Bairbre Rua

Pádraic Ó Conaire

 

NA PEARSANA:

BAIRBRE RUA

ógbhean inphósta

CÁIT

deirfiúr Bhairbre

MÁIRTÍN

deartháir Bhairbre

AN BRÚNACH

baintreach fir

CUIMÍN

buachaill aimsire

SUÍOMH: Teach a bhfuil limistéar maith ann cois na farraige i gConnachta. Tá doras na sráide ar chúl an ardáin ar an taobh clé; fuinneog mhór ar an taobh deas. An tinteán agus doras seomra ar do dheasóg agus an doras in aice na fuinneoige. Drisiúr agus cófra ar an gciotóg. Doras seomra leapa ar an taobh céanna. Bord faoin bhfuinneog. Cathaoireacha. Stól beag, etc.

Cáit léi féin. Tá sí 20 bliain d’aois. Gúna dubh uirthi. Brat brád. Práiscín. Tá sí dathúil. Folt donn.

CÁIT (Léi féin ag imeacht anonn agus anall go mífhoighdeach) Cén mí-ádh atá uirthi nach dtagann sí amach? A Bhairbre! A Bhairbre, a deirim!

BAIRBRE (Ón seomra) Is ea.

CÁIT Déan deifir nó beidh an lá caite orainn.

BAIRBRE (Ón seomra; a ceann le feiceáil ag an doras) Glac go réidh tú féin, a Cháit. Is beag an mhoill a chuirfeas mé ort feasta… (Go cantalach) Marbhfháisc ort mar bhiorán! (Imíonn an ceann.)

CÁIT Ar chaill tú é? Seo duit ceann eile. (Ag dul chuig an doras.) Feictear ceann Bhairbre ag doras an tseomra arís.

BAIRBRE (Ag síneadh a láimhe amach) Tabhair dom é, a Cháit.

CÁIT Seo – beir air. (Déanann Cáit iarracht ar a dhul isteach. Dúnann Bairbre an doras uirthi.)

BAIRBRE (Ón taobh istigh go gealgháireach) Bíodh foighid agat anois, a Cháit! Dheamhan súil a leagfas tú orm go mbeidh mé réidh!

CÁIT Molaim an fhoighid… (Ag briseadh ar a foighid) Ach cén dath é mar ghúna?

BAIRBRE Dath dearg.

CÁIT (In aice an dorais) Déan deifir nó beidh Máirtín isteach ar do mhullach.

BAIRBRE Ní miste sin liom. Nach é a cheannaigh dom é?

CÁIT Cluinim an strainséir ag éirí. (Cuireann cluas uirthi féin) Deifir, a Bhairbre!

BAIRBRE Cén dochar? Nach bhfuil a chead sin aige?

CÁIT Sháraigh tú a bhfacas riamh le dánacht.

Tagann Bairbre amach as an seomra go beo. Gúna dearg uirthi. Scáthán beag ina deasóg. Na deasaí deasa atá aici, caitheann sí ar chathaoir i leataobh iad. 24 bliana d’aois. Donnrua. Péacach aerach.

BAIRBRE Bhí ceart agam a thuilleadh moille a chur ort…
(Á taispeáint féin do Cháit) Anois, céard a déarfá le Gaillimh agus gan ann ach baile beag?

CÁIT (Faoi iontas; go ríméadach) Óra, a Bhairbre, nach aoibhinn duit! (Ag scrúdú an ghúna di) A leithéid ní fhacas le mo dhá shúil riamh! Go maire tú agus go gcaithe tú é, a dheirfiúr!

BAIRBRE Cén chaoi a dtéann sé dom, a Cháit?

CÁIT Dheamhan níos fearr a d’fhéadfadh sé a bheith, dá mba i bPáras na Fraince a rinneadh é. Ach céard a tháinig ar Mháirtín gur cheannaigh sé duit é?

BAIRBRE Cá bhfios dom?

CÁIT Rud éicint a bhog a chroí, is dócha.

BAIRBRE B’fhéidir é. Ach seachtain is an lá inné nuair a bhíomar i nGaillimh – tar éis teacht as teach ósta an Bhrúnaigh dó – is ann a bhíos an capall ar stábla aige anois – thug sé nóta trí phunt dom –

CÁIT Nóta trí phunt! Ar thug, a Bhairbre?

BAIRBRE Thug – ‘Gabh isteach Tigh Uí Riain,’ ar seisean, ‘agus ceannaigh an gúna is deise leat ann –’

CÁIT (Faoi iontas) Ní dúirt!

BAIRBRE M’anam féin go ndúirt, a Cháit. ‘Agus abair leo,’ ar seisean, ‘é a bheith anseo roimh lá an Phátrúin.’ Tráthúil go leor tháinig sé ar maidin.

CÁIT (Ag féachaint na n-earraí a chaith Bairbre ar an gcathaoir) An é a cheannaigh iad seo freisin?

BAIRBRE ’Sé.

CÁIT (Faoi imní) Cogar mé leat, a Bhairbre – ’bhfuil sé ag ól aon deoire?

BAIRBRE Braon ní dheachaigh thar a bhéal ó cailleadh Daid – go ndéana Dia trócaire air.

CÁIT Áiméan.

BAIRBRE Nuair a bhí Daid ag fáil bháis, bhain sé gealltanas de –

CÁIT Cén gealltanas a bhain sé de?

BAIRBRE Cé nár chuala tú riamh é. Is dócha go rabhais ró-óg?

CÁIT Níor chualas ach ráfla faoi. Céard é?

BAIRBRE Nach n-ólfadh sé deoir go mbeadh na fiacha a d’fhág sé féin ina dhiaidh íoctha agus go ndéanfadh sé chuile shórt díreach is dá mba é ár n-athair é.

CÁIT (Mar a bheadh sí ag machnamh) Agus sin é an fáth go ndeirtear nach bhfuil athair sa bparóiste a rinne chomh maith dá chlann is a rinne Máirtín dá mhuintir féin…

BAIRBRE ’Sé, is dócha. (Go haerach) Agus ná bacaimis leis an tseanscéalaíocht. Tá scéal nua agam duit.

CÁIT Céard é, a Bhairbre?

BAIRBRE (Faoi rún) Ní inseoidh tú do Mháirtín é?

CÁIT Ní inseod.

BAIRBRE (Go mall) Táim ag dul ag seoltóireacht le Cuimín i leaba a dhul ar an bPátrún.

CÁIT (Faoi ionadh) Níl! Ag seoltóireacht le Cuimín!

BAIRBRE Is ea, ag seoltóireacht le Cuimín – nach dtuigeann tú mé?

CÁIT Óra, a Bhairbre, ná téirigh. Maróidh Máirtín thú – beidh sé ar buile.

