Dráma i saorvéarsaíocht
Cathal Ó Searcaigh
PEARSANA: |
|
HÉARÓID |
Teatrarc na Gaililí |
HÉARÓIDIAS |
a bhean chéile |
SALOMÉ |
iníon Héaróidias |
EOIN FÁIDH |
|
AMMON |
|
OMRI |
SUÍOMH: Pálás Héaróid. An oíche atá ann. Tá maithe agus móruaisle na tíre cruinnithe le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar lá breithe Héaróid.
Radharc 1
An Cruinniú
Tá Omri agus Ammon ag caint le chéile sa ghairdín.
OMRI Amharc, amharc in airde, a Ammon.
Tá an ghealach mar shúil nimhe
i ngnúis na spéire. Tá mílítheacht an bháis
i ngach ní ar a n-amharcann sí anocht.
Cuireann sí critheagla orm.
AMMON Tá an bhagairt chéanna i súile Héaróidias:
bagairt an bháis. Chan súile atá aici ach sceana:
sceana atá faobhrach le fuath.
OMRI Shh! Tá contúirt i do chuid cainte.
Anseo tá cluasa ar na clocha.
AMMON Amharc anonn, a Omri. Tá Héaróidias
ag síneadh gloine fíona chuig Héaróid;
fíon atá ar dhath trom na fola.
Tá sí ag beannú dó le fuath.
OMRI Shh, a stór. Tá an oíche chomh ciúin
go gcuireann sí critheagla orm.
Tá sí mar oíche ar pháirc an chatha
is gan inár dtimpeall ach corpáin.
Cluintear madadh ag caoineadh.
AMMON Agus siúd Salomé ag sleamhnú isteach
mar a bheadh Aingeal an Bháis ann.
Amharc! Tá súile Héaróid ag sní síos agus suas a corp
go díreach mar a dhéanfadh pláigh piastaí;
a leithéid de shúile craosacha!
OMRI Salomé! Tá sí chomh hálainn sin go bhfuil an t-aer mar chathaoir ríoga ina timpeall.
Tá éanacha beaga na spéire á hiompar ó áit go háit.
Ní siúl a dhéanann sí ach snámh.
Tá Salomé ag snámh idir an saol agus an tsíoraíocht;
Gluaiseacht atá chomh gleoite le…
AMMON Fuil ag sní as créachtaí…
OMRI Tá tú searbh anocht, a Ammon,
Seo lá breithe Héaróid, ba chóir dúinn
a bheith ag ceiliúradh na hócáide
leis na haíonna eile atá cruinnithe anseo.
AMMON Níl mé cinnte cé acu lá breithe
atá ann, a Omri, nó lá báis.
OMRI Isteach linn, a Ammon, isteach linn
go gasta, chuig ár gcairde, sula ndéanfaidh
súil nimhe na gealaí tuirlingt orainn.
Tá sceoin sa spéir sin anocht.
EOIN Tá glór ag glaoch san fhásach;
Réitígí bealach an Tiarna,
Déanaigí díreach a chosán.
Tá fuascailteoir chugaibh, a Chlann Iosrael.
OMRI Cé leis an glór sin, a Ammon?
An guth truacánta sin atá ag teacht
aníos chugainn as na duibheagáin…
Tá uaigneas na mbeo sa ghlór sin
agus uaigneas na marbh…
AMMON Sin Eoin, an príosúnach is glóraí
a chuala mise le mo linn.
Deir na Giúdaigh gur fáidh atá ann.
Chaith sé de réir na dtuairiscí
formhór a shaoil amuigh san fhásach
agus san fhiántas ach le bliain nó dhó
tá sé ag gabháil timpeall na tíre seo
ag gríosadh agus ag spreagadh na ndaoine;
ag iarraidh orthu iad féin a ullmhú
do rí inteacht atá ag teacht.
Rí a ghlacfas seilbh ar Rí-chathaoir Dháibhí,
Rí níos cumhachtaí ná Caesar.
Sin an fáth a ndearna Héaróid príosúnach de.
Ní fáidh