EIREABALL SPIDEOIGE

 

images

 

RÉAMHRÁ

Cad is filíocht ann? Aigne linbh? Samhlaigh beirt i seomra, leanbh agus a athair, agus capall ag gabháil na sráide lasmuigh. Féachann an t-athair amach agus adeir: ‘Sin capall Mháire ag dul thar bráid.’ Sin insint. De réir dealraimh cailleann an t-athair an capall toisc go bhfanann sé lasmuigh dhe. Abair gur galar capall. Ní thógann an t-athair an galar sin. Ní shaibhríonn an capall beatha an athar. Ach an leanbh – airíonn sé fuaim an chapaill. Blaiseann sé fuaim an chapaill ar son na fuaime féin. Agus éisteann leis an bhfuaim ag dul i laghad agus i laghad agus ag titim siar isteach sa tost. Agus is ionadh leis an fhuaim agus is ionadh leis an tost. Agus breithníonn sé cosa deiridh an chapaill agus déanann ionadh dá n-údarásacht agus dá seandacht. Agus líontar an saol de chapall-alltacht agus de shodardhraíocht. Sin bheith – bheith fé ghné eile. Agus sin, dar liom, filíocht. Maireann an leanbh fé ghné chapaill. Abair gur múnla anam linbh. Caithfidh dul nó dúchas an mhúnla a bheith ar gach rud a thiocfaidh as. Et protulit terra herbam virentem, et facientem semen juxta genus suum … Tá an t-anam nó an múnla sin le fáil i gcapall agus i dteanga agus i ngach rud eile. Seo an rud a dúirt Raissa Maritain ina thaobh:

Nach doimhin é an réigiún íochtarach ina maireann dúchas na hurlabhra! Conas a fhoghlaimíonn leanbh teanga iasachta? Ón dtaithí atá agam féin air, creidim nach amháin ó bheith ag cur blúirí áirithe eolais le chéile é, agus nach ceist foclóra ná cuimhne ar fad é … gur cosúla go bhfaigheann an aigne eolas ar shainfhoirm – foirm ina bhfuil ailtireacht uile teanga le fáil mar atá ailtireacht chrann daire le fáil sa dearcán.

Agus seo mar a dúirt Stiofán mac Enna é: ‘… an ní eile úd atá ann dáiríre is atá an-éifeachtúil cé gur deacair é mhíniú, sé sin meanma na teanga’ (Mo Chara Stiofán, Liam Ó Rinn, lch 85). Ba mhaith liom paidir a thabhairt ar an rud dúchasach, an sainrud, a thagann as an múnla.

Nuair a deirim go maireann an leanbh fé ghné an chapaill is iad seo a leanas na nithe atá i gceist agam, measaim. Bíonn báidh chomh diamhair sin ag an leanbh le sodar agus le seitreach agus le moing agus le gach rud eile a bhaineann go háirithe le capall go slogtar é, mar a slogadh Turnbull, isteach in atmasféar an chapaill (féach thíos an dán Malairt). Téann an leanbh anonn go dtí an capall. Ach is leanbh a théann anonn agus ní capall. Déanann an leanbh iarracht, ámh, ar bheith ina chapall, ar phaidir an chapaill a rá, le méid a uaignis. Bíonn uaigneas ar an leanbh toisc ná raibh sé riamh ina chapall, mar a bhíonn orainn go léir nuair a machnaímid le báidh ar threo nár ghabhamar – cf. an dán Burnt Norton le Eliot:

Footfalls echo in the memory,
Down the passage which we did not take,
Towards the door we never opened
Into the rose-garden.

Seo an leanbh ag leaschaitheamh na capall-laethanta nár chaith sé riamh. Ach conas atá anois ag na múnlaí? Conas atá ag na paidreacha? Seo iarracht linbh, paidir linbh. Ní féidir gan dul múnla an linbh a bheith ar an iarracht seo. Ach cár ghaibh paidir an chapaill? Nár dhein an leanbh iarracht ar an bpaidir sin a rá? Nár tomadh an leanbh sa chapall? Nár mhair an leanbh fé ghné an chapaill? Ní dócha gur thréig an leanbh a mhúnla féin. Ní bheadh sin ar a chumas. Ach níor ghaibh sé chomh saor ón gcapall agus a ghaibh a athair – duine nár bhlais. Dá gcumfadh an leanbh dán in am seo a bháidhe agus a uaignis an mbeadh paidir an chapaill le fáil sa dán chomh maith le paidir an linbh féin? Measaim go mbeadh dá n-éireodh leis an leanbh dán ionraic a chumadh (bheadh an tríú paidir le fáil ann leis .i. paidir an dáin féin, mar tá paidir i ngach rud dar liom, rud a mhíneod ar ball). Agus ní tagairt don chapall a bheith sa dán atá i gceist agam, ná insint fé. B’fhéidir ná luafaí capall ann in aon chor ach go mbraithfí meanma capaill a bheith ann fé mar a bhraithfí meanma linbh agus meanma na filíochta ann mar ní insint dán ach bheith. Ach cár ghaibh paidir an chapaill? Ní dóigh liom gur leor de mhíniú air a rá go scaoiltear paidir an chapaill isteach i múnla an linbh mar a scaoilfí umha.

Cá bhfios do dhuine ar scríobh sé líne filíochta riamh? Cá bhfios dó cad is filíocht ann? Más aon chomhartha orthu an fuath a bheirim dóibh ar uairibh níl filíocht ar bith im líntese. Ach is minic a bhraitheas gnó neamhchoitianta a bheith idir lámha agam agus mé á gcumadh; gnó seachas scríbhneoireacht nó ceapadóireacht, gnó a bhí níos cóngaraí do ghlanadh. Measaim go rabhas i riocht duine a bheadh ag glanadh meirge nó clúimh léith d’íomhá agus ag lorg agus ag athnuachaint na bundeilbhe – ag lorg grinnealldromchla. Má chuirtear an glanadh seo, an tóch seo, i gcomórtas le casachtach le linn slaghdáin, is féidir an bhundealbh a shamhlú le scamhóg. Nó is féidir an gnó a shamhlú le dall ag léamh Braille. Is aithnid dúinn go léir an dromchla, an fhoirm seo a scagadh ó gach foirm eile; ní fios conas is aithnid; agus is eol dúinn é a bheith seanda, bunúsach, údarásach, buan, álainn agus ní féidir teagmháil leis gan geit áthais (gan amhras is cur síos idéalta é seo ar an ngnó bacach neamhionraic a bhíodh ar siúl agamsa).

Cad é an bhundealbh áthasach seo? An é ár n-anam, ár meanma, ár sainfhoirm, ár múnla é? Nó an é múnla an ruda ar a ndéanaimid báidhmhachnamh é?

Bheirim fé ndeara gur fusa dán a chumadh ar tharlachtaint áirithe ná ar abhar ginearálta. Is fusa, cuir i gcás, dán a chumadh ar bhás áirithe ná ar an mbás go coiteann. Is luaithe a thagann an gheit. Agus ní saolaítear dán gan beo-gheit. Measaim go ngineann cuimilt geit – cuimilt idir an chuid is ingheite dínne agus an chuid is ingheite de rud eile. Ach conas a gheiteann bás sinn níos túisce ná an Bás?

Ní mór dom paidir fé mar a thuigim í a mhíniú ar dtúis. Measaim gur féidir le gach duine, gach rud, gach scuaine, gach conairt, gach muintir paidir a ghiniúint toisc go bhfuil anam nó múnla iontu. Ní foláir anam a bheith iontu mar sin é an smaoineamh dar de iad. Leagan dár bpaidir is ea an corp cré atá umainn. Ní beoleagan é ach leagan lochtach, leagan atá faon, trom, truaillithe, neamhdhírithe – rud nár brostaíodh leis an sprid, rud ná fuil ar crith de shíor le beo-gheit na spride. Ach beidh corp eile umainn tar éis Lá an Bhreithiúnais, corp a bheidh de shíor fé gheit. Sin é an corp a bhí ar Chríost tar éis an Aiséirí. Agus sin é an corp a bhí i gceist ag Naomh Agaistín i gcaibidil XX, XXII, XXIII, den XIIIú leabhar den De Civitate Dei.

Is é an corp seo a bheidh umainn tar éis an aiséirí (.i. má slánaítear sinn) ár bpaidir foirfe .i. ráiteas deiridh ár n-anma. Rud álainn é. Ní mór dó bheith álainn, mar is sainrud é. Is é féin caighdeán a áilleachta féin. Agus níl sa chorp cré atá umainn ar an saol seo i gcomórtas leis ach pleist, Caliban. Ach is féidir linn paidir níos glaine ná an corp cré a rá agus sinn ar an saol seo. Is féidir linn sinn féin d’ardú mar thúis i láthair Dé trí mhaireachtaint i ngníomh oiriúnach. Is é an gníomh seo ár bpaidir sa chiall is glaine agus sinn ar an saol seo, agus ní bheadh aon ionadh orm dá mba réamhinsint (nó réamh-mhaireachtaint, ba chruinne a rá) é ar an gcorp a bheidh umainn sa tsíoraíocht. Dhá rud iad ar a mbeidh an séala céanna – séala ár múnla – agus beid araon fé gheit. Seo mar a labhrann Hopkins i dtaobh an ghnímh seo:

As kingfishers catch fire, dragonflies draw flame:
As tumbled over rim in roundy wells
Stones ring; like each tucked string tells each hung bell’s
Bow swing finds tongue to fling out broad its name;
Each mortal thing does one thing and the same:
Deals out that being indoors each one dwells:
Selves – goes itself: myself it speaks and spells:
Crying, what I do is me: for that I came.
I say more: the just man justices;
Keeps grace: that keeps all his goings graces:
Acts in God’s eye what in God’s eye he is –
Christ – for Christ plays in ten thousand places,
Lovely in limbs, and lovely in eyes not his
To the Father through the features of men’s faces.

Ach is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus na paidreacha. De réir dealraimh, ní féidir le duine paidir a ghiniúint gan machnamh ar rud nach é féin – ar threo nár ghaibh sé, mar a dhein an leanbh. Más mian le duine é féin d’ardú mar thúis i láthair Dé, is thar lear a gheobhaidh sé an túis – thar lear i nduine nó i rud eile. Ní mór dó foirm éigin seachas a mhúnla féin a chreidiúint agus umhlú di. Ní mór dó snoíodóireacht sheachtrach na fírinne d’aithint agus ómós a thabhairt di. Mar níl aon bhlas ag duine ar a bhlas féin. Agus ní féidir le duine cuimilt leis féin agus é féin a gheiteadh. Is amhlaidh a gheiteann sé rud eile (rud teibí go minic, mar ghréasaíocht nó ailtireacht nó banaltracht). Geiteann siad a chéile. Ní hamháin go ndúisítear a phaidir féin ach dúisítear paidir an ruda eile chomh maith. Éiríonn an duine agus an rud gníomhach agus comhghníomhaíonn siad nó comhphaidríonn siad. Tarlaíonn cuimilt idir an chuid is ingheite díobh araon .i. idir an dá ghníomh, an dá phaidir. Ansin tagann an gheit agus as an ngeit a ghintear an rud nua mar dhán nó eaglais nó bróg nó fuaim ag a mbíonn a mhúnla agus a phaidir féin. Ach sa ghin nua seo beidh paidreacha a sinsir le fáil chomh maith lena paidir féin. Beidh paidir an ailtire agus paidir na hailtireachta agus paidir na heaglaise le fáil san eaglais. Is intuigthe as seo go bhfuil múnla agus paidir agus faonleagan ag rudaí teibí chomh maith le rudaí neamhtheibí. Agus creidim gurb amhlaidh atá. Agus creidim gurb é faonleagan na hailtireachta an ailtireacht neamhghníomhach.

