Bhí an cluiche caillte. Bhí an tír bánaithe. Fothrach agus na préacháin ag eitilt ina thimpeall, Cú Chulainn cromtha faoi ualach an bhróin, an fiach dubh ar a ghualainn. Níor éirigh an ghrian ar maidin, ní raibh sa spéir ach solas lag mílítheach, na scamaill mar a bheadh tairní i gcónra ar crochadh os cionn an tseansaoil.
Shéid gaoth is báisteach isteach ar chriathraigh shúite an iarthair gur sheas ina bhrádán lár tíre ó cheann ceann na bliana sa chaoi is nach raibh le cloisteáil ar thalamh ach ba is caoire ag cangailt agus na pinginí á gcur ar ghaimbín.
Maolsheachlainn Mór Mac Donnchadha, Feardorcha Dubh Ó Dálaigh, Antóin Ard Ó hAlmhain agus Seán Seosamh Seol Ó Siúradáin, bhailigh siad faoi rún sa síbín mar a dhéanaidís chuile oíche Aoine, thíos Tí Mooney ag an gcúinne i mbaile Chnoc an tSamhraidh lámh le machaire méith na Mí. Leag siad idir speal is rothair le hais an dorais, shuigh le chéile ag an tine is d’fhan gan focal gur airigh siad maide bán a dtreoraí, Dónall Dall Ó Duinnshléibhe ag bualadh céim ar chéim go dtí an doras.
‘Oíche mhaith agat, a Dhónaill,’ arsa Maolsheachlainn Mór Mac Donnchadha.
‘Bog amach ón tine,’ a deir Dónall, á bhualadh lena mhaide.
‘Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?’ a deir Antóin Ard Ó hAlmhain.
‘Suigh síos, a dhiabhail,’ a deir Dónall, ‘sula n’alpfaidh tú siar mo chloigeann.’
‘Tá deireadh na gcoillte ar lár,’ a deir Feardorcha.
‘Bhfuil anois?’ a deir Dónall.
‘Níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach,’ a deir Seán Seosamh.
‘B’fhéidir nach mbeidh deoch agam go brách,’ a deir Dónall.
Maolsheachlainn a fhaigheann isteach iad, pionta is leathcheann an duine, is ní bheidh call aige a chathair cois tine a thréigean arís ar feadh scaithimh go dtiocfaidh a bhabhta arís.
‘Tá ceann maith agamsa,’ arsa Feardorcha Dubh Ó Dálaigh is leagann uaidh a phionta go dtarraingíonn píosa páipéir as íochtar a threabhsar oibre:
‘Tá an tír uilig bánaithe,
Tá na laochra cróga scaipthe,
Níl focail fiala file le cloisteáil
’S níor stop an bháisteach ag titim.’
Tugadh bualadh bos d’Fheardorcha sular shuigh sé siar arís le súmóg bhreá a bhaint mar chúiteamh ar an rann.
‘Nach fíor duit?’ a dúirt siad,’ tá an seansaol imithe go deo.’
‘Nach silfidh Éire deor na ndeor?’ a ghlaoigh siad.
‘Tá mise dall,’ a dúirt fear amháin.
Agus b’in a raibh ann ar deireadh, tar éis chuile chath a cuireadh, tar éis chuile dhán a cumadh agus chuile amhrán a casadh, seo iad sliocht éigse Éireann, sliocht na naomh is na n-ollamh istigh sa suanlios ag ól, i mbaile Chnoc an tSamhraidh agus i mbailte uile na hÉireann, i bhfolach ar ríthe úra an chaisleáin a d’fhéach amach ar an tír seo mar a d’fhéachfá amach ar ghort cruinneachta, ag tnúth le barr an fhómhair agus an t-airgead a bheadh le baint.
Thit Baird Chnoc an tSamhraidh amach as Tí Mooney an oíche sin mar a dhéanaidís chuile Aoine ag cur a mallachtaí ar thithe móra an cheantair a ghoid an talamh ar na daoine is a chuir ag obair na filí mar a chuirfeá spailpín nach raibh aige ach litriú a ainm ar éigean.
