Tomás Mac Domhnaill
NA PEARSANA: SORCHA |
an mháthair |
CAOIMHÍN Ó COINNEALLÁIN |
a mac |
ÁINE SÉAMAS Ó LAIMHÍN |
atá i ngrá le hÁine |
NUALA |
an cailín aimsire |
SUÍOMH: Seomra i dtigh feilméara i gContae Mhaigh Eo. Bíodh tinteán ar thaobh na láimhe deise, agus an clabhar os a chionn gléasta go deas. Bord agus leabhair air i lár an tseomra. Sínteán taobh thiar leis an mballa. Leis an mballa céanna bíodh dhá dhoras. i. ceann ar thaobh na láimhe deise, agus ceann ar thaobh na láimhe clé. Bíodh pictiúir thart timpeall ar na ballaí. Bíodh Caoimhín ina shuí ag an mbord ag léamh leabhair.
CAOIMHÍN (Téadh sé chuig an doras ar thaobh na láimhe clé) ’Bhfuilir ag teacht, a Áine?
ÁINE Beidh mé leat gan mhoill. (Suíodh Caoimhín ag an mbord. Tagadh Áine amach. Éiríodh Caoimhín le dul amach.)
ÁINE Suigh síos tamall beag.
CAOIMHÍN Beimid mall ag an tine chnámh.
ÁINE Beidh tú luath go leor.
CAOIMHÍN Is cuma liom go luath nó go mall dom féin, ach tusa…
ÁINE Ní bheidh mise ag dul don tine chnámh anocht.
CAOIMHÍN Ach tá gléasadh agat ort faoina comhair.
ÁINE Ní mar a shíltear a bhítear. Tháinig mo mháthair chugam sular thángais chuig an doras. Dúirt sí liom gan a bheith ar easpa anseo anocht.
CAOIMHÍN Ní thuigim cad é an fáth atá leis sin.
ÁINE Is léir domsa é. Dúirt sí liom go mbeadh Síle Nic Aogáin ag teacht isteach leat chuig tae, ag filleadh daoibh. Níor mhór, ar ndóigh, gach rud a bheith i gceart is i gcóir roimpi. Caithfeadsa fanúint ar a shon sin.
CAOIMHÍN Sin é an chéad fhocal a chualas i dtaobh ise a theacht isteach anseo liomsa.
ÁINE Níl aon mhaith duit a bheith ag iarraidh é a cheilt. Ní i ngan fhios duitse a rinneadh an socrú seo.
CAOIMHÍN Cén ligean orm agus ag iarraidh a cheilt? Ar cheileas aon rud riamh ort?
ÁINE Níor cheil… Níor cheil, a Chaoimhín, go dtí anois. (Go bríomhar) Dá mbeifeá le bean ar bith eile nach ise a phósadh ní bheadh dhá thaobh dhubha ar an scamall.
CAOIMHÍN Ach bheadh taobh amháin de dorcha, an mbeadh?
ÁINE Bheadh taobh de dorcha fad is a bheadh solas i mo shúile nó mothú i mo chroí.
CAOIMHÍN Ní mhaireann treall mar sin i bhfad.
ÁINE Ní treall atá ann. Bhíomar ceanúil agus grámhar dá chéile ón tráth a rabhamar inár bpáistí óga beaga. Níor shíleas go dtí le gairid go mbeadh aon chur isteach orainn go deo.
CAOIMHÍN Táim ag éisteacht leis an iomrá seo i dtaobh mo phósta le scaitheamh anuas. Ach níor smaoiníos féin i gceart ar an gceist go fóill.
ÁINE Ní smaoineochair i gceart ar an gceist sin go Lá an tSléibhe. Bíonn domhan beag dó féin ag an duine a mbíonn an grá ag cur draíochta air. Bíonn fál scáthán thart timpeall air agus cé bith taobh a iompaíos sé ní fheiceann sé ach an grá á shíormhealladh.
CAOIMHÍN Ó, is follasach go raibh tusa ag léamh Dánta Grádha Chúige Connacht! ’Sé an faitíos atá ormsa gur gearr go rabhaimid do do chaoineadh má labhraír chomh binn bog ceansa mar sin le fear ar bith eile.