Tá aithne agam ar bhanaltra. Abair gurb í an bhanaltracht a gníomh ionraic, nó ceann acu. Do bhuaileas léi lá agus gan inti ach bean den choitiantacht – gnáthbhean, neamhdhírithe ar a paidir. Do tharla go mb’éigean di gnó a bhain lena ceird a dhéanamh. Do dhein banaltra di láithreach. Do foilsíodh dom paidir choiteann na banaltrachta – corp nó riocht iarmbreithiúnais na banaltrachta. Do chonac an bhanaltracht i bhfoirm gnímh. Bhí an bhanaltracht ag paidreoireacht tríthi agus bhí sí siúd ag paidreoireacht tríd an mbanaltracht chomh maith. An bhean fé ghné na banaltrachta, b’shin paidir na mná. An bhanaltracht fé ghné na mná, b’shin paidir na banaltrachta. Agus eatarthu araon do ghineadar rud nua (.i. an píosa banaltrachta a deineadh an lá sin) ag a raibh a phaidir féin. Ach is ball den bhantracht an bhean seo chomh maith. Dá bhrí sin, ní foláir nó is minic a bhíonn an bhantracht ag paidreoireacht tríthi. Agus is Críostaí í. Agus is rinceoir í. Ar an gcuma seo, is mó rud ina mbíonn duine ag paidreoireacht agus is mó rud a bhíonn ag paidreoireacht i nduine ionas gur cóir teampall a thabhairt ar dhuine agus ar rud.

Nuair a thiteann duine i mbreoiteacht nó i naofacht nó i bhfeirg, tagann an rud ina dtiteann sé ag paidreoireacht ina theampall agus cloistear ann an phian nó an salm, nó an racht is oiriúnach dá staid.

De réir dealraimh is ionann an caidreamh idirphaidre seo agus an bheatha féin nó an grá. Agus bíonn sé ar siúl de shíor mar fásann sé as an mian agus as an uaigneas atá ionainn go léir, idir dhaoine agus ainmhithe agus coillte agus oráistí agus ealaíona agus gach rud teibí agus neamhtheibí san mbith, ionas go dtéimid uile ag cuairteoireacht i dteampaill a chéile. Measaim go mbeidh glaine an rud teibí agus téagar an rud neamhtheibí sa chorp iarmbreithiúnais agus gurb í an ghlaine a shantaíonn an rud neamhtheibí agus gurb é an téagar a shantaíonn an rud teibí nuair a théann siad ag cuairteoireacht chun a chéile. Agus measaim go raghaidh na capaill agus na coillte, na teangacha agus na farraigí isteach sa tsíoraíocht inár dteannta, agus iad sub specie aeternitatis .i. i bhfoirm gnímh shuthain .i. i bhfoirm paidre. Measaim go mbeidh téagar ag an bpaidir seo chomh maith le foirm agus gurb ionann é agus an corp iarmbreithiúnais ar a dtráchtann Naomh Agaistín. Ós rud é go measaim go raghaidh rudaí teibí isteach sa tsíoraíocht linn, ní mór dom corp síoraí agus ionad sa tsíoraíocht a thabhairt do rudaí mar ghalair. Beidh galair ann agus coirp iarmbreithiúnais umpu mar chách, ach ní dhéanfaid díobháil do neach mar beidh deireadh leis an gcuairteoireacht idirphaidre seo um an dtaca sin. Beidh deireadh le paidreoireacht. Beidh deireadh ráite. Beidh deireadh múnlaithe. Mar beidh foirm iomlán na fírinne os ár gcomhair. Ach go dtí sin beimid ag paidreoireacht, go dtí, mar atá ráite i Leabhar Genesis, go dtiocfaidh mian na gcnoc síoraí:

Deus patris tui erit adjutor tuus et Omnipotens benedicet tibi benedictionibus caeli desuper, benedictionibus abyssi jacentis deorsum, benedictionibus uberum et vulvae. Benedictiones patris tui confortatae sunt benedictionibus patrum eius, donec veniret desiderium collium aeternorum.

Uaireanta táthaítear múnlaí le chéile agus gintear ilphaidir astu, ionas go mbíonn paidir choiteann ag ilrudaí. Measaim go mbíonn paidir ag sluaite. Nuair a bhíonn slua ag maireachtaint le chéile ar feadh tamaill, tagann siad ar an saol athuair. Tagann rud nua, aontacht nua ar an saol fé chuing an ghrá, mar náisiún nó paróiste. Ansin teilgeann an aontacht nua seo a paidir i dtreo Dé.

Uaireanta scoiltear múnla mar a scoiltear adamh teanga, nuair a dhéantar canúintí di. Cloistear tríd an teanga paidir nó paidreacha níos déine, níos ionraice, níos gaolmhaire ná paidir na bunteanga. Scarann an chuid den bhunteanga atá gaolmhar don phaidir nua le béasa na bunteanga agus imíonn sí léi ag paidreoireacht mar chanúint, mar tá sí fé chuing aontachta nua grá atá tagtha ar an saol. Sa tslí seo, bheireann na canúintí ceacht dúinn go léir i gcúrsaí ionracais mar diúltaíonn siad maireachtaint in atmasféar neamhdhlúite na bunteanga agus cloíonn siad leis an atmasféar is dúchasaí agus is dlúithe agus is ionraice.

Ach an té a dhamnaítear cad a tharla dó? Measaim gur shéan sé an fhírinne: gur dhiúltaigh umhlú d’fhoirmeacha na fírinne agus gur lean air ag síorchruthú a chuid bréagfhoirmeacha féin mar frith-Chruthaitheoir ionas gur fhan sé istigh ann féin de shíor mar a bheadh broc. Tá an abairt seo le fáil sa tseanmóir dar teideal Ar an bPeaca Marfach i Seanmóirí Muighe Nuadhat: ‘Is áil leo (na peacaigh) de ghnáth an ní ná tiocfaidh go brách, agus ní háil leo ar chor ar bith an ní bhíos ann de shíor.’ Níor ghaibh an duine sin riamh ag cuairteoireacht i measc na dteampall:

Béasa an bhroic bheith ag tochailt faoi
I ndorchadas oíche is lae:
Ar ar cruthaíodh ó neamh go lár
I gcionn cháich cha dtig sé.

(Séamus Mac Cuarta)

Sa deireadh do chruthaigh sé corp iarmbreithiúnais seachas an corp a chuir Dia in áirithe dhó. Lá an Bhreithiúnais beidh sé i riocht duine go mbeadh ticéad chun dinnéir aige, agus ainm duine eile scríofa ar an dticéad. Ní ligfear isteach é mar ní dó a tugadh an cuireadh. Is amhlaidh a chruthaigh sé eachtrannach, duine lasmuigh de chinniúint Dé – duine ná fuair cuireadh. Nó is féidir a rá nár chruthaigh sé nó nár mhúnlaigh sé rud ar bith agus go raghaidh sé isteach sa tsíoraíocht agus a mhúnla inchollaithe i mbréig nó i speabhraoid nó in eascaine agus go gcaithfidh sé an cur-i-gcéill seo d’fhulang ar feadh na síoraíochta. Níl ann anois ach bréag agus cuirfear go hIfreann é – áit ná fuil aon tsampla de shnoíodóireacht na fírinne le fáil – áit a chruthaigh sé féin agus daoine mar é as a samhlaíocht easumhal féin – áit bhréagach. Do dheineas iarracht ar an aigne dhamanta seo a léiriú sa phíosa thíos dar teideal Saoirse. Agus ní mór dom a admháil gur bhraitheas an tsaoirse dhamanta theibí seo ag bagairt orm agus an réamhrá seo á scríobh agam.

Ní mór dom achoimriú a dhéanamh ar na téarmaí atá á n-úsáid agam go nuige seo. Bheirim múnla ar an anam. Bheirim paidir ar an ngníomh a thagann as an múnla. Bheirim teampall ar an gcorp faon nó an staid faon, e.g. i gcás duine, a chorp cré agus i gcás na hailtireachta ollmhaitheas uile na hailtireachta, ach gan í a bheith fé gheit.

Is mithid na ceisteanna a chuireas ó chianaibh a fhreagairt. Cad é an bhundealbh áthasach úd, an dromchla úd ar a rabhas ag labhairt? Is é paidir chruaidh ghlan dhealfa an ruda ar a ndéanaimid machnamh é. Ball de shnoíodóireacht na fírinne seachas sinn féin é. Réamhbhlaiseadh ar an nglaine foirme a bheidh máguaird sa tsíoraíocht é – corp de choirp na síoraíochta. Agus conas a aithnímid uile é? Mar geiteann sé sinn mar a geiteadh na deisciobail i sráidbhaile Emmaus: ‘Ná raibh an croí ar lasadh ionainn nuair a labhair sé ar an ród agus nuair a fhoilsigh sé dhúinn na Scrioptúirí?’ Is rud lasmuigh dínn féin é ach bíodh is gurb ea is lenár bpaidir féin a chuimlimid é. Agus conas is féidir foirm ár bpaidre féin d’aithint mura gcuimlimid le rud eile í? Conas eile ach mar seo i gcoibhneas agus i dteagmháil le rud fíor lasmuigh dínn féin .i. fé choimirce na fírinne? Níl na himeachtaí seo neamhchosúil leis an rud ar a dtugann T.S. Eliot objective co-relative.

Ach cá bhfios dom gur paidir an ruda lasmuigh dínn an dromchla úd?

Dúrt go ngeiteann bás sinn níos luaithe ná an Bás. Teampall is ea an Bás. Paidir is ea bás áirithe, paidir de phaidreacha an teampaill sin. Nuair a tharlaíonn bás áirithe, bíonn an bás gníomhach .i. ag rá a phaidre. Bíonn an bás beo fé gheit an uair sin, agus beo-gheiteann sé sinn (mura maraíonn sé sinn, agus ansin féin d’fhéadfadh sé sinn a gheiteadh chun paidre). Nuair a chloisimid tuairisc ar bhás áirithe agus nuair a gheitear sinn dá bharr is amhlaidh a thagann an bás áirithe sin chugainn go héasca i bhfoirm paidre. Braithimid é ag brú inár gcoinne mar a bhraithimid cuisle srutha. Braithimid an bhundealbh, an dromchla ag brú agus geitear sinn. Agus más mian linn dán a chumadh is féidir dul ina bhun láithreach, mar táimid fé gheit. Tá sé chomh fuirist, geall leis, focail a chur ar an bhfoirm seo agus a bheadh sé veist a chur ar leanbh. Bíonn na focail ann i gcónaí sa chás seo agus rian na deatháilliúireachta orthu.

Ach má dheinimid iarracht réasúnta ar dhán a scríobh ar an mbás is amhlaidh a théimid isteach i bhfuartheampall agus sinn féin inár bhfuartheampall. Bímid seal fada aimrid, míchéatach, uaigneach.

Is fada anocht in Oil Finn,
Fada linn an oíche aréir:
An lá inniu gidh fada dhom
Do ba leor fad an laoi inné.

Bímid ag tóch is ag léamh is ag casachtach go dtí go mbuaileann an dromchla linn – an Braille, an scamhóg, an phaidir. Ansin geit! Seo an fhírinne! Seo ceann cúrsa! Seo smior! Seo gualainn Dé! Scaoiltear sinn láithreach as géibheann ár n-aigne féin – as Oil Finn – as doineann na haimride – as ifreann. Lasmuigh dár n-aigne féin dúinn anois – nó os a chionn mar a bheadh spideog. Agus nach mór an faoiseamh dúinn a chlos go bhfuil lasmuigh ann, mar go dtí go dtagann an gheit ní fios dúinn nach istigh atáimid. Ní fios dúinn nach ‘istigh fada’ an saol go léir. Ní fios dúinn aon rud eile a bheith ann seachas sinn féin. Do shíneamar ár n-intinn amach sa doircheacht agus moladh le Dia bhí rud seachas doircheacht ann. Is álainn an rud é rud. Ag taisteal go fionnuar ar fud na fírinne atáimid anois. Tá taca againn – taca daingean socair. Tá cruinneas míréasúnta inár nglór. Nuair a bhíonn an dán scríofa againn, éiríonn na línte socair doathraithe inár ndiaidh, fé mar ba chuid den bhith lasmuigh dínn féin iad agus fé mar ba dhuine eile a chum. Ní raibh ann ach gur tharrthaíomar iad. Sinne a tháinig i raon na geite. Ní raibh ann ach sin.

