4

Tá mé i seomra. Tá an saol ag sleamhnú uaim.Tá dath bánbhuí ar na ballaí. Tá siad ag lúbadh siar is aniar. Tá codladh ag teacht orm. Luím siar sa leaba agus buailtear arís mé. Tá rothaí cairte ag casadh, tá mo ghualainn sa phuiteach. Tá an taibhse arís i mo chloigeann, scaoilim leis ar feadh píosa.

Deir sé go raibh grian an tsamhraidh ag lonrú na spéire agus é ag siúl amach ar an sliabh, a mháthair i ndoras an bhotháin ag féachaint air féin agus ar a dheartháir ag dul amach ag fiach. Thug sí foláireamh dá dheartháir aire a thabhairt don fhear beag agus bhéic a dheartháir air luas a choimeád suas sa siúl.

Tá sleá an duine againn, seo é an chéad uair aige ag fiach, siúlann sé le droim a dhearthár chomh ciúin le hoíche shamhraidh.

Tá siad ag leanúint bealach sléibhe a muintire, a gearradh amach fadó nuair a chéadsheas siad ar an sliabh seo is shocraigh fanacht ann. As an gceo a tháinig siad i dtosach i bhfad siar san anallód, áit nach féidir riamh teacht air go dtiocfaidh sé faoi do choinne.

‘Níl sa saol ar fad,’ a deir sé, ‘ach bealach sléibhe a shiúltar go dtagann ceo do bháis suas leat le tú a thabhairt abhaile arís.’

An lá seo agus é ag siúl ar chúl a dhearthár, tá a fhios aige go mbeidh fiach maith ann, tá a fhios aige go dtiocfaidh siad ar thorc sléibhe is go mbeidh sé crochta ar shleá eatarthu ag teacht abhaile.

Darach a fheiceann i dtosach é mar a bheadh scamall dubh eatarthu. Léimeann as muine taobh thiar de.

Casann Darach ar a sháil, caitheann sleá sa dá shúil air go dtiteann sé ina phleist roimhe. Sánn a dheartháir sleá ina lár ach tá a fhios aige gurb é Darach a leag é, gurb é Darach a inseoidh scéal an lae don tseanmhuintir ag baile.

‘Seo leat,’ a deir sé, ‘tá sé chomh maith againn cur dínn abhaile, beidh sé ina mhaidin arís sula mbeidh deireadh ráite agat faoin lá seo.’

Níl sé ach ag magadh, tá a fhios sin aige mar atá eolas aige faoi chrainn agus faoi fhásra na coille, saoirse a bhaile sléibhe, boladh fraoigh is aitinn ina pholláirí is é ag luí siar san oíche anseo taobh liom, na cianta is na mílte a sheasann eadrainn is mé ag casadh anocht ar leaba mo bháis, boladh an ospidéil i mo pholláirí, géibheann mo chuimhní do mo chreimeadh.

Casann rothaí adhmaid na cairte go mall sa phuiteach agus é ag dul in aghaidh an aird.

‘Cuir do ghualainn leis a bhastaird,’ a bhéiceann a mháistir air, ‘tá tú ag sleamhnú siar le fána.’

Bairillí lán in aghaidh an aird, bairillí folmha le fána, sin é an saol a bhí aige sa chathair seo chomh fada le do chuimhne.

Suíonn teach tábhairne a mháistir ag barr na sráide roimhe.

‘Brostaigh ort, a sclábhaí,’ a screadann sé, ‘tá custaiméirí ag fanacht ort.’

Tá long le cuan ag fanacht ar bhairillí folmha le líonadh, tá teach tábhairne ag fanacht ar bhairillí lán le díol.

‘Cúramach leis an mbairille sin, a amadáin, trua nár bháigh mé tú seachas tú a bheathú. Le mo ghnó a mhilleadh a chuir mé díon os do chionn, ab ea?’

‘Ní hea, a mháistir.’

‘Brostaigh ort a phleidhce, beidh na custaiméirí ar fad imithe, cuir na bairillí taobh thiar den chuntar go líonfaidh mé bolg na bhfear.’

‘Tá mé ag teacht, a mháistir.’

‘Tabhair tráidire chun boird is ná doirt braon nó bainfidh mé as do thóin é.’

‘Go raibh maith agat, a mháistir.’