ÁINE Níl fear eile beo faoi spéartha na hÉireann inniu a labhróinn mar sin leis.
CAOIMHÍN Ar m’fhocal fir duit, a Áine, nár fhéad mé luí leis riamh go rabhamar le scarúint ó chéile.
ÁINE Ina dhiaidh sin is uile tá sé socraithe agat gan fiú is más é do thoil é a rá liom mar gheall air.
CAOIMHÍN Is beag a dúradh liom féin mar gheall air.
ÁINE Cé a tharraing anuas é?
CAOIMHÍN Mo mháthair a chuir in iúl dom ar dtús é. Sílim gur ar do shonsa thar aon rud eile atá sí á dhéanamh.
ÁINE Ar mo shonsa go deimhin! Is beag a chleacht mé uaithi riamh ach an tsúil fheargach nimhe, agus an focal crua mínádúrtha. Is aisteach mínádúrtha an mháthair domsa í. (Siúladh sí go dtí pictiúr fir atá os cionn an chlabhair.) Is uafásach an rud pósadh sa teach seo sé mhí i ndiaidh bhás m’athar bhoicht. (Tógadh sí an pictiúr anuas agus dearcadh sí air.) Anois is feasach mé gur chaill mé mo chrann seasta agus mo chara cléibh an lá a ndeachaigh do chónra chaol fhada amach an doras.
(Beireadh Caoimhín greim ar a gualainn.)
CAOIMHÍN Stad, in ainm Dé, stad den chaint sin.
ÁINE Tig liom a rá gur fear a bhí ionatsa! (Tógadh Caoimhín an pictiúr as a láimh agus fágadh sé ar an mbord é.) Is mithid duitse dul chomh fada leis an té atá ag súil leat ag an tine.
CAOIMHÍN Bascadh ar an tine! (Suíodh Áine ar an sínteán. Siúladh Caoimhín trasna an urláir faoi dhó.) Marach tusa ní dhéanfainn cleamhnas leis an gcailín sin dá bhfaighinn Éire gan roinnt mar spré léi. Dúirt mo mháthair liom nach ar son aon rud a phós sí m’athair ach go raibh sé compordach, agus fós go mba mhaith léi thusa a bheith socraithe in áit éicint as seo feasta.
ÁINE Is ea! Is cuma léi ach mise a bheith as seo. Níl bealach is fusa le mo ruaigeadh ná an cráiteachán sin de mhnaoi a thabhairt isteach inár measc. Ní máthair domsa mo mháthair ach namhaid gan ansacht gan trua orm!
CAOIMHÍN Go maithe Dia duit an méid sin a rá in aghaidh do mháthar. Bí fíorchinnte de seo, nach ndéanfadsa go deo ach socrú ar mhaithe leatsa. Níor chlaonas leis an bpósadh seo ó thús. Tá mo chroí ina choinne. Tá rud éicint ag insint dom – ag rá liom go síoraí nár cheart dúinn scarúint ó chéile. Ach feictear dom nach féidir linn, agus gur mínádúrtha an rud dúinn – agus duitse go háirithe – fanúint mar seo go deo. Is dona go leor ar fhear é, ach tá sé seacht n-uaire níos measa ar mhnaoi gan teach ná dídean léi féin aici i ndeireadh a saoil.
ÁINE Tá saibhreas ag an mnaoi sin. Tá sí cráite giorrach ina theannta sin. Is sleamhain binnbhriathrach a bheas sí leatsa go mbeidh sí go teann agus go dána sa teach seo, ansin cuirfidh sí ina luí orainn míchairdeas a croí istigh – an croí sin atá chomh crua le hinneoin ghabha gan fialas gan charthanas. ’Sé deireadh na hoibre seo go mbeidh ormsa an áit seo agus tusa a fhágáil – tusa a ghráim le grá uasal m’anama – agus bóthar fada fada ár scarúna a thriall go hanróiteach dúchroíoch deorach.
