LE VAUTOUR


L’Atelier de l’Art Nègre a bhí breactha ar chearchaill iarainn ag ceann de na póirsí caocha faoin iarnród tréigthe le hais an Chanáil de l’Ourcq. Bhí na póirsí fáiscthe i gcúlbhealach a shín isteach faoin droichead os cionn na canálach, agus ceardlanna iontu. Bhí uisce na canálach ina reolach san aimsir chrua. Bhí cnapáin agus bloic oighir ina staiceanna timpeall ar na báirsí iarainn a bhí feistithe go buan leis an mbruach. Gal as píobáin ar chuid acu a raibh cónaí iontu. Gan puth gaoithe.

Bhí fál sceach i bpotaí os comhair an atelier agus geata basctha adhmaid isteach ann. D’osclaíos an geata a bhí ceangailte le cual sreinge, dhúnas i mo dhiaidh é, agus chnagas ar dhoras na ceardlainne faoin áirse. Bhain buillí tuairteála casúir ón taobh istigh croitheadh as fuinneoga an dorais sa phóirse agus níor tugadh aon aird orm. Thomhaiseas na buillí leanúnacha, mar a mheasas, agus rapálas le mo dhorn arís sna sosanna eatarthu ach toradh ní bhfuaireas. Stad na buillí agus bhrúcht boladh géar loiscthe amach. Ní raibh glas ar an doras agus dhruideas uaim isteach é.

‘Éinne istigh?’

Bhí tonnta spréacha á stealladh ag táthadóir istigh, ga an táthúcháin dírithe ar chabhail miotail ar bhinse agus loinnir ghóstúil á teilgean ar mhasc an táthadóra. Scáileanna lonracha ag geiteadh. Seiliú leictreach an táthúcháin. Duine téagartha ar meánairde, lámhainní air, scairf ildaite fáiscthe ar an gcloigeann go muineál agus dungaraí gorm air. An dá ghéag scartha, an cholainn cromtha, agus greim láimhe ar bharra miotail anuas ar bharra eile i gcnámharlach iarainn ag síneadh go síleáil. Phreab scáthsholas ar fud na ceardlainne a shín i bhfad isteach agus leathnochtadh cabhlacha agus fíoracha miotail ilchineálacha, scafall ilchruthach na doircheachta. Bhí an t-aer bréan, mionbhlúirí iarainn dúdhóite agus deatach tríd. Mhúch an táthadóir an ga tar éis tamaillín, bhain anuas an masc cosanta, bhain scagaire ón mbéal, agus chuir solas ar siúl. Bhí cúl an táthadóra liom, gan mé tugtha faoi deara aige go fóill.

‘Bonjour.’

D’iontaigh an táthadóir i mo threo. Baineadh geit asam. Bean, agus straois uirthi. Bhí aghaidh dhúdhonn leathan uirthi, béal mór déadgheal, agus beoldath dearg na fola ar na liopaí. Loinnir oíliúil ón gcraiceann, snas solasmhar. Dusta ina stríocaí ar a haghaidh. Bhuail taom casachtaigh í agus chaith sí cnapán seile ar an urlár coincréite.

‘Fág na doirse sin ar leathadh, maith an fear, agus scaoil isteach sruth úr,’ ar sí, ag breith ar a hanáil. ‘Amach a osclaíonn siad. Tarraing aníos an bolta ón leathdhoras agus osclóidh siad amach araon.’

Thosnaíos ag fústráil leis an mbolta sáinnithe agus tháinig sí i leith le mo thaobh. Ghread sí an bolta le barr buataise, agus bhrúigh amach na doirse.

‘Maith dhom cur isteach ort, ach bhíos ag gabháil thar bráid agus bhuail fiosracht mé…chun an fhírinne a rá, ghabhas thar bráid go minic cheana agus fonn orm féachaint isteach ach ní raibh aon chuma ar an áit go raibh éinne istigh. Aon uair acu, ach mheall rud éigin ar ais mé i gcónaí….’

Ní mór an toradh a thug sí ar mo ghibiris leithscéalta.

‘Bhí an mhaidin an-fhuar agus ní oibríonn an córas aerchóireála, bhí sé ’cheart agam na doirse a oscailt níos luaithe. Conas ’tá an lá amuigh?’

‘Tá an chanáil reoite i gcónaí.’

‘Agus beidh.’

Chaoch sí na súile go mear ar feadh tamaillín. Stán sí ar an gcanáil. Bhain sí rólaí tobac as póca, las agus sheas á chaitheamh.

‘Mura n-ardaíonn an teirmiméadar roinnt céimeanna eile, beimid feannta. Táimid ag fáil aer na Sibéire anoir anseo…. An ólfaidh tú braon caife nó deoch tae ar luibheanna, bhíos ar tí sos a thógaint pé scéal é? Cuirfidh sé teas ionainn.’

