Séamus de Bhilmot
NA PEARSANA: SEÁN Ó MATHÚNA |
feirmeoir |
MÁIRE |
a bhean chéile |
MÍCHEÁL Ó MATHÚNA |
an mac is óige (ar a choimeád) |
TOMÁS |
an mac is sine (atá ina oifigeach in Arm an tSaorstáit) |
SUÍOMH: Faoin tuath i gCiarraí. Timpeall 5.30 i.n., tráthnóna i mí na Nollag 1922.
Tá Máire ina suí ar stól in aice na tine. Í timpeall deich mbliana is daichead d’aois, í tanaí, ciúin agus a gruaig beagáinín liath. Blús dubh agus sciorta ar an dath céanna uirthi. Naprún uirthi chomh maith. Tá an tine ar an taobh clé (istigh) den stáitse. Ar thaobh amháin den tine tá bord agus dhá chathaoir in aice leis. Tá clog ar an mbord. Ar chúl an stáitse tá doras agus laiste air. Amuigh, ach nach féidir é a fheiscint, tá casán ag teacht anuas ón mbóthar, mar a bhfuil geata, go dtí an doras. Ar an taobh deas den stáitse tá doras seomra. Láimh leis sin ach níos gaire do thosach an stáitse tá drisiúr ina sheasamh agus cófra mar bhonn faoi.
MÁIRE Leathuair tar éis a cúig. Ní fheadar cad tá a choimeád féin. Ar ndóigh, ba cheart dó a bheith ag baile le leathuair a’ chloig. Ní maith liom é a bheith amuigh déanach. Ní féidir liom fanacht socair. Tá uamhan istigh i mo chroí mar chomh cinnte is atá Dia ann tháinig sé trasna ar na Duilleánaigh ar an tsochraid agus má tháinig… Níl aon smacht aige ar a chuid feirge.
Siúlann sí mórthimpeall. Cloistear fothram capaill is cairr amuigh. Éisteann sí agus ritheann go dtí an doras.
MÁIRE Ó, seo anseo é sa deireadh. (Osclaíonn sí an doras.) An tusa atá ansin, a Sheáin?
Tagann Seán Ó Mathúna isteach. Fear ard liath é, suas le trí fichid bliain d’aois. É tanaí agus dealramh neirbhíseach air. Tá cúpla deoch ólta aige ach ní déarfaí go raibh sé ar meisce. Tugann sé faoi deara an imní atá ar a bhean.
SEÁN Is ea. Cad é mar scéal é? Cad é an diabhal rud atá ortsa, pé scéal é?
MÁIRE Cad a choimeád tú? Bhí iarrachtín d’imní ag teacht orm.
SEÁN Imní, an ea? An amhlaidh gur cheapais go raibh aon rud bunoscionn liom? Ní raibh, geallaimse duit é sin. Ní raibh, dar Dia, ná ní bheidh ach chomh beag. Caithfidh mé Pollaí a scor. (Téann amach.) Fan socair, a Phollaí. Dar Dia, ní raibh.
MÁIRE Tá rud éigin bunoscionn leis. Tá a fhios agam sin. Ní fheadar an amhlaidh gur bhuail sé le Muintir Dhuilleáin. A’ mbeidh síocháin againn choíche arís sa teach seo nó a’ mbeidh ár Mícheál féin ag baile againn go deo?
Tagann Seán isteach le húim an chapaill.
SEÁN Bhuel – féach orm. ’Bhfuil aon rud bunoscionn liom? Níl – tá féith ionam fós, a Mháire, deirim leat é sin.
MÁIRE Tá rud éigin ar t’aigne.
SEÁN (De ghuth níos airde) Níl… a deirim… níl. Táim chomh maith d’fhear le héinne beo – sa pharóiste seo – pér domhan é. Ach tabhair dom braoinín.
Téann a bhean go dtí an cófra á sholáthar dó. Suíonn sé féin ar chathaoir in aice an bhoird.
SEÁN A Mháire, nílim chomh hóg agus a bhínn tar éis an tsaoil. Nílim, a Mháire.