BAIRBRE Cuma liom. (Ag gáire go héadromchroíoch) Agus ’raibh tusa ag ceapadh, a Cháit, gur chuireas an feisteas seo orm le dul ar an bPátrún le Máirtín… agus leatsa… agus leis an mBrúnach Mór istigh…
Síneann sí méar chuig an doras atá ar an taobh clé.

CÁIT (Go himníoch) An é sin an Brúnach Mór? Fainic an gcloisfeadh sé thú, a Bhairbre!

BAIRBRE Dheamhan baol air! Tá codladh róthrom air. (Ag breith ar an scáthán beag) Drochrath air mar scáthán! Níl sé sách mór, ar chor ar bith, a Cháit – (Go ríméadach) Ó, dá mbeadh ceann mór millteach agam – mar a bhíos acu sna siopaí i nGaillimh. Fan ort… (Ag machnamh móimint) Is ea! Tá liom!
Téann Bairbre go dtí an cófra agus baineann cuilt dhorcha as.

CÁIT (Agus ionadh uirthi) Céard atá tú ag dul a dhéanamh, a Bhairbre?

BAIRBRE (Go gealgháireach) Chuimhníos ar bheart, a Cháit.

CÁIT Cén sórt birt?

BAIRBRE (Ag dul amach doras na sráide di) Ó, fan go bhfeice tú.
Feictear taobh amuigh den fhuinneog í.

CÁIT (Ag labhairt léi tríd an bhfuinneog) Céard atá fút a dhéanamh ansin?

BAIRBRE (Ar leac na fuinneoige) Gearr anois go mbeidh togha scátháin agam. Tabhair dom biorán gruaige. Sin é é. (Crochann sí an chuilt taobh amuigh ar an bhfuinneog.)

CÁIT (Ag féachaint sa ‘scáthán’) Tá scáthán agat cheana.

BAIRBRE (Taobh amuigh) ’Bhfuil sé ceart agam?

CÁIT Ar fheabhas. Ó, ní chuimhneoinn ar an gcleas sin, dá mbeinn gan scáthán le mo bheo.
Tagann Bairbre isteach go mear. Féachann sí sa ‘scáthán.’

BAIRBRE Tarraing an bord seo i leataobh liom, a Cháit. Sin é é. (Ag féachaint sa scáthán) Á-Á-Á! (Go brónach) Nílim sách ard, a Cháit! ’Bhfuil bosca nó stól ansin agat?

CÁIT (Ag cuartú) Níl – an ndéanfadh cathaoir thú?

BAIRBRE Ró-ard. (Go beo ríméadach) Cúpla fód móna. (Tugann Cáit an mhóin di agus déanann dumha beag di faoina cosa.) Tá sé ceart anois. Coinnigh greim orm go fóill beag, a Cháit. Sin é é. (In airde ar an móin ag dearcadh isteach sa scáthán) Dheamhan a bhfuil go gránna díom… Ach an luíonn sé go deas taobh thiar? Is ea – an scáthán beag – tá sé ar an mbord ansin…

CÁIT (Ag gáire; ag síneadh an scátháin chuici) Sháraigh tú a bhfacas riamh!

BAIRBRE Coinnigh thusa taobh thiar díom é. (Déanann Cáit amhlaidh.) Meas tú nach bhfuilim go deas? (Ag gáire) Ná habair nach bhfuilim, mar ní chreidfinn thú… Ó, dá dtiocfadh duine ar bith orainn!

CÁIT Beag baol. Tá an Brúnach Mór ina chodladh, is dócha.

BAIRBRE (Ar an dumha móna fós) Téirigh go dtí an doras ar fhaitíos go dtaga Máirtín. (Téann Cáit go doras na sráide) Tuige a dtugtar Bairbre Rua ormsa? Ar ndóigh, nílim rua? ’Bhfuil anois, a Cháit?

CÁIT (Ón doras) Mara bhfuil, tá tú péacach.

BAIRBRE Fíor duit. Ní fiú tráithnín an cailín nach mbeadh péacach, is gúna nua uirthi, is í ag dul ag seoltóireacht –

CÁIT Níl tú ach ag magadh, a Bhairbre! Níl tú ag dul ag seoltóireacht ar chor ar bith.

BAIRBRE Agatsa is fearr é, is dócha – ach tá, ina dhiaidh sin. Sin, má ligeann Cuimín leis mé…

CÁIT (Go fonóideach) Má ligeann Cuimín leis í! Má ligeann an buachaill aimsire sa mbád í!

BAIRBRE Is ea – má ligeann, gabhfaidh mé ag seoltóireacht; má ligeann Máirtín ar an gcarr thú, gabhfaidh tú ar an bPátrún.

CÁIT Ní hionann sa gcás é.

BAIRBRE Tuige?

CÁIT ’Sé Máirtín mo dheartháir.

BAIRBRE Marab ionann sa gcás féin é, tá mé ag dul ag seoltóireacht.

CÁIT Agus céard a déarfas Máirtín?

BAIRBRE Ní bheidh a fhios aige é.

CÁIT Má insím dó é –

BAIRBRE An inseofá?

CÁIT D’inseoinn, mar ní ceart duit a bheith ag cur ina aghaidh agus é ag iarraidh ár leas agus leas na bpáistí a dhéanamh.

BAIRBRE (Go dána) Tá mé ag dul ag seoltóireacht ina dhiaidh sin. Agus má insíonn tú dó é – (Ag breith go feargach uirthi) – beidh mé ag gabháil de chosa ionat…

CÁIT (Go réidh) Glac mo chomhairle, a dheirfiúr, agus ná téirigh.

BAIRBRE Comhairle gan iarraidh comhairle gan mheas.

CÁIT (Lena mealladh) Is fearr an spraoi a bheas ar an bPátrún.

BAIRBRE Cuma liom. Beidh mo chomhairle féin agamsa feasta. Scaoileann sí di. Suíonn ar stól íseal os comhair na tine, agus a ceann fúithi.

CÁIT (Tar éis a bheith ag dearcadh amach scaitheamh beag) Tá Máirtín ag teacht aníos an bóithrín ó gharraí an tobair. (Ní chuireann Bairbre aon suim inti.) An gcluin tú? Ó, táimid réidh! Bain an chuilt sin den fhuinneog. (Ní chuireann Bairbre aon suim inti.) Tabhair lámh chúnta dom leis an móin seo a chur i leataobh. (Cuireann sí an mhóin faoin mbord. Tarraingíonn sí an chuilt isteach tríd an bhfuinneog.)

BAIRBRE (Ag tógáil a cinn) An inseoidh tú céard a dúras faoi Chuimín?

CÁIT Ní inseod – ach ba chóir duit mo chomhairle a ghlacadh.

BAIRBRE Tá mo chomhairle féin agamsa, deirim.
Tagann Máirtín isteach. Fear caol ard atá ann. Féasóg dhubh. 32 bliain d’aois. Mall righin ar a chosa. Roinnt dorrga ann féin go gnách. Níl air ach na seanghiobail oibre. Créafóg ar a bhróga. Ní chuireann a bheirt deirfiúracha aon chaint air. Téann sé go dtí an drisiúr agus cromann ar a lámha a ní i mbáisín.