CAOIMHÍN Má bhí fear i dteannta doscaoilte riamh, is mise an duine sin.
ÁINE Tá do chroí á rá leat fanúint mar atáir, agus do thoil ag obair ina choinne sin.
CAOIMHÍN Tá mo thoil agus mo chroí do mo streachailt óna chéile.
ÁINE (Tagadh sí chuig Caoimhín agus cuireadh sí a lámh ar a ghualainn go ceansa. Bíodh brón ar a guth agus labhraíodh sí go stadach) Deartháir dílis muirneach dom ba ea thusa gach tráth agus gach lá riamh… Ní iarrfad ort cuimhneamh ormsa feasta. (Suíodh sí síos ar an sínteán.) Is maith ab fheasach mé nach bhféadfá bheith foighdeach liom i gcónaí… Ní rachad in aghaidh do thola níos mó… Táim réidh le himeacht an lá a bpósfar thú. Níl agam le rá ach… go gcuire Dia beannacht – (Tagadh racht mór caointe uirthi. Breathnaíodh Caoimhín uirthi. Siúladh sé trasna an tseomra uaithi.)
CAOIMHÍN A Thiarna Dia, nach mé an díol trua! (Iompaíodh sé uirthi agus abradh os ard) As ucht Dé cuir díot é sin. B’fhearr liom ola bhruite ar mo chraiceann ná deora mná. (Téadh sé anonn faoina tuairim agus labhraíodh sé léi go báúil séimh) Más mise atá ciontach leis an trioblóid seo, geallaim duit go ndéanfad cúiteamh leat ar a son. Tagadh an mháthair chuig an doras ar thaobh na láimhe deise.
SORCHA Cén mhaistíneacht í seo aicise, nó cén call atá aici a ladar a chur isteach inár gcuid oibre?
CAOIMHÍN Bíodh ciall agat, a mháthair. ’Sé an donas é mara bhfuil cead aici focal a labhairt agus í ag ceapadh go bhfuilimid ag déanamh socruithe a haimhleasa féin.
SORCHA Níl aon cheart aici aon rud a cheapadh! Go deimhin dearfa! (Go húdarásach) Déanfaidh mise aon cheapadh atá le déanamh ina taobh, sa teach seo, agus is fíorbheag ainleoireacht ná ceanndánacht a ghlacfas mé uaithi. (Le hÁine) Éirigh suas as sin, a mhaistín, agus cuir caoi ort féin seachas a bheith ag peataireacht mar sin. (Le Caoimhín) A Chaoimhín, ná bí ag cailliúint do chuid ama léi sin. Tá sé i bhfad thar am agat a bheith ag an tine. Is mór an náire dúinn Síle Nic Aogáin a bheith thíos ansin gan duine le labhairt léi.
Éiríodh Áine agus tagadh sí chuig Caoimhín.
ÁINE Téigh chuig an tine chnámh, a Chaoimhín, gan a thuilleadh moille, agus déan comhairle do mháthar. Faoi choimirce Dé thú. (Pógadh sí é. Stadadh Caoimhín ag machnamh.)
SORCHA Céard atá ort, a Chaoimhín, nach bhfuilir ag déanamh deifre amach? (Ardaíodh Caoimhín a cheann. Breathnaíodh sé ar a mháthair agus ansin ar Áine. Imíodh sé amach go mall. Bíodh Áine ag breathnú air ag dul amach dó agus ar an doras i ndiaidh imeachta dó.)
SORCHA Shílfeadh duine gur dealbh mharmair atá ionat.
ÁINE Ar mhiste leat insint dom céard atá uait liom?
SORCHA Téigh agus cuir caoi ort féin. Beidh comharsa ag teacht isteach anseo am ar bith, agus ná bí i do smearachán mar sin roimhe.
ÁINE Is cuma liom agus is cuma daoibh gléasta nó a mhalairt dom ón oíche seo amach.
Buaileadh an cailín aimsire an doras.
SORCHA Céard sin?
NUALA Tá Séamas Ó Laimhín anseo, is ba mhaith leis thú a fheiceáil.
