AN TOLLÁN


D’fhilleas tamall ina dhiaidh sin ar an gCanáil de l’Ourcq. Dhreapas an fál iarainn ag an droichead iarnróid gan mórán dua. Bhí sé ag druidim leis an Nollaig, ach ba bheag rian den fhéile shéasúrtha a bhí thart ar an gceantar. Ioslamaigh, cuid mhaith, ina gcónaí ann agus a maorgacht fheistithe Afracach féin ag baint leo ag siúl na sráide. Ceann de sheancheantair na nGiúdach i bPáras a bhí ón taobh eile den Chanáil.

Bhí seanphéire buataisí troma orm, sála láidre fúthu, a thabharfadh cosaint d’altanna na gcos agus do na boinn ar chonair gharbh. Sean-iarnród tréigthe a bhí ann, na ráillí feistithe fós, a dhein timpeall na cathrach tráth. Bhí an lá geal, an ghrian amuigh gan scamaill á ceilt agus é níos boige. Shiúlas romham siar ar an gciumhais le hais na ráillí, agus radharc ar na foirgnimh arda ón dá thaobh. Radharc uathusan chomh maith ormsa.

Éadaí garbha siúil orm, gan aon ualach ach fón póca, nóta airgid agus sóinseáil. Bhí rianta dúloiscthe tinte cnámh ar an talamh anseo is ansiúd, le hais an iarnróid, agus roinnt ógánach bailithe timpeall ar phlandaí a bhí á bhfás acu i bplásóg gharbh féaraigh. Cuma Ghotach scáinte orthu féin agus ar a gcuid plandaí seirgthe faoin scáth, agus spéis acu ina ngnóthaí féin amháin. Cuma na caillí ar bhean óg amháin faoi chasóg dhubh agus shlabhraí airgid. Ríon Ghotach faoi thatúnna agus stríocaí dubha ar a ceannaithe mílítheacha. Cannaí beorach basctha ar fud an bhaill, seanghéaga crann, agus na ráillí rua ag síneadh romham. Cé go raibh an chathair ag glamaíl mórthimpeall fúm, bhí cuma imigéiniúil ar an iarnród agus é ar crochadh ina spás dílis féin.

Caitheadh é a thochailt go domhain sa talamh in áiteanna, agus bhí cónaí i roinnt áirsí sna fallaí cloiche lena thaobh. Plaisteach agus cuaillí adhmaid feistithe le béal na n-áirsí, mar fhothain, agus glór agus sciotaíl astu. Déarfaí go raibh na glórtha ag teacht as an gcarraig féin.

Níor dheineas aon mhoill. Choimeádas orm thar roinnt ógánach eile agus an lá á chaitheamh acu le díomhaointeas ag loisceadh bruscair. Gan aon bheannú uathu ná chucu. Bhí leithead cheithre ráille agus ciumhaiseanna san iarnród, agus ghlanas tharstu gan aird.

Bhí stráice díreach romham anois agus bhaineas amach rithim shocair siúil, mé ag baint sásaimh as agus teas i mo ghéaga. Thuigeas anois cad a thug ann mé, áit gharbh a shiúl seachas sráideanna síorghreanta snoite, an ghairbhe leis ionam féin a aimsiú, an garsún gágach sráide. Chaith sé gurbh in é a thug na liairní ann leis, an dream nár bhraith go raibh aon dídean acu in aon áit eile ón saol. Gan éinne timpeall ar an gcuid seo, agus roinnt de stuaiceanna Pháras le haithint ar an spéir tamall maith uaim.

Bhí béal tolláin romham agus cúpla ógánach suite i leataobh uaidh ag ól. Fuaireas boladh sonrach an dóip ar an aer. Leanas orm, agus bhraitheas uaim mo sheanbhata draighin a bhainfeadh sceilp de mhadra nó de dhuine dá mbeinn i gcruachás. Bhí an cnap snasta draighneach ag déanamh poill i mo bhois is gan é ann.

