3

Tá mé ar scoil. Tá an scoil sa chlochar. Tá an clochar trasna an bhóthair ó mo theach. Tá mo theach ar bhóthar an chlochair. Tá geataí os comhair na scoile. Dúnaim doras an tí i mo dhiaidh agus osclaíonn geataí an chlochair os mo chomhair amach. Siúlaim isteach. Suím ar an mbinse. Tá mé ceithre bliana d’aois. Rugadh mé i mí na Samhna. Mí na marbh é mí na Samhna, mar sin mairfidh mé go deo, sin a deir mo dheaidí liom agus mé ag dul amach ar scoil an chéad lá riamh.

Freagraím an tSiúr Philomena nuair a ghlaonn sí an rolla. Leabhar mór donn é an rolla a shuíonn ar bhinse na Siúrach. Osclaíonn sí amach go cúramach é. Cuireann sí marc in aice le gach ainm le peann tobair. Tá páipéar súite lena huillinn. Súnn sí an dúch chuile uair a chinntíonn sí go bhfuil dalta i láthair nó as láthair. Féachann sí amach ar an rang go crosta ach déanann meangadh beag le chuile dhalta nuair a dháileann sí amach na léitheoirí beaga Gaeilge lena dtosaímid chuile lá scoile. Is cuimhin liom fós a haghaidh orm agus an draíocht a chuir an léitheoir beag sin orainn araon, an tSiúr Philomena, an léitheoir agus mé.

Tá an madra sa gharraí. Tá mamaí sa chistin. Tá deaidí ag obair sa ghort. Tá Seán agus Máire ag súgradh ar an trá.

‘Tá an ghrian ag taitneamh,’ arsa Seán.

‘Tá sí ag scoilteadh na gcloch,’ arsa Máire.

Tá ballaí an tseomra ranga ard agus donn. Greamaíonn an tSiúr Philomena na pictiúir a tharraingíonn an rang gach tráthnóna díobh. Fanann sí siar nuair a bhíonn an lá scoile thart.

‘Lámha suas,’ a deir sí agus piocann dalta amháin le cabhrú léi an seomra a ghlanadh suas ag deireadh an lae.

Is breá liom fanacht siar leis an tSiúr Philomena. Bailím suas na léitheoirí agus cuirim go néata sa chófra iad.

Amantaí bíonn leabhar nua sa chófra agus má osclaíonn tú amach é tagann boladh milis leabhair nua amach as.

Nuair a thagann páipéir na maidine isteach agus nuair a osclaím amach iad cé go bhfuil mé ar mo chos dheiridh agus an tSiúr Philomena ar shlí na fírinne, fiú agus ballaí fuara an tí altranais seo i mo thimpeall, caitear siar go dtí an seomra ranga sin mé chuile uair. Tosaím chuile mhaidin beo ann mar a rinne mé, tá tuilleadh agus trí scór go leith bliain ó shin.

Súitear isteach sa seomra ranga lá fuar geimhridh mé, ag scuabadh an urláir don tSiúr Philomena. Airím na gasúir eile ag súgradh ar an mbóthar agus an lá ag druidim le clapsholas na Samhna. Beidh oíche Shamhna linn go luath, beidh tine chnámh sa pháirc thíos, cuirfimid orainn éadaí bréige agus iarrfaimid úlla nó oráistí ar na comharsana. Tarraingeoimid pictiúir de thaibhsí agus imreoimid cluichí oíche Shamhna sa bhaile.

Ach go fóillín beag níl sa rang ach mé féin agus an tSiúr Philomena. Scuabaim an t-urlár agus cuireann sise gach rud in ord agus in eagar don lá amárach.

‘Cá gcuirfidh mé an peann luaidhe seo, a Shiúr?’ a fhiafraímse di.

‘Sa chófra i mbosca na bpeann luaidhe, maith a’

buachaill,’ a deir sí agus tá mé faoi dhraíocht arís, trí chéile ag boladh na luaidhe ag éirí aníos as bosca na bpeann luaidhe, gafa ag laethe m’óige ar scoil sa chlochar, báite sa Ghaeilge mar a chuala mé ar leathanaigh léitheora scoile í.

Bíonn scéalta an domhain mhóir taobh amuigh ar pháipéir na maidine, scéalta faoi chogaí agus tragóidí móra an tsaoil seo, ach nuair a osclaím amach ar maidin iad is ag tosú amach ar léitheoir Gaeilge eile is ea a bhímse.