SORCHA (Ag bagairt ar Áine agus ag cogarnaíl) Deifir, deifir, téigh isteach ansin go luath! (Imíodh Áine isteach ina seomra.)
SORCHA Abair leis teacht isteach. (Tagadh Séamas isteach.) Fáilte romhat, a Shéamais Uí Laimhín! (Croitheadh sí lámh leis.)
SÉAMAS Go maire tú, a bhean chóir! (Suíodh sé síos.)
SORCHA Cén scéal is fearr dá bhfuil agat, a Shéamais?
SÉAMAS An scéal atá eadrainn féin, ar ndóigh. ’Sé an scéal is fearr dár chualas fós.
SORCHA Tá na daoine óga seo an-tugtha dá chéile. Ní mó ná go maith a thaitníos athrú ar bith leo.
SÉAMAS Bhíos ag caint le Caoimhín agus é ag dul don tine chnámh. Níor lig sé air go raibh a fhios aige cá rabhas ag teacht!
SORCHA Níor inis mé dó go raibh aon choinne agam leat ar chor ar bith.
SÉAMAS Ach ní thig linn aon socrú a dhéanamh i ngan fhios dósan.
SORCHA Ní rachaidh seisean in aghaidh mo mhéine. Tá a fhios agam an méid sin.
SÉAMAS Cén meas atá ag Áine ar an gcleamhnas seo?
SORCHA Is beag breithiúnas a bhíos ag daoine óga faoina leithéid seo d’ócáid. Níor dhúras tada léi ina thaobh go mbeidh ár gcuid féin déanta againne.
SÉAMAS B’fhearr liom dá mbeadh a fhios aici anois é.
SORCHA Nuair a bhí mise a comhaois is beag a insíodh dom; níor dúradh fiú is ‘más é do thoil é’ liom. B’éigean dom comhairle na seanóirí a dhéanamh gan míle buíochas dom. Nach raibh níos mó céille agus breithiúnais acusan ná a bhí agamsa!
SÉAMAS Ní domsa teacht leat ná dul i do choinne sa méid sin ach b’fhearr liom dá mbeadh a fhios ag d’iníon fáth mo chuairte sula ndéanaimis a thuilleadh.
SORCHA Ní dhéanfaidh sé aon idirdhealú ann nó as di. (Éiríodh sí. Osclaíodh sí doras Áine agus abradh sí léi theacht amach. Tagadh Áine i láthair.)
ÁINE Fáilte romhat, a Mhic Uí Laimhín. (Tugadh sí a lámh dó.)
SÉAMAS Go raibh maith agat, a Áine. (Suídís.) Deir do mháthair liom nach raibh a fhios agat go rabhas le cuairt a thabhairt anseo anocht, agus freisin nach bhfuil a fhios agat cén t-údar atá fúm.
ÁINE Tá barúil mhaith agam air; bíonn éisteacht ag na ballaí cloiche féin an aimsir seo.
SÉAMAS Admhaím go dtagann úrbheocht ar a lán rudaí arís, tráth mar seo, ach beidh faill againn caint faoi sin, tá súil agam. ’Bhfuilir sásta leis an gcleamhnas, a Áine?
SORCHA Ní fheicimse cén fáth nach mbeadh.
ÁINE B’fhéidir gurb é is fearr a bheith amhlaidh. ’Sé toil mo dhearthár é, agus toil mo mháthar, agus is cosúil gurb é do thoilse é chomh maith. Níl neart a athraithe agamsa, is dá mbeadh féin, níor cheart dom á dhéanamh.
SORCHA Tá níos mó céille sa bhfreagra sin ná —. Tá an freagra sin sásúil go maith.
SÉAMAS Níl sé sásúil domsa. (Le hÁine) Abair ó do chroí amach go bhfuilir i bhfabhar an chleamhnais nó ina choinne.
SORCHA Ní shílim go dtig le hógbhean ar bith labhairt níos soiléire ná mar a labhair sise.