‘Ólfad deoch tae, go raibh míle maith agat.’

Lean sí uirthi ag stánadh.

‘Ag gabháil thar bráid,’ ar sí, léi féin.

Bhain sí searradh as na guaillí agus isteach léi.

‘Fan go ndéanfaidh mé slí duit. Tabhair lámh chúnta dom,’ ar sí, ag breith ar chearchaill ghiortaithe, ráille iarnróid tráth den saol ón gcuma a bhí air.

Bhogamar an t-iarsma ráille i leataobh, agus chaith sí roinnt barraí eile isteach ar charn iarainn. Rug sí ar an ngléas táthúcháin a raibh rothaí faoi agus bhog as an tslí é. Dhírigh sí méar ar sheanchathaoir á rá liom suí, agus d’ardaigh sí seanchathaoir eile i leith. Bhí seansorn teasa agus tine ann ina sheasamh le falla, tharraing sí cic ar an hanla air, sháigh sí tlú isteach ann, bhain spréacha as, agus chaith roinnt adhmaid isteach ann. Bhí sí ag crónán os íseal i dteanga éigin nár aithníos.

D’aimsigh sí citeal in áit éigin, agus chuir ar siúl é. Bhain sí anuas na dungaraí. Bean scóipiúil déanta ab ea í ó mhuineál go bonn. Geansaí ildaite, léine agus treabhsar uirthi. Í sna tríochaidí déanacha nó sna daichidí luatha. Bhí an t-aer ag glanadh diaidh i ndiaidh, agus solas an lae ag nochtadh na gcabhlacha. Bhí spící iarainn ag gobadh as cloigne greadta copair, súile boltaí i bhfonsaí rothaí, ainmhithe de shaghas éigin, cait mhóra b’fhéidir agus moncaithe, nathracha iarainn, crainn agus féitheacha lúbtha sreinge orthu, ach súile, súile miotail i ngach ball. Bhí fuinneamh diamhair beo iontu, éadroime spridiúil a bhain leis an aer ainneoin a n-ábharacht mhiotalach.

Sheas sí féin thall ag an gciteal agus a folt dubh flúirseach á scaoileadh anuas aici ar a guaillí. Dhruid sí i leith agus bhuail fúithi de phlimp ar an seanchathaoir. Ní fhaca a lámha i gceart go dtí sin, lámha caola banúla agus fós rian a ceirde miotail orthu a d’fhág go raibh cuid de mhianach diongbháilte an iarainn imithe sna haltanna aici. Dath dearg ar na hingne aici. Bhain sí na buataisí troma di, agus d’aclaigh méireanna an dá chos ina stocaí agus iad buailte fúithi ar an urlár.

‘Ní raibh sé i gceist agam cur isteach ar do chuid oibre…dá dtuigfinn in am é, ní bhacfainn….’

‘Ná héireofá as?’

Chuir sí na súile tríom.

‘Ní íosfaidh mé tú, tá cuma ró-sheanbheirithe ort, agus pé scéal é tá ceithre ghlúin ar a laghad ann ó fuair mo shinsir blas ar fheoil mhéith an duine i bhforaoiseacha fliucha Chamarún.’

Camarún.

Dhein sí scairt gháire. Bhí glór domhain ceolmhar aici aníos as a putóga, guth soilbhir cinn a sheol tríom go feirc. Bhí scéalta agus amhráin agus filíocht gafa tríd an nguth sin le seacht sinsear, á shaibhriú agus á thabhairt chun rithimiúlachta.

‘Bhíos ag súil le cuairteoir geal inniu. Étranger…. Tá an citeal sin ag déanamh ceoil.’

Phreab sí ina seasamh.

‘Druid an dá dhoras mhóra arís nó beimid préachta,’ ar sí agus í tosnaithe ar an tae a dhéanamh thall. Bhí roinnt málaí luibheanna agus prócaí aici ar sheilfeanna agus í á mbaint anuas.

Ní raibh fustar ar bith leis an mbolta an dara huair.

‘Cad a thug amach tú féin?’

‘Bhíos ag cuimhneamh ar an iarnród thuas a shiúl, chomh fada leis an mBastille. Ceann de na laethanta.’

‘Tá tú feistithe chuige ar aon nós. Ní bheadh a fhios agat cé a chasfaí ansin thuas ort. Meallann sé straeirí chuige…. Caitheann áit a bheith ag straeirí leis.’

‘’Bhfuil tú leat féin anseo?’