D’fhéadfainn bun an tolláin a fheiscint, suas le céad méadar uaim, agus solas á chaitheamh aige tríd anuas. Bhí uisce ag sileadh leis na fallaí, líneáil shalach, pludaí, agus cuail adhmaid caite anseo is ansiúd ar na ráillí. Gan éinne istigh, bhrostaíos tríd agus amach. Shín an t-iarnród caol díreach ar feadh tamaill, agus fuadar na cathrach mórthimpeall ina ghóraíl ghnách. Bhí cnoc ard romham, agus béal caol tolláin eile faoi. Les Buttes Chaumont, cnoic na muilte gaoithe tráth. Thugas m’aghaidh air.

Bhaineas amach béal an tolláin, ach bhí an bun i bhfad uaim, suas le ciliméadar a cheapas, agus gan ann ach ponc solais. Ní raibh aon tóirse agam, agus bhí rogha agam dreapadh in airde isteach i bhfaiche phoiblí Les Buttes Chaumont, agus an bóthar iarainn a bhaint amach arís ón taobh eile. D’fhéachas timpeall, féachaint an raibh aon chonair shaoráideach ann, rian dearg cosáin sa chré, bearna san fhál. Ceann ní fhaca. Chuas isteach. Thugas sracfhéachaint i mo thimpeall agus ní raibh éinne i mo dhiaidh.

D’fhuaraigh sé faoin gcnoc de réir mar a dhruideas isteach. Rud ab aite, bhí loinnir shnasta ó na ráillí de réir mar a bhogas chun cinn, mionchlocha na gciumhaiseanna carntha ar shlí go rabhthas ag déanamh cúraim díobh, ach chuidigh an faonsolas ó na ráillí le mo choisíocht. Chuimhníos ar oícheanta fadó faoin tuath, ag siúl abhaile sa doircheacht agus ag feadaíl i gcoinne na gaoithe sna sceacha. Fead chaol ná mhaol amháin anois ní raibh agam. Tharraingíos mo chaipín olna anuas ar mo chluasa. Bhíos ag siúl ar aghaidh ar feadh i bhfad, macallaí tolla á mbaint ag na coiscéimeanna as na fallaí cuartha, ach gan aon dul chun cinn mór á dhéanamh agam. Bhí an ponc solais i mbun an tolláin ag dul i laghad, ag druidim uaim, a shamhlaíos.

Chaith sé go raibh mearbhall ar mo cheann ón tollán, agus nach raibh oiread siúil déanta agam agus a cheapas. Uaireanta, chaithfeadh ponc solais dul i laghad sula raghadh sé i méid, pé fisic nó eolaíocht eile a bhí i réim idir toirt, gluaiseacht agus súil. Bhaineas amach an fón póca agus bhí loinnir ón scáileán ach bhí sé iomlán as raon. Choimeádas i mo lámh é mar sholas. Shocraíos siúl ar na balcanna adhmaid idir na ráillí, na bearnaí eatarthu ag baint síneadh as mo choiscéimeanna, agus leathshodar á dhéanamh anois agam. Pé mianach nó instinn a bhí ionam, thugas sracfhéachaint i ndiaidh mo chúil. Bhí beirt i mo dhiaidh tríd an tollán, duine ar gach taobh de na ráillí. Gan iontu ach scáileanna dubha in aghaidh an tsolais ar a gcúl. Gan éinne i mo choinne anuas, ghéaraíos ar mo choisíocht, agus macalla múchta á bhaint agam as an tollán. Níor chuala an bheirt ag géarú i mo dhiaidh. Bhí rogha agam leanúint ar aghaidh, nó casadh timpeall. Bhraitheas teanntaithe, ar chúis éigin.

B’fhéidir nach drochfhuadar a bhí fúthu, cárbh fhios, ach gurbh fhearr gan a leithéid a fháil amach níos faide isteach sa tollán.

Leanas orm, agus ghéaraíos ar mo choisíocht arís. Stadas. Bhí an bheirt i mo dhiaidh ar a luas féin agus iad ag teacht suas liom. D’fhéachas chun cinn, agus an ponc solais i bhfad uaim i gcónaí, chomh fada nó níos faide ná a bhí nuair a d’fhéachas go deireanach. Bhí an chuma ar na ráillí go rabhadar ag síneadh leo níos faide ná riamh, isteach san infinid.