Mheabhraigh siad dá chéile gur Ghaeil iad is gur ag maíomh as an méid sin a bheadh duine ar bith ar an saol seo, go raibh sinsir acu a throid ar son na saoirse mar a dhéanfaidís siad féin lá éigin, go seasfaidís an fód mar a sheas a muintir aimsir Chromaill fiú nuair nach raibh de rogha acu ach dul go hIfreann nó go Connacht.
Chuaigh siad in airde ar na rothair, d’ardaigh gach speal is ghlaoigh amach in ard a gcinn is a ngutha nach raibh faitíos orthu siúd riamh labhairt amach faoi nócha a hocht, Maolsheachlainn chun tosaigh le hAntóin, Séan Seosamh ag éirí as an diallait sa tsáil orthu agus Feardorcha Dubh chun deiridh, ag iarraidh a shúil a choimeád orthu agus iad ag rothaíocht leo le fána sa dorchadas, é ag luascadh deiseal is tuathal sa diallait agus é ag seachaint an mhaide bháin á bhí á chroitheadh san aer ag Dónall agus é ag béicíl air brostú toisc an phian a bhí an barra ag cur ina dheireadh.
‘Bhuel, boo, bloody hoo!’ arsa Darach ar chloisint an ceann sin dó, ‘agus cén chuma an dóigh leat atá ar mo dheireadh agus mé i mo shuí an lá ar fad ar leac na fuinneoige seo ag éisteacht leatsa ag rámhaillí faoin friggin’ seansaol agus an chos ar bolg a d’fhulaing tú féin agus do bhloody muintir.’
‘Cogar,’ a deir sé ag léim anuas den fhuinneog, ‘an raibh girseach ar bith i measc na réabhlóidithe, tá a fhios agat an cineál, óg agus toilteanach luí siar ar son na cúise?’
‘Imigh leat, a rud shalaigh,’ a dúirt mé leis, ‘ar leaba an bháis atá mise, bíodh a fhios agat, ní ar thairseach theach striapachais!’
‘Alright, alright,’ a dúirt sé ag seasamh siar uaim píosa,
‘ní raibh mé ach ag ceapadh go …’
‘Bhuel, ná bí ag ceapadh.’
‘Ní raibh deis ar bith agam chuige san ospidéal.’
‘Cén t-ospidéal?’
‘Ospidéal na Lobhar, áit ar chaith mé blianta deireanach mo shaoil shuaraigh.’
‘Nach raibh mná agus fir istigh ansin leat?’
‘Mná nach bhféadfá ach na súile acu a fheiceáil ag gobadh amach ó cheirtín bhrocach a bhí ceangailte ar a n-éadan acu leis na neascóidí a chur i bhfolach, ó an-deas, tá mé cinnte de.’
‘Sure, nach raibh tú féin ar an ealaín chéanna?’
‘Céard atá i gceist agat leis sin?’
‘Nach bhféadfadh sibh beirt na ceirtíní a bhaint ag an am céanna?’
‘An-bharrúil. Anois céard a déarfá lena shá in áit éigin a raibh sé de chuma air go dtitfeadh sé díot sula mbainfeá amach arís é?’
‘Ní déarfainn mórán.’
‘Go maith, ar a laghad ar bith tá an méid sin soiléir.’
‘Chomh soiléir leis na neascóidí ar d’éadan.’
‘Go díreach, nach iontach mar a thuigeann muid a chéile?’
‘Is iontach.’
‘Ní fada eile anois go mbeidh tú do mo leanúint, is dócha.’
‘Ní fada.’
Tá an ceart ag Darach mar is taibhse é. Bearna é an Bás atá ag cúngú eadrainn. Tá banaltra ar an bhfón ag glaoch ar mo bhean. Beidh sí anseo go luath. Suífidh sí taobh na leapa liom is glacfaidh sí mo lámh. Bhí an t-am ann gur bhreá liom í ag breith ar lámh liom is mé ag gabháil fhoinn cois tine thiar. Is a Dhia na nGrásta, cheap Neamh is Parrthas, tá faitíos orm an lá seo nach ndéanfaidh sí arís é.