‘Ar ais leat go caladh leis na bairillí folmha go tapa.’

Síos le fána leis arís agus fir na mbád ag spochadh as.

‘Bhuel, bhuel, seo é é faoi dheireadh, bhíomar ar tí seol a ardú sula mbeimis sáite sa ghaineamh.’

‘Brón orm,’arsa Darach.

‘Bí cúramach leis na bairillí sin,’ a bhéictear air, ‘ortsa agus ar do mháistir a bheas costas a ndeisithe.’

‘Beidh.’

‘Níl rud ar bith in aisce ach craiceann do mhná a bhualadh, é sin nó do lámh dheas a tharraingt sa chás agatsa a bhastaird lofa.’

‘Níl,’ a deir Darach.

‘Bí ag béicíl leat i do chloigeann,’ a deir lucht na cathrach le Darach, ‘bí ag casaoid orainn san oíche is tú i do luí siar i mbrocais tuí do shaoil, sclábhaí tú againne, níl romhat ach an aird ó chuan go tábhairne lá i ndiaidh lae do shaol ar fad, muide a rialaíonn do bheatha sa chathair seo anocht, is cuma más taibhse tú anallód ag caoineadh saoirse sléibhe nó sínte taobh le seanfhear i leaba tearmainn báite ina chuid allais.’

‘Dúisigh!’ a impíonn Darach orm, ‘dúisigh, a bhastaird!’

Lean blianta na hóige mé, na blianta is fearr i do shaol a deirtear ach níl a fhios agam faoi sin. Bhásaigh mo mháthair nuair a bhí mé in aois a trí déag, í briste traochta ag an saol is dócha rud a d’fhág an triúr againn le haire a thabhairt dár n-athair nach ndearna ón lá sin amach ach mar a bhí dlite air, ba chuma céard a dhéanfá dó.

Tharraing sé bagáiste thíos mar ba dhual dó lá i ndiaidh lae, thagadh aníos tráthnóna is chuireadh mo dheirfiúr a dhinnéar amach roimhe. Shuíodh ansin chun tine gan focal a rá ach le béic a ligean orainne má bhíomar róghlórach. Spleodar na hóige a bhí ann, ar ndóigh, agus muid ag pocléimnigh sa seomra ina thimpeall ach is dócha nach raibh an diabhal bocht in ann chuige agus an dubh a bhí ina chroí á chreimeadh. Áilleacht agus grá a choimeádann i do bheo tú, a deirtear, agus ó tharla gur i gcló mo mháthar a bhí an dá rud sin snaidhmthe aige is cinnte gur ghoid an bás air iad nuair a sciobadh í.

Ró-óg a bhíomarna le croí briste a thuiscint agus cé go raibh mo dheartháir ag tarraingt ar a seacht déag lá na sochraide is cuimhin liom gur bhraith sé chomh hamscaí liomsa faoi chulaith an Domhnaigh.

Is cuimhin liom macallaí an tslua i dtóin shéipéal an bhaile, ní fhéadfá an áit sin a líonadh mura raibh rí na cruinne á adhlacadh agat. Bhí monabhar an tsagairt ar an altóir agus arís taobh na huaighe, chuile fhocal uaidh ag dul le gaoth tharam, agus m’athair sa doras ag fáiltiú an tslua isteach le deoch a ól ar a bhean.

Leag mo dheirfiúr ceapairí amach ar bhord an pharlúis, déarfainn nach raibh caointeoir ar bith an lá sin nach raibh lán go béal le ceapairí liamháis is cáise. Sheas mo dheartháir lena athair, d’ól gloine ar ghloine leis, is shuigh mise san fhuinneog ag féachaint amach ar an mbóthar agus tinneas orm ag ceapairí is ag comhbhrón, agus mé ró-óg le braon ar bith a ól.

Bhí bláthchuach taobh liom ar leac na fuinneoige, é lán le bláthanna a thug duine éigin dúinn mar chuimhne ar mo mháthair, agus is dócha go raibh mé ag éirí cineál díomuach faoi anáil bholadh sochraide na mbláthanna céanna nuair a chas bean chomharsan as an slua orm.

‘Ah, Jaysus,’ a deir sí, ‘do ye not have a glass to drink out of, here this’ll do ye.’