Bhraitheas fáisceadh i mo ghoile, á rá liom casadh, agus mo cheann á áiteamh orm leanúint ar aghaidh. B’fhéidir nach rabhadar ina n-aonar, go raibh buíon éigin acu istigh i lár an tolláin, agus go mbéarfaí crua orm. D’fháisceas mo dhoirne agus d’fhéachas thart ar an talamh féachaint an raibh aon sceilp de ghéag nó de chraobh ann. Bhí na ráillí chomh glan le biorán. Spalla cloiche féin ní raibh ann. Bhí rogha agam casadh ar ais agus m’aghaidh a thabhairt orthu dá mba ghá. B’fhearr aghaidh a thabhairt ar dhuine, ar ainmhí féin a bhraitheas, ná do dhrom a bheith leis. Níor smaointe iad seo, ach léargais ar luas lasrach.

Ansin chonac go raibh beirt eile acu ann sa doircheacht, ceathrar ar fad, roinnte idir na ráillí, ag siúl mar a bheadh póilíní ar patról. Níorbh aon phóilíní iad seo. Thugas faoi deara go raibh maide ina lámh ag duine acu ar a laghad, mura raibh ag an gceathrar. Más ea ní raibh aon chaint eatarthu. Má bhí radharc agamsa orthusan bhí radharc acu siúd ormsa leis. Ní raibh aon bhealach éalaithe anseo ach fallaí cuartha cloiche. Ní raibh rogha anois agam m’aghaidh a thabhairt orthu, ach dul chun cinn. Shiúlas romham arís, gan sodar, ná cosa in airde ach mearshiúl diongbháilte. Ní raibh éinne chugam ón taobh eile ar aon nós, ach ní raibh bun an tolláin ag druidim liom ach an oiread. B’ait liom é.

Bhraitheas dornfháisceadh docht i mo phutóga, á rá liom an ceann a choimeád. Cárbh fhios ná gur dhream amuigh i mbun a ngnó féin iad? Ach bhí cuid eile díom á rá gur chaitheadar a bheith ag faire orm, mar ní raibh radharc ar éinne i mo dhiaidh agus mé ag teacht isteach sa tollán.

Leanas orm, mo choiscéimeanna á leagadh go trom ar na balcanna, agus gach re féachaint romham agus i mo dhiaidh agam. Féachaint amháin a thugas romham, mheasas go bhfaca beirt chugam anuas ón bponc solais, bun an tolláin. É i bhfad romham, d’fhéachas arís, agus le linn a bheith ag iarraidh iad a dhéanamh amach chuala creaicleáil raidió nó fóin ar an aer. Gáire ag sreabhadh, agus fead ina dhiaidh ó dhuine éigin. Creaicleáil eile. Ghabh tonn anbhá tríom. Gáire anois ó dhuine go chéile. Pingeáil. Beirt nó breis chugam anuas, agus an chuid eile i mo dhiaidh. D’fhéachas thart. Sea.

Fuaireas boladh géar creosote, an leacht nimhneach a gcuirtí na balcanna ar maos ann chun iad a choimeád ó lobhadh, i mo shrón, agus mé ag siúl. Líon an boladh mo scamhóga, agus tháinig uisce aníos ó mo phutóga le cúl mo bhéil. Nimh. Bhí fonn orm cur amach. Chaitheas amach an t-uisce. Thriomaigh mo bhéal. Nó arbh in boladh na heagla uaim féin? B’ait liom a fhad a bhraitheas féin an ponc solais uaim ag bun an tolláin, agus an dul chun cinn sa siúl a bhí faoin dream a bhí chugam, á fhágaint ina ndiaidh. Faoi mar nárbh ionann an fad go bun an tolláin ón taobh seo agus ón taobh eile anuas. Bhí m’aigne ag rás. Chaithfeadh an dá fhad a bheith mar a chéile, a mheabhraíos i lár na hanbhá. Níor thráth matamaitice é, ach ar chuma éigin, bhí m’aigne ag brú cothromóide orm chun an ceann a choimeád. Bhraithfeadh sé ar an luas siúil a bhí fúthusan agus fút féin araon, a amadáin, a chuala ag guth eile á fhógairt orm.