MÁIRTÍN (Le Cáit) Ar éirigh sé fós?

CÁIT Cé hé? An strainséir úd a thug tú anseo aréir?

MÁIRTÍN An Brúnach Mór – más strainséir é.

CÁIT Níor éirigh, a Mháirtín, agus ní mó ná a fhonn atá air éirí.

Tuige ar thug tú anseo ar chor ar bith é?

MÁIRTÍN (Go dorrga) Nach cuma duit sin? Ar thug Cuimín a bhricfeasta chuige?

CÁIT Thug.

MÁIRTÍN Agus cá bhfuil Cuimín anois?

CÁIT Ag gléasadh an chapaill lenár dtabhairt soir chuig an bPátrún.

MÁIRTÍN (Ag bualadh trasna an urláir) Is agaibh atá an saol, is mise do mo mharú féin ag glanadh prátaí. (Le Bairbre) Tabhair dom an tuáille sin.
Tógann Bairbre a ceann. Tugann sí dó an tuáille. Tá a súile ata ó bheith ag gol.

MÁIRTÍN Céard atá ortsa?

BAIRBRE Dheamhan tada.

MÁIRTÍN Tuige a raibh tú ag gol?

BAIRBRE Ní ag gol a bhíos, a Mháirtín.

MÁIRTÍN (Le Cáit) Gabh amach agus abair le Cuimín a bheith ag cur an chapaill faoin gcarr feasta, agus, má fheiceann tú na páistí thoir ar an mbóthar, abair leo a bheith ag bualadh soir chuig an bPátrún.

CÁIT Nach mbeidh áit dóibh ar an gcarr?

MÁIRTÍN Ní bheidh.

CÁIT An rachadsa leo?

MÁIRTÍN Ná téirigh. Beidh áit agatsa. (Imíonn Cáit. Le Bairbre) Céard a rinne do shúile ata?

BAIRBRE (Ag tógáil a cinn) Níl a fhios agam… (I ndiaidh tamaill bhig ag ligean uirthi) Marab é an tinneas fiacaile é. (Ag féachaint idir an dá shúil air) Tá an tinneas fiacaile ag gabháil dom go dona inniu, a Mháirtín.

MÁIRTÍN Is mór an mí-ádh é sin – agus an lá atá ann. An bhféadfaidh tú a dhul ar an bPátrún mar sin?

BAIRBRE Ní fhéadfaidh –ó! –ó! –an phian seo!

MÁIRTÍN (Go mealltach) Agus ní fheicfidh na daoine an gúna breá nua seo a cheannaíos duit.

BAIRBRE (Mar a bheadh cantal uirthi faoi sin) Ar ndóigh, is measa liom sin ná an phian féin.

MÁIRTÍN B’fhearr liom ná go leor go mbeifeá in ann a dhul linn, a Bhairbre…

BAIRBRE B’fhearr agus liomsa – ach cén mhaith sin dom agus –ó! –ó! –ó! –an phian bhradach seo! (Ligeann sí uirthi go bhfuil pian mhillteach uirthi.)

MÁIRTÍN Má tá sé chomh dona sin ort, ní fhéadfaidh tú teacht linn.

BAIRBRE Agus céard a dhéanfas mé anseo liom féin. (Ag gol, mar dhea) Nach tráthúil a tháinig sé! Agus an gúna nua agam freisin!

MÁIRTÍN Níl leigheas air – ach ní thabharfainn le rá dó – (Coisceann sé é féin.)

BAIRBRE Cé dó?

MÁIRTÍN Ó, is cuma.
Tá an bheirt in aice na tine le linn na cainte seo. Ise ina suí os íseal ar an stól agus a haghaidh tugtha air. Eisean os a cionn. Anois buaileann sé anonn trasna an urláir chuig cófra atá le hais an drisiúir. Baineann léine gheal, stocaí, bróga agus culaith thafata as an gcófra.

MÁIRTÍN (Ag dul go doras ar an taobh eile den drisiúr) B’fhéidir go mbeadh an phian imithe sula mbeimid réidh.

BAIRBRE (A ceann fúithi; go cráite) Ó! Ó! An phian bhradach seo!

MÁIRTÍN (Ag bualadh an dorais) Cé nach bhfuil tú i do shuí fós. (Cuireann cluas air féin) Éirigh, a Bhrúnaigh! Éirigh! Éirigh! (Cloistear glór dothuigthe fir ón seomra.) Beidh an lá caite orainn. (Ag bualadh isteach) Nach tú atá spadánta, a dhuine!
Tar éis bualadh isteach dó, tógann Bairbre a ceann. Féachann ina timpeall go faiteach. Téann go doras na sráide go bog réidh. Fanann móimintín beag ina tost agus cluas uirthi.

BAIRBRE (Go bog réidh) A Chuimín! A Chuimín!
Tagann Cuimín an doras isteach. Fear toirtiúil atá ann, ach gan é a bheith ró-ard. Folt fionn cas air. Go beo mear ar a chosa. 26 bliana d’aois. Fuip fhada ina chiotóg aige. Gruaim air faoi láthair. Níl aon chóta air, ach go bhfuil báinín taobh istigh dá veist agus na muinchillí le feiceáil os cionn a léine.

CUIMÍN (Ag teannadh isteach ar an urlár i ndiaidh Bhairbre) Cá bhfuil an fear mór?

BAIRBRE An Brúnach? Níor éirigh sé fós.

CUIMÍN (Go searbh) Nár éirí sé choíche.

BAIRBRE A Chuimín! Ní raibh aon cheart agat sin a rá.

CUIMÍN Ní raibh, is dócha.

BAIRBRE Céard a chuir olc ort, a Chuimín? Céard a rinne sé ort?

CUIMÍN Ní dhearna sé tada ormsa – fós. (Go míshásta) Ach cén mhaith a bheith ag caint. Tabhair mo bhéile dom agus scaoil amach mé.

BAIRBRE Nach ort atá an deifir! (Go lách) Chonaic mise lá thú, agus ní fonn mór a bhíodh ort imeacht uaim.

CUIMÍN Tá an lá sin imithe.

BAIRBRE Céard atá ort? Níor inis tú fós dom cén chaoi a dtaitníonn an gúna nua seo leat! Nach álainn é?

CUIMÍN (Go feargach) Dóigh é!

BAIRBRE (Agus iontas uirthi) Dóigh é?

CUIMÍN Is ea, dóigh é – ach tabhair mo bhéile dom agus lig amach mé.

BAIRBRE (Ag fágáil leitean ar an mbord dó. Go cantalach) Nach ort atá an múineadh!

