Bhí baint riamh ag mo mhuintir leis an bhfarraige.
Sheol siad thar seacht bhfarraige na cruinne. Deireadh mo mháthair i gcónaí murach gur máthair í gur ag seoladh leo a bheadh sí. Bhí na scéalta ar fad de ghlanmheabhair aici. Chloisfeá na tonnta ag bualadh, na longa móra ag preabarnaigh agus d’aireofá saol uaigneach an mhairnéalaigh cois tine aici. Thar scéal ar bith eile d’fhan scéal a col ceathrair Seán Mór i mo chuimhne.
Leath-thógtha a bhí Seán Mór nuair a saolaíodh é, bhí sé chomh téagartha sin. Go luath ina shaol d’éirigh idir é féin is a athair toisc é siúd a bheith ag bualadh a mhná agus é ólta. Firín beag ab ea a athair agus bhí cibé neart a bhí ann mar dhuine buailte as ag an ól is ag an ragairne.
D’fhág sin ina ainmhí beag faiteach é ag díriú ar an aon duine nach gcuirfeadh ina choinne, mar ba ghá di a mac a chosaint air.
Oíche ghaofar amháin chuir an mac céanna deireadh leis. Ag tarraingt ar a sé déag a bhí Seán Mór nuair a bhain geonaíl a mháthar faoi dhorn a athar codladh na hoíche de.
‘Fágfaidh tú an teach seo agus scaoilfidh tú le mo mham anois díreach!’ a bhéic an mac ar an athair.
‘Rachaidh tusa ar ais sa leaba ar an bpointe boise, a mhac,’ a d’fhreagair an t-athair ‘nó is tusa seachas ise a gheobhaidh é.’
Dorn sa phus a leag an t-athair i dtosach, díreach agus é ar tí casadh ar a bhean arís. Agus cé gur impigh a mháthair ar Sheán é a fhágáil mar sin, bhí fuil le béal a fir céile agus é leagtha amach fuar ar leacracha an tinteáin sular sheas Seán siar óna athair.
‘Tá mise ag fágáil an tí seo anois a mham,’ a dúirt sé, ‘agus b’fhéidir nach bhfeicfidh tú arís mé, ach bíodh a fhios agat nach leagfaidh an bastard sin lámh arís ort mar go mbeidh a fhios aige nuair a dhúisíonn sé go dtiocfaidh mé suas leis, luath nó mall.’
Bhí an bhean bhocht croíbhriste ina dhiaidh sin, í uaigneach go deo i ndiaidh a haonmhic, í ag roinnt a coda le meisceoir a bhí briste brúite ag an saol, é caite craptha ó lá go lá i gcúinne amháin nó i gcúinne eile.
Le breacadh an chéad lae eile, tháinig lagú ar an ngaoth agus chaith éirí na gréine scáil Sheáin Mhóir le balla an Chalaidh Thiar, áit ar sheas sé ag fanacht le dul ag obair ina mhairnéalach boird. Sheas sé sa líne agus na páipéir á saighneáil agus chuaigh amach ar an bhfarraige gan filleadh go deo ar a mhuintir ná ar a bhaile dúchais.
Cnag deaslámhach agus focal ciúin idir teachtaire agus m’athair a chuir scéala bhás thubaisteach Sheáin Mhóir ar leac an dorais againn. Ní sheasfadh an strainséir isteach ná ní ghlacfadh sé deoch ná an cupán tae féin rud a d’fhág go raibh ar m’athair an drochscéal a insint.
‘Julia’, a dúirt sé, ‘tá Seán Mór marbh, sádh i mbeár in Rio De Janeiro an fear bocht, áit a raibh sé ag ól a thuarastail mar a bhíodh go minic is cosúil, ní raibh aige ach an dá scór nuair a tharla raic faoi rud éigin a d’fhág fuar marbh ar an urlár é, fuarthas sean-ghrianghraf dá mháthair ina phóca agus ó tharla a thuismitheoirí a bheith ar shlí na fírinne le fada, socraíodh é a thabhairt duitse mar aon lena chuid balcaisí eile, bhí sé an-cheanúil ort agus sibh níos óige de réir dealraimh.’