MÁIRE Ní ag dul in óige atá éinne againn. Mhuis!
SEÁN Féach, a’ mbíonn tú choíche ag machnamh ar an talamh is ar an bhfeirm?
MÁIRE Ní bhím. Bíonn a mhalairt de chúram orm.
SEÁN (Ag leanúint air) Nach ait an rud é tar éis an tsaoil – rud míorúilteach is ea é – a bheith ag obair ar an bhfód céanna mar a raibh t’athair agus do sheanathair ag sclábhaíocht romhat, mar ar dheineadar ísleán de gach ardán.
MÁIRE Dá mbeadh duine ag obair go crua ní ar a leithéidí sin a bheadh sé ag cuimhneamh.
SEÁN Ní fheadar. Brúnn smaointe den saghas sin isteach orm go minic de m’ainneoin féin. Uaireanta, a Mháire, agus mé ar an bportach ag ól braoinín tae, nó ag tarraingt mo sheanphíopa thuas ansin ag Ard an Bhóthair agus boladh an fhéir nuabhainte mórthimpeall orm, mothaím na sprideanna a bheith ar fud na háite. Á, a bhean, maidin shamhraidh agus an ghrian ina meall órga sa spéir thoir, ag féachaint dom ar an móinéar naoi n-acra úd in aice na habhann agus é aibí, ullamh chun bainte, mothaím an rud céanna.
Tugann a bhean deoch dó. Slogann sé siar é. Suíonn sí ar chathaoir in aice an bhoird.
SEÁN A Mháire, tá a fhios agam ná tuigeann tú mé. Níor rugadh agus níor tógadh tusa mar a deineadh mise… gan de shaol agam sa domhan seo ach an fheirm seo – agus ní raibh ag déanamh tinnis do m’athair bocht ar leaba a bháis ach ná féadfainn obair na feirme a dhéanamh… agus anois i ndeireadh na dála…
MÁIRE Táimid gan éinne i gcabhair orainne. Tá an gearrcach deireanach imithe ón nead – Mícheál bocht – agus é amuigh ar a choimeád áit éigin ar na sléibhte. Ach chuireas fios ar Thomás i mBaile Átha Cliath agus tiocfaidh sé agus socróidh sé an scéal seo ach… a Sheáin, tá buairt éigin ar t’aigne tar éis an lae. Tá, inis dom é –
SEÁN Níl, a bhean. Níl ach –
MÁIRE Ach – cad é – a Sheáin?
SEÁN Níl, a Mháire… ach dar Dia! tá fonn maraithe orm anois.
MÁIRE Cad tá ort, a Sheáin? Ar son Dé, inis dom é.
SEÁN (De ghuth garbh crua) Mo mhac féin dá dtagadh sé idir mé agus an casán sin anois leagfainn gan trua gan taise fuar marbh ar an iarta ansin os comhair mo shúl é.
MÁIRE Ciúnaigh tú féin, suigh síos.
SEÁN Ní shuífead… deineadh taibhreamh ait dom aréir – bhíos ag taibhreamh ar m’athair agus ar mo mháthair – gura bog a leapacha sna flaithis anocht… Ní thiocfaidh aon mhaitheas as. Cheapas gur tháinig m’athair bocht an doras isteach agus gur thóg sé leis an seanghunna sin a bhíodh ar crochadh ar an mballa. Bhí sé chomh bán lem’ léine. Dhein mo mháthair iarracht ar é a stopadh ach níor éirigh léi. Ansin bhí sí ag gol – dhúisíos ansin agus cúiríní allais le m’éadan. Titfidh rud éigin uafásach amach.
MÁIRE Ní thitfidh… Ná bac tharat na taibhsí sin.
SEÁN Bodaigh, báillí agus clanna báillí – ní féidir le fear cur suas leo agus ní mó ná sin is féidir le Mathúnach; ach – (De ghuth íseal) – cad é an mhaith é gan chabhair, gan chúnamh. Á! Dia leis na laethanta nuair a bhí a ghunna féin ag gach duine –
MÁIRE A Sheáin! An casán atá ag goilliúint ar t’aigne arís. Caith chucu é agus nára maith an mhaise dóibh é. Ach fan go mbeidh na cúirteanna arís ann.