CUIMÍN (Gan bacadh leis an mbia, ag tabhairt aghaidh ar an doras) Abair le do dheartháir go bhfuil an carr réidh agam, má tá sibh ag dul ar an bPátrún.

BAIRBRE (Á chosc ar a dhul amach) Nílimse ag dul ar an bPátrún, a Chuimín.

CUIMÍN Cé nach bhfuil?

BAIRBRE Níl. Nach bhfuilimid ag dul ag seoltóireacht, nuair a bheas sé ina lán mara?

CUIMÍN (Agus fearg air) An gceapann tú go ngabhfaidh mise in aon bhád leis an mBrúnach Mór?

BAIRBRE Cé atá do d’iarraidh?

CUIMÍN Níl seisean in ann aon cheo a dhéanamh i mbád.

BAIRBRE Cé a dúirt go raibh? Is ar an bPátrún atá seisean ag dul. (Go mealltach) Agus ligeas féin orm go raibh tinneas fiacaile orm, ionas go bhféadfainn dul in éindí leatsa, a Chuimín.

CUIMÍN Ar lig?

BAIRBRE Lig agus chuireas an gúna nua seo orm.

CUIMÍN (Ag cur isteach uirthi) Ná bac leis an ngúna. Nach bhfuil a fhios agat tuige ar cheannaigh do dheartháir duit é?

BAIRBRE Níl a fhios.

CUIMÍN Agus níl a fhios agat tuige ar thug sé an Brúnach Mór anseo?

BAIRBRE Níl a fhios.

CUIMÍN Maise, nílimse chomh dall sin. Tugadh anseo é le cleamhnas a dhéanamh leatsa.

BAIRBRE (Ag cur isteach air) Níor tugadh!

CUIMÍN Tugadh, a deirim, agus ceannaíodh an gúna sin ort duit le go mbeifeá breá galánta roimhe.

BAIRBRE Cá bhfios duit?

CUIMÍN Nach raibh mé ar an gcarr leo aréir isteach ón stáisiún?

BAIRBRE (Ag déanamh a smaointe) Bhí… ach… ach –

CUIMÍN (Ag cur isteach uirthi) Agus nár chualas an chaint a bhí acu? ‘Dheamhan lá riamh’, arsa an Brúnach Mór, ‘ó cailleadh mo chéad bhean nach raibh mé ag ceapadh go mbeadh iníon le d’athair le pósadh agam –’

BAIRBRE An ndúirt? An somachán!

CUIMÍN Dúirt. ‘Agus an lá deireanach a bhí d’athair i nGaillimh,’ ar seisean, ‘gheall sé duine acu dom.’

BAIRBRE Céard a dúirt Máirtín leis sin?

CUIMÍN ‘An duine is sine acu a bheas agat’, ar seisean, ‘tá an gúna agus gach aon sórt ceannaithe.’

BAIRBRE (Ag machnamh): Dheamhan ar chuimhníos air sin… ní raibh a fhios agam céard a bhog croí Mháirtín.

CUIMÍN Bhíos ag déanamh éagóra ort.

BAIRBRE Bhí – ní raibh a fhios agam é go dtí anois féin… (Léi féin) go mbeinnse go breá galánta roimhe ach ní bheidh – ní bheidh! (Téann sí anonn go dtí an áit a bhfuil na deasaí deasa aici agus tosaíonn á stróiceadh go feargach.) Bhí tú ag dul amú, a Mháirtín! Bhí tú ag dul amú go mór!

CUIMÍN (Ag iarraidh a cosc) Tá tú ar buile. Ó, ná mill iad!

BAIRBRE Nach mé a bhí dall? Ó, dá dtuigfinn an scéal ar dtús! (Ag stróiceadh)… Ach mo léan, níor thuig!… níor thuig… níor thuig… níor thuig, a Chuimín! ‘Bídís réidh i gcomhair an Phátrúin,’ ar seisean… (Ag stróiceadh) agus tá, tá siad réidh anois. (Go magúil) Dheamhan lá riamh nach raibh sé ag ceapadh go mbeadh duine againn aige le pósadh! Agus ba chuma leis sa mí-ádh cé againn! (Ag breith ar a gúna) Agus seo é gúna an phósta! (Ag déanamh iarracht ar a stróiceadh) Seo é é! Seo é é!

CUIMÍN (Lena cosc) Tá sé ag teacht! É féin agus do dheartháir. Cluinim iad ag caint.

BAIRBRE (Go dána) Bíodh acu.

CUIMÍN (Go faiteach) Feicfidh siad an raic seo.

BAIRBRE Is cuma liom.

CUIMÍN Ar son Dé, a Bhairbre, is cuir i bhfolach na giobail seo liom.
Ní thugann Bairbre aon aird air. Í ag stróiceadh go saothrach. Cuireann Cuimín na giobail sa gcófra.

BAIRBRE (Go dána) Anois, céard a déarfá?

CUIMÍN Suigh ansin, a deirim, agus ná lig tada ort.

BAIRBRE Ní ligfead.
Suíonn sí ar an stól os comhair na tine. A ceann fúithi. Í tuirseach tnáite tar éis an tsaothair. Briseann a gol uirthi.

CUIMÍN (Ag iarraidh í a shásamh) Ná bí ag gol anois. (Bairbre ag gol.) Seo anois – ná lig tada ort – maith an cailín.

BAIRBRE (Ag gol) Ní… raibh a fhios… agam… a Chuimín, tuige ar… tugadh anseo é… Ní raibh aon cheart ag Máirtín a dhéanamh…

CUIMÍN Ní raibh. Bhí ceart aige labhairt leatsa i dtosach… ach triomaigh do shúile anois. (Déanann Bairbre amhlaidh.) Sin é é… ná lig tada ort rompu.

BAIRBRE (Ag cosc na ndeor) Ní… lig–fead.

CUIMÍN Agus beidh tú thíos ar an gcé ar ball – nuair a bheas sé ina lán mara – nuair a bheas an dream eile imithe, an mbeidh?

BAIRBRE B — ei — dh.

CUIMÍN Nuair a bheas sé ina lán mara.

BAIRBRE Beidh — mé — ann.

CUIMÍN Maith an cailín – ná bí ag gol anois.

BAIRBRE Beidh mé ann, a Chuimín. (Go dána) Ní raibh aon cheart ag Máirtín a dhéanamh. Ní hé m’athair é.

CUIMÍN Ní hé… (Ag féachaint go géar uirthi) Ach b’fhéidir nach ngabhfainn ag seoltóireacht ar chor ar bith.

BAIRBRE Tuige?

CUIMÍN Cheapas a dhul go Gaillimh ar an Dúros, dá mbeifeá sásta theacht?

BAIRBRE Tá an Dúros ag imeacht ar a haon déag…

CUIMÍN Ar an lán mara… An dtiocfaidh tú?

BAIRBRE (Go mall) Tiocfad. (Déanann Cuimín iarracht ar a pógadh) Táid ag teacht.