Thosnaigh na cnaganna i gcoinne na ráillí, maidí in aghaidh iarainn, agus iarann in aghaidh na gcloch. I mo dhiaidh. Romham. Bhíodar tar éis moilliú anuas ar fad, agus iad anois ag imeacht de réir rithim eile dá gcuid féin, cór cantaireachta. Seanscannán éigin ag rith i mo cheann, a cheapas, ceann de na cinn sin agus stailceoirí ag tabhairt aghaidh ar ghaigíní na bhfostóirí. Paul Newman. Paul bloody Newman thar éinne agus an meangadh sin a leath go dtí a shúile agus an hata ar a cheann. An raibh hata ar a cheann? Lámha piocóidí. In aghaidh na coincréite. Tuargaint. Cén scannán? Dá mbeadh ceann i mo lámh agam thabharfainn crústáil do na Francaigh. Na focaeirí. Más Francaigh a bhí ann. Nó lucht na bpluaiseanna a raibh an gáire astu i dtosach, dream as a meabhair ar dhrugaí, nó dream a raibh a gcúl tugtha acu le saol na Fraince agus a bhí casta ar shaol na pluaise. Ní raibh ach tríocha méadar ón boulevard go dtí an phluais lastuas, má bhí an méid sin féin. Matamaitic arís. Ingearáin an turas seo. Thosnaíos ag comhaireamh mo choiscéimeanna, seanchleas chun an aigne a choimeád ar an gcothrom leis an gcorp. Aon-dó-trí….

Ach mhúch torann buillí na maidí in aghaidh na ráillí mo chuid comhairimh os ard. Buillí á dtarraingt i mo dhiaidh agus á bhfreagairt chun tosaigh, trombhuillí á ngreadadh, ag preabadh tríd an iarann gur bhraitheas lucht leictrithe ag luas-seoladh ón dá thaobh díom agus an torann ag bloscadh ina thonn phléascach anuas ó dhíon cuartha an tolláin. Bhí na buillí féin, a rithim chnagtha, ag gabháil seilbhe ar m’aigne, agus mo chomhaireamh féin, mo choiscéimeanna ag luí isteach lena mbuillí siúd. Bhíos féin tar éis moilliú. Chuala glór domhain fireann ag fógairt i mo dhiaidh anois, mar a bheadh ordú cantaireachta, glórtha eile á fhreagairt d’aon ghlór, agus comhghlór ina dhiaidh nuair a d’aimsigh na maidí na ráillí.

Bhíos ag siúl ar luas na gcnagbhuillí anois nárbh é mo shiúl féin amháin níos mó é ach siúl ársa, cianda, tráth ab iontas fós leis an daonnaí cumhacht na gcos. Tráth satailte brus. Tráth lúfaireachta os. Tráth sceanairte dos. Dream amuigh ag fiach lucht cos eile. Bhí alltán béiceach ionam féin leis chomh maith leo. Gach aon phioc chomh maith leo. Téanaíg! Chugam aniar agus anoir sibh! Ligeas mo liú allta orthu ach leanadar orthu ar a mbuille féin. Chuaigh díom a bhfad nó a ngiorracht uaim a thomhas, má bhí tomhas na súl nó na haigne daonna sa tollán diabhail seo.

Stadas. Dhruideas i leataobh, agus mo dhrom le falla. Bhíodar in aon líne amháin anois, duine i ndiaidh a chéile, fear istigh agus fear ón taobh eile den ráille. Lámha piocóidí acu. Ansin a dheineas amach na barraí ar a mbarr, a chuala na slabhraí á dtarraingt idir gach coiscéim, a chnag na bioranna iarainn i gcoinne na gcloch á scarúint, á smiotadh. Ansin a chan duine ar mo chúl, de ghlór a bhraitheas a bhí snoite as an gcarraig féin

It’s a long time Lord

agus a d’fhreagair an bhuíon d’aonghlór romham agus ar chúl,

’s been a long long time,

swinging this load

for a ten dollar crime.

Mar a bhí riamh, mar atá fós a rith liom agus tocht éigin le faoiseamh orm. Cruthaíodh cuas callaireachta sa tollán, mar a bheadh díon ard cuartha i séipéal.

It’s a long time Lord

’s been a long long time,

shuffling this road

all day down the line.

Bhraitheas go raibh cnagbhuillí na bpiocóidí ag aimsiú mo chroí féin. Línte faoin gcuing. Bhí na línte faoi ualach iomlán na daonnachta. Bhíodar chomh mór sin faoi ualach gur éadromaíodar an t-ualach. Tháinig sciatháin fúthu. Líonadar an tollán. Go hiomlán. Gan tosach, gan deireadh, gan isteach ná amach.