Bhí grianghraf Sheáin Mhóir agus ceann dá mháthair sa fhráma céanna ar an matal againne ón lá sin amach agus is os mo chomhairse amach a bheidís inniu murach mo dheartháir a bheith níos sine ná mé.
Tithe móra agus tithe beaga, tithe arda bána inar mhair lucht an airgid, tigíní sraithe brící dearga inar mhair an chosmhuintir a rinne freastal orthu. B’fhéidir gur ghlan tú na seomraí móra acu, b’fhéidir gur ghlan tú tóineanna na bpáistí acu, b’fhéidir fós gur sholáthair tú gual an gheimhridh dóibh nó go ndeachaigh tú amach le do shaol a thabhairt ag cosaint cúinne éigin den Impireacht acu, ach bealach amháin nó bealach eile bhí tú do shaol ar fad faoi chomaoin acu agus ní raibh a sárú le fáil leis an méid sin díreach a thabhairt le fios duit. Ag rince ar an urlár a chuaigh mo mháthair nuair a d’fhógair m’athair tráthnóna amháin i ndeireadh an tsamhraidh go rabhamar le haistriú go teach sraithe de chuid chomhairle an bhaile san fhómhar.
Sráid an Chlochair ainm na sráide ó tharla é a bheith suite trasna an bhóthair ó chlochar inar oileadh cosmhuintir an bhaile riamh. Thíos staighre i dtigín dhá stór a bhíomarna, taobh thiar de dhoras tí a d’oscail amach ar pharlús, seomra leapa thiar, ceann eile thoir, seomra cúil agus cistin a rith le balla an tí amhail cistin loinge. D’oscail doras cúil amach ar chlós cloiche á roinnt ag an ardán tithe ó bhun go barr na sráide, a chrúca féin ag chuile dhoras don fholcadán stáin a soláthraíodh leis an daoscarshlua a ní.
‘Julia,’ arsa m’athair, ‘beimid caillte san áit seo.’
Bhí clann eile in airde staighre agus cé nár labhraíomar mórán leo ní raibh caill ar bith orthu.
Bhíomar níos faide ón gcaladh ach ba chuma linn sin agus b’iomaí tráthnóna taitneamhach a chaitheamar ag siúl abhaile go leisciúil ón trá aníos. Bhí sé de nós againn aicearra a ghlacadh trí pháirc ar aghaidh ardán de thithe móra cois trá.
Seo muid tráthnóna amháin ag bualadh caide sa pháirc le mála turnapaí nó a leithéid, a shíleamar a caitheadh amach as teach éigin an mhaidin sin. Chuir buille ard den mhála uaimse mo dheartháir ag síneadh ina threo le breith air sula rachadh sé amach ar an mbóthar. Thug mé bualadh bos magúil dó agus rinne gáire nuair a leag sé an mála uaidh chomh tapa céanna.
‘Céard é féin?’ arsa mise leis, ‘an bhfuil an chaid róthe dhuit?’
‘Ní hea,’ a d’fhreagair sé, ‘féach.’
D’fhéachas síos ar an mála. Cúl a cinn bídeach a chonaic mé i dtosach, é sin agus lámh bheag bhídeach ag sileadh amach as áit ar polladh an mála agus muid á bhualadh. Báibín nuashaolaithe a bhí ann a caitheadh le claí déarfainn, toisc gan de rogha ag cailín aimsire éigin ach an mála nó í féin a chaitheamh amach ar an mbóthar.
‘Beidh seo mar rún saoil againne amháin,’ arsa mo dheartháir, ‘anois seo leat as seo sula bhfeicfidh duine éigin muid.’
D’fhágamar an mála mar a raibh sé agus níor dúradh rud ar bith ó shin, mar a gheallamar dá chéile. Ní fiú a bheith ag caint anois air ach an oiread, poll dubh a bhí sa saol an t-am sin agus má bhí tú le héirí as an bpoll céanna, ní fhéadfá é a dhéanamh agus mála ceangailte le do mhuineál, ba chuma céard a bhí ann. Sin í an fhírinne ghlan, is cuma cé chomh fuar is atá sí, agus mise ag rá leat go raibh mé sásta géilleadh di.