Cloistear torann sa seomra.

CUIMÍN Ar a haon déag.

BAIRBRE Ar a haon déag – nuair a bheas sé ina lán mara.

CUIMÍN Ná lig tada ort anois – ar a bhfaca tú riamh!

BAIRBRE Ní ligfead.
Cloistear glórtha fear ón seomra ar an taobh clé. Ligeann Cuimín air go bhfuil sé ag ithe a bhéile. Bairbre agus a ceann fúithi ar an stól beag os comhair na tine. Feictear an Brúnach Mór agus Máirtín ag doras an tseomra ag caint agus ag gáire os ard. An chulaith thafata ar Mháirtín. Fear mór ramhar atá sa mBrúnach. Culaith dhubh air. Bóna. Carbhat. Greannmhar. 40 bliain d’aois.

AN BRÚNACH (Agus lámh leis ar ghualainn Mháirtín) Mo chraiceann ag an riach, mara bhfuilim ag inseacht na fírinne duit – nach raibh mé ann, a dhuine? Nach bhfacas le mo dhá shúil é?

MÁIRTÍN Is dócha nach raibh ann ach magadh, a Bhrúnaigh.

AN BRÚNACH Magadh! Fágaim le huacht nach raibh aon mhagadh ann. Bhí chuile shórt socraithe acu nuair a d’éirigh mo dhuine agus gloine fíona ina láimh aige –

MÁIRTÍN (Ag caochadh súile air) B’fhéidir gur éirigh, ach fág mar sin é.

AN BRÚNACH B’fhéidir gur éirigh! Nach bhfuil mé ag rá leat go bhfacas é – d’éirigh sé, a Mháirtín, agus an ghloine ina láimh aige…

MÁIRTÍN B’fhéidir go mbeadh gloine agat féin anois…

AN BRÚNACH Ní ólaim fíon.

MÁIRTÍN An braon crua?

AN BRÚNACH ’Sé is fearr liom.
Feictear Bairbre ag scríobh ar scláta.

MÁIRTÍN (Le Bairbre) Caith uait an scláta sin is tabhair chugainn an buidéal a fheicfeas tú ar an mbord istigh sa seomra. (Leis an mBrúnach) Níl againn ach an poitín.
Téann Bairbre siar sa seomra.

AN BRÚNACH ’Sé is fearr liom – an rud is annamh is iontach – ach nuair a d’inis mé an scéal aréir duit dúirt tú go mb’fhéidir go ndéanfainn féin an cleas céanna. Nach ndúirt anois?

MÁIRTÍN Dúirt – ní raibh mé ach ag magadh.

AN BRÚNACH Ní magadh ar bith é. Ag ceapadh nach n-aithneoinn deirfiúr acu thar an deirfiúr eile! Agus mé ag teacht anseo le cleamhnas a dhéanamh le duine acu! Nár fhága mé seo, mara gcuire mé geall leat!

MÁIRTÍN Nach bhfuil a fhios agam go bhfuil aithne mhaith agat ar an mbeirt acu.

AN BRÚNACH Ach cheap tú aréir nach raibh, ceapann tú fós é, ach go bhfuil leisce ort a rá. (Cuireann sé a lámh ina phóca agus leagann scilling ar an mbord) Cá bhfuil do scillingse?

MÁIRTÍN Lig thart an ealaín seo, a Bhrúnaigh. (Le Cuimín) An bhfuil an capall réidh agat? Má tá –

AN BRÚNACH (Ag cur isteach air) Fan ort anois, a Mháirtín. Tá scilling liomsa ansin ar an mbord. Dheamhan an teach a fhágfas mé go bhfeicfead ceann eile lena taobh.

MÁIRTÍN (Go cantalach) Ní mise a chuirfeas ann í.

AN BRÚNACH Caithfidh mé cruthú duit go raibh tú ag dul amú aréir – go bhfuil aithne agam ar dhuine acu thar an duine eile. M’anam féin go gcaithfead.

MÁIRTÍN Bíodh ciall agat.

AN BRÚNACH Is agam atá an chiall.

MÁIRTÍN Más agat, glacfaidh tú mo chomhairle is cuirfidh tú an scilling sin i dtaisce.

AN BRÚNACH Tá an scilling sin ann le cruthú go bhfuil aithne agam orthu. Leag do cheannsa ann.

MÁIRTÍN (Agus olc air) Ní leagfad.

AN BRÚNACH (Le Cuimín) ’Bhfuil scilling agatsa?

CUIMÍN Tá.

AN BRÚNACH Leag ansin í. (Leagann Cuimín scilling eile ar an mbord.) Tá scilling ag Cuimín ort, a Mháirtín. Fan anois agus feicfidh tú cé againn a mbeidh an geall. (Le Cuimín) Coinnigh thusa an t-airgead. Mara dtabharfaidh mé an t-ainm ceart uirthi, tabhair do Mháirtín é.
Fanann siad scaitheamh beag ag féachaint ar an doras. Tagann Bairbre amach agus buidéal ar iompar aici.

MÁIRTÍN (Le Bairbre) Líon amach gloine dó. (Déanann sí amhlaidh.)

AN BRÚNACH (Ag glacadh na dí uaithi) Maise, nár lagaí Dia do lámh, a Cháit!

BAIRBRE Ní Cáit atá ormsa!
Tagann ionadh ar an mBrúnach. Titeann an ghloine óna láimh. Bristear í.

AN BRÚNACH Mo chraiceann ag an riach, marar sháraigh sé sin a bhfacas fós riamh.

BAIRBRE (Ag ceapadh gur i ngeall ar an ngloine a bhí sé) Níl dochar ann. Tá gloine eile ar an drisiúr.
Líonann sí gloine eile dó. Tosaíonn Cuimín ag gáire. Suíonn Bairbre ar an stól cois tine.

MÁIRTÍN (Le Cuimín) Nárbh fhearr duit bualadh amach agus an capall a chur faoin gcarr, má tá do bhéile ite agat?
Éiríonn Cuimín ón mbord.

AN BRÚNACH Nach bhfuil sé sách luath?

MÁIRTÍN Tá an lá caite orainn.

AN BRÚNACH (Ag baint uaireadóra as a phóca) Níl sé ach a haon déag fós – ach cuir i dtaisce do chuid airgid.

MÁIRTÍN (Go feargach) Ní hé mo chuid airgidse é.

AN BRÚNACH Deirim leat gurb é.

MÁIRTÍN Agus deirimse nach é.

AN BRÚNACH (Le Cuimín) Seo duitse é, mar sin.

CUIMÍN Ní ghlacfaidh mise é.

AN BRÚNACH Glac, a dhuine.

MÁIRTÍN Glac é.

CUIMÍN Ní theastaíonn sé uaim. (Leis an mBrúnach) Agus ní leatsa é ach oiread le scéal.