Ní raibh aird ar bith acu ormsa ná ar mo chuid gothaí. Ag druidim i leith a chéile a bhíodar anois, lena gcnagbhuillí, agus b’fhéidir go dtiocfaidís suas le chéile, uair éigin. B’fhéidir go raibh sé i ndán nach dtiocfadh, ach gur bhraitheadar riachtanas éigin iontu féin, an riachtanas úd faoin gcuing. Bhraitheas nach rabhas i láthair go hiomlán, ar chuma éigin, agus d’ardaíos mo ghéaga chun mo chosa a chur i bhfeac i gceart ar an gciumhais.

It’s a long time Lord

’s been a long long time….

It’s a long time Lord

’s been a long long time,

the train she‘s a comin’

my chain ‘s gonna chime

D’fhanas ag éisteacht leo, ag baint sásaimh as a gceol, agus shocraíos ligean leo. A rithim féin acusan, agus mo rithim siúil féin agamsa. Bhí tocht orm ina ndiaidh ach bhaineas amach mo luas siúil agus dhíríos ar bhun an tolláin.

Rinc an ponc solais, agus bhraitheas éadroime i mo choiscéim nár bhraitheas cheana. Bhí ualach éigin curtha díom agam. Ba ghearr gur bhaineas an bun amach, gan éinne chugam ná uaim, agus an Bastille tamall maith siúil romham.

Siúracha Ravensbrück. Triúr as Éirinn. A scéalta níos iomláine ná a chéile. Gan mórán i dtaobh na mná as Uíbh Fhailí, banaltra agus siúr, Agnes Flanagan, ach gur ghabh an Gestapo í. Roinnt éigin ann i dtaobh Kate McCarthy. An tSiúr Phroinsiasach Marie Laurencin, banaltra sa chéad chogadh mór, bonn na Croise Deirge aici ón mBreatain, banaltracht in ospidéal in Bethune sa Dara Cogadh, ag treorú saighdiúirí Francacha agus Briotanacha thar línte na nGearmánach go Dunkerque, ag cabhrú le saighdiúirí agus criúnna eitleán a tháinig chucu féin tar éis a ngortuithe éalú, baint aici le líonra Résistance an ghrúpa ‘Musée de l’Homme’ ag bailiú faisnéise b’fhéidir, í á gabháil ag an Gestapo i Meitheamh 1941 san ospidéal agus á daoradh chun báis mar namhaid don Reich, an pionós báis curtha ar fionraí agus í á seoladh chuig campaí géibhinn éagsúla, gur tugadh go Ravensbrück í in 1942. Tháinig sí as go míorúilteach in 1945, agus seoladh abhaile go hÉirinn í roinnt laethanta ina dhiaidh sin. Fuair sí bás i dtigh altranais do sheandaoine, sa Honan Home, i Montenotte, Corcaigh agus í sna seascaidí déanacha.

Líon sí an fhoirm a sheol na Francaigh chuici i dtaobh a cuid gníomhaíochtaí sa Fhrainc, ach d’fhág sí na ceisteanna i dtaobh blessures – gortuithe – agus sévices – céasadh – bán.

Bhí colún an Bastille go hard sa spéir romham. Bhí scéalta ann nárbh fhéidir baint leo, séalaithe i bhfuil. Ba cheann de na scéalta sin é. Fós, cumadóireacht ab ea iad sin féin agus gan ach blas na fírinne ar chuid díobh. Fiú, nuair a bhí teideal bhileog faoi thalamh an ghrúpa ‘Musée de l’Homme’ á phlé, mhol bean sa ghrúpa, Résister mar theideal, i gcuimhne ar mhanadh a sinsear Protastúnach Úgóineach féin agus iad i bhfolach ina dtúr ón ngéarleanúint. Résistance a roghnaíodh. Cuireadh í féin leis go Ravensbrück.

Gheal an spéir romham. Chruinnigh an trácht thart ar an Place de la Bastille. Radharc ar an gcanáil síos go dtí an Seine. Bhí slí isteach i scéal Nóra Buckley tríd an spás a bhí fágtha bán ag an tSiúr Marie Laurencin.