SÉAMAS Is eol dom nach furasta d’ógbhean a cuid smaointe a nochtadh i láthair fir, go háirithe nuair is ceist í a chuireas buaic nó scrios ar an gcuid eile dá saol. (Le hÁine) A Áine, tig leat a rá go soiléir go bhfuilir toilteanach, má tá.
ÁINE Cén chaoi a bhféadfainn aontú go toilteanach leis an gcleamhnas a chuirfeas mé féin ar fán ar seachrán ar an saol seo?
SORCHA Ba cheart go mbeadh bród ort, a chailín. Mise i mo bhannaí duit gur fearr duit glacadh le réiteach do leasa.
SÉAMAS (Ina sheasamh) Ní ar fán ná ar seachrán a bheas tú, a ghrá gheal, fad is a bheas neart i mo ghéaga, nó an braon dearg i mo chroí. (Téadh sé anonn faoi thuairim Áine. Éiríodh sise agus imíodh sí siar uaidh.)
SORCHA Cén ainleoireacht í seo agat? (Éiríodh sí.) Cén call atá leis an alamaisíocht seo? (Suíodh Séamas síos.) Tá tú tar éis a rá linn go bhfuilir sásta.
SÉAMAS Glac do shuaimhneas, a bhean chóir. (Suíodh an mháthair.)
ÁINE (Go neamheaglach) Cén t-údarás atá agatsa labhairt mar sin liom?
SÉAMAS Tá togha agus rogha na bpríomhúdarás agam. Sa gcéad chás de thugas grá agus searc mo chroí duit, chuir mé an méid sin i gcéill do do mháthair, óir ba mhaith liom an rud fearúil a dhéanamh agus iarraidh ort mo phósadh. Tháinig mé le labhairt leat anseo anocht le toil do mháthar. Bhí a fhios agatsa fáth mo theachta de réir mar a d’admhaís. D’admhaís chomh maith go rabhais sásta liomsa mar fhear céile. Cad chuige do tharraingt siar?
ÁINE Chomhlíonas gach rud tábhachtach dár gheallas riamh. Níor gheall mé duitse go mbeinn sásta leat, nó le haon fhear beo, mar fhear céile.
SÉAMAS Marar gheallais, tá mise bodhar nó as mo chéill!
SORCHA Thug tú do gheall, agus marar thug féin, caithfidh tú mo chomhairlese a dhéanamh.
ÁINE Is mínádúrtha mífhearúil an beart orm é ag an mbeirt agaibh!
SÉAMAS (Ag éirí) Ní chuirfead.
SORCHA Suigh síos, a Shéamais Uí Laimhín. Fág fúmsa é seo. (Le hÁine) ’Bhfuil sé de dhánacht ionat gan glacadh le mo chomhairle! ’Bhfuil sé de cheanndánacht ionat gan déanamh mar a deirim leat!
ÁINE Ba dhona an mhaise duit é an fear sin a thabhairt chuig an teach seo le mo chinniúint a shocrú i ngan fhios domsa. Shíleas gur faoi chleamhnas Chaoimhín a labhair sibh go dtí anois. D’aontaíos le cleamhnas Chaoimhín cé gur saighead trí lár mo chléibh é… Ní aontód lena thuilleadh de.
SORCHA Inis dom céard atá agat in aghaidh an fhir seo. Cá bhfaighidh tú a shárú?
ÁINE Is mar a chéile gach fear domsa, cé is moite de mo dheartháir.
SORCHA ’Bhfuil rud ar bith agat i gcoinne Shéamais?
ÁINE Níl aon rud agam ina choinne.
SORCHA Ní fhéadfá aon rud a chur ina choinne. Tá sé sách maith d’ógbhean ar bith sna seacht bparóistí.
ÁINE Níor thug mé grá don fhear nó d’aon fhear eile ach Caoimhín agus m’athair agus ní thabharfad don lá a síntear sa gcré mé.
SORCHA Is ea! Grá go deimhin. Nach sinne atá ag éirí práisciúil? Nuair a bheas cúram tí ort, is beag seafóid a bheas ag dul trí do cheann. Is beag grá a thug mise d’éinne riamh ach do mo mhac.
ÁINE Is maith is eol dom sin.