SEÁN Cúirteanna, an ea! Ní raibh Mathúnach riamh cleachtach ar chúirt agus níl duine acu ag cuimhneamh ar thosú anois. Cúirt dlí do bhodaigh a raibh sé d’éadan acu dul go dtí sochraid Thaidhg Fhínín agus a dhein iarracht ar mé a bhualadh ann!… ach, m’fhocal duit gur thugas a ndóthain dóibh. ‘Glan leat as an tslí,’ arsa duine acu nuair a chuaigh an dá charr in achrann agus sinn ag teacht amach ar an macha. Thugas an fhuip díreach trasna an mhuiníl dó. Thángthas eadrainn. De ghuth íseal dúirt duine acu go bhfaighidís sásamh fós… Sásamh! Dar Dia! Táimse ró-oilte sa chluiche sin. Is féidir liom mé féin a chosaint chomh maith le héinne.
MÁIRE Ach, a Sheáin, ní féidir leat… Tá an t-achrann seo do do mharú agus ní taise domsa é. Tá na héadaí ag titim anuas dem’ chnámha. Néal codlata ní thagann ar mo shúilse agus t’iníon bhocht Brídín thall i Sasana – an leanbh bocht i measc na strainséirí – cuirfidh sé deireadh léi sin.
SEÁN Níl leigheas agam air, a Mháire. Ná cáin mise. Cáin an t-athair agus an mháthair a bhí agam. Cáin an chumhacht a thug an radharc dom chun na ba a fheiscint ag teacht abhaile maidin dhrúchtmhar shamhraidh, agus na cluasa dom a bheith ag éisteacht leo agus iad ag iníor go breá, bog, réidh, oíche fhómhair i bpáirceanna ciúine. Cáin an chumhacht sin. Ná cáin mise. Fág i m’aonar ar mo bhóthar féin mé in ainm Dé… Braoinín eile, a Mháire.
Téann sí suas chun an tseomra chun é a fháil dó.
SEÁN (Ag caint leis féin) Thuas ar ghallán an gheata a fuaireas é… gunna tarraingthe air…
Tagann a bhean agus tugann an deoch dó.
MÁIRE Seo duit, a Sheáin, agus bíodh foighne agat.
SEÁN Dar Muire, ní bhfaighid aon chasán uaimse ach thar mo chorp fuar marbh. Ní raibh Mathúnach lagmhisniúil riamh, ná ní raibh bothán póilíní ar a fheirm ach chomh beag. Ní stopfaidh éinne mé. Bean ná clann, is cuma.
MÁIRE Cad a dhéanfair, a Sheáin?
SEÁN Cad a dhéanfad, an ea? (Go mall) A Dhia na bhFlaitheas, mo mhallacht oraibh agus ar bhur mbailiú gunnaí a fhágann duine gan slí a chosanta féin. Ach… ach chuireas fios ar mo mhac agus tiocfaidh sé.
MÁIRE Cé hé…? Mícheál, an ea?
SEÁN Cé eile? An amhlaidh go mbeinn ag glaoch ar strainséirí ag gabháil an bhóthair. Ar ndóigh, ba chóir gur anseo a bheadh sé gualainn ar ghualainn lena athair féin ach níor fhéad sé fanacht leis na spídeoirí. Cheapadar gur mar sin a lagófaí mé. A bhean… mothaím sprid ait, aerach ionam anocht – sprid an Land League – agus tiocfaidh Mícheál. Tiocfaidh sé i gcabhair ar a athair. Tiocfaidh… Buailtear cnag ar an doras agus tagann Mícheál Ó Mathúna, a mhac, isteach. É feistithe mar a bheadh duine den I.R.A., agus piostal ar a chrios aige. Pógann a mháthair é. Le linn oscailt an dorais, cloistear dordán leoraí. Féachann Mícheál siar thar a ghualainn.