Is fada tuirsiúil an cúrsa é seo seachas an cúrsa eile a ríomhas .i. dán a scríobh ar tharlachtaint áirithe, ach ar slí is iontaí é. Sa chás seo, is amhlaidh a mhúsclaímid féin bás gan éinne a mharú. Ní raibh againn ach abhar báis agus do dheineamar bás de. Ach ní mór a admháil ná tagann an veist don leanbh chomh pras an turas seo, mar bíonn an leanbh rud beag leicthe teibí toisc go dtáinig sé as incubator. Ach creidim go n-éiríonn an leanbh seo lúfar tar éis dó bheith tamall inchollaithe i bhfocail ionas nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir é agus tarlachtaint áirithe tar éis aga agus aimsire (creidim go dtéann dán in aibiúlacht uaidh féin tar éis dó bheith i dtaise ar feadh scathaimh).

Is dóigh liom gur paidir an ruda lasmuigh dínn an dromchla úd ar na habhair seo:

  1. gur rud éigin lasmuigh dínn (tarlachtaint nó abhar machnaimh) a gheit sinn i gcónaí:
  2. gur geiteadh sinn go tapaidh nuair a bhí an rud lasmuigh gníomhach;
  3. go mb’éigean dúinn dul ar lorg na geite nuair a bhí an rud lasmuigh faon.

Breithnímis an dán féin i leith paidre anois. Abair gur file infheadhma an leanbh úd agus gur chum sé dán. Cad a thit amach? Tháinig uaigneas air nuair a chonaic sé an capall. Do ghaibh báidh é le capallacht. Do shroich sé sa doircheacht paidir nó dromchla na capallachta. Tháinig na focal-éadaí ón dtáilliúir .i. ó shinsear an linbh. Is léir anois cár ghaibh paidir an chapaill – isteach sna héadaí .i. isteach sa dán. Braitear anois corraí fé na héadaí – rithim mar a bheadh sodar. Ach cár ghaibh paidir an linbh? Isteach sa dán. Ach conas? Nach ar sodar atá an dán in ionad bheith ag lámhacán? Ach breithnigh an dán níos grinne. Domhan beag ann féin an dán seo ná fuil aon eolas le fáil ann ar chúrsaí lasmuigh dhe féin.

‘Conas is eol duitse, a dhuine a hoileadh i dtír seo an dáin, gur sodar é?’

‘Mar ní lámhacán é.’

‘Bhfuil lámhacán ar bith sa dán seo?’

‘Níl.’

‘Agus cá bhfios duit cad é an rud lámhacán?’

‘Ón sodar.’

‘Conas ón sodar?’

‘Mar sin é an saghas sodair é – sodar nach lámhacán.’

Is soiléir ón agallamh seo go bhfuil paidir an linbh le fáil sa dán i gcoibhneas le paidir an chapaill.

Ba mhaith liom rudaí áirithe a chím i bhfilíocht d’ainmniú:

  1. meabhair oscailte linbh;
  2. uaigneas;
  3. báidh;
  4. cruinneas foirme;
  5. coibhneas idir phaidirfhoirmeacha: as an gcoibhneas seo a thagann an gheit agus is é an coibhneas bun agus barr na filíochta agus na paidreoireachta; is é an coibhneas is cúis leis an rithim measaim;
  6. foireann mhaith táilliúirí .i. sinsear agus traidisiún uile an fhile.

Tá daoine sa tír seo a deir ná fuil scríbhneoirí Gaeilge na linne seo traidisiúnta. Creidim go bhfuil dearmad orthu. Ag féachaint ar na scríbhneoirí ón gclós atá na daoine seo. Laistigh den teanga atá na scríbhneoirí agus ní amuigh sa chlós. I dteampall na Gaeilge atáid ag paidreoireacht agus má mhúsclaíonn siad paidir ar bith is í paidir na Gaeilge is éigean dóibh a mhúscailt. Ní féidir an teanga d’fheacadh as a dúchas. Ní féidir aon phaidir eile do theacht as teampall na Gaeilge ach a paidir féin. Agus creidim nach fada go mbeidh an teampall seo ag teilgean a paidre in iomlán a nirt. Tá na scríbhneoirí ag paidreoireacht sa teanga fé láthair agus ní foláir dóibh í a mhúscailt ar fad sa deireadh ionas go n-éireoidh sí gníomhach agus go n-imeoidh sí ag paidreoireacht dá deoin féin. Ach cá raghaidh sí ag paidreoireacht ach i dteampaill na ndaoine? Mar is iad na scríbhneoirí a mhúsclóidh an teanga agus is í an teanga mhúscailte a mhúsclóidh na daoine chun labhartha na Gaeilge.

Iarraim ar an bpobal suarachas agus teirce mo shaothair a mhaitheamh dom.

 

images

 

Seo Libh

SEO libh a dhánta tríd an tír,

Ní mó ná sásta sinne libh,

Ach ba lú ná sin bhur sástacht linn,

Dá mb’eol díbh leath bhur n-ainnise.

Do cumadh sibh, a chlann véarsaí,

Is sinne ar easpa gramadaí,

Gan Institiúid gan eagnaí,

Gan ach comhairle eaglach ár gcroí

I lár na hoíche diamhaire.

Má castar libh fear léinn sa tslí,

Bhur rún ná ligidh leis, bhur sians,

Ní dá leithéid a cumadh sibh:

Tá baint agaibh le bualadh croí

Ar chuma an éinín bheannaithe.

 

Apologia

Do chuir an saol thar maoil,

Bhí an uile ní ina chúr,

Den lacht do dheineas im

Chun ná raghadh aon bhainne amú.

Gidh olc an chuigeann ním

Is annamh saol á chrú,

Is bíonn éileamh ar gach im

Le linn an drochshéasúir.

images

 

An Dall sa Studio

‘Suigh síos agus déanfaidh mé pictiúir díot,’

Adúrtsa leis an dall,

‘Tá cathaoir id aice ansin sa chúinne,’

D’iompaigh sé a cheann,

Is do shín amach an lámh sin oilte ar chuardach,

Gach méar ag snámh go mall

Mar mhéaranna ceoltóra ar a uirlis,

Is bhí an uirlis ann:

Do sheinn sé ar an aer táin nótaí ciúnais,

Goltraí bog na ndall,

Na snámhaithe critheaglacha gur thuirling

Ar bhruach na habhann –

An suíochán sin a luas-sa leis, sa chúinne,

Is do shuigh sé ann.

Siúd láithreach é ag cíoradh a chuid gruaige,

Mo réice dall!

 

images

An Leigheas

Do chaitheas tráthnóna le caidreamh,

Is scamaill go fuilteach sa spéir,

Gur súdh an fhuil as na scamaill,

Is fágadh ann salachar mar chré,

Im thimpeall bhí daoscar cuideachtach

Ag magadh is ag eascainí baoth;

Níor fhéadas suí socair sa bhaile

Ag suirí le leabhraibh an léinn

Is pianta go fuilteach ar m’anam,

Mar bhí fear ar an gcnoc thiar le bé.

Do thomas an fhuil ins an salachar,

Sin príomhleigheas an daoscair ar phéin.

 

Filíocht an Phíopa

Is fada mé ag ól an phíopa,

Blianta is mo chuisle sámh;

Ní rabhas ach ag ól mo phíopa

Mar óltar píopa de ghnáth.

Ach tharla anois is arís dom

Gur chorraigh an chuisle shámh

Mar bhí blas líne obann filíochta

Chuir tochas go smior na gcnámh,

Ar ghnáthghal leamh mo phíopa,

Is do thuigeas le geitlúcháir

Go rabhas-sa ag ól mo phíopa

Mar ná hóltar píopa de ghnáth.

 

An Cheist

Tá bás sa tsamhradh chugham gan mhoill:

An stathfad blátha roimh a thíocht,

Nó an sáithfead crúb go ciúin im mhian

Le súil go stathfad sa tsíoraíocht?

Bhfuil síoraíocht ann mar deir na naoimh

Laistiar den chnuimh, den chré sa chill,

An bhfuil an phóg a chailleas beo

Le fáil sa tsaol laistiar den dreo?

 

Tionóisc ó Neamh

Nuair fhéachas an fhuinneog amach

Do chonac crann maol ’na sheasamh san oíche,

Laistiar de las an bhuí-ghealach,

Fo-ghéag ’na roc ar aghaidh draíochta.

Mura mbeadh an ré ba bheag mo shuim

I gcrann beag maol ’na sheasamh san oíche,

Ach is mó ná géag crainn roc gealaí,

Tionóisc ó neamh ba thrúig na draíochta.

Is mó ná bréithre focail fháin

Má rocann siad gealach filíochta,

Bhfuil aghaidh ghealaí laistiar dem dhán?

Tionóisc ó neamh atá de dhíth orm.

 

images

Ualach na Beatha

Is deacair an t-ualach seo d’iompar

A thiomnaigh m’athair don chré,

Tráth ní raibh ann ach sciath ghliondair,

Táim aga im chruiteachán fé.

Ní fuascailt dom braith ar na húdair,

A mhúinfeadh an tslí do gach n-aon,

Is drong díobh ag cáineadh an chúrsa

A mholann drong eile go tréan.

Tá comharthaí i mbéal an dá chúrsa

Is scamaill as sin feadh a raon,

Scaipfidh gach scamall ach siúl tríd,

Ach caithfear an bhreith thabhairt roimh ré.

Is minic bhraitheas milseacht i maighdean

A fhág me go trochailte tréith,

A dhein síoraíocht gan faoiseamh den aimsir

Is feitheamh dem ghníomhartha go léir.

Ach ba nimhní an mhilseacht sa chomhartha

Ná slimchrot aon bhéithe fán spéir,

Ní haonchorp mná óige bhí romham ann

Ach ilchorp na bantrachta féin.

Bhí aoibhneas gach mná dar luigh síos ann

Is fiainmhian gach fir a saolaíodh,

Bhí an buanordú seanda ‘Méadaighidh!’ ann,

Bhí ualach le roinnt ar mo dhroim.

Iar mbíogadh as aisling na feola

Tháinig fuaradh agus báine ar mo ghné;

Do scrúdaíos an dara ródchomhartha,

Cé go mb’fhonn liom éalú gan é léamh.

Ardchnoc is sneachta ar a bharr

Agus umhalmhachnamh uaigneach sa spéir,

Gaoth bhorb gan fothain mhná,

Staonadh agus cúngfhocal Dé.

Do theip orm teacht ar chruinnchomhairle

D’easpa an mhisnigh im chroí,

Do teilgeadh mé amach as na bóithre,

Agus fágadh mé caite cois claí.

 

Odi Profanum Vulgus

Ní fada bhíonn duine ag cleachtadh gréasaíochta

Nuair thagann claochló ar a iompar,

Is labhrann sé feasta mar labhair leis na blianta

Gach bráthair a dhealbhaigh buatais.

Ní fada bhíonn duine ag cumadh filíochta

Go scarann le daoscar na céille,

Is gabhann sé go huaigneach mar gabhadh leis na cianta

Le tuairim is dínit na cléire.

images

 

A Sheanfhilí, Múinídh dom Glao

Tá focail ann dá mb’eol dom iad

Folaithe i gceo na haimsire,

Is táim ag cur a dtuairisc riamh

Ó chuir an ré an tsaint orm:

Táid scaipithe i leabhraibh léinn,

Is fós i gcuimhne seanóirí,

Is ag siúl na sráide im chuimhne féin,

Och, buailim leo is ní aithním iad.

Tá aisling ann, is is eol dom í,

Ag fiuchadh i mbroinn mo shamhlaíochta,

Lasair gheal gan chorp mar ghaoith,

Is corp oiriúnach á impí aici,

Abhar linbh í ag santú saoil,

Bean mé nach maighdean is nach máthair,

A sheanfhilí, múinídh dom glao

A mheallfadh corp dom shamhailtgharlach.

images

 

Bacaigh

Im shiúlta tríd an saol

Nuair fhéachaim seal im thimpeall

Dar liom do chím i mbéal

An tsagairt tríd a dhiagacht,

Is i rosc an bhaitsiléir

Ná tadhallfadh bean le píce,

Is i ngliogaireacht na mbé

Lean ceard na geanmnaíochta,

Leamhchúthaileacht gan chéill

Na droinge sin bacaíochta

A shíneann lámh don déirc

Is ná labhrann focal choíche.