‘Liom féin a bhím ag obair. Tá slí laistiar do cheardlanna eile ach níl éinne iontu inniu. Agus buaileann cairde isteach. Dealbhadóirí, péintéirí ealaíne is mó. Cúpla oibrí a bhí ag obair ag Renault tráth. Bíonn a fhios acu fós cá mbíonn teacht ar amhábhar. Tá meitheal ealaíontóirí againn ann. Néagró.’

‘Tá do chuid oibre féin…suaithinseach.’

‘Go raibh maith agat.’

‘Miotal amháin a shaothraíonn tú?’

‘Miotal. Pé stuif is féidir a fháil. Bíonn sé deacair teacht ar amhábhar. Gannchúis an domhain mhóir. Prás, copar, gan cré-umha a bhac…. Tá cruach an-daor. Craos an domhain ag alpadh ábhair…. Fuaireas barraí iarainn an lá cheana ach iad a ardú liom, an stuif sin a chuireann siad tríd an gcoincréit, ó na tógálaithe atá ag tochailt ar an taobh thall den chanáil. Ach tá sé briosc, briseann sé go héasca, tá drochmhianach ann. Sin é atá agam ar an mbinse, faute de mieux.’

D’fhéachas ar an gcnámharlach, ar na heasnacha iarainn. D’fhéachas timpeall.

‘Is breá liom an feairín thall leis na súile gloine sin…tá cuma air gur baineadh geit as.’

‘É siúd. An griot. D’aimsíos na bolgáin sin istigh i seanteilifíseán i scip… cén t-ainm sin atá orthu? Seolfad cumhacht tríothu chun iad a lasadh… tagann solas lag dearg iontu mar a bheadh les yeux rouges i bhfótagraf. Nó duine go mbeadh deoch éigin draíochta ólta aige.’

Gháir sí. Go leathmhagúil.

‘Na súile amuigh ar chipíní. Na lámha loma sreinge in airde san aer.’

‘Tintreacha na hinspioráide ag seoladh trí na sreanganna copair…súile ar dearglasadh.’

‘Cuireann siad saghas tlú a bhíodh ag daoine fadó le linn m’óige i gcuimhne dom…chun tósta aráin a dhéanamh ag tine oscailte.’

‘Mar sin é? Seo, beir ar chrúca ar an mbabhla tae sin.’

Bhraitheas an teas scallta ag seoladh tríom go halt. Thug sí babhla i leith di féin agus shuigh.

Leath bolaithe agus gal na luibheanna ón uisce beirthe eadrainn san aer. Mil agus cainéal tríothu. Beirgeamat. Cineáltas.

‘Cén scéal agatsa é?’ ar sí go ciúin.

D’ól sí bolgam den tae. D’fhéach. D’fhan.

‘B’fhéidir go bhfuil an tae sin róscallta duit?’

Bhlaiseas é. Bhí sé searbh ach bhí milseacht tríd in éineacht. Phléasc brothall i mo lár.

D’fhéach sí idir an dá shúil orm. Bhraitheas tocht ag briseadh ionam. An deoch, b’fhéidir.

‘Rinceoir a thug i bhfad ó bhaile mé. Rinceoir mná.’

‘Tá sí anseo sa chathair?’

‘Bhí, i bhfad ó shin.’

‘Beo nó marbh?’

‘Marbh…. Beo.’

‘Cé acu?’

‘Tá sí marbh le fada…ach tá a hanam beo…a hanam saolta, ar chuma éigin. Tá a scéal agam a bheag nó a mhór.

‘Cén t-ainm atá ort?’

‘William.’

‘Merveille atá ormsa…. Caithfidh tú turas a thabhairt ar Thír na Marbh chun bualadh léi, is dócha. Tá sí ag glaoch ort ón taobh thall.’

‘Conas a thugann duine turas ar Thír na Marbh?’

‘Trí bhás a fháil…,’ ar sí ag gáire.

‘Gan bás a fháil….’

‘…nó deochanna draíochta a ól.’

‘Cén saghas deochanna draíochta?’

‘Ní bhíonn a gcomhábhair ná a gcomhdhéanamh ar eolas ach ag cailleacha ar leith. Bíonn searmanais á leanúint, mascanna, dreachanna maisithe, rince…agus drumadóireacht go háirithe…taitníonn Tír na Marbh chomh mór sin le daoine uaireanta nach bhfilleann siad.’

Go tobann chuala mar a bheadh monabhar croí miotalach sna cabhlacha timpeall orainn. Séideán ag seinm siogairlíní stáin, chaith sé. D’ólas bolgam eile den tae. Bhraitheas go raibh mo shúile á scamhadh, radharc ag glanadh as an nua, beatha ag adhaint sna cabhlacha.

‘Cad fút féin…an cheárta seo…l’art nègre?’

Níor fhreagair sí go ceann scaithimh.

