Éistigí liom mar sin, a chlann, is ná bígí ag caoineadh mar is fear spéire anois mé is tá mo chloigeann sna scamaill mar a dúirt sibh riamh liom. Seo libh, go bhfeicfidh sibh ag imeacht mé, ní fada anois go mbeidh mé i m’fhear coille mar a theastaigh riamh uaim, ní fada anois go dtógfaidh mé bothán beag adhmaid, mise nach raibh riamh in ann fiú glas a chur ar dhoras.
Ólfaidh mé siar an t-uisce as srutháin na síoraíochta, íosfaidh mé barr na gcrann caorthann i gcoillte ceansa Dé. Is cuardóidh mé gach cosán ó lá go lá sa tsíoraíocht go dtiocfaidh mé de réir a chéile oraibh, a chlann.
Baileoimid brosna le chéile ann is fillfimid ar an mbothán, mar a mbeidh béile is beatha le roinnt againn arís. Suífimid chun boird agus ar aghaidh na tine mar a rinneamar fadó sula raibh trioblóidí an tsaoil seo ina gcnámh spairne eadrainn agus déanfaimid magadh is gáire faoi thrioblóidí uile an domhain seo nár thug duine ar bith againn ach seal gairid ann.
Ar inis mé daoibh faoi mo chara Darach, a chlann? Fear ón sean-am é a rinne comhluadar dom agus mé ag sleamhnú as an saol seo. Ní fear mór é, tá a fhios ag Dia, tá cuma air nár fhás sé ó bhí sé ina leanbh, ach tá de nós aige beag a dhéanamh de thrioblóidí uile an tsaoil seo agus nach maith ann é mar sin?
Rugadh thart faoi na bólaí seo é de réir a chuimhne in áitreabh beag ar thaobh sléibhe i mbaclainn a mhuintire.
Deir sé nach raibh riamh acu ach ón lámh go dtí an béal ach má bhí tine i ngach bothán gur bhraith siad chomh saibhir le rí. Is cuimhin leis a bheith ag útamáil timpeall an bhotháin agus súil ghéar a mháithrín air gur sheas sé ar a chosa féin. Ní raibh rud ar bith ab fhearr leis ina dhiaidh sin ná a dheartháir mór a leanúint go himeall na coille le go bhféachfaidís beirt amach ar an bhfarrraige agus ar na báid ag teacht is ag imeacht go dtí an chathair mhór ó thuaidh.
‘Fan glan amach ón gcathair sin,’ a deireadh a dheartháir leis, ‘níl sna Gaeil ach sclábhaithe ann, an gcloiseann tú ag caint leat mé?’
Dá mbeadh pingin ag Darach chuile uair ar dúradh sin leis, agus flíp sa chluas a leanadh mar rabhadh i gcónaí é, tá sé ag ceapadh go mbeadh an chathair chéanna ceannaithe is díolta aige faoi dhó nó faoi thrí.
Airíonn sé urlár na coille faoina chosa fós, an drúcht ar a éadan, éin na coille ina chluas mar a bheadh déithe na coille ag glaoch air. Rud ar bith a bhain dó i ndiaidh an ama sin agus a óige lena mhuintir, cibé brón is briseadh croí, níor ghá dó ach a shúile a dhúnadh le glórtha na coille a chloisteáil.
Chuala sé lá a bháis iad mar a chuala lá a bhreithe.
Anois agus é ina thaibhse ar leac na fuinneoige anseo taobh liom áitíonn sé ormsa cluas a thabhairt dóibh.
‘Lobhar anois mé,’ a deir sé liom, ‘ach bhí an t-am ann gur laoch mé mar an dream sin a mbíonn tú ag cabaireacht fúthu.’
‘Sheas mé an fód ar mo bhealach simplí féin, d’éalaigh mé as an gcathair is gan mé ach i m’fhear óg, anois sin rud nach ndearna tusa,’ a dhearbhaíonn sé.
‘Togha fir!’ a deirim. ‘Cúis mórtais é sin do lobhar ar bith.’
‘Féach ort féin, a bhastaird, níl neascóid ar bith ort ach maidir le drámaíocht, mura n-éiríonn tú as an saothar anála sin go luath, i bhfianaise Dé, pléascfaidh mé an frigging mála ocsaigine ort!’
‘Níl call ar bith le caint mar sin,’ a deirim.
‘B’fhéidir nach bhfuil, ach in ainm Dé nach bhfuil sé thar am agat slán a rá?’
‘Níl deireadh ráite go fóill agam.’
‘Nach bhfuil anois?’ a fhiafraíonn sé go searbhasach ach ní thugaim freagra ar bith air.
Féachaim timpeall na leapa oraibh, a chlann, is tá a fhios agam go bhfuil an ceart aige, ní bheadh i scéal ar bith eile ach scéal phaidir chapaill.
‘Go díreach!’ a deir sé.
Tá fúm imeacht, tá Darach ar leathghlúin taobh na leapa.
‘Tóg bog é, a dhuine,’ a deir sé.
‘Ní theastaíonn uaim imeacht, tá faitíos orm, a Dharach.’
‘Seo leat, maith a’ fear,’ a deir sé, ‘tá sé in am againn a bheith ag imeacht.’
Seo le do mháithrín tú ag ceannach feola don dinnéar, seo le do dheaide thú ag leanacht an bhanna ceoil síos sráideanna na cathrach go habhainn mhór na Life, seo leat san uisce ag snámh feadh an chalaidh tráthnóna, seo leat go séipéal Dhún Laoghaire agus clog an Aifrinn ag bualadh, seo leat trasna na tíre siar go Conamara, tá na currachaí á gcur i bhfarraige, seo leat go beo. Tá an ghrian ag scalladh thrí bhallaí cloiche an oileáin agus muid ag teacht i dtír ar thrá bhán an tsamhraidh. Isteach leat faoin gcurrach, sin é é, togha fir, cuirfidh muid suas ar an gcladach í, go díreach é, mar sin. Seo leat go barr na coille go gcuirfimid síos tine, seo leat, as ucht Dé, seo leat.