MÁIRE Fáilte romhat, a mhic, go dtí do theach féin arís.
SEÁN Áit ar cheart dó a bheith gan beann ar éinne.
MÁIRE Conas taoi, a Mhíchíl? Féachann tú tuirseach traochta.
MÍCHEÁL Tá beagáinín tuirse orm. Tá turas fada siúlta agam. Thiar i mBaile an tSléibhe is ea a fuaireas do theachtaireacht, a Dhaid.
SEÁN Agus thángais?
MÍCHEÁL Cad ina thaobh ná tiocfainn? Dá mbeadh an paróiste dubh le harm an tSaorstáit thiocfainn agus, dála an scéil, tá siad mórthimpeall. Éist leis an leoraí sin. Níl sé i bhfad uainn. Éist! Tá sé ag bolaíocht timpeall faoi mar a bheadh sé ar strae. Ó, is ea, cuireann an leoraí i gcuimhne dom é. Tá Tomás seo againne in arm an tSaorstáit.
MÁIRE Cad é! Agus níl coicís ann ó scríobhas chuige ag iarraidh air teacht abhaile. (Chíonn an mháthair an piostal ar a chrios.) Cad é sin ar do chrios agat? Cuir uait é. Cuir uait é.
Cuireann Mícheál in aice an bhoird é agus féachann a athair go géar air.
SEÁN ’Bhfuil sé lódáilte?
MÍCHEÁL Tá.
MÁIRE Gheobhad rud éigin le hithe duit. Suigh síos. Ní fada a bhead anois.
Téann sí suas chun an tseomra.
MÍCHEÁL Bhuel, a Dhaid, cad tá ort?
SEÁN An seanscéal, a mhic. Tá na Duilleánaigh ar mo thóir agus táid láidir, agus táimse ag dul in aois. Caithfead an casán a thabhairt suas dóibh agus má dhéanaim… Ní mhairfead i bhfad. Bhrisfeadh sé mo chroí… agus ar ndóigh caithfead. Níl de shlí chosanta agam ach píce.
MÍCHEÁL Táimse ann, a Dhaid.
SEÁN Tá a fhios agam, a mhic, ach ní féidir leat fanacht agus bead i m’aonar arís ó lá go lá ag éisteacht lena gcuid achasán, agus mé gan chabhair gan chúnamh sa saol seo, agus do mháthair ag tathant orm gach lá é a thabhairt suas dóibh le grá an réitigh. Ní thuigeann sí an scéal. Ó, is uafásach an rud móráil na Mathúnach… ach bhí an mhóráil faoi mo chosa agus bhíos chun é a thabhairt dóibh go dtí inniu.
MÍCHEÁL Cad a thit amach inniu?
SEÁN Tá an bhoige imithe díom; orlach ní bhfaighidh siad anois. Mhaslaíodar mé os comhair an phobail ar shochraid Thaidhg Fhínín. Bhagraíodar orm agus…
Téann suas chun an tseomra mar a bhfuil a bhean.
MÍCHEÁL Fuil, fuil arís… Doirteadh agus díoltas fola. A’ mbeidh a mhalairt choíche againn sa tír seo?
SEÁN (Tagann anuas as an seomra agus blúire páipéir ina láimh) Féach air sin… Thuas ar bharr ghallán an gheata is ea a fuaireas é. Léigh é.
Léann Mícheál é.
SEÁN Tá siad ag éirí simplí ina gceann. An gceapann siad gur rud suarach gan sprid gan mheanma mé? An obair sin a stopadh – sin é mo ghnó díotsa.
Cloistear dordán an leoraí arís. Cuireann Mícheál cluas air féin.
MÍCHEÁL Tá an leoraí sin ag druidim linn.
SEÁN Ná bac an leoraí. Bíonn siad ag bolaíocht mórthimpeall go minic. Tiocfaidh na Duilleánaigh anocht tar éis choimheascar an lae inniu. Síleann siad go bhfuilimse i m’aonar. Tuigeann tusa níos fearr ná mar a thuigimse conas é seo a chosc. Ná tabhair le rá dóibh gur ghéill t’athair. Mharódh sé é.