 

Ní Raibh Sí Dílis

Tá an tseana-Laoi ag urnaí soir,

Is righin a paidir,

Is ré bhuí fhómhair clóbhuailte istigh

I suaimhneas leathan

Na fiormaiminte, is solas lae

I bhfanntais dheirg,

Is maidrín ’na luí go tréith

I gcodladh meirbh.

Mo chroí dá dtomfainn ins an Laoi,

San abhainn dheirg,

Do réabfadh sí mar scuaine diabhal

Gach bruach le feirg.

Dá gcuirfinn smaoineamh i ngach néall,

Mo smaointe buile,

Bheadh spéirling ifreannda sa spéir

Is deamhain ar mire

Ag seiliú mallacht ar an ré

Is ag cacadh tine,

Is an ghrian a rug léi solas lae

Níor mhór di filleadh

Mar shárú ar an ngnáth-dhul-fé,

Is urchóid ifrinn

A leathanfhógairt ins an spéir

Le hiomad gile.

Dá ligfinn och dem bhrón i gcluais –

Mo bhrón do-inste,

An mhaidrín ’na luí i suan

Do raghadh le díograis

Ag sealgaireacht i bpluaisibh bróin,

Ag lorg fola

An chogair líon a chroí d’anró

Is é ina chodladh.

’Nois canaim é mar shíorchurfá

Is bím go smaointeach

Á iompar liom ó áit go háit,

‘Ní raibh sí dílis.’

images

 

Torann agus Tost

Bhí béic is búirth na corann im chluais,

Sin mar chaitheas an tráthnóna sin,

Mar phéin gan suan bhí an torann go buan

Is do shuigh sé liom sa tseomra.

De léim do chuas ón dtolg anonn

Gur dhúnas na fuinneoga air,

Mar mhéir i gcluais do tostadh an fhuaim,

Is dhein osna ciúin den seomra.

Ba ghéar is ba chruaidh an focal a dúirt

An ainnir óg gan trócaire,

Mar phéin gan suan bhí an focal go buan

Is do shuigh sé liom sa tseomra.

Dá mhéid a liú, chuaigh an focal amú,

Níor sheas cogar de sa tseomra,

Ach céadfa i suan is tost mar an uaigh:

Féach, oscail na fuinneoga dom.

 

An Peaca

Thit réal na gealaí i scamallsparán,

Go mall, mall, faitíosach,

Mar eala ag cuimilt an locha sa tsnámh,

Is do chuimil go cneasta an oíche.

Do scéigh sí go tóin an scamallsparáin –

Anam dea-chumtha na hoíche –

Mar chomhfhuaim ag titim go ceolmhar trí dhán,

Is do chritheas le fuacht na filíochta.

Ach teilgeadh daoscarscread míchumtha ard

’Na urchar trí ghloine na hoíche

Is cheapas go bhfaca na blúiríní fáin

Fé chrúbaibh an mhasla san aoileach.

D’fhéachas arís ar lámhscríbhinn an dáin,

Ach prós bhí in áit na filíochta –

An ré is na scamaill is an spéir mar ba ghnáth –

Mar bhí peaca ar anam na hoíche.

 

An Doircheacht

Ag luí dhom im leaba anocht

Is daille na hoíche ar mo shúilibh

Smaoinim gan feirg gan tocht,

Gan oiread is deoir ar mo ghruannaibh,

Ar na soilse do múchadh im shaol:

Gach solas dar las ann do múchadh

Le tubaist dochreidte do shéid

Mar an ghaoth seo ag béicigh im chluasaibh.

Is ait liom gur mise an té

A chaill gach aon dóchas a fuair sé,

Is ait liom go rabhas-sa inné

Go dóchasach ainnis im bhuachaill,

Ach tá an doircheacht codlatach séimh,

Níl cúram ar bith ar mo shúilibh,

Is ní saoire ina buile an ghaoth

Ná an té tá gan solas le múchadh.

 

An Stoirm

Tá an doras á chraitheadh is gan Críostaí ann

Ach gaoth dhall stuacach ag réabadh

Go liobarnach siar is aniar san oíche.

Tá a gúna á stracadh anonn is anall

Is á pholladh ag snáthaidí géara

Na fearthainne, atá ag titim ’na mílte.

Tá an tseanbhean fá chritheagla ag féachaint suas

Trí dhíon an tí, ag lorg Dé,

Is port gainmheach na fearthainne go diablaí thuas

Ag báitheadh an fhocail ar a béal.

Siúd léi go himníoch is coinneal ’na glaic

Ag daingniú na fuinneoige;

Nuair thit an solas coinnle ar an ngloine, las

Na ceathanna bolgóidí.

Do ghortaigh dealg fhuar fearthainne mo lámh,

D’fhéachas de gheit;

Braon duibh as an bpeann reatha dhein an smál,

Bheadh braon fearthainne glan.

images

 

Cuireadh

Ba mhaith liom tráthnóna do chaitheamh leat,

Is leoithne ag seinm id ghlór,

Tá staonadh na naomh i ngach peaca leat,

Is paidir diamhasla id bheol.

Ó, tar chugham tráthnóna is labhair liom,

Is mithid dom deoch díot a ól,

Ó, bí ar feadh oíche im ragairne,

Led mheiscese soilsigh mo ród,

Dein is cuir solas im dhearcaibhse

Is chífead dath géime na mbó;

Tar chugham is cloisfead gan bac ar bith

Rannaireacht rúnda na rós.

Ná fan riamh, a chuisle, rófhada uaim,

Mar scaipeann an mheisce mar cheo,

Is ní labhrann an abhainn thíos ach gramadach,

Is bímse chomh dall le dlíodóir.

 

An Dual

Beirt bhan óg ag trasnú sráide

Lámh ar láimh, iad uaim i gcéin,

Raideann bean díobh fialfholt álainn

Óna héadan siar ’na léim.

B’shin foltléim dar thugas grá riamh,

Léim a charas im shamhlaíocht,

Mar chomhartha áilleachta iomláine

Gan súil agam í d’fheiscint riamh.

Ná ní fhaca an radharc seo sráide,

Buaileadh sí-bhob ar mo shúil,

Ceann na mná sin a shiúil lámh léi

Bhí ag léimnigh mar bheadh dual.

Deireadh snasa cá bhfuil fáil air?

Bíonn geanc nó fiacail ann de shíor

Á choscadh díreach ar an dtáirseach,

Is druideann radharc na bhFlaitheas siar.

 

Sos

Mar sceach fé thathaint na gaoithe

Tá m’anam á lúbadh anocht,

Thiar ná thoir níl dídean

Mar is poll im cheann gach smaoineamh

Trína liúnn an ghaoth gan sos.

Raghad go halla an rince

Mar a mhúineann fuaimint cos

Is béarlagar na mianta

Bodhaire seal don intinn,

Is gheobhad ansan mo shos.

Ach do labhair gach aghaidh go líofa,

Ach m’aghaidhse bhí i dtost,

I dteanga nár airíos-sa

Á labhairt amuigh san iasacht

’Na mbím go haonarach.

Cumfad féin de bhriathra

Scáthán véarsaí anocht,

As a labharfaidh aghaidh scoraíochtach

A mhalartóidh liom faoistin,

Is gheobhad ansan mo shos.

images

 

Éist le Fuaim na hAbhann

Do chuamar ag siúlóid san oíche,

Bean agus triúr fear,

Agus bhí an abhainn ag labhairt léi féin gan faoiseamh,

Agus cé nár thuigeas a leath

Dob eol dom go raibh sí lándáiríre

Agus dob eol dom nár chleas

Aon bhraon amháin dá briathra

Ach uiscechomhrá glan.

Ach do scaipeas-sa easpa céille

Tríd an oíche gan stad,

Agus do chaitheas púicín ró-aerach

De bhriathra gan mhaith

Ar aghaidh m’anama go bréagach

Ag dalladh beirte lem ais

Sara bhfeicidís na deargchréachta,

Sara gcloisidís an chnead.

Ach anois ó táim im aonar

Bíodh m’anam lom gan bhrat,

Is labharfad fíor liom féinig

Mar a labhair an abhainn gan chleas

Nuair a ardaigh dán go sléibhte

Lena huisce féin ar fad,

Nuair nár ghéill do cheol an éithigh

Ach lomuisceachas do chan.

 

Cláirseach Shean na nGnáthrud

Tioc, tioc, tioc, ar chearcaibh ghlaoigh,

Is do tuigeadh domsa láithreach

Gur dán na focail tioc, tioc, tioc,

De bhrí go bhfuilid ársa.

Is féidir seinnt mar Orpheus

Ar chláirseach shean na ngnáthrud,

Tá uaigneas seanda ins an gcat

Á ghoradh féin gan náire.

Mar do hairíodh an macalla sin

I gcloignibh gan áireamh –

An caitín muinteartha ina luí

Go drúiseach ar thinteánaibh.

Is titim siar go leanbach

Im óige chlúracánach

Nuair a déantar fuarchorpán dem chois

Le codladh grifín na snáthad.

Tá seanchas sa dúiseacht sin,

Sa ghigilteas uafásach,

Is púcaí na mbéaloideasaí

Mar shamhlaíos iad im pháiste.

Ag sin trí téada luaite agam

Ar chláirseach shean na ngnáthrud,

Gnáthghlaoch ar chearcaibh, cat ar lic,

Is codladh grifín na snáthad.

 

Paidir

‘An abrófá paidir dom?’

Adúrtsa léi an mhaidin sin,

Is dúirt sí, ‘Fuafad d’ainmse

Mar shnáith trí bhréidín paidre,’

Is chím anois a haigne

Mar chapaillín san eaglais

Is m’ainmse mar eireaball

Ar foluain san aer.

images

 

Do Dhomhnall Ó Corcora

Éirigh is can ár mbuíochas croí dhó,

Do mhúin sé an tslí,

Do dhúisigh eilit ár bhfilíochta

I gcoillte blian.

Do dhein dá anam cluas le héisteacht,

Is d’éist gan trua

(Dó féin, ná d’éinne mhúnlaigh véarsa),

Gur thit anuas

De phlimp ar urlár gallda an lae seo

Eoghan béal binn,

Aindrias mac Craith, Seán Clárach, Aodhgán,

Cioth filí.

Do leag méar chiúin ar chuislinn Aodhgáin,

Do chreid a luas,

Do gheal an lá ar intinn aosta

Dúinn ba dhual.

D’fhill sé leo an bhuíon filí seo

An staighre suas,

Is do shiúil sé bóithre lán de Mhuimhnigh,

É féin ’s Eoghan Rua.

Do ghoid sé uathu cluas an chine,

Cluas spailpín,

Níor fhulaing dán ar bith a thuilleadh

Ach gin gan teimheal.

Braithim é gan sos ag éisteacht

Mar athchoinsias;

Tá smacht a chluaise ar lúth mo véarsa,

Trom an chuing.

Tráthnóna na teangan in Éirinn,

Is an oíche ag bogthitim mar scéal,

D’éist sé le creagar i véarsa,

Is do chuala croí cine soiléir.

images

 

Roithleán

Bhí ceol na hoíche seinnte

Is cnead na maidne im chluais

Nuair do rugas-sa mo ghreim docht

Ar urla bheag den suan,

A chlúdaigh m’anam thuas

I gceantar na míorúilt

San oíche mhór ealaíonta

’Na rinceann treabh na dtaibhreamh

Le ceolta míréasúin

Anonn is anall gan chúis.

Do choinníos uirthi greim docht,

An urla bheag dem shuan,

Lena sníomh i bhfoirm taibhrimh

Ach bhí an mhaidinchnead im chluais,

Is bhí an urla bheag róchúng,

Is níor shníomhas ach an tús,

Nuair do chas an tús sin timpeall

Gan trócaire ina roithleán:

Do bheinn im ghealt go buan

Ach gur scaoileas uaim an suan.