Rop sí na bláthanna as, dhoirt an t-uisce amach an fhuinneog is dhoirt deoch éigin as a gloine féin sa bhláthchuach.

‘Drink that,’ a dúirt sí, ‘it’ll make you feel better.’

Bhí an saol ag bogadh ar aghaidh agus bhí sé thar am agam teacht anuas as an bhfuinneog is bogadh ar aghaidh. Blianta ina dhiaidh sin agus an Ghaeilge sách maith agam, bhí mé ag léamh leabhair ina raibh an t-údar ag cur síos ar lá a chaith sé ina óige ag baint feamainne cois cladaigh lena mháthair.

Ba chuimhin leis gur ardaigh na mná ar fad na gúnaí acu in éadan na taoide agus nuair a rinne gur thug sé faoi deara gur ag a mháthair féin a bhí na cosa ba dheise. Bród a bhí air mar a bhí ormsa as mo mháthair, mo mhuintir is mo bheatha. Bród a choimeád ag imeacht mé sa bhochtanas, sa ghéibheann, sa Saorstát nach raibh ann ach sop in áit na scuaibe, agus más peaca féin é a bheith bródúil, m’anam ach gur peacaigh iad mo mhuintirse.

Léim mé anuas de leac na fuinneoige, an bhláthchuach i mo lámh agam is sheas isteach le mo mhuintir i m’fhirín beag cois teallaigh. Is má rinne siad ar fad gáire faoin ngloine aisteach agam bhí mé sásta gáire a dhéanamh leo mar thug mé faoi deara go ndearna m’athair a sháith de gháire leo.

Ní ag gáire a bhí comharba Strongbow nuair a chuala sé ó ridire séidte ag na geataí go raibh na deartháireacha Bruce leaindeáilte. Ag ceapadh go raibh chuile shórt ag dul ar aghaidh go breá a bhí an fear céanna ó cuireadh i gceannas na cathrach é. Nach raibh focal rí Shasana aige air?

Nuair a sheas Strongbow as a bhosca agus dúirt le saoránaigh na cathrach go mbeadh an chathair agus chuile shórt eile a bhain léi beag beann ar riail Shasana, áfach, tháinig focal ar an ngaoth anoir chuige go raibh ‘guess who’ faoin mbealach.

‘Bloody Paddies,’ arsa rí Shasana ag seasamh amach as an mbád cois cuan na cathrach lá, ‘let’s get it over with.’

Shiúil sé in aghaidh an aird go lár na cathrach agus gach leathbheannú leamh aige ar na hamadáin ar fad a d’umhlaigh roimhe agus salachar na cathrach ag sileadh le fána i lár na sráide eatarthu.

‘Fan go bhfeicfidh sibh an ceann seo,’ arsa an rí ag caochadh súile lena chomhghleacaithe, agus isteach i halla mór na cathrach leis, áit a raibh a shearbhónta Strongbow ag fanacht.

‘Anuas as sin, a bhastaird,’ a bhéic an rí ar ridire an éirí in airde agus ní túisce mac an bhacaigh ag bronnadh idir chathaoir is eochracha na cathrach air ná an rí ag fógairt go mbeadh saoirse Bhriostó Shasana ag chuile shaorfhear sa chathair seo.

‘Agus is cuid de Bhriostó chuile dhuine agaibh as seo go ndeirimse a mhalairt!’

Ar ais ansin sa bhád leis ag beannú arís do na hamadáin a sheas ar an gcaladh go ndeachaigh sé as radharc chuan na cathrach amach, agus má chonaic siad an bád ag imeacht amach thar íor na spéire ní fhaca siad an rí ag gáire an bealach ar fad go Sasana.

‘Mise a chuir béasa ortsa,’ a bhí sé ag rá leis féin sna trithí, ‘mise an buachaill, a bhastaird!’ Is nuair a bronnadh litir bhuíochais air ina dhiaidh sin agus é suite ar ríchathaoir Londan Shasana, rith deora gliondair lena shúile chomh tiubh sin gur sheas ridire na cúirte os a chomhair amach ag ceapadh go raibh a rí uasal ag tachtadh.

‘What is it my liege?’ arsa an ridire.

‘Stongbow,’ arsa an rí sna trithí.

‘Strongbow who?’ arsa an ridire.

‘Strongbow my arse!’ arsa an rí bocht.