.’

‘Tá an-ómós do Phroinsias, tá’s agat, sa Cholóim.’ A súile féin ar leathadh anois ag dairt leonta, súile portráide. Doirteadh fola, marú, nach nglanfadh astu go brách.

‘Tá, agus ar fud an domhain Chríostaí.’

Go tobann, bhí Proinsias tar éis cuid éigin leonta di féin, an chuid ba dhoimhne di, a bhaint amach. Bhí tearmann polaitiúil aici sa Fhrainc lena máthair agus a mac seacht mbliana déag, toisc gur dhein treallchogaithe FARC ionsaí ar a teaghlach féin. Maraíodh deartháireacha léi san ionsaí. Mharaíodar a hathair, feirmeoir, a seanathair, uncailí agus aintíní, toisc gur bhrathadóir an t-athair a dúradar. Níor theastaigh uathu go mbeadh fuil an bhrathadóra ag athshíolrú agus go nglanfaí gach braon di. Bhí daoine muinteartha eile curtha chun báis leis acu. Cúis acu orthu mar gheall ar lastaí drugaí a chuaigh amú.

Bhí tonn na drúise tráite. Slogtha i gcraos allta an fhoréigin ar leath a thonnta buile féin uaidh amach as an gColóim. Ní as an gColóim amháin é, ach áit ar bith ina raibh brúchtadh an fhoréigin ar domhan. Ach as an gColóim anois, go sonrach. Bhraitheamar beirt na tonnta ag leathadh orainn, luite taobh le taobh, cé nach ndúramar faic. Bhí an drúis ídithe acu. Shín an tost ar fud an tseomra, mo sheomra féin, agus gan an saol ina chodladh go fóill. Thosnaigh cnagadh éigin os ár gcionn ach níor thugamar aird air.

‘Ceithre bliana atá tú anseo?’ a d’fhiafraíos.

‘Ceithre bliana an Nollaig seo.’

‘’Bhfuil sé dian ort, ag obair mar fhreastalaí agus ag iarraidh do mhac a thógaint i gcéin?’

‘Cad atá le déanamh, táim dhá bhliain is daichead, mo mháthair sna seascaidí déanacha, árasán againn in HLM, agus Hidalgo ag iarraidh dul le printíseacht mar phluiméir. Tá stádas an dídeannaigh againn, ach Fraincis lag ag Hidalgo. Níl bua teangacha aige.’

Leanamar orainn ag caint, ise ag trácht ar na heachtraí cogaidh sa bhaile, ar an ádh a bhí léi féin agus leis an mbeirt eile a bheith imithe chun an bhaile mhóir ag siopadóireacht lá an ionsaithe. Bhí greim láimhe agam uirthi, ach scaoil sí leis agus í ag cur síos ar chúrsaí a saoil, agus an lámh in uachtar faighte ag an mbrón ar gach aon ní. Uaireanta, chasadh sí ar steall Spáinnise, a raibh mo dhóthain díreach agam di chun éirim a scéil a thabhairt liom, ach níor ghá friotal ar bith chun na tonnta bróin a sheol trína colainn nocht a thuiscint.

Chasamar chun a chéile an athuair agus an chaint tráite. Bhí ball inmheánach eile ar fad aimsithe againn ina chéile anois, agus thugamar tamall fada, géagfháiscthe ina chéile ag iarraidh áit an bhróin a cheansú. Ba shólás aon oíche é, nó dhá oíche nó trí féin.

Nuair a ghlaos uirthi arís tar éis roinnt laethanta níor fhreagair sí an fón.

Níor tháinig glaoch ar bith ar ais.

Ó áit an bhróin.