AN BRÚNACH Ó, is liom. (Le Máirtín) Tá dhá scilling agat orm, a Mháirtín.
Éiríonn Bairbre agus déanann comhartha le Cuimín an t-airgead a ghlacadh. Tá a súile tirim. Tá cosúlacht uirthi go bhfuil fonn grinn uirthi.

CUIMÍN (Ag glacadh an airgid) Go raibh míle maith agat.
Tosaíonn sé ar phort a ghabháil, ag dul amach dó. Déanann Bairbre comharthaí leis go bhfuil fúithi greann a bheith aici.

CUIMÍN Nuair a bheas sé ina lán mara, ardód seol;
’Gus ní stríocfaidh mé choíche, má mhaireann an chóir.
Téann sé amach.

AN BRÚNACH Nach aerach an duine é.

MÁIRTÍN Ní fhacas riamh é nach mbíonn sé ag gabháil fhoinn ar an mbealach sin.

AN BRÚNACH Is breá í an óige. (Ag déanamh aithrise ar Chuimín)
Nach a bheas sé ina lán mara, ardód seol;
’Gus ní stríocfaidh mé choíche, má mhaireann an chóir.
Níl aon ghuth agam – ach tá dhá scilling agat orm, a Mháirtín.

MÁIRTÍN ’Bhfuil?

AN BRÚNACH Tá. Is leat an dá scilling a thugas do Chuimín. Agus ní fhéadfadh aon fhear eile ar thalamh glas na hÉireann a rá liom go raibh airgead aige orm. Ní fhéadfadh.

MÁIRTÍN Is maith an chaoi ort é.

AN BRÚNACH Dheamhan smid bhréige agat sa méid sin; ach mara bhfuil airgead orm, tá airgead amuigh orm féin. Tá – na céadta.

BAIRBRE (Ag ligean uirthi go bhfuil suim mhór aici i ngnó an Bhrúnaigh) Ach is dócha go dtagann sé isteach chugat.

AN BRÚNACH Ó, tagann – uair éicint. Ach is rídheacair é a bhaint amach.

BAIRBRE Is dócha é.

AN BRÚNACH Rídheacair, ach nuair nach mbíonn an t-airgead le fáil, bím sásta lena luach. (Baineann sé grianghraf as a phóca.) Féach air sin.
Féachann Bairbre agus Máirtín air.

BAIRBRE (Agus ionadh uirthi) Uaigh!

AN BRÚNACH Go díreach – agus leac bhreá mhór ghreanta os a cionn.

BAIRBRE Ainm do chéad mhná ar an leac?

AN BRÚNACH Tá an ceart agat – ach, a Mháirtín, is deacair agus is rídheacair airgead a bhaint as cuid acu.

MÁIRTÍN Níl amhras agam ort.

AN BRÚNACH Ná bíodh. Saor cloiche a raibh roinnt airgid agam air a ghearr an leac sin dom – pingin rua ní bhfaighinn go deo uaidh, marach gur chuimhníos air sin. Sin é an bealach le gnó a dhéanamh, a Mháirtín.

MÁIRTÍN M’anam gurb é.

AN BRÚNACH ’Sé – agus is minic a dúras le d’athair é, go ndéana Dia trócaire air, ach bhí na sean-nósanna aige.

MÁIRTÍN (Go searbh; gan cuimhneamh air féin) Bhí – agus na drochnósanna –

AN BRÚNACH A Mháirtín! Ná habair é!

BAIRBRE (Leis an mBrúnach) Ní minic do Mháirtín gearán a dhéanamh.

AN BRÚNACH Ní minic. (Ag cur de go beo) ’Sé an deartháir is fearr dá raibh ag duine riamh é. ’Sé. Rinne sé go tofa. Tá tú féin sách sean le heolas a bheith agat ar an mbail a bhí oraibh nuair a fuair d’athair bocht bás – lán an tí de pháistí agus na céadta punt oraibh – agus féach an bhail atá oraibh anois. Féach ar an gcaoi a bhfuil an talamh saothraithe. Féach an chaoi atá agaibh ar an teach. Agus na heallaí atá agaibh! Agus an t-airgead atá i dtaisce agaibh! Leag anseo í, a Mháirtín – is tú an fear.

MÁIRTÍN (Go cúthail) Tá sé chomh maith dúinn a bheith ag bogadh – (Ag breith ar an mbuidéal) – mara n-ólfaidh tú ceann eile.

AN BRÚNACH Is ea – ólfad.
Líonann Máirtín an ghloine dó.

MÁIRTÍN Ach cá bhfuil an t-uisce?

AN BRÚNACH (Ag féachaint sa gcrúsca) Dheamhan deoir ann.

BAIRBRE (Ag breith ar an gcanna) Gabhfaidh mise i gcoinne canna.

MÁIRTÍN Tá sé chomh maith duit.
Cuireann Bairbre an fhallaing atá ar chúl an dorais os a cionn agus téann amach go beo.

AN BRÚNACH Shílfeá go raibh a fhios aici tuige ar tháinig mé.

MÁIRTÍN Tuige a síleann tú sin? Níor inis mise di é.

AN BRÚNACH Nár thug tú faoi deara an chaoi a raibh sí do mo cheistiú i dtaobh mo chuid airgid?

MÁIRTÍN Thugas – b’fhéidir go raibh ceart agam a inseacht di sular tháinig tú ar chor ar bith.

AN BRÚNACH Bhí. Nuair a thiocfas sí isteach leis an uisce, rachaidh mise siar sa seomra agus beidh faill agat an scéal a nochtadh di.

MÁIRTÍN Déanfaidh mé sin in ainm Dé.
Tagann Cáit isteach agus an canna uisce aici.

CÁIT (Leis an mBrúnach) Fáilte romhat ar maidin. Tá súil agam gur chodail tú go sámh.

AN BRÚNACH (Agus iontas air) Ó, ’sí Cáit atá againn! Nach í a mhéadaigh! Ní raibh ionat ach gearrchaile nuair a bhí tú i nGaillimh anuraidh.
Déanann Cáit gáire.

MÁIRTÍN (Le Cáit) Cá ndeachaigh Bairbre?

CÁIT Thug sí an canna dom, mar dúirt sí go raibh uirthi dul soir scaitheamh den bhóthar.

MÁIRTÍN Níl a fhios agam cén gnó a bhí aici thoir. (Le Cáit) An ndeachaigh na páistí soir chuig an bPátrún?

CÁIT Chuaigh. Chuaigh Marcas agus Nóirín ar an gcarr le Muintir Mháille – chuaigh an triúr eile ag coisíocht.

AN BRÚNACH (Ag dul chuig an tine lena phíopa a dheargadh) Dheamhan cailín dá bhfaca mé riamh a mhéadaigh mar thú. Beireann sé ar splanc leis an tlú.

MÁIRTÍN (Ag éirí) Coinneoidh mise duit é.