‘Uaimh an Uaignis a thugaim ar an áit seo. Néagró mná mé. Ní bhaineann sé sin le mo dhath amháin mar a chítear mé ar domhan, ach le dathanna an domhain mar a chítear dom é. An tsúil a chíonn. Agus braithim fuinneamh an tsaoil trí mo mhéireanna, mo lámha, trí mo chorp, ag siúl cosnocht ar an talamh. Seolann an talamh tríom. Brúchtann bolcáin.’

D’ól sí bolgam tae. Bhí a lámha ar an mbabhla ag breith ar chliabh anála an domhain, altracht chaoin altanna.

Steall foirnéis bheo, ualach as craos craorag in áit éigin.

Neacha Amhantraíochta na Foraoise a thugaim ar an mbailiúchán seo. Léargais an áthais cuid acu. Léargas an dobróin leis. Eaglaí is mó iad. Na sean-eaglaí. Na heaglaí a bhíonn orainn roimh na neacha atá éagsúil linn féin, nó roimh an aibhéis. An pobal Baka againn féin, rinceoirí agus amhránaithe, ceoltóirí, fiagaithe na foraoise. Mion ina dtoirt agus iomlán ina ndaonnacht ach iad ina sclábhaithe go minic faoi chuing na héagóra. Bíonn dlúthbhaint idir eagla agus éagóir ar ndóigh. Cuirim cruth ar na heaglaí chun iad a dhíbirt. Iad a chur uaim. Cuidíonn an greann. Tugann gach neach díobh pabhar ar ais dom i mo shaol féin. Dá mhéid a bhíonn anam iontu siúd is ea is mó mo phabhar féin. Deinim idirdhealú idir cumhacht shaolta agus pabhar, cumhacht de chineál eile. Fuascailt. Saoirse. Ní mise amháin atá i gceist. Braithim go minic nach mise a bhíonn i gceist in aon chor, beag ná mór ach pabhar éigin a oibríonn tríom ar chuma an griot. Táim ag déanamh ionadaíochta, le hiomlán mo chumais agus m’ealaíne ar domhan thar ceann na nglúnta a tháinig agus atá le teacht. Gan ionam ach splanc spréachta a thuirlingíonn, a théann as.’

Bhí tost eadrainn ar feadh tamaill fhada. D’ólamar ár ndeoch, araon. Las firmimint lánréaltaí sa tost sin, ag spréacharnach. Lean sí uirthi.

‘Tá íomhá i mo cheann le fada riamh, coire cré-umha. Bíonn sé chugam is uaim. Coire an Dearmaid a thugaim air. Samhlaím é ina sheasamh ansin, chím é glan os comhair na súl. Na cuair air, na gréasa greanta. Rinceoirí ban agus fear. Lucht seilge. Ainmhithe. Antalóip. Eilifintí. Éin. Gan aon lámha air. Sea, gan lámha ar bith chun breith air. Ní leis na lámha a bheireann tú air. Bím ag cur nithe isteach ann ó mo cheann, damháin iarainn, duilleoga práis, uirlisí bréaga cócaireachta…liach nach bhfuil bun leis chun breith ar aer, pionsúr scáileanna…les petits objets de désir, nithe nach bhfuil ann nó nach ann dóibh á mbaint amach agus á gcaitheamh uaim ar charn na bhfuíoll. Ardaím ón gcarn arís iad agus cuirim isteach sa Choire iad. Measaim go mbeidh an Coire folamh ar fad ar deireadh nuair a bheidh sé réidh le cruthú. Measaim nach mbeidh sé réidh le cruthú go dtí go mbeidh sé folamh ó bhrí. B’fhéidir go gcruthóinn na hearraí le cur isteach ann as an nua, níl a fhios agam fós. D’fhéadfaidís a bheith scaipthe thart air, mar a bheidís ar an talamh cré agus an Coire ag suanbhruith. Socróidh na cúrsaí sin iad féin. In am trátha. Pé scéal é, braithim go bhfuil baint ag an gCoire le m’óige, mo sheanmháthair ag cócaráil b’fhéidir, mo mháthair féin ag bácáil, scéal na mban go cinnte ar aon nós. B’fhéidir gurb iad scéalta agus comhráite na mban atá ligthe i ndearmad iad. Cré-umha a chaithfeadh a bheith ann, miotal gann ársa. Ba mhaith liom go mbeadh sé ollmhór, ach b’fhéidir gurb uaillmhian é sin nach acmhainn don domhan anois é a chur i gcrích.’

‘Agus an bhfuil clann ort féin?’

‘Tá triúr. Tugann m’fhear céile aire dóibh. Is dócha go bhfuil do chuidse tógtha?’