Cromann Mícheál a cheann ar a bhosa.
SEÁN A mhic, a’ gcloiseann tú mé? Tá an tslí agat istigh sa teach seo agus níl sé i bhfad uait.
Ní thógann Mícheál aon cheann de.
SEÁN A Mhíchíl, a’ léifead arís duit é? A’ dtuigeann tú cad is ciall leis?
MÍCHEÁL (Go híseal) Tuigim, a Dhaid. Glac go réidh an scéal. Táim ag machnamh.
SEÁN Ag machnamh, an ea? Ní chuige sin a chuireas fios ort go dtí an teach seo. Ní Mathúnach thú mara ndéanann tú é seo a chosc.
Cloistear an dordán níos gaire fós. Ardaíonn Mícheál a cheann.
MÍCHEÁL Mallacht ar an leoraí sin! Ná himeodh sé leis féin. Táim mar a bheadh giorria a bheadh ar fán ar na portaigh gan sos, gan suaimhneas. Ná bí ag tathant orm. Ná cloiseann tú an leoraí sin? Cá bhfios duit ach…
SEÁN Cad é an sórt clainne a d’oileas in aon chor? Mac liom san arm agus duine eile ná corródh é féin chun…
Léimeann Mícheál faoi mar a bheadh sé chun a rá go ndéanfadh sé rud ar a athair, ach stopann nuair a chíonn sé aghaidh thruamhéalach a mháthar agus í ag teacht ón seomra.
MÁIRE (Go bog) A Mhíchíl.
MÍCHEÁL A mháthair.
SEÁN I m’aonar arís – mar a bhíos i gcónaí… strainséir im’ theach féin ag seasamh an fhóid liom féin…
Cloistear bó ag casachtaigh amuigh.
MÁIRE Buail amach agus féach Bricí. Tá sí ag casachtaigh ar feadh an tráthnóna. Tá rud éigin bunoscionn léi. Déan, a Sheáin, iarraim ort é.
Tógann sí anuas an laindéar, lasann é agus sánn isteach ina láimh é.
MÁIRE Cúpla nóiméad, a Sheáin.
SEÁN (Go garbh) Déanfad, ach a Mhíchíl, nuair a fhillfead bíodh do fhreagra agat dom agus ní iarrfad ach go mba fhreagra mar ba dhual do Mhathúnaigh é.
Téann sé amach. Le linn oscailt an dorais, cloistear dordán leoraí. Ardaíonn Mícheál a cheann agus féachann amach go faiteach.
MÍCHEÁL Cad a dhéanfad, a mháthair? Cá dteithfead ón ainsprid díoltais seo? Cheapas go mbeadh sos síochána anseo agam.
MÁIRE Ní anseo a gheobhair sin, a mhic.
MÍCHEÁL Táim tuirseach ar fad den obair seo. In am marbh na hoíche nach uafásach é a bheith id’ dhúiseacht, agus a bheith ag éisteacht le sranntanaigh na mbuachaillí sínte in aice leat a fhad is a bhíonn do smaointe féin ag brú isteach ort de d’ainneoin – cuid acu go brónach, cuid acu go haoibhinn, ach iad go léir measctha trína chéile, agus ó chuala go raibh Tomás san arm, ní thiteann néal codlata ar mo shúile in aon chor ach mé ag samhlú dom féin lá éigin go mbead i luíochán agus go dtiocfaidh sé sin an treo… agus go n-aithneoidh sé mé agus go n-osclóidh sé a shúile agus go dtiocfaidh ionadh agus alltacht iontu ach sara mbeidh sé d’uain aige focal a rá titfidh sé fuar marbh os comhair mo dhá shúl… ach caithfeadsa leanúint den troid… Cabhród le m’athair…
MÁIRE Ní dhéanfair más mé féin a chaithfidh tú a stopadh.