AN BRÚNACH Seo.
Tá Máirtín ar tí breith ar an tlú uaidh, nuair a fheiceann sé an scláta a bhí ag Bairbre. Fágann sé uaidh an tlú agus tógann an scláta.

AN BRÚNACH (Agus ionadh air) Céard atá agat ansin?

MÁIRTÍN (Go mímhúinte agus a shúile sa scláta aige) Nach cuma duit?

AN BRÚNACH (Go feargach) Tuige a labhraíonn tú mar sin liom – marach go bhfuil leisce orm – ?

MÁIRTÍN (Ag cur isteach air) Cén mí-ádh a bhí uirthi?
Tá an bheirt acu – duine ar gach taobh de – ag iarraidh an rud atá ar an scláta a léamh. Iompaíonn Máirtín an taobh a bhfuil an scríbhneoireacht air faoi ar an mbord. Cosúlacht go bhfuil buairt aigne air.

CÁIT Cé uirthi, a Mháirtín?

AN BRÚNACH Céard atá scríofa ansin?

MÁIRTÍN Ná bacaigí liom, a deirim.

CÁIT Tuige nach n-insíonn tú dom é, a dheartháir?

MÁIRTÍN Níl dochar ann… (Ag leamhgháire) Ná leagaigí lámh ar an scláta. Nach sibh atá fiosrach?
Líonann sé gloine mhór.

AN BRÚNACH Óra, a dhiabhail, ní fhéadfainn an méid sin a ól – tá sé róchrua gan uisce.

MÁIRTÍN (Á shlogadh) Ní duit a líonadh é.

CÁIT (Agus uafás uirthi; ag breith greim air) A Mháirtín! A Mháirtín!

MÁIRTÍN (Go feargach) Fág seo. (Leis an mBrúnach) Is fearr gan uisce é, a Bhrúnaigh. Féach gloine de.

AN BRÚNACH Agus sin é an fear nár ól gloine ó cailleadh a athair!

MÁIRTÍN (Ag maíomh) Ní bheidh sin le rá fúm feasta, a Bhrúnaigh!
Téann Cáit agus an Brúnach ar leataobh uaidh. Fanann siad ag féachaint air le hionadh agus iad ina seasamh le taobh a chéile cois tine.

AN BRÚNACH (Le Cáit) An ar buile atá sé?

MÁIRTÍN Sin rud nach mbeidh le caitheamh liom feasta – nár ól mé gloine le seacht mbliana – (Ag líonadh gloine eile.)

CÁIT Ar son Dé agus na Maighdine is ná hól é. (Ag dul chuige de léim agus ag breith láimhe air) Nach gcuimhníonn tú ar an ngealltanas a thug tú do Dhaid, a dheartháir?
An Brúnach ar leataobh uathu. Iadsan beirt in aice na fuinneoige.

MÁIRTÍN (Ag machnamh; ag cur láimhe ar a bhaithis) An gealltanas a thugas do Dhaid!

CÁIT Is ea. An gealltanas a thug tú dó agus é ag fáil bháis. Nach cuimhin leat é? (Á chroitheadh) A Mháirtín, a deirim! Céard atá ort, a dhuine?

MÁIRTÍN (Ag féachaint amach roimhe, gan aird aige uirthi) An gealltanas a thugas do Dhaid! (Go bríomhar) Ní raibh aon cheart agam é a thabhairt dó –

CÁIT Ó bhí! Bhí! Bhí, a Mháirtín, agus chuile cheart!

MÁIRTÍN Ní raibh aon cheart agam a thabhairt dó. Ní raibh aon cheart aigesean a bhaint díom.

CÁIT A Mháirtín! Ná habair é!

MÁIRTÍN Ní raibh aon cheart aigesean a bhaint díom agus eolas aige nach raibh sé ionam a chomhlíonadh.

AN BRÚNACH M’anam gur tú a chomhlíon – go dtí anois féin.

MÁIRTÍN Is ea, go dtí anois féin – ach feasta – (Go searbh) – baineadh gealltanas díom gan aon bhraon a ól go mbeadh a raibh d’fhiacha ar m’athair íoctha; baineadh gealltanas díom gach uile shórt a dhéanamh do na páistí díreach is dá mba iad mo chlann féin iad.

CÁIT Agus rinne tú é – ní fhéadfadh aon duine a mhalairt a rá leat.

MÁIRTÍN (Gan aon aird a thabhairt) ‘Bíodh súil agat i ndiaidh Bhairbre,’ ar seisean. ‘Tá sí roinnt aerach inti féin ach ’sí is measa liom.’ Sin é an focal deireanach a dúirt sé liom.

CÁIT Ná bí ag cuimhneamh air sin anois, a Mháirtín. Céard a chuir as duit?

AN BRÚNACH (Le Cáit) Cén mí-ádh atá air? Céard atá sé a rá faoi Bhairbre?

MÁIRTÍN Seacht mbliana móra fada dom ag sclábhaíocht agus ag cur mo chroí amach le háit m’athar a thógáil –

AN BRÚNACH (Ag cur isteach air) Agus nach ndearna tú an obair níos fearr ná rinne seisean riamh é?

MÁIRTÍN B’fhéidir é. Ach theip orm ar bhealach nach dteipfeadh ar aon athair dá dhonacht é. Ó! A Thiarna, nach mé a bhí dall!

AN BRÚNACH Theip ort? Cén chaoi?

MÁIRTÍN Téirigh go dtí an cófra úd thall agus féach céard atá ann.
Déanann Cáit amhlaidh. Baineann sí na giobail as.

CÁIT Éadaí Bhairbre! Nach é an trua shaolta é!

AN BRÚNACH (Ag féachaint orthu) Éadaí Bhairbre agus iad stróicthe! Ach cá bhfuil sí féin?

MÁIRTÍN (Go scigiúil) Cá bhfuil sí féin? Léigh é sin agus beidh a fhios agat é. (Síneann sé an scláta chuige.)

AN BRÚNACH AGUS CÁIT (Ag léamh) ‘Tá a fhios agam anois, a Mháirtín, cén fáth gur cheannaigh tú an gúna nua dom – ach tá a mhalairt de chleamhnas déanta agam féin. Tá fúm a dhul go Gaillimh ar an soitheach beag le Cuimín. Féach sa gcófra.’

AN BRÚNACH Cé a cheapfadh go ndéanfadh bean a leithéid de chleas!

MÁIRTÍN (Go magúil) Cé a cheapfadh é! Agus tusa á hiarraidh!

AN BRÚNACH Níl an soitheach imithe fós – nárbh fhearr dúinn á leanúint?

MÁIRTÍN Bíodh an diabhal acu – ach téirigh thusa ina ndiaidh, má thograír.

AN BRÚNACH Cén mhaith domsa dul ina ndiaidh? Ní mise a hathair.