Féach anseo in ospidéal na seandaoine mé, mar shampla. Tearmann a thugann siad air, áit álainn ag féachaint amach ar an gcairéal, ach tá a fhios agamsa gur reilig domsa é. Ní ligim orm tada, suím cromtha i gcathaoir, luím siar agus tiúb do mo bheathú i mo lár.
Ardaím mo cheann nuair a thagann cuairteoirí isteach, feicim ag cogarnaíl leis an dochtúir iad.
‘An fada eile a bheidh sé linn?’
Tagann siad isteach duine ar dhuine agus cuimlíonn mo lámh. Tosaíonn siad ag caint liom faoi thada agus ní deirim tada leo. Éalaím uathu nuair a imíonn siad uaim.
Téim siar i bhfad, i bhfad uathu. Tá fear faoi éide do mo cheistiú ach ní thuigim ag caint liom é.
‘Your name, your name, what is your name?’ a deir sé.
Ní deirim focal. Caitear i gcathaoir rotha mé. Brúitear go doras mé.
‘It’s a nice day, you can sit by the door for a while,’ a deir sé. Tá cairéal ar mo chúl, an fharraige os mo chomhair. Taibhsí iad mo mhuintir chuile áit i mo thimpeall. Seo é cnoc na lobhar agus is lobhar i measc lobhar mé. Labhrás is ainm dom. Suím sa doras. Tá an cluiche caillte. Ba mhaith liom mo scéal a insint duit ach tá taibhse ina shuí ag an bhfuinneog taobh liom a bhfuil cuma ar an ngiobal atá mar éadach air agus ar na neascóidí ar a éadan gur de na meánaoiseanna é. Bíonn sé de shíor ag cur isteach orm.
Lá samhraidh agus an ghrian ag damhsa ar dhuilleoga na bhfeá agus na ndarach, gabhadh é. Is cuimhin leis an cás ag luascadh ó thaobh taobh ar bhóthar garbh clochach a rith le fána an tsléibhe agus ina dhiaidh sin le ciumhais na mara gur tháinig sé chomh fada le ballaí arda na cathrach a shuigh mar a bheadh smál dubh ar bhéal na habhann.
D’fhéach sé siar go bhfeicfeadh arís áitreabh sléibhe inar tógadh é dóite go talamh. Chaith seile go talamh le blas plúchtach na deannaigh a bhaint dá bhéal. Chuala madraí na cathrach ag tafann air, líon a pholláirí le boladh caca is salachar na cathrach ag rith le fána ina thimpeall, ach d'ardaigh a chroí le boladh fraoch is aiteann na sléibhte ar a chúl agus bhí a fhios aige lá éigin go n-éalódh sé go dtí na sléibhte, go siúlfadh arís sna coillte, go luífeadh arís faoi scáil na gcrann ónar ainmníodh é, is bhéic in ard a chinn is a ghutha:
‘Mise Darach, mise Darach!’ gur airigh buille ar chúl a chinn a leag go talamh gan aithne gan urlabhra é.
Luigh faoi i dteach a mháistir. Bhí cosa a mháistir trom, bhí a theanga géar. Chomhair gach céim aige os a chionn.
D’fhan socair ar fhaitíos go dtiocfadh sé anuas na céimeanna chuige. Chúb faoi má d’airigh chuige é. Bhí sé maol, bhí sé ramhar, bhí sé ag stamrógacht faoina choinne.
D’airigh an máistir croí a shearbhónta ag bualadh is chas ar a sháil le barr déistin ón sianaí sa chúinne. Scinn francaigh an tsiléir treo an dorais thairis. Chonaic cíocras chun an tsolais sna súile acu nuair a osclaíodh an doras rompu. Rith siad le fána chun cuain. D’fhógair an máistir ar a shearbhónta éisteacht.
Taibhse anois é, suíonn ar chnoc na lobhar ar mo nós féin. Breathnaímid beirt amach ar shléibhte na hoíche.
Samhlaímid na tinte cnámh ar lasadh agus is fada linn an lá go dtiocfaidh siad faoinár gcoinne, go leagfaidh siad na ballaí seo inár dtimpeall.