MÍCHEÁL Aon áit ina gcuirfeá do lámh lasmuigh d’éadach na leapa, bhuailfeadh sí le gunna… A Dhia! ná cuirfeadh sé sin duine as a mheabhair? Agus ansin gan a bheith ábalta an machnamh seo a chosc… Is uafásach é.
MÁIRE Is rómhaith is eol dom é.
Cloistear fuaim piléir amuigh tamaillín ón teach. Ritheann Seán Ó Mathúna isteach agus é an-mhór trína chéile. Tarraingíonn Máire Mícheál i dtreo dhoras an tseomra.
MÁIRE Ó, a Dhia! Cad é sin?
SEÁN Seo chugainn sa deireadh iad… bhí a fhios agam go dtiocfaidís anocht. Sin é mo thaibhreamh tagtha i gcrích… bhíos cinnte go dtabharfaidís fúm anocht. Anois, a mhic, chíonn tú cad tá t’athair a fhulaingt. Díríodh an piléar sin fúmsa ach theip air.
Cuireann sé cluas air féin. Bogann sé ar fud na cistine go mear.
SEÁN A mhic, táid ar mo thóir… a’ gcloiseann tú iad? Táid ag geata an bhóthair, táim i dteannta mar a bheadh luch.
(Féachann sé ar Mhícheál.)
MÁIRE A Sheáin, ná bac le Mícheál.
SEÁN A mhic, táim i dteannta a deirim…
Chíonn sé an piostal. Léimeann sé chuige agus tógann é. Ritheann Mícheál faoina dhéin.
SEÁN Druid siar, a mhic. In ainm Dé, druid siar! Tá sprid ait ionam anocht. Mharóinn mo mhac féin anois, druid siar!
Tarraingíonn Máire Mícheál chuici féin. Tugann Seán a aghaidh ar an doras. Cloistear coiscéimeanna lasmuigh. Láimhsíonn sé an piostal ag iarraidh a fhoghlaim conas é a úsáid.
SEÁN Á, há! tá sé agam. Bhíos oilte orthu seo lá dem’ shaol. Tagaigí anois. Tá Seán Ó Mathúna ullamh, réidh in bhur gcomhair.
Druideann sé i leataobh ach bíonn a aghaidh ar an doras lena linn sin.
SEÁN Táim ag fanacht libh. Tá an tseansprid ionam anocht.
Cloistear mar a bheadh duine ag útamáil mórthimpeall amuigh.
SEÁN Tagaigí. Anois chífimid cé a gheobhaidh an casán. Gheobhaidh sibh é agus fáilte ach caithfidh sibh troid ar a shon.
Cloistear coiscéimeanna lasmuigh den doras.
SEÁN Brostaígí. Táim réidh romhaibh.
Ardaíonn sé an gunna. Cuirtear lámh ar an laiste. Tá an doras á oscailt. Léimeann Mícheál i dtreo a athar agus béiceann sé.
MÍCHEÁL As ucht Dé, stad!
Déanann sé iarracht ar an ngunna a ardú suas ach teipeann air. Scaoileann Seán piléar. Titeann duine an doras isteach. Ritheann Seán amach ag béicíl.
SEÁN Tagaigí anois. Tá duine agaibh leagtha, pé scéal é.
Aithníonn an mháthair a mac, Tomás. Ritheann sí chuige agus le cabhair Mhíchíl, ardaíonn sí ar an bhformna atá taobh leis an tine é. Is féidir cuid d’éide saighdiúra a fheiscint air. Éiríonn Tomás aniar beagáinín agus deir sé go lag, ‘Ó, a… mháth – air,’ agus titeann sé marbh.
Seán isteach agus an gunna ina ghlac aige.
SEÁN Anois chífimid cé aige a mbeidh an casán.
Aithníonn sé a mhac. Croitheann sé ó bhonn go baithis agus titeann an gunna ar an talamh. Titeann sé féin ar a ghlúine.
SEÁN A Chríost!… mo mhac!… mo mhac féin… agus casán… casán fola lena éadan!
BRAT