Fanaim go foighneach i gcathaoir rotha taobh na leapa go dtagann siad isteach. Síneann an bhanaltra nuachtán chugam agus osclaím amach ar an leaba é. Déanaim meangadh nuair a bholaím na leathanaigh agus airím an bhanaltra ag rá lena chomrádaí, ‘Mister Tierney loves his morning papers.’

Dúisítear rud éigin ionam agus tosaíonn m’aigne ag rás.

Seo é Seán, seo í Máire. Dia dhuit, a Sheáin, Dia is Muire dhuit, a Mháire. Is maith liom tae, is maith liom brioscaí, téim go dtí na siopaí, tagann mo chara liom. Tá tae sa siopa, tá milseáin freisin. Tá prócaí san fhuinneog, féach na milseáin iontu. Tá siad buí, tá siad dearg, tá siad gorm agus glas, féach sa phictiúr iad ar leathanach a seacht.

Tá Seán ag an bhfuinneog, tá Máire lena ais, tá an dá uillinn acu ar leac na fuinneoige, tá siad ag féachaint isteach. Tá an siopadóir sa siopa, tá sé ina sheasamh ag an gcuntar faoi chóta donn. Déanann sé meangadh agus socraíonn a chóta nuair a bhuailtear an cloigín agus nuair a shiúltar isteach.

Tá mamaí sa mbaile, tá sí ag glanadh na cistine, téigh go dtí an siopa agus ceannaigh punt tae. Ceannaigh buidéal bainne agus bollóigín bheag aráin, ná hith ar an mbealach abhaile é, anois glan as mo radharc in ainm Dé.

A mhamaí, tá mé ag dul go dtí an siopa le Máire, tá tú a stór, ná dearmad an mála, ní dhéanfaidh a mhamaí, bollóg agus bainne, ná dearmad an tae.

Tabhair leat do chóta, tá sé fliuch, tabhair leat do chulaith snámha, tá sé te. Tá an ghrian ag taitneamh, bollóigín aráin, beimid fliuch go craiceann, leathphunt tae. Tá an siopa thíos, tá mo theachsa thuas. Bhí mé ann inné, beidh mé ar ais amárach.

Téann deaidí amach, tagann sé isteach. Cuireann mamaí síos an citeal, fliuchann sí an tae. Bollóigín bainne, buidéal aráin agus leathphunt tae, ní hea ach mála bainne, leathphunt aráin, agus buidéal tae, ní hea ach beidh sé ar eolas amárach sa rang. Seasfaidh mé le mo bhinse agus glaofaidh mé amach. Tá Seán agus Máire i dteach ceann tuí. Tá mamaí sa chistin ag fliuchadh an tae.

Sa ghort mór atá deaidí ag obair go dian.

‘An ag baint na bhfataí atá tú, a dheaidí?’

‘Ní hea, a mhac, ach á roghnú.’

Ocht mbliana a thug mé sa chlochar sin go raibh mo chuid scolaíochta críochnaithe. D’éirigh mé ar a hocht a chlog chuile mhaidin, éirím ar a hocht a chlog fós. Bhí cónaí orm ar bhaile cladaigh Dhún Laoghaire, is ann a chuirfear mé go luath. Is cuimhin liom mo cheachtanna, is cuimhin liom an samhradh, laethanta scoile, laethanta cladaigh. Buailim mo dhorn le hiarann na leapa, cá ndeachaigh na blianta, cár sciorr siad tharam?

Bóthar an Chlochair atá scríofa ar an mballa, ar dhoras mo thíse, a ceathracha a trí. Cloisim an baschrann ag preabarnaigh ar an doras agus mé féin agus mo dheartháir ag bualadh amach. Tá mo mhamaí ag béicíl orainn gan imeacht ón mbóthar, tá cairde ar an mbóthar ag bualadh caide is ag spraoi.

Cén scór anois é? Tríocha a cúig, tríocha a trí, an bua ag an gcéad chúl eile, seo linn ar fad sa mhullach ar a chéile.

Tá an liathróid caillte i gclapsholas na hoíche, imreoimid cluiche eile a haon, a dó, a trí. Siar leat, siar leat céim ar chéim, féach cé a chúlóidh chomh fada le clós na scoile.