‘Bhí clann mhac orm, fadó, ach chailleas mo shlí, chuas amú sa saol, agus d’fhásadar aníos neamhspleách orm.’

‘Ó, agus conas a bheidh aithne acu ar a sinsir agus iad ag imeacht leo faoin saol? Cé uaidh a chloisfidh siad na scéalta sinseartha?’

‘Tá a saol féin acu. Caithfidh siad déanamh amach.’

‘Ní bheidh a fhios acu go deo cé hiad féin, cén crann ar thit siad anuas de. Sin é saol na bhFear Geal duit.’

Ghabh arraing ghéar trí mo lár geal.

‘Rud mór é, bean a bheith ina gabha sa Chamarún?’

‘Á, chaitheas troid chun an múnla fireann a bhriseadh. Greim docht ar an tlú, ar an teanchair acu, seantuiscintí, tuiscintí a théann siar na glúnta… agus iad bunaithe sa saol agus san aigne.’

‘Agus éiríonn leat slí bheatha a dhéanamh ar an dealbhadóireacht seo anois?’

‘Tá píosaí agam ar taispeáint san Institut des Arts Plastiques sa Chamarún, agus bíonn éileamh ag roinnt de na tíortha Arabacha ar mo chuid oibre. Dhíolas ceann le Síneach an lá cheana. Tá na Sínigh go maith chun margadh a dhéanamh, ach go hainnis ag íoc. Bíonn siad ag lorg téarmaí, agus íoc ar lascaine i ngálaí. Má dhíolaim leathdosaen sa bhliain, agus an t-airgead a fháil isteach ina ghálaí féin, glanaim na billí.’

‘Agus tacaíocht an stáit sa Fhrainc lena chois.’

‘Tá siad go maith fós. Pé fad a mhairfidh sé.’

‘’Bhfuil mórán de do mhuintir anseo? Sa Fhrainc?’

Gháir sí. Thosnaigh sí ar rólaí eile.

‘Tá na scéalta cloiste agat…. Is deacair a dhéanamh amach uaireanta, cé ’tá ag fanacht nó ag imeacht. Idir aintíní, uncailí, mná céile, leanaí, col ceathracha, agus gaolta sínte, agus daoine muinteartha le m’fhear céile…ní bhacaimid go minic lena líon a chur isteach, ach is dócha go bhfuil suas le seasca nó seachtó duine sa tigh.’

‘Ní bhíonn aon easpa comhluadair ann!’

‘Bíonn sé ina Lá Féile againn ó am go chéile.’

‘Agus iad go léir ag ithe as an gcorcán céanna?’

‘Tá breis is an t-aon chorcán amháin ann! Roinnimid na gnóthaí tí eadrainn. Ní le héinne amháin an spás amháin, ach buailimid isteach i gcistineacha a chéile, mise ag déanamh anocht do shlua, ise amárach. Bíonn tríocha duine suite chun boird go minic, agus an chuid eile acu ag liúirigh ar chluiche sacair ar an teilifís.’

Bhí tost ann. Bhraitheas dáimh le Merveille.

‘Ba bhreá liom píosa de do chuid a cheannach ach ní hacmhainn dom é, is baolach.’

‘Ná bac, bhí a fhios agam é ar aon chuma, faic ach féachaint ort. Beidh lá eile againn.’

Thugas suntas do sciatháin mhiotail leata ag bun na ceardlainne. Snasta. Cuartha. Fairsing, suas le trí mhéadar ar fad, de réir mo shúl. Dinimic ag baint leo, fiú tamall uathu, iad ag gluaiseacht agus fós ina stad. Ní fhéadfainn cabhail an éin, más é a bhí ann, a dhéanamh amach.

‘Cad iad na sciatháin mhiotail sin ag bun na ceardlainne?’

‘Le Vautour.’