SORCHA Measann tú gur as grá a phósas an fear sin? (Tógadh sí an pictiúr atá ar an mbord.) Níorbh ea. (Caitheadh sí an pictiúr ar an mbord.) Agus réitíomar le chéile chomh sásúil le haon lánúin eile sa bparóiste. Ghlacas leis an leagan amach ab fhearr dom, agus caithfidh tusa an rud céanna a dhéanamh.
ÁINE Tá gach dúil i mo chroí – tá gach céadmhothú i mo phearsa in aghaidh na hoibre seo!
SÉAMAS Más é sin d’fhocal deiridh, is leor domsa é. Ní mise an fear a bheadh neamhthrócaireach ar mhnaoi agus í faoi neamhthrócaire dhoscaoilte i dteannta. (Éiríodh sé le himeacht.)
SORCHA Is breá iad do chuid focal, dá mbeadh ciall leo, a Shéamais Uí Laimhín. Is beag eolas atá agatsa ar bhéasa is ar ealaín na mban! Dá dhánacht iad a bhfocla, is giorra dóibh géilleadh agus a gceanndánacht a leá faoina ndeora. Tiocfaidh gach maith le cairde. Suigh san áit a rabhais.
ÁINE Suigh síos, a Mhic Uí Laimhín. Níl aon fhaitíos orm roimh fhear cneasta láidir.
SORCHA Is ea! Tá an stoirm á laghdú anois. Bhí a fhios agam gur mar sin a bheadh.
ÁINE Ní mise ba chionsiocair leis an stoirm a ardú. Agus fágtar faoi chiúnas anois í.
SORCHA Tuige nach ndearnais mo chomhairle sa gcéad dul síos, agus níor ghá a leithéid de ráfla?
ÁINE Is beag an mhaith ráfla nó clampar.
SÉAMAS An admhaír go rabhais ag déanamh dearmaid?
ÁINE Ní dhearnas aon dearmad. Ach ó tharla nach i láidreacht an ghlóir a bhíos brí na cainte, is fearr liom mo fhreagra a chur ina luí ort go ciúin is go ciallmhar.
SÉAMAS Tabhair dom an freagra sin, le do thoilse.
SORCHA Is fearr duit cuimhneamh ort féin anois seachas riamh, a chailín bháin, mar is daor a íocfas tú as, má leanann tú den easumhlaíocht.
ÁINE Ní dual athar dom dímhúineadh nó easumhlaíocht ina n-áit cheart féin ach –
SORCHA Dhe! Cá bhfios duitse céard is dual athar nó máthar duit? Cá mbeifeá anocht, marach mise? I do chailín aimsire nó i dtigh na mbocht, b’fhéidir!
Tagadh Caoimhín isteach. Ritheadh Áine chuige agus pógadh sí é.
ÁINE Solas na bhFlaitheas chugam thú, a dheartháir chroí!
SORCHA Cá bhfuil Síle Nic Aogáin, a Chaoimhín?
CAOIMHÍN Níl sí le theacht.
SORCHA Tuilleadh den tubaiste anuas ar a mullach, b’fhéidir. (Le hÁine) Tar i leith anseo chugam tusa. (Éiríodh Séamas agus labhraíodh an bheirt fhear le chéile. Bíodh easpa anála ar Shorcha. Téadh an bheirt bhan don taobh clé den ardán.) Cuimhnigh… cuimhnigh, a chailín, ar an obair a bhí ormsa le mo linn go dtí anois. Ag obair agus ag ropadh… go minic ó dhubh go dubh ag iarraidh roinnt… roinnt éicint maoine a chur le chéile do mo mhac… agus duitse. Rinne mé sin fad is a bhí mé… in ann a dhéanta. Dá nglacfá trua féin liom, ní bheadh sé orm a bheith á achainí ort imeacht ar… ar bhealach do leasa. Sin fear cóir lách nach bhfaighidh tú a shárú… Cén díth céille atá ort nach ndéanann mar a dhéanfadh cailín… ar bith eile sa bparóiste. Téigh anonn agus abair leis…
CAOIMHÍN De réir mar a thuigim, tá ort tairiscint Shéamais a dhiúltú nó glacadh leis. (Suíodh an mháthair ag an mbord.)