MÁIRTÍN Ní mise a hathair ach oiread leat. (Go searbh) Ó, a Dhia! Nach mé a bhí dall! Agus a cheapadh go bhféadfainn chuile shórt a dhéanamh díreach is dá mba mé a n-athair! Ó, nach mé an pleidhce! (Ag ól.)

AN BRÚNACH Seo, a Mháirtín, téana ar a lorg in éindí liomsa – b’fhéidir go bhfuil aiféala uirthi cheana féin.

MÁIRTÍN Bíodh.

AN BRÚNACH Cé nach dtiocfaidh tú? Is dócha gur olc a tháinig uirthi nuair nár insíodh di fáth mo thurais i dtosach.

MÁIRTÍN (Gan aird ar a ghlór) Tá chuile shórt millte anois aici tar éis an tsaothair go léir. Och! Ní raibh ionam ach amadán! Pleidhce! (Ag breith ar ghloine) Beidh a mhalairt de scéal ann feasta.
Téann Cáit, a bhí ar leataobh ar feadh an achair seo, chuige go tapa agus beireann greim láimhe air.

CÁIT (Go borb) Ní ólfaidh tú é.

MÁIRTÍN Scaoil amach mé.

CÁIT Ní scaoilfead – go n-abróidh tú nach n-ólfaidh tú é.

MÁIRTÍN Fág seo, a deirim.

CÁIT A Mháirtín, a dheartháir! Cuimhnigh ar na páistí! Cuimhnigh ar Nóirín agus ar Mharcas bocht!

MÁIRTÍN Táim rófhada ag cuimhneamh orthu. Is mac le m’athair feasta mé.

CÁIT Agus céard a dhéanfas muide má imíonn tú ar an mbealach sin?

MÁIRTÍN Beag aird a bhí ag d’athair air sin i ndeireadh a shaoil; beag aird a bhí ag do dheirfiúr air ar ball; beag aird a bheadh agatsa air – dá bhfaighfeá faill.

CÁIT Táir ag dul amú. Dhéanfainn do chomhairlese i gcónaí.

MÁIRTÍN (Go scigiúil) Ar nós do dheirféar!

CÁIT Ní hea – ach ar mo nós féin.

AN BRÚNACH (Ag brath ar imeacht) Tá sé chomh maith domsa a bheith ag bogadh.

MÁIRTÍN Fan nóiméad. Beidh mise in éindí leat. (Ag dul go dtí an drisiúr) Tá roinnt airgid agam anseo. Rachaimid isteach go Gaillimh agus mara mbeidh spraoi ann…

AN BRÚNACH Cuir an t-airgead sin i dtaisce.

CÁIT Cuir, a Mháirtín. Tá a fhios agat féin go ndéanfainnse ní ar bith duit.

MÁIRTÍN An ndéanfá?

CÁIT Dhéanfainn go cinnte.

MÁIRTÍN Ní dhéanfá an rud a bhíos a d’iarraidh ar do dheirfiúr a dhéanamh.

CÁIT (Go mall; ag cur na súl tríd) Cá bhfios duit?

AN BRÚNACH (Trína chéile) A Mháirtín! Ná hiarr tada uirthi, a Mháirtín! Ná hiarr aon rud mar sin uirthi… ach tá a fhios agat féin… tá a fhios agat féin nárbh fhearr liom duine acu ná an duine eile.

CÁIT (Go cúthail) Mararbh fhearr…

AN BRÚNACH (Ag féachaint idir an dá shúil uirthi) Mararbh fhearr –

CÁIT Mararbh fhearr… is dócha… is dócha nach turas in aisce a bheas ort…

AN BRÚNACH (Le Máirtín) Seo, a chliamhain, téimis ar an bPátrún.

CÁIT (Le Máirtín) Téanam, a Mháirtín.
Tá Máirtín mar a bheadh sé idir dhá chomhairle in aice an chófra.

AN BRÚNACH ’Bhfuil tú ag teacht ar an bPátrún liomsa agus le mo chéile, a Mháirtín?

CÁIT Téanam. Tá an carr ansin amuigh. Ach beir air sin i dtosach. (Síneann sí an buidéal chuige) Sin é é. Caith in aghaidh an bhalla é.

AN BRÚNACH Bheadh sé náireach a dhoirteadh. Ní ólfaidh sé a thuilleadh de.

CÁIT (Corraithe) Mara n-ólfaidh féin… caith. Caith, a Mháirtín! Caith!

MÁIRTÍN (Ag caitheamh an bhuidéil in aghaidh an bhalla) ’Nois!

CÁIT (Á phógadh) Mo ghrá thú, a dheartháir.

MÁIRTÍN Ní bheidh aon ól ann feasta – ó tá socraithe agat mo chomhairle a ghlacadh – glacfadsa do chomhairlese…
Cloistear fead an tsoithigh bhig. Téann an Brúnach chuig an bhfuinneog agus féachann amach.

AN BRÚNACH Tá an soitheach imithe. Gabhaigí i leith go bhfeicfidh sibh í.
Téann an bheirt eile chuig an bhfuinneog.

CÁIT An bhfeiceann sibh iad ar an soitheach! An bhfeiceann sibh a gúna nua? An bhfeiceann sibh Cuimín? An gcluin sibh na fir ag screadaíl?

MÁIRTÍN Bíodh acu anois.

CÁIT Táid ag dul amach idir na hoileáin cheana féin.

MÁIRTÍN Nach bhfuil tú ag teacht ar an bPátrún linne – liomsa agus le mo chliamhain, an Brúnach?

CÁIT (Ag an bhfuinneog fós) Gearr go mbeidh sí as amharc anois.

AN BRÚNACH (Lena taobh) Ní fada é. Níl le feiceáil anois ach an deatach os cionn an oileáin.

MÁIRTÍN Seo, bímis ag bogadh. Tá an lá caite.

AN BRÚNACH (Ar tí imeacht) Tá sé chomh maith dúinn, in ainm Dé. ’Bhfuil tú réidh, a Cháit?

CÁIT Ní chuirfidh mise aon mhoill oraibh.

MÁIRTÍN Déan deifir, mar sin. Fanfaimid ag an gcarr leat.
Beireann Cáit ar chlóca, srl, agus tosaíonn á gléasadh féin go deifreach.

AN BRÚNACH (Go héadromchroíoch) M’anam féin, a Mháirtín, gur anseo a fhanfas mise léi ar chuma ar bith, agus is fiú í go bhfanfainn léi. Is iomaí bliain a d’fhanas léi. Is iomaí uair a gheall a hathair – ar lámh dheas Dé go raibh sé – dom í. (Beireann sé greim láimhe uirthi). Seo, a Cháit, beimid ag bogadh.
Téann siad amach go mall righin. Máirtín buille beag i dtosach. Cosúlacht ar an mBrúnach go bhfuil sé ag cur de go beo. Cáit ag éisteacht go haireach.

BRAT