 

An Cat

An cat d’fhágáil amuigh

Sa chaochoíche leis féin,

Is an spéir ró-ard mar thigh,

Ní dhéanfainn a leithéid.

Dhá shúil mar dhá thoitín

I dtóin na hoíche i gcéin,

Is sceon i gcroí chaitín,

Ní dhéanfainn a leithéid.

Féasóga cíortha ag crith

Is ionga troda réidh,

Iontaoibh phiscín a lot,

Ní dhéanfainn a leithéid.

Mar d’ólas smaointe an chait,

Is d’fhair an cat go géar

Na smaointe im shúil ag teacht,

Is d’fhásamar araon.

Do deineadh díom leathchat,

Ba dhuine an cat dá réir,

An caidreamh a scoilt,

Ní dhéanfainn a leithéid.

Gráin sinsearach na gcat

Don chine daonna féin

’Na shúile siúd a bhrath –

Do bheinn go brách i bpéin.

images

 

Adhlacadh mo Mháthar

Grian an Mheithimh in úllghort,

Is siosarnach i síoda an tráthnóna,

Beach mhallaithe ag portaireacht

Mar screadstracadh ar an nóinbhrat.

Seanalitir shalaithe á léamh agam,

Le gach focaldeoch dar ólas

Pian bhinibeach ag dealgadh mo chléibhse,

Do bhrúigh amach gach focal díobh a dheoir féin.

Do chuimhníos ar an láimh a dhein an scríbhinn,

Lámh a bhí inaitheanta mar aghaidh,

Lámh a thál riamh cneastacht seana-Bhíobla,

Lámh a bhí mar bhalsam is tú tinn.

Agus thit an Meitheamh siar isteach sa Gheimhreadh,

Den úllghort deineadh reilig bhán cois abhann,

Is i lár na balbh-bháine i mo thimpeall

Do liúigh os ard sa tsneachta an dúpholl,

Gile gearrachaile lá a céad chomaoine,

Gile abhlainne Dé Domhnaigh ar altóir,

Gile bainne ag sreangtheitheadh as na cíochaibh,

Nuair a chuireadar mo mháthair, gile an fhóid.

Bhí m’aigne á sciúirseadh féin ag iarraidh

An t-adhlacadh a bhlaiseadh go hiomlán,

Nuair a d’eitil tríd an gciúnas bán go míonla

Spideog a bhí gan mhearbhall gan scáth:

Agus d’fhan os cionn na huaighe fé mar go mb’eol di

Go raibh an toisc a thug í ceilte ar chách

Ach an té a bhí ag feitheamh ins an gcomhrainn,

Is do rinneas éad fén gcaidreamh neamhghnách.

Do thuirling aer na bhFlaitheas ar an uaigh sin,

Bhí meidhir uafásach naofa ar an éan,

Bhíos deighilte amach ón diamhairghnó im thuata,

Is an uaigh sin os mo chomhair in imigéin.

Le cumhracht bróin do folcadh m’anam drúiseach,

Thit sneachta geanmnaíochta ar mo chroí,

Anois adhlacfad sa chroí a deineadh ionraic

Cuimhne na mná d’iompair mé trí ráithe ina broinn.

Tháinig na scológa le borbthorann sluasad,

Is do scuabadar le fuinneamh an chré isteach san uaigh,

D’fhéachas-sa treo eile, bhí comharsa ag glanadh a ghlúine,

D’fhéachas ar an sagart is bhí saoltacht ina ghnúis.

Grian an Mheithimh in úllghort,

Is siosarnach i síoda an tráthnóna,

Beach mhallaithe ag portaireacht

Mar screadstracadh ar an nóinbhrat.

Ranna beaga bacacha á scríobh agam,

Ba mhaith liom breith ar eireaball spideoige,

Ba mhaith liom sprid lucht glanta glún a dhíbirt,

Ba mhaith liom triall go deireadh lae go brónach.

images

 

Na Fathaigh

Thuirling pianta diaidh ar ndiaidh,

Pian ar phéin,

Níl sa chiapadh ach neamhní,

Dúrt liom féin.

Tiocfaidh faoiseamh leis an ngréin,

D’éirigh grian,

Lean mo bhroid ag dul i méid,

Faire, a Chríost.

Lean na pianta ag argóint,

Mise an t-abhar,

Focal níl sa phianfhoclóir

Ná rabhas ann.

Iad am ithe, iad am ól,

Iad am chrú,

Mé go béasach cneasta leo,

Mé go humhal.

Ba leosan do chuaigh an lá,

Mise a chaill,

Namhaid im thigh, an fhoighne is fearr,

Tiocfaidh faill.

Fan, do chuaigh na pianta thar fóir,

D’éiríos as,

Léim mo sprid le gliondar mór,

Lig sí scread.

In aghaidh Dé do lig sí scread,

Dúshlán fé!

Scaoileadh sé gach pian ’na ghlaic,

Táimse réidh.

Thuirling milseacht tríd an aer,

Thuirling neart,

Chonac na fathaigh taobh le taobh,

Dia is an scread.

 

Cúl an Tí

Tá Tír na nÓg ar chúl an tí,

Tír álainn trína chéile,

Lucht ceithre chos ag siúl na slí

Gan bróga orthu ná léine,

Gan Béarla acu ná Gaeilge.

Ach fásann clóca ar gach droim

Sa tír seo trína chéile,

Is labhartar teanga ar chúl an tí

Nár thuig aon fhear ach Aesop,

Is tá sé siúd sa chré anois.

Tá cearca ann is ál sicín,

Is lacha righin mhothaolach,

Is gadhar mór dubh mar namhaid sa tír

Ag drannadh le gach éinne,

Is cat ag crú na gréine.

Sa chúinne thiar tá banc dramhaíl’

Is iontaisí an tsaoil ann,

Coinnleoir, búclaí, seanhata tuí,

Is trúmpa balbh néata,

Is citeal bán mar ghé ann.

Is ann a thagann tincéirí

Go naofa, trína chéile,

Tá gaol acu le cúl an tí,

Is bíd ag iarraidh déirce

Ar chúl gach tí in Éirinn.

Ba mhaith liom bheith ar chúl an tí

Sa doircheacht go déanach

Go bhfeicinn ann ar chuairt gealaí

An t-ollaimhín sin Aesop

Is é ina phúca léannta.

images

 

Malairt

‘Gaibh i leith,’ arsa Turnbull, ‘go bhfeice tú an brón

I súilibh an chapaill,

Dá mbeadh crúba chomh mór leo sin fútsa bheadh brón

Id shúilibh chomh maith leis.’

Agus b’fhollas gur thuig sé chomh maith sin an brón

I súilibh an chapaill,

Is gur mhachnaigh chomh cruaidh air gur tomadh é fá dheoidh

In aigne an chapaill.

D’fhéachas ar an gcapall go bhfeicinn an brón

’Na shúilibh ag seasamh,

Do chonac súile Turnbull ag féachaint im threo

As cloigeann an chapaill.

D’fhéachas ar Turnbull is d’fhéachas air fá dhó

Is do chonac ar a leacain

Na súile rómhóra bhí balbh le brón –

Súile an chapaill.

 

Cnoc Mellerí

Sranntarnach na stoirme i Mellerí aréir

Is laethanta an pheaca bhoig mar bhreoiteacht ar mo chuimhne,

Laethanta ba leapacha de shonaschlúmh an tsaoil

Is dreancaidí na drúise iontu ag preabarnaigh ina mílte.

D’éirigh san oíche sidhe gaoithe coiscéim,

Manaigh ag triall ar an Aifreann,

Meidhir, casadh timpeall is rince san aer,

Bróga na manach ag cantaireacht.

Bráthair sa phroinnteach ag riaradh suipéir,

Tost bog ba bhalsam don intinn,

Ainnise naofa in oscailt a bhéil,

Iompar mothaolach Críostaí mhaith.

Do doirteadh steall anchruthach gréine go mall

Trí mhúnla cruiceogach fuinneoige,

Do ghaibh sí cruth manaigh ó bhaitheas go bonn

Is do thosnaigh an ghrian ag léitheoireacht.

Leabhar ag an manach bán namhdach á léamh,

Go hobann casachtach an chloig,

Do múchadh an manach bhí déanta de ghréin

Is do scoilteadh an focal ’na phloic.

Buaileadh clog Complin is bhrostaigh gach aoi

Maolchluasach i dtreo an tséipéil;

Bhí beatha na naomh seo chomh bán le braitlín

Is sinne chomh dubh leis an daol.

Allas ar phaidrín brúite im láimh,

Mo bhríste dlúth-tháite lem ghlúin,

Ghluais sochraid chochallach manach thar bráid,

Ba shuarach leat féachaint a thabhairt.

Ach d’fhéachas go fiosrach gan taise gan trua

Mar fhéachadar Giúdaigh fadó

Ar Lazarus cúthail ag triall as an uaigh

Is géire na súl thart á dhó.

Do thiteadar tharainn ’na nduine is ’na nduine,

Reilig ag síorphaidreoireacht,

Is do thuirling tiubhscamall de chlúimh liath na cille

Go brónach ar ghrua an tráthnóna.

‘Tá an bás ag cur seaca ar bheatha anseo,

Aige tá na manaigh ar aimsir,

Eisean an tAb ar a ndeineann siad rud,

Ar a shon deinid troscadh is treadhanas.

‘Buachaill mar sheanduine meirtneach ag siúl,

Masla ar choimirce Dé,

An té ’dhéanfadh éagóir dá leithéid ar gharsún

Do chuirfeadh sé cochall ar ghréin;

images

‘Do scaipfeadh an oíche ar fud an mheán lae,

Do bhainfeadh an teanga den abhainn,

Do chuirfeadh coir drúise in intinn na n-éan

Is do líonfadh le náire an domhan.

‘Tá an buachaill seo dall ar an aigne fhiain

A thoirchíonn smaointe éagsúla

Gan bacadh le hAb ná le clog ná le riail

Ach luí síos le smaoineamh a dhúile.

‘Ní bhlaisfidh sé choíche tréanmheisce mná

A chorraíonn mar chreideamh na sléibhte,

’Thug léargas do Dante ar Fhlaitheas Dé tráth,

Nuair a thuirling na haingil i riocht véarsaí,’

Sin é dúirt an ego bhí uaibhreach easumhal,

Is é dallta le feirg an tsaoil,

Ach do smaoiníos ar ball, is an ceol os ár gcionn,

Gur mó ná an duine an tréad.

D’fhéachas laistiar díom ar fhásach mo shaoil,

Is an paidrín brúite im dhóid,

Peaca, díomhaointeas is caiteachas claon,

Blianta urghránna neantóg.

D’fhéachas ar bheatha na manach anonn,

D’aithníos dán ar an dtoirt,

Meadaracht, glaine, doimhinbhrí is comhfhuaim,

Bhí m’aigne cromtha le ceist.

Do bhlaiseas mórfhuascailt na faoistine ar maidin,

Aiseag is ualach ar ceal,

Scaoileadh an t-ancaire, rinceas sa Laidin,

Ba dhóbair dom tuirling ar Neamh.

Ach do bhlaiseas, uair eile, iontaoibh asam féin,

Mo chuid fola ar fiuchadh le neart,

Do shamhlaíos gur lonnaigh im intinn Spiorad Naomh

Is gur thiteadar m’fhocail ó Neamh.

Buarach ar m’aigne Eaglais Dé,

Ar shagart do ghlaofainn coillteán,

Béalchráifeacht an Creideamh, ól gloine gan léan,

Mairfeam go dtiocfaidh an bás!

Manaigh mar bheachaibh ag fuaimint im cheann,

M’aigne cromtha le ceist,

Nótaí ag rothaíocht anonn is anall,

Deireadh le Complin de gheit.