ÁINE Ar do shonsa thar gach éinne, ar son mo mháthar, agus deir sibh ar mo shon féin, go mba cheart dom glacadh lena thairiscint. Tá mo dhualgas daoibhse orm, agus mo dhualgas dom féin. Cé acu sin a chomhlíonfas mé?
CAOIMHÍN An dualgas is gaire do do chroí féin.
ÁINE ’Sé an dualgas é sin gan scarúint leatsa go deo.
SORCHA An tusa nó mise máistreás an tí seo?
ÁINE Tusa máistreás an tí. Mise máistreás mo cholainne agus m’anama féin.
SORCHA Faoi choimirce Mháthair na Trócaire go raibh mé.
ÁINE (Le Caoimhín) Tráth nach mbím in éineacht leat féin, bíonn do phictiúr ag síorlonrú i mo chuimhne. Bíonn tú go síoraí i m’intinn maidin is tráthnóna, de ló is d’oíche. Níor thug mé grá neamhbhuan na colainne d’aon fhear. Ach thugas grá uasal m’anama duitse. Dá uaisleacht í an ócáid, is gile i mo chuimhne thú. Ar mo ghlúine ag glacadh na Comaoineach Beannaithe dom ní féidir liom gan smaoineamh ort, agus ní shílim gur peaca dom é. Ní bhainfear do phictiúr as mo chuimhne go n-itheann na péisteanna san uaigh as m’intinn é. Mo fhreagra duitse, a Mhic Uí Laimhín: Fad is a bheas féar ag fás nó muir thart timpeall Éireann, ní chuirfidh tú fáinne ormsa.
CAOIMHÍN ’Bhfuil díreacht do dhóthain sa bhfreagra sin, a Shéamais?
SÉAMAS Ní fhéadfaí freagra níos cruinne ná níos dírí a thabhairt.
CAOIMHÍN Fear atá ionat, má thomhais mé i gceart thú. Níor mhaith liom aon rud míthaitneamhach a tharlú sa teach seo anocht. Iarraim ort mar fhear agus mar chara imeacht lom láithreach!
SÉAMAS Cad a deir tú faoi do dheirfiúr?
CAOIMHÍN Níl an bhean ná an fear sin beo a chuirfeas idir mo dheirfiúr agus mise ón lá seo!
SÉAMAS Is geanúil agus is misniúil an abairt atá ráite ansin agat. Fágaim slán agus beannacht agat. (Croitheadh an bheirt fhear lámh le chéile. Le hÁine) Tá aiféala orm gur chuireas as duit anocht, a Áine. Ná tóg go rómhór orm é.
ÁINE Faoi choimirce Dé thú! (Imíodh Séamas as an seomra.
Dúnadh Caoimhín an doras.)
SORCHA (Éiríodh sí agus í ar crith le teann feirge) Tabhair an leaba ort féin anois, a chailín… Seo í an oíche dheiridh a chodlós tú sa teach seo… Maidin amárach… imeoir amach an doras sin… agus mo sheacht mallacht anuas ar do cheann! Imigh leat féin as m’amharc. (Imíodh Áine isteach ina seomra.)
CAOIMHÍN Ní maith liom an focal crua a chasadh leat, a mháthair, ach is dúchroíoch gránna an mhaise duit an rath atá curtha agat ar an gcailín sin! Maidin amárach imeoidh mise amach an doras sin léi. Agus cuir do sheacht mallacht ormsa, más breá leat é! (Imíodh Caoimhín amach doras na láimhe deise.)