Ná cas, ná cas, tá tú beagnach ann, seachain ciumhais an chosáin, rómhall, do cheann.

Tá mo dheartháir taobh liom, ardaíonn sé den talamh mé mar a rinne i gcónaí gur lig sé síos mé nuair a d’éiríomar aníos. Ná bí ag caoineadh, a dúirt sé, muide saighdiúirí Dhún Laoghaire, ó a dheartháirín mo chléibhe, cad chuige ar lig tú síos mé?

Thug bean comharsan pingin dom le milseáin a cheannach, ghlan mo mháithrín na deora díom is nigh sí mo chloigeann. Rinne tú gáire liom is dúirt go raibh an ceart aici nuair a chuir sí ar ais chuig teach comharsan mé mar gur ar éigean a bhí pingin rua le caitheamh ag an mbean sin ar a clann féin. Chreid mé an lá sin tú, dhéanfainn rud ar bith ort, do mhuintir an rud is tábhachtaí, nach shin é é, a dheartháir?

Is cuimhin liom do lámh liom an lá sin ar an mbóthar, an spórt agus an spraoi a bhí againn ag éirí aníos ar an mbaile. An cuimhin leat nuair a liginnse orm féin gur gealt mé agus ba thusa mo dheartháir foighneach ag tabhairt aire dom do mo mháthair a bhí tinn sa bhaile?

Seo isteach i siopa mé, siopa uachtar reoite na nIodálach ab fhearr linn, ag cur geáitsí an gheilt orm go dtiocfá faoi mo choinne.

‘Vatza wrong vith you, my boy?’ arsa bean Mazzela, ‘you a not a right in ze head, I dink.’

Leanainn orm ag rith timpeall an tsiopa ag déanamh mo dhícheall ‘my brother’ a rá. Díreach agus an bhean bhocht ar tí scairt a chur ar Georgio seo isteach an doras tú ar nós na gaoithe. Ghabhtá do leithscéal faoi gur éalaíos uait, gur ag siopadóireacht do do mháthair bhocht a bhí tú ó tharla í a bheith sínte sa leaba.

‘O you poor boy, your poor mama and a brozer,’ arsa bean Mazzela, ‘You have a some ice cream for a you and your brozer.’

Uachtar reoite in aisce an duine againn ag dul amach an doras, mise ar mo dhícheall ag iarraidh ‘thank you’ a rá to the nice lady mar a dúirt tú liom a dhéanamh, an bheirt againn ansin sna trithí cois cladaigh leis an uachtar reoite, ag magadh faoin saol agus an spraoi a bhí againn ann.

Bhíomar ar an bhfoireann peile le chéile ag imirt don bhaile, tusa sna cúil, mise chun tosaigh. An cuimhin leat an lá báistí sin nuair a bhíomar ag imirt as baile, áit éigin i dtuaisceart na cathrach agus an pháirc ina puiteach.

Sheasamar amach ar an bpáirc réidh le himirt gur chuir bainisteoir na foirne eile i do leith go raibh tú thar aois.

‘He’s not a banger,’ a dúirt mise, ‘he’s my brother.’

Rinne an slua gáire is thosaigh an imirt ach bhí an bainisteoir náirithe agam agus chaoch tú do shúil liom nuair a chuir siad an t-imreoir ba théagartha acu i mo choinnese. Bhuail sé sna heasnacha mé, tharraing cic siar ar mo lorga ach ní dhearna mé tada gur chaoch tú arís.

Liathróid uait a thug an deis dom tarraingt ar ais air agus thóg sé beirt acu an bastard agus a chos bhriste a bhaint den pháirc.

Ar chúis éigin scaradh muid ag deireadh an chluiche, b’fhéidir an spleodar a bhí orainn go raibh an lá linn, ní cuimhin liom go baileach. Bhí mé mall ag teacht as an mbothán feistis, mall ar mo shochraid féin dar le mo mháthair, agus bhí triúr acu romham sa doras nuair a chas mé le himeacht.

Rug beirt acu lámh ar lámh orm is bhuail an tríú duine na buillí i mo lár gur thit mé. Rith siad sular tháinig tú faoi mo choinne agus mhóidigh tú nuair a chonaic tú mé nach ligfeá síos go deo arís mé. Ó a dheartháirín, nár mhór an feall nach mar sin a tharla?