Sranntarnach na stoirme i Mellerí aréir

Is laethanta an pheaca bhoig mar bhreoiteacht ar mo chuimhne

Is na laethanta a leanfaidh iad fá cheilt i ndorn Dé,

Ach greim fhir bháite ar Mhellerí an súgán seo filíochta.

images

 

Oíche Nollaig na mBan

Bhí fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir,

Aréir oíche Nollaig na mBan,

As gealt-teach iargúlta tá laistiar den ré

Is do scréach tríd an spéir chughainn ’na gealt,

Gur ghíosc geataí comharsan mar ghogallach gé,

Gur bhúir abhainn shlaghdánach mar tharbh,

Gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal

A las ’na splanc obann an fhearg.

Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin

An oíche go mbeadsa go lag

Ag filleadh abhaile ó rince an tsaoil

Is solas an pheaca ag dul as,

Go líonfaí gach neomat le liúrigh ón spéir,

Go ndéanfaí den domhan scuaine scread,

Is ná cloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám dhéin,

Ná inneall an ghluaisteáin ag stad.

 

An Bás

Bhí an bás lem ais,

D’aontaíos dul

Gan mhoill gan ghol,

Bhíos am fhéinmheas

Le hionadh:

A dúrtsa

‘Agus b’shin mise

Go hiomlán,

Mhuise slán

Leat, a dhuine.’

Ag féachaint siar dom anois

Ar an dtráth

Go dtáinig an bás

Chugham fé dheithneas,

Is go mb’éigean

Domsa géilleadh,

Measaim go dtuigim

Lúcháir béithe

Ag súil le céile,

Cé ná fuilim baineann.

images

 

Oilithreacht fám Anam

Do labhair an tír mar theampall,

Bhí siúl na habhann boimpéiseach,

Do chrom go glúin na gleannta,

Bhí fíor na croise ar ghéaga.

Mar sheanabhean dheabhóideach

Ag déanamh Turas na Croise

Sheas asailín ómósach

Gan aird aige ar dhuine.

Le soiscéal gaoithe d’éisteas,

Bhí naofacht ar an dtalamh,

Anseo do mhair mo chéadshearc,

Níor ghabhas an treo le fada.

D’aiséirigh ’na taisléine,

Is solas ar a leacain,

Is do thionlaic mé go gléineach

Ar oilithreacht fám anam.

Chonac saol mar scéal fiannaíochta

Fadó, fadó, ar maidin,

A mhúnlaigh an tslat draíochta

A bhíonn ’na láimh ag leanbh.

Bhí cailleach chríon sa chúinne,

A dhá hordóig ag casadh

Go tionscalach mar thuirne,

Ag piseogaíocht go gasta.

Iar n-éisteacht lena glórtha

Ba chomharsa an clúracán dom,

Ba chlúracán gach comharsa

Is drúcht na hóige ar bhánta.

Ach thuirling eolas buile

A scoilt an mhaidin álainn

’Na fireann is ’na baineann,

Is chuir ruaig ar chlúracána.

Mar ghadhar ag déanamh caca

Ar fud an tí istoíche,

Nó mar sheilmide ag taisteal

Do bhréan an fios mo smaointe.

Do samhlaíodh dom gur shloigeas

Mórstoirm oíche gaoithe,

B’é deamhan na drúise ’chloiseas

Á iomlasc féin im intinn.

Do chuala an deamhan trím chodladh

Ag satailt ar mo smaointe,

Is do sháigh isteach a chosa

Im fhéitheacha mar bhríste.

Chonac frog tráthnóna i dtobar

Is deamhan á chur ag léimnigh,

Do chuala deamhan ag cogar

I lár scigireachta béithe.

Bhreithníos an saol go huamhnach

’Bhain saol na gclúracán díom,

Bhí deamhan ag cách á iompar

Mar chruit ar chruiteachána.

Bhí ceol na ndeamhan á sheinm

I solas chíoch na mban,

Ghaibh nóin chun suain ar buile

Is d’éirigh lá ina ghealt.

‘Ná taiscigh do chuid fola,’

Do liúigh na deamhain le chéile,

‘Do fuairis í le dortadh

Ar iasacht ó na déithe.’

Do labhair an taise taobh liom,

Bhí solas ar a leacain,

Bhí neamhinscneacht ’na bréithre

Mar bhíonn i méaraibh leanbh –

‘Scoir ded chaoi is éist go fóill,

Ná múch do chroí,

Do tharla Críost ar fhear fadó

Is deamhan á chloí.

‘D’aibíodh Mac Dé a chaint ’na chroí,

Dob fhile é,

Do ghortaigh focal aibidh Chríost

An deamhan go hae.

‘Deamhan a rá, sin deamhan a chloí,

Ní fuirist é

An deamhan a rá le fuil do chroí,

Gach uile bhraon.

‘Atá an deamhan anois ad chloí,

Ach abair é

I bhfocail d’fhás i ngort do chroí

Is do thaistil féith.

‘Is fanfaidh aingeal óg id chroí

Ag iompar ceoil,

Is chífir aingeal i ngach gnaoi

Go deo na ndeor.’

Le soiscéal gaoithe d’éisteas,

Bhí naofacht ar an dtalamh,

Anseo do thug mo chéadshearc

Stracfhéachaint dom ar m’anam.

images

 

Domhnach Cásca

Domhnach Cásca, mór an náire,

Baineadh tuisle díomsa,

Thiteas faon isteach sa chorp

Is d’éalaigh Críost as m’intinn

Siar isteach sa Bhíobla.

Do múchadh na soilse

Thíos anseo,

Tá an lá ina dhubhoíche

De shíor sa chorp.

Is abhac gach smaoineamh

Thíos anseo,

Tá díon an tí íseal

Istigh sa chorp.

Tá moncaithe im thimpeall

Go tionscalach

Ag piocadh na míola

Dá chéile anseo:

Nuair bheirid ar mhílín

Ardaíd crobh,

Is slogaid gan mhoill é

Siar mar dheoch.

Oscail romham, a Pheadair,

Tá an leabhar dúnta im éadan,

Is cuardód Críost go maidin

Istigh ar fud na mbréithre.

Domhnach Cásca, mór an t-áthas,

D’fhill ar ais chugham m’intinn,

D’oscail Peadar romham an leabhar,

Is leanas lorg Chríosta

’Na chúrsa tríd an mBíobla.

images

 

Ceol

Do dhún an ceol an t-aer,

Do chrap an spás máguaird,

Bhí fallaí ceoil gach taobh,

Is fuaimdhíon os mo chionn.

Bhí leabhar filíochta agam

Istigh im cheolphríosún,

Filíocht ón mBreatain Bhig

Nár fháiltigh romham ar dtúis:

Mar do bhrúigh mionchaint an tsaoil

Thar dhroim gach smaoinimh chugham,

Ach do theasc an ceol an saol

De radio mo chluas.

Bhí ualach ceoil am bhrú,

Bhí leabhar filíochta fúm,

Do rugas barróg dhlúth

Ar véarsa beag banúil,

Is do phógas beol ar bheol

An beol ón mBreatain Bhig

Is bhí ceol ag brú ar cheol

Is ceol trí cheol ag cith.

Le fód dem intinn féin,

Is fód ón mBreatain Bhig

Do chruiceogas an t-aer,

Dhein both sa cheol istigh.

images

 

Oileán agus Oileán Eile

I: Roimh Dhul ar Oileán Bharra Naofa

Tá Sasanach ag iascaireacht sa loch,

Tá an fhírinne rólom ar an oileán,

Ach raghad i measc na gcuimhne agus na gcloch,

Is nífead le mórurraim mo dhá láimh.

Raghad anonn is éistfead san oileán,

Éistfead seal le smaointe smeara naomh

A thiomnaigh Barra Naofa don oileán,

Éistfead leo in inchinn an aeir.

II: Amhras iar nDul ar an Oileán

A Bharra, is aoibhinn liom aoibhneas do thí

Agus caraimse áitreabh do smaointe,

Ach ní feas dom an uaitse na smaointe airím

Mar tá daoscar ar iostas im intinn.

Le bréithre gan bhrí,

Le bodhaire na mblian,

Thuirling clúmh liath

Ar mo smaointe.

Mar chloich a cúnlaíodh

Do hadhlacadh iad,

Do truailleadh a gclaíomh

Im intinn.

Naoimh is leanaí

A bhogann clúmh liath

De cheannaithe Chríost

Nó de smaointe.

Tá an t-aer mar mhéanfuíoch

Ar m’anam ’na luí,

Bhfuil Barra sa ghaoith

Am líonadh?

Tá Barra is na naoimh

Na cianta sa chria

Is dalladh púicín

Ad bhíogadh.

Tá tuirse im chroí

Den bhfocal gan draíocht,

Bíodh dalladh nó diabhal

Am shiabhradh.

III: An Bíogadh

Tá ráflaí naomh san aer máguaird

Is an ghaoth ag fuáil tríd,

Tá paidir sheanda im chuimhne i léig,

Is mo smaointe á séideadh arís.

Anseo ar bhuaile smaointe naomh

Do léim chugham samhail nua,

Do chuala tarcaisne don saol

I nguth an éin bhí ’clagar ceoil.

An ceol a raid sé leis an mbith

Dob shin oileán an éin,

Níl éinne beo nach bhfuair oileán,

Is trua a chás má thréig.

IV: Oileán Gach Éinne

I bhfírinne na haigne

Tá oileán séin,

Is tusa tá ar marthain ann

Is triall fád dhéin,

images

Ná bíodh ort aon chritheagla

Id láthair féin,

Cé go loiscfidh sé id bheatha tú,

Do thusa féin,

Mar níl ionat ach eascaine

A dúirt an saol,

Níl ionat ach cabaireacht

Ó bhéal go béal:

Cé gur cumadh tú id phaidir gheal

Ar bhéal Mhic Dé

Do scoiltis-se do thusa ceart

Le dúil sa tsaol,

Ach is paidir fós an tusa sin

Ar oileán séin,

A fhan go ciúin ag cogarnach

Ar bheolaibh Dé

Nuair do rincis-se go macnasach

Ar ghob an tsaoil.

V: Oileán Bharra Naofa

Tráthnóna ceathach sa Ghuagán,

Ceo ag creimeadh faille,

Do chuardaíos comhartha ar oileán,

Do fuaireas é i gcrannaibh.

Im thimpeall d’eascair crainn chasfháis,

Dob achrannach a leagan

Do lúbadar ’ngach uile aird

Mar chorp á dhó ina bheatha.

Mar scríbhinn breacaithe ar phár

Is scríbhinn eile trasna air

Chonac geanc is glún is cruit is spág,

Fá dheoidh chonac dealramh Gandhi.

A Bharra, chím i lúib na ngéag

Gur troideadh comhrac aonair

Idir thusa Dé is tusa an tsaoil

Anseo id gheanclainn naofa.

images

Nuair ghlanann ceo na feola léi

Tig áilleacht ait i rocaibh,

Is féidir cló a mheas ann féin

Sa tsolas cnámhach folamh.

Tá sult na saoirse i gcló na gcrann

Is grá don tsúil a fiaradh,

Tá dúil sa rud tá casta cam

Is gráin don bhog is don díreach.

Is fireann scríbhinn seo na gcrann,

Níl cíoch ná cuar in aon bhall,

Tá manach scríte abhus is thall,

Sé Barra lúb na ngéag seo.

A insint féin ar Fhlaitheas Dé,

Ag sin oileán gach éinne,

An Críost atá ina fhuil ag scéith

An casadh tá ina bhréithre.

Is macasamhail dá oileán féin

Oileán seo Bharra Naofa,

An Críost a bhí ina fhuil ag scéith

An phúcaíocht ait i ngéagaibh.

VI: An Sasanach agus Mé Féin

Tá Sasanach ag iascaireacht sa loch

Is measaimse gur beag leis an t-oileán,

Ach ní feasach dom nach iascaireacht ar loch

Don Sasanach bheith ionraic ar oileán.

Raghad anonn is fágfad an t-oileán,

Fágfad slán le smaointe smeara naomh,

Raghad ag ceilt na fírinne mar chách,

Raghad anonn ag cabaireacht sa tsaol.

images

 

Fan!

Ní mise an mise a chím anseo,

Tá scáthán beag ar an bhfalla,

Ní fhaca ann inné ná inniu

Ach an mhacasamhail nár thaitn liom,

Mise istigh is mise amuigh,

Is an mise ceart as baile.