SORCHA Mo mhac féin… do mo mhaslú anois! (Ardaíodh sí a dhá lámh.) A Mhaighdean Bheannaithe… Céard a rinne mé ort riamh… gur chuir tú an méid seo orm. Mo mhac féin do mo scláradh… do mo scláradh lena chaint! (Bíodh sí ag siúl go mall don doras ar thaobh na láimhe deise.) An mac a d’oil mé ag mo bhrollach! An mac a d’oil mé ag mo bhrollach! An mac a tharraing a bheatha as mo… as mo chuislí! (Titeadh sí ina cnap ar an ardán. I gceann leathnóiméid osclaíodh sí a súile. Bíodh Áine os a comhair agus abradh an mháthair agus scanradh uirthi) Áine Ní Ruairc !… (Glaodh Áine ar Chaoimhín. Cuireadh an bheirt acu ar an sínteán ina suí í.)
ÁINE Fan ansin thusa go bhfaighid bainne te di. (Imíodh sí. Bíodh an mháthair ag cneadach agus í go fann lag. Cuimlíodh Caoimhín a héadan lena naipcín póca. Tagadh Áine leis an mbainne te.)
ÁINE Ól braon de seo, a mháthair. (Óladh sí an bainne.)
SORCHA Déanfaidh sin, a leanbh. Maith dom é, a pháistí chroí, an méid a dúirt mé libh. Ba shuarach an tseanbhean agus ba bheag le rá mise, dá n-imeodh sibhse uaim.
ÁINE Caithfidh tú a insint dom an fáth a bhí agat leis an sloinne sin ‘Ó Ruairc’ a thabhairt ormsa.
SORCHA Tar anseo chugam, a leanbh. Ba cheart a bheith inste agam duit fad fadó. Bhí mé ag dul in aghaidh an ghrá atá in bhur gcroíthe dá chéile. Bhíos ag dul in aghaidh tola Dé. Ní deirfiúr do Chaoimhín thusa, nó ní iníon domsa thú – fan mar atá tú in aice liom.
ÁINE ’Bhfuil a fhios agat céard atá ráite agat, a mháthair? Nach deirfiúr do Chaoimhín mise!
SORCHA Nuair a pósadh athair Chaoimhín agus mise bhí feilm aigesean i gContae Shligigh. Bhí d’athair agus do mháthair ina gcónaí ar an gcéad fheilm eile dúinn. Bliain is fiche ó shin tig an Lúnasa seo chugainn chuaigh d’athair agus do mháthair do chois na farraige ag Inis Screamhain. Ní raibh tusa ach trí bliana an tráth sin.
ÁINE Tuige ar fhág mo mháthair mise ina diaidh?
SORCHA Tráthnóna gréine – an tráthnóna sular imigh do mháthair – tháinig sí ar cuairt chugam. Bhí Caoimhín trí mhí níos sine ná thusa. Nuair a bhí do mháthair ag imeacht bhí an bheirt agaibhse ag baint bláthanna sa bpáirc mar ba ghnách libh. Rug Caoimhín ar do láimh agus chuaigh an bheirt agaibh isteach sa teach. D’iarr mé ar do mháthair an bheirt agaibh a fhágáil le chéile fad is a bheadh sise ag an bhfarraige… Agus d’fhág sí thusa faoi mo chúram. Lá dá ndeachaigh do mháthair agus d’athair anonn go Cill Ala fuair an bádóir a bhí acu an iomarca poitín thall agus bháigh sé an triúr acu ag teacht abhaile dóibh. Dhíolamar an fheilm i Sligeach. Thángamar anseo go Contae Mhaigh Eo.
ÁINE (Le Caoimhín) Ní deirfiúr duitse mé ar chor ar bith.
CAOIMHÍN (Go gliondrach) Buíochas mór le Dia! A mháthair, ’bhfuil aon ghaol idir Áine agus mise?
SORCHA (Bíodh sí ag imeacht as an seomra) Níl aon ghaol fola. Fágaim mo bheannacht agaibh anois, a pháistí. (Seasadh Caoimhín.)
ÁINE (Siúladh sí cúpla coiscéim uaidh) Ó, a Chaoimhín, tá brón agus náire orm.
CAOIMHÍN Ná bíodh brón ná náire ort, a ghrá bhán. Anois beidh toradh ár ngrá dá chéile againn, agus ní scarfaimid óna chéile go deo.
Bíodh sé ag druidim le hÁine nuair a ligtear anuas an brat go tobann.
BRAT