D’éiríos agus chuas ina threo. Bhí pabhar maighnéadach dosheachanta ann. De réir mar a dhruideas, is ea a nochtadh an dealbh iomlán. An gob fíochmhar lúbtha. Súil bhuile ite. Súil bhuile ite eile. An dá chrobh allta chnámhacha. Clúmh na matán feolmhar. Na hingne gríobhacha. Naíonán bídeach dubh fáiscthe eatarthu. Na heasnacha loma. Cipíní na ngéag. Súile leata bolgtha. Ag impí. In ainm Dé, impí. An scréach gan chlos ón mbéal ar leathadh. Bhí áilleacht uafar ann a bhain m’anáil díom, fiú san fhaonsolas. Las spotshoilse. Bhí an dealbh ina seasamh léi féin ar bhinse, agus a toirt dorcha os mo chionn. Badhbh chraosach. Nochtadh scáil sholasmhar i gcorp an naíonáin, faoi mar a bheadh an solas ar lasadh faoin gcraiceann ón taobh istigh féin. Níorbh fhéidir baint leis. Luan. Mhéadaigh an solas ar chumhacht na sciathán agus nochtadh na cleití sonracha, na stríocaí greanta, na lúibíní gréasaithe le fíoch. Camóga aerga na heitilte ag scuabadh i dtreo teanchair dhlúite an bháis. Bhí gile ar dalladh sna sciatháin chruach. Leanas na cuair go héadrom le mo bhosa. Bhíodar síodúil ach bhí ogham ársa, iairiglifí ag insint aonscéal na beatha riamh faoi mo mhéireanna. Dá mb’fhéidir é a léamh. Dá mb’fhéidir é a léamh. Chaitheas seasamh siar uaidh an athuair chun é a thógaint isteach. Bhí cumhacht allta ann, sa chontrárthacht idir fíoch an éin agus an naíon bídeach. Bhí scéal an ghorta ann, éagóir na beatha, daille an duine, ach thar aon rud eile mhúscail an saothar an trua agus an taise úd a bhain le saothar mór ealaíne. Pietas.

Chasas chuici ar deireadh.

‘An miste leat mé á fhiafraí…ach an Críostaí tú?’

‘Ní hea.’

‘Ní rabhas ag iarraidh tuairisc do reiligiúin a fháil, ach díreach…La Pitié úd sa dealbh.’

‘Caithfidh mé áit a aimsiú fós don Vautour.’

‘An Louvre.’

Lig sí scairt gháire. Bhí sí gan seirfean ar bith.

‘Agus cad fút féin agus an rinceoir mná seo. Eachtraigh dom mar gheall uirthi.’

Shuíos sa chathaoir arís. Mhúch na spotsoilse. B’fhéidir gurbh é Le Vautour a bhris ionam é, an tocht, agus Merveille féin a bheith ann, socair inti féin, airdeallach, agus muinín éigin ghrámhar ag baint léi. Chaith sí an Chríoch Íochtarach a bhaint amach chun Le Vautour a chur di, pé scéal é.

‘Tá sí i mo cheann riamh, ó bhíos i mo mhac léinn óg anseo i bPáras. Cárta poist, a hainm, agus meathchuimhne seanmhná uirthi i dtosach an chéid seo caite. B’ann di agus níorbh ann di, san am céanna. Bhí sí ligthe i ndearmad agam le blianta, ach rith sí liom arís tamall de bhlianta ó shin agus thuigeas nach bhfaighinn aon suaimhneas aigne go dtí go mbeadh a scéal inste agam. Chun mo shástachta féin, ar aon nós. Saghas gósta ab ea í, agus mé ag bualadh léi, mar a cheapas, agus í ag dul romham i mo shlí mar a deir seanamhrán againn féin. Rève Lumineux, Aisling Gheal. Ar mhaith leat cúpla líne as a chlos?

‘Seo leat.’

Aisling Gheal do shlad trím néall mé

Is go rabhas i m’aonar seal i mo shlí….

‘Tá uaigneas ann, pé rud is brí leis,’ ar sí.

‘Tá.’

‘Níl sé neamhchosúil le hamhráin dár gcuid féin.’

‘An mar sin é?’

‘Ar aon nós, bhíos ag cumadh a scéil agus an scéal féin á chumadh féin nach mór, agus bhí ag éirí go maith liom mar a mheasas nó gur fhuaraigh sí, gur mhúch sí go hiomlán. D’imigh sí glan as radharc. Gal. Puth san aer. Tharla sé sin i bPáras féin. Ansin thit dhá rud eile amach. Chuireas aithne ar dhuine eile, ealaíontóir Meiriceánach, san óstán ina bhfuilim, más aithne is ceart a thabhairt air. Tá sé seo aisteach agus casta ach tuigfidh tú.

‘Inis do scéal, gan leithscéal.’

Dheargaíos.

‘Ní raibh cónaí i gceart ar an ealaíontóir Meiriceánach san óstán, ach bhí sé ón taobh eile den bhfalla i mo sheomra féin. Ina chónaí nó ina bhuanáitritheoir, má thuigeann tú leat mé. Bhí stiúideo aige ón taobh eile agus nochtadh sé ó am go ham. Bhuailinn amach ina theannta faoin gcathair, agus bhí gáire againn ag imeacht timpeall. Ach chaithinn mé féin a phriocadh ó am go chéile, agus a chur i gcuimhne dom féin nár dhuine in aon chor é, ach scáthdhuine a mhair i scoilt san fhalla. Fós, d’óladh sé fíon agus d’itheadh sé greim. Scaoileadh sé broim. D’imíodh sé le mná nuair a bhuaileadh an fonn é. D’éisteadh sé leis an raidió agus bhíodh amhráin á rá aige. Bhí sé ag gabháil de roinnt tionscnamh, agus lig sé isteach i láthair a chuid oibre mé aon uair amháin riamh. Bhí sé seo ar fad ar siúl agus mé ag gabháil de scéal an rinceora. Ach bhí tionscnamh amháin aige, portráid de féin a fuaireas amach ina dhiaidh sin, agus nuair a bhíodh sé ag gabháil de sin sa stiúideo bhíodh cúl an chanbháis a raibh sé ag obair air liomsa agus ní bhíodh focal as. Thugainn tamallacha fada ag stánadh air ag obair, agus thiteadh mo chodladh orm. Ait go leor, shamhlaínn, agus mé ag féachaint air ag féachaint ar an gcanbhás, go mbíodh sé féin ag dul as. Go minic, thugadh sé uaireanta fada an chloig ag stánadh ar an gcanbhás, an bhruis lena thaobh, lámh faoina smig agus é suite siar i gcathaoir, nó na lámha ar sileadh leis. D’éiríodh sé ansin de gheit, tar éis a mhachnamh a dhéanamh, agus dheineadh sé smut péintéireachta. An rud ab aite ina thaobh, dheineas féin amach tar éis tamaill gur féinphortráid a bhí ar bun aige, mar théadh an ball den chorp a bhí á phéinteáil aige ar an gcanbhás ar lár ina chorp féin. Nó uaireanta eile, dá mbeadh géag a bhí péinteáilte cheana aige á cur as aige ina phortráid thagadh luisne na beatha, feoil agus fuil ar ais ina chorp féin. Is minic a thugas oíche ag féachaint air agus é ar leathchois, leathláimh, leathchluais gan ach leath amháin dá aghaidh ann, agus poll mór idir muineál agus básta go bhféadfainn an taobh eile dá sheomra féin a fheiscint tríd. ’Chríost, cheapainn go mbínn ag dul as mo mheabhair nó go raibh cuid de mo radharc féin ag teip, diaidh i ndiaidh. Fós féin, ní thagadh húm na hám uaim. Uair amháin ligeas glam air, agus d’imigh an radharc glan uaim, gan aon rud romham ach falla agus páipéar donn duairc. Pé scéal é, bhí sé seo ag dul ar aghaidh ar feadh tamaill fhada, bhíos ag cuimhneamh go gcaithfinn dul ar ais ar an bhfíon, nó taoscán maith branda a ól a shocródh na néaróga agus tosnú ag séideadh faoi mo dhuine, amhrán a rá go hard an chéad uair eile a nochtfadh sé, ach ní shin é mar a thit amach. Is mór é mo bhuíochas nár bheireas ar an mbuidéal, nó bheadh an scéal ina rí-rá ceart. Oíche amháin nochtadh stiúideo mo dhuine, gan é féin ann, ach an phortráid de féin casta i mo threo. Cad a bhí ann ach é féin in aibíd duine de na naoimh mhóra Chríostaí, San Proinsias, fear a raibh luí mór aige le héanlaith an aeir, leis an dúlra i gcoitinne, i measc rudaí eile, chun a scéal a dhéanamh an-simplí. É féin ina sheasamh ar an taobh istigh d’fhuinneog oscailte, aibíd an mhanaigh air, agus na héin ag tuirlingt ar a ghuaillí, agus an dá shúil sin aige ag stánadh roimhe amach as an gcanbhás anois, in áit a bheith ag stánadh roimhe isteach nuair a bhí sé ag gabháil de. Mo dhearmad, bhí an ghloine san fhuinneog briste agus aer á scaoileadh tríthi, agus radharc amach ar chnoc, ar thoim agus ar chrainn. Mar a bheadh ag Magritte, is dócha. Ansin, ní raibh aon radharc ina dhiaidh sin ar Duane Ensor, an t-ealaíontóir Meiriceánach, ach é greadta leis. Pé áit a chuaigh sé.’

‘An mbeidh braon te tae agat?’

‘Beidh, míle buíochas.’

Bhíos ar tí leithscéal a ghabháil léi mar gheall ar a cuid ama a chur amú, ach chuimhníos orm féin.

‘Níl do scéal chomh haisteach sin ar fad, ’bhfuil a fhios agat. Bíonn fir agus mná againn féin, scéalaithe, a mhaíonn go mbíonn siad ag insint eachtraí ó Thír na Scáthanna, ó Chríoch na Marbh agus tuairiscí acu ar na sinsir ar an taobh thall. Daoine áirithe iad, ní bhíonn cead ach ag fíorbheagán díobh dul sall. Cuid de na scéalta an-bharúil, ar nós Aintín Chloe a bheith imithe le fear óg eile thall agus í fiáin chun gnéis, bean nach bhféachfadh an dara huair ar fhear agus í abhus, nó daoine eile ag dul in aghaidh dúchais thall. Níl agat ach leagan de sin, mo thuairimse, ach domhan na bhFear Geal a bheith bogtha ar aghaidh ó na tuiscintí sin. B’fhéidir gur duine leathshiabhialta tú féin, leis, ár nós féin.’

Gháir sí agus í ag teacht i leith leis an tae. Bhí sí ag baint sásaimh éigin as.

‘An mbeidh tú i bhfad eile, beidh orm filleadh ar mo chuid oibre, tá an cnámharlach sin le críochnú agam inniu.’

‘Ciorróidh mé an chuid eile de. Ach bhíos fágtha ar an trá fholamh anois, gan mo dhuine, agus gan mo rinceoir. Bhraitheas bánaithe. Thosnaíos ag bualadh thart ar na taispeántais níos mó ná mar a dheininn go dtí sin. Tharla lá go rabhas ag taispeántas ar an Résistance aimsir an Dara Cogadh Domhanda i Músaem an Airm in Les Invalides. Taispeántas fótagraf agus doiciméad. Tá éirithe leis na Francaigh a chur ina luí orthu féin, go háirithe, gur dheineadar gaisce nuair is í an fhírinne shearbh go raibh na mílte litreacha á seoladh in aghaidh na seachtaine acu go dtí na póilíní agus na húdaráis Ghearmánacha ag cnáimhseáil, ag sceitheadh ar na comharsana, ag cur an bhréag ar dhaoine go raibh olc nó spaidht phearsanta acu dóibh, ag soláthar mionbhiadáin chun daoine a chrochadh nó a sheoladh go dtí na campaí uafáis. Bhíodar ag sárú a chéile ag scríobh isteach….

‘Do scéal?’

‘Bhíos ag an taispeántas ag féachaint ar na doiciméid, cártaí aitheantais, taifid mhíleata agus mar sin nuair a baineadh mo sheasamh díom. Bhí taifead ar thriúr Siúr Phroinsiasach, a saolaíodh i mo thír féin, duine acu agus an t-ainm agus an sloinne céanna uirthi leis an rinceoir agam féin. Ba í an bhean chéanna í! Bhí an dáta agus an áit bhreithe chéanna aici, mura raibh mearbhall iomlán orm, agus ina theannta sin gabhadh í in 1942 mar gheall ar chúnamh a thabhairt don Résistance agus seoladh í go Ravensbrück, an campa uafáis ó thuaidh ó Bheirlín. Mná is mó a bhí in Ravensbrück cé go raibh campa beag do na fir ann chomh maith. Ní hamháin sin, ach tháinig duine acu slán as Ravensbrück, agus mhair sí ar feadh beagnach fiche bliain ina dhiaidh sin. Bhí mo bhean féin imithe gan tuairisc. Agus gan aon tuairisc ach an oiread ar an tríú duine, pé rud a d’imigh uirthi. Chaitheas suí. Buillí na hanála a áireamh. Éirí agus féachaint arís ar na cártaí faoi ghloine. Suí arís. Bhíos uaireanta an chloig ann ag stánadh romham. Bhí amhras ag teacht ar na feighlithe agus iad ag tabhairt gach re féachaint orm. Dhúnadar an áit ar deireadh. D’fhilleas an lá ina dhiaidh, agus an lá dár gcionn.’

‘Tá a scéal agat.’

‘Tá sé chomh cinniúnach sin nach dteastaíonn uaim é a chreidiúint, tá’s agat.’

‘Tá an scéal ag rá rud éigin leat, pé rud é…’bhfuil an tae sin ólta agat?’

‘Tá.’

‘Éist leis an scéal ar chúl an scéil. Sin é a dheinimse. Bíonn scéal eile i gcónaí fite ina chúlbhrat taobh thiar de scéal, nó laistíos de. Éist leis.’

‘Sin é atáim a dhéanamh.’

‘Bí foighneach. Bí ag siúl. Dein mórán codlata. Bí ag súil go bhfaighidh tú scéala trí do chodladh ó na scéalaithe úd. Ó Chríocha na Marbh…seo, caithfeadsa filleadh ar mo chuid oibre. Tá an áit seo ag éirí fuar arís.’

‘Cad is féidir a rá…a dhéanamh duit?’

‘Ná dein agus ná habair faic. Seo cárta an Atelier duit. Lá éigin nuair a bheidh carn airgid agat, b’fhéidir go gcuimhneofá orainn.’

‘Mo mhíle buíochas. Merveille.’

Agus chuireas díom amach as.