Tá smaointe i suan im cheann anocht,

A múscailt as níor mhaith liom

Is a gcur ansin i bhfocalriocht

Mar dúbladh mise i ngloine,

Dob eagal liom nárbh iad an sliocht

Dob ansa liom im chine,

Ach fanfaidh mé go dtiocfaidh cruth

Níos taitneamhaí im ghloine.

 

Na hÓinmhidí

I: Teacht an Chéad Óinmhide

Do sheas an cnoc dodhealfa

Ar tháirseach an tráthnóna,

Bhí solas ar a chloigeann maol

Is solas ar a chlóca,

Is dob ainglí an ainnise

Fé sholas an tráthnóna.

Dhein óinmhid bocht den solaschnoc

’Na sheasamh ar an dtáirseach,

Do chrith a cheann le hóinmhideacht,

Bhí an solas ana-láidir,

Is do chrith a cheann le meadaracht

San eadarsholas álainn.

’Do bhíos-sa anseo fadó, fadó,

In aimsir Ghuaire an Oinigh,

Do chleachtas óinmhideacht lem ló

Is níor pheacaíos riamh ’na coinne,

Do leathadh doirse focal romham,

Is do fáiltíodh romham cois tine.

‘Do chaitheas oícheanta ag scoraíocht

Cois tine gach aon fhocail,

Is do chuardaíos féin le solas croí

Tinteánachas gach focail,

Sara bhfágas riamh aon ghin dem bhaois

Fé chúram lucht an fhocail.’

images

II: An Óigbhean agus na hÓinmhidí

Bhí bean ar an staighre

Chomh faiteach le smaoineamh,

Bhí solas ’na súilibh

Nuair a iompaigh sí aniar chugham,

‘Sin solas a leanfad,’

A dúrtsa le díograis,

Thit solas na n-óinmhid

I bhfanntais im intinn.

‘Tá óinmhidí Éireann

Go mór liom i bhfeirg

De chionn bheith i ngrá leat

A óigbhean is tú id bheathaidh,

Is do chiúinigh an Bíobla

Im chluasaibh go hobann

Nuair a chanas mo smaointe

I meadaracht do cholla.’

‘Dob óinmhidí sinne

I gcaitheamh ár ré,

Bhí rithim na baoise

Ag preabadh inár bhféith,

Is bhí féith na filíochta

Ag cogarnach léi

Sna focail a líonamar

D’ionracas baoth.

‘Is dearbh ná facamar

Cat lenár ré

I mbosca na faoistine

Is peaca ar a bhéal,

Ná sagart ag baisteadh

Na luch sa tséipéal,

Is catshagart tusa

A óinmhid le bé.

‘An cuimhin leat tráthnóna

Gur thuirling an solas

Ar ainnise óinmhid’

Is sinne ad lorg?

B’shin é an tráthnóna

Gur baisteadh do chloigeann

Le solas na n-óinmhid

I gcreideamh an Fhocail.

‘B’shin é an tráthnóna

Gur dhúisigh an Focal

As toirchim eolais

I suainliosaibh leabhar,

As míogarnach cainte

Ar bheolaibh an phobail,

Is gur thosnaigh na meamraim

Sna sléibhtibh ag cogar.

images

III: An Óigbhean ag Labhairt

‘Cuirse do lámh im ucht,

Cuardaigh mo chíoch,

Tháinig an bhánchíoch seo

Trasna na mblian,

Geobhairse féd láimh ag crith

Óinseach na háilleachta,

Cé acu is áille cruth

Focal nó cíoch?’

IV: Folús

Tá an seomra folamh anocht

Gan solas gan áilleacht gan bhaois,

Má tá focail ag feitheamh amuigh

Is ag cnagadh ar dhoras mo thí

A deirim leo, ‘Deoch níl istigh,’

Tá na hóinmhidí imithe le gaoith,

Is an óigbhean dar thugas síorghean

Níl baint aici siúd le filíocht,

Ach tagadh na focail isteach

Is suídís i bhfoirm véarsaí,

Is má tá óinmhid ar bith ag gabháil thart

’Na thaibhse ar chnocaibh gealaí,

Cá bhfios ná go dtiocfadh sé isteach

Is go ndéanfadh sé muintearthas linn?

 

Feithideacht

Chonac feithid ins an oíche

A bhí go suarach mion,

Ach do scaoileadh dlí na mbídeach,

An dísbeagadh gan chuimse,

D’at sé go míchuíosach

Is do thréig an feithideacht.

Mar do chorraigh smaoineamh cróga

I gceann an fheithid bhig,

Apocalypse brionglóideach

Mar sheagal d’fhás ’na dhrólainn

Is dob fhathach an scioból sin

In abhac-iothlainn.

 

Duan an Oireachtais, 1948

Do chuala trí smaointe

Na hoíche géim bó,

Do thuigeas a brí cheart

Is níor mhian liom mo bheo,

Bhí an Droimeann Donn Dílis

I gcoilltibh fé bhrón,

Is teanga ár sinsear

Fuar marbh go deo.

Isteach ins na coilltibh

D’éalaíos-sa lem bhrón,

Bhí an Droimeann Donn Dílis

Sa bhfiobhadh istigh romham,

Le bior a leathadhairce

Ag tochailt sa bhfód,

Is do chrom sí le haimsir

Ag adhlacadh seod.

Bhí Caoineadh Airt uí Laoghaire

’Na luí i measc na seod,

Mar shlabhra a dhéanamh,

Gach lúb líne ceoil,

Bhí na Laoithe Fiannaíochta

Gan eagar gan ord,

Is Cúirt an Mheán Oíche

Sa draoib caite leo.

‘A Dhroimeann Donn Dílis,’

Ar mise, ‘mo bhó,

Do thánag don choill seo

Nuair chuala do gheoin,

Chun aghaidh thabhairt go ciallmhar

Gan éinne im chomhair

Ar bhás theanga ár sinsear,

A Shíoda na mBó.

Ní mór dom a insint

Dod Shoilse, mo bhó,

Gur briste mo chroíse

Ó íde na seod,

Ach déanfad duit laoi bheag

As smior an aosa óig

I dteanga ár sinsear

Is mairfidh sí fós.’

D’iompaigh sí aniar chugham

Is An Draighneán ’na beol

Is d’fhéachas lom díreach

I súilibh mo bhó,

Chonac gile thar ghile,

An solas i gceol,

Chonac luisne mo chine

Is mé ar buile le bród.

Chrom seanchuimhní sinsear

Im intinn ag dord,

Is mé ar snámh go míorúilteach

I súilibh mo bhó,

Is gach cuimhne choigríochach

Ba pháirt díom fadó,

Do ghlan sí dem intinn

I láthair mo bhó.

D’iompaigh sí a haghaidh uaim

Ag adhlacadh seod,

Is do chrap na treabhsmaointe

A ghairm mo bhó,

Do chrom sí sa pholl dubh

I dteannta na seod,

Is nuair labhair sí do chruinnigh

Mo chine ina glór.

‘Ó fan as na coilltibh,

Ní mise do bhó,

Tá tarbh ón iasacht

Ag búirthigh sa ród,

Is maidir led laoi bhig

Ní binn liom a nós,

Do hoileadh thar toinn í,

Sín chugham mo chréafóg.

Ar bhruachaibh abhann Éireann

Ag déanamh mo dheor

Do shuíos-sa nuair chuimhníos

Ar Shíoda na mBó,

Ar Dhoire gan aingeal

I measc na nduilleog,

Is glór Choluim Cille

Imithe mar cheo.

 

Na Blascaodaí

dán nár críochnaíodh

Ólaidh deoch im fhochairse,

A Fheara an oileáin,

Tá uaigneas na mara oraibh

Is uaigneas na mbád,

Níl aon chéile leapa agaibh

Ná leanbh i gcliabhán,

Ach do thugabhair libh an aigne

Chomh húr le leanbhán

A thréigeamar i leabharaibh

Is pairilis ina cnámha,

Is a fhanann linn sa duanaire

Mar a fhanabhair ar oileán

Go dtí go dtagann fonn orainn

Suirí le seanadhán.

Ólaidh deoch im fhochairse,

A Fheara an oileáin,

Tá uaigneas na mara oraibh

Is uaigneas na mbád,

Tá uaigneas na leabhar oraibh

Is uaigneas na ndán,

Is fá thuairim ár seanaigne

Déanam ólachán.

Do thaisteal naomhóga san aer,

Bhí an Blascaod Mór imithe le gaoith,

Do shín Inis Tuaisceart sa spéir

Mar dhealbh shaighdiúra i gcill,

Mar Thaibhse le teampall a éag

Bhí an Tiaracht ag fanacht le Dia.

Níl iontu ach cuimhne ár sean

Ar snámh ins an aer os ár gcionn,

An chuimhne fho-intinneach lean

Ag fo-chogarnach ionainn go ciúin

Is striapachas intinn’ ’nár measc

Is eachtrannacht focal máguaird.

Agus d’fhan sí sa ghrinneall mar ghrean

Gur múchadh na focail máguaird,

Is bhí an file gan solas gan dath

Go dtáinig sí chuige ar cuairt,

Ball seirce i bhfocal do las,

Is d’imigh go grinneall athuair.

A dhuine atá ag spealadh an fhéir,

Cad ab áil leatsa ar uachtar talún?

Níl ionat ach cuimhne ó chéin,

Ag baint fhéir sa tsamhlaíocht taoi, monuar,

Is an t-asal ag inbhear led thaobh,

Asal fo-intinneach súd!

Tá tigín fo-intinneach bán

Ag machnamh ar imeall Dhún Chaoin

Inar chuala caint chianda mná

Is í dall ins an leaba le haois,

Is do chonac an fho-intinn ar barr,

Is an bharrintinn deascaithe thíos.

Bhí aigne Pheig mar naomhóig

Ár n-iompar ar dhromchla na dtonn,

Chuaigh ár gcúrintinn éadrom go tóin

Nocht ár bhfo-intinn folaigh mar chúr,

Ghaibh imigéiniúlacht ár nglór,

Bhí mianach macalla sa bhfuaim.

Níor chualamar riamh an macalla

Ach ag filleadh ó chnocaibh i gcéin,

Ach anseo tá an stáisiún forleatha

Óna gcraolann an macalla féin,

Tá imigéiniúlacht ’nár n-aice,

Is aisiompú eagair san aer.

 

images

An Bóthar

Do chaitheas an oíche

Ag éisteacht le bóthar,

Ag éisteacht le daoine

Ag síorbhualadh bóthair,

Ar théid is ea bhíodar,

Ar théid fhada an bhóthair.

Más daoine mar mise

Bhí thíos ar an mbóthar

Is trua liom a bhfilleadh

Abhaile ón mbóthar,

An tinteán gan tine

Is a n-aigne rompu.

Tá smaointe ag taisteal

Ar bhrollach an bhóthair,

Tá daoine ag baile

Is tá smaointe ar an mbóthar,

Glac smaointe a cailleadh

As intinn gan phóca.

 

? ? ? ?

An focal mé gan fuinneamh,

A mhoilligh smaoineamh diaga,

A dhorchaigh an smaoineamh?

An bhfuilimse ad choscadh,

A chime úd, am bhíogadh,

Ar pháirceanna an aoibhnis?

Dá dtabharfainn cead do chos duit

An bhfaighfeá corp le bíogadh

Dob fhairsinge comhlíonadh?

Scaoilfead uaim mo chime,

Is aoibhinn cime a scaoileadh,

Tá drúis sa chimescaoileadh.

Ach cá bhfios dom nach focal mé

A bhrostaigh smaoineamh diaga,

Smaoineamh beag mailíseach,

A thosnaigh thíos in ifreann

In inchinn an diabhail féin,

Is a eitil tríd an oíche,

Mar leamhan ag lorg solais

Go ráinig lampa an Tiarna

Is gur chrom ar Dhia do chiapadh,

Gur glacadh é ar altrom

I measc na bprionsa righin sin,

Smaointe ciúine an Tiarna,

Gur díbríodh é ón dteaghlach

Nuair a chum sé breoiteacht bhídeach

I sláinte na síoraíochta?

Ní scaoilfead uaim mo chime,

Is mise peaca an Tiarna,

Á nochtadh aige i bhfaoistin.

 

Saoirse

Raghaidh mé síos i measc na ndaoine

De shiúl mo chos,

Is raghaidh mé síos anocht.

Raghaidh mé síos ag lorg daoirse

Ón mbinibshaoirse

Tá ag liú anseo:

Is ceanglód an chonairt smaointe

Tá ag drannadh im thimpeall

San uaigneas:

Is loirgeod an teampall rialta

Bhíonn lán de dhaoine

Ag am fé leith:

Is loirgeod comhluadar daoine

Nár chleacht riamh saoirse,

Ná uaigneas:

Is éistfead leis na scillingsmaointe,

A malartaítear

Mar airgead:

Is bhéarfad gean mo chroí do dhaoine

Nár samhlaíodh riamh leo

Ach macsmaointe.

Ó fanfad libh de ló is d’oíche,

Is beidh mé íseal,

Is beidh me dílis

D’bhur snabsmaointe.

Mar do chuala iad ag fás im intinn,

Ag fás gan chuimse,

Gan mheasarthacht.

Is do thugas gean mo chroí go fíochmhar

Don rud tá srianta,

Do gach macrud:

Don smacht, don reacht, don teampall daoineach,

Don bhfocal bocht coitianta,

Don am fé leith:

Don ab, don chlog, don seirbhíseach,

Don chomparáid fhaitíosach,

Don bheaguchtach:

Don luch, don tomhas, don dreancaid bhídeach,

Don chaibidil, don líne,

Don aibítir:

images

Don mhórgacht imeachta is tíochta,

Don chearrbhachas istoíche,

Don bheannachtain:

Don bhfeirmeoir ag tomhas na gaoithe

Sa bhfómhar is é ag cuimhneamh

Ar pháirc eornan:

Don chomhthuiscint, don chomh-sheanchuimhne,

Do chomhiompar comhdhaoine,

Don chomh-mhacrud.

Is bheirim fuath anois is choíche

Do imeachtaí na saoirse,

Don neamhspleáchas.

images

Is atuirseach an intinn

A thit in iomar doimhin na saoirse,

Ní mhaireann cnoc dar chruthaigh Dia ann,

Ach cnoic theibí, sainchnoic shamhlaíochta,

Is bíonn gach cnoc díobh lán de mhianta

Ag dreapadóireacht gan chomhlíonadh,

Níl teora leis an saoirse

Ná le cnoca na samhlaíochta,

Ná níl teora leis na mianta,

Ná faoiseamh

Le fáil.

images

 

Éadóchas

Níl éinne sa tuama ag freastal

Ar chúngracht oíche ná lae,

Ná múscail aon tuama le machnamh,

Ach umhlaigh do cheann nocht don chré.

Ná glaoigh ar an rud tá imithe,

Ná hiarr ar an bhfírinne sos,

Ná hiarr ar an Slánaitheoir aisling,

Níl déirc ins na Flaitheasaibh duit.

Dob aoibhinn leat púca ar an bhfalla,

Is é déanta de bhréagaibh ó neamh,

Mar ní maith leat an chruit ar do mhachnamh,

Ach bíse id chruiteachán maith.

Ós aoibhinn leat púca ar an bhfalla

Dein púca den fhírinne féin,

Inis do chruit ar an bhfalla,

Is umhlaigh do cheann nocht don chré.

Tá samhail chruiteacháin ar an bhfalla,

Is muintir an eolais á meas,

Ach bhí beola á bpógadh i leapacha,

Is bodhaire ag séideadh ó neamh;

Is lámh chaoin i dtuama á lobhadh,

Is aisling i dtuama fé leith,

An aisling dob ansa á lobhadh,

I dtuama san intinn istigh;

Is cailís dhubh na hoíche á blaiseadh,

Is Peadarshuan thall is abhus,

Nuair a thairg Veronica an falla,

Nuair a lomadh san oíche an chruit.

Tá an dán fite fuaite den tinneas,

Is muintir an eolais á mheas,

Is eol dóibh an locht is an binneas,

Ach an tinneas, cé dhéanfaidh a mheas?

 

Ifreann

Cé go bhfacasa adharca

Chomh cumtha le teampall,

Is óigbhean ag iompar

Banúlachta seanda,

Is suaimhneas na gaibhneachta

Ar mhiotala sleamhaine,

Tá mo smaointe chomh coillte

Le déad fiacal mantach.

Tá fairsingeacht smaointe

San abairt is lú,

Tá síneadh don intinn

I mbeag is i mór,

Tá iascaireacht machnaimh

Sa tsolas máguaird,

Ach tá m’anamsa i gcarcair,

I bpeaca beag duairc.

images

images

 

Teitheadh

Do shiúlas lá sa chathair

Is mé ag tionlacan mo léin,

Do rinc an cith ar leacaibh

Mar do rinc mo smaointe féin

Ar láthairín mo léin.

Do lean an cith sa chathair

Ag ilsmaoineamh ar an sráid,

Is bhí smaointe ag cith ar m’anam,

Ach do bheannaíos-sa do chách,

Is do ghabhas mar aon thar bráid.

Do rugas liom don eaglais

Mo chnuasach nuapheacaí,

Do chuireas iad in eagar

Don fhoilsitheoir a bhíonn

Ag clódhearmhad peacaí.

Ach do lean an cith im chathair,

Is do lean an cith fém thuaith,

Do scoilteadh slinn ar leacaibh,

Is do leagadh crainn ar bhuaibh,

Is do chúb mo chroí ón ruaig.

Ní raibh aon áit le dul aige

Ach suas i measc na ndeor,

Suas dréimire na hatuirse

Go Vatican an bhróin,

Is do thit an cith sa Róimh.

 

Paidreoireacht

Amuigh ins an oíche

I ndeireadh mo chroí,

Do chuala an sceimhle

Im mhisneach ag guí,

I dteampall mo mhisnigh

Bhí an sceimhle ag guí.

Do chaitheas an oíche

I ndeireadh mo chroí,

Is do chuala mo mhisneach

San sceimhle ag guí,

I dteampall an sceimhle

Mo mhisneach ag guí.

Do scanraigh an sceimhle

An misneach im chroí,

Is do dhúisigh mo mhisneach

As codladh teibí,

Is do mhúnlaigh go hionraic

A cholainn shíoraí

Nuair d’iompair sé an sceimhle

Trí chnocaibh mo chroí.

Is do dhúisigh an sceimhle

As sceimhleacht theibí,

Is do ghnóthaigh sé meáchan

Is colainn shíoraí,

Is do luigh sé a mheáchan

Ar thalamh mo chroí,

Ar ghuaille mo mhisnigh

I ndeireadh mo chroí.

 

images

Scagadh

Tá cloigeann scagtha ar mo ghrá,

Is foirm scagtha a corp iomlán,

Mar scag an intinn smaoineamh lán

Ó smaointe ag líonadh is ag trá,

Do scagas ceann is cos mo ghrá,

Is glúin is cíoch is dul a cnámh,

Is labhairt a béil, is intinn ard,

Ó gach a bhfuil díobh siúd ag mná,

Is nuair bhí sí scagtha d’fhág sí slán,

Is d’imigh uaim le scagleannán.

 

Siollabadh

Bhí banaltra in otharlann

I ngile an tráthnóna,

Is cuisleanna i leapachaibh

Ag preabarnaigh go tomhaiste,

Do sheas sí os gach leaba

Agus d’fhan sí seal ag comhaireamh

Is do bhreac sí síos an mheadaracht

Bhí ag siollabadh ina meoraibh,

Is do shiollaib sí go rithimeach

Fé dheireadh as an seomra,

Is d’fhág ’na diaidh mar chlaisceadal

Na cuisleanna ag comhaireamh:

Ansin do leath an tAngelus

Im-shiollabchrith ar bheolaibh,

Ach do tháinig éag ar Amenibh

Mar chogarnach sa tseomra:

Do leanadh leis an gcantaireacht

I mainistir na feola,

Na cuisleanna mar mhanachaibh

Ag siollabadh na nónta.

images

 

An Silhouette

Tá duine dubh romham ar an mbinse

Idir mé agus scéal an scannáin,

Is ní fheicimse ceart a bhfuil scríte

Ná ceart solaschlainne an scannáin,

Ag an duine dubh romham i suíochán.

Ná bearnaigh mo radharc feadh na hoíche,

A Shilhouette romham i suíochán:

Is aithnid domsa do dhéanamh,

Is mise tú, a shamhailt am chrá,

Is ná druidfeá as raon an scannáin.

 

Dán

blúire de dhán fada

Ní loirgím aon véarsa

Ach an véarsa d’fhás go ciúin

Gan timireacht ó éinne,

Chomh dúchasach le glúin,

Chomh héasca i gcrot le glúin.

Mar thoircheas i mbroinn

Bíodh an véarsa seo a chím,

Ní iarraim ach a iompar

Idir an dá linn,

images

Ná ní mian liom a cheistiú

Mura seoltar chugham a bhrí,

Mar ní liomsa féin a bhrú,

Ná ní liomsa féin a bhrí.

Bhí lámh ag mo sheanathair ann,

Cé nár chleacht sé riamh filíocht,

Ach bhí duanaire bó bainne aige

Sa bhfeirm i gCiarraí.

Is do thuig sé cad ba chrú,

Is do thuig sé cad ba chíoch,

Is do bheirimse mo bhuíochas dó

Gur chuimil sé siní.

Do bhlais a lámh an tsine sin,

Is do thuig a brú ó chroí,

Cneas le cneas do tuigeadh é,

Mar fhear ag luí le mnaoi.

Do fágadh bainne i bhfocalaibh,

An fhírinne i gcích,

Ní neamhionann crú na bhfocal san

Is sniogadh na siní.

 

An Dilettante

Ag teacht cliathánach chugham san oíche

Atá anocht an uile smaoineamh,

Dob eagal liom a dteacht lom díreach,

Atá mo mhachnamhsa éalaítheach.

Seachain cuilithe gach smaoinimh

Nó slogfar láithreach tú go híochtar,

Is beir go brách ag casadh timpeall,

Ad chasadh i gcasadh na síoraíochta.

Tá cur is cúiteamh na síoraíochta

Ag casadh i gcroí an uile smaoinimh,

Má beirtear ort san ríleáil timpeall

Níl teacht ar ais i ndán duit choíche.

A ghiolla tá cliathánach sínte

Fan ar imeallaibh na smaointe,

Ná léim i gcuilithe impím ort,

Beart drochmhúinte é san aois seo.

Cloisim chugham an guairneán gaoithe

Trí pholl i ndoras na síoraíochta,

Tá faoileann bán ag casadh timpeall,

Tá oileáin mhara is boiscín snaoise,

Tá an fhírinne ag casadh timpeall,

Tá an uile rud ag casadh timpeall,

Tá m’anam bocht ar thaobh na síne,

Scuabfar mé de dhroim na hoíche:

Ní fhuilingím an casadh timpeall,

Cá bhfaighead m’anáil i lár sidhe gaoithe,

Is laige mé ná an cleite is caoile,

Níl toirt ionam in aghaidh na scríbe.

Tá fothain thíos ó fhaobhar na gaoithe,

Tá fothain thíos ó fhaobhar na smaointe,

I dtaobh na fothana den tsíoraíocht,

I dtaobh na fothana den intinn.

In ifreann níl siolla gaoithe,

Tá ifreann ar easpa smaointe,

Is cuirfead m’anam i leataobh ann,

Buidéal fíona agus striapach,

Leabhra maithe nualitríochta,

Éisteacht leis an mBBC seal,

Ceol Beethoven ar cheirníní,

Caint ar chúrsaí polaitíochta,

Cóip iomlán agam den Bhíobla,

Léifead é nuair gheobhad an chaoi air,

Foghlaimeod roinnt teanga ón iasacht,

Is bead liom leat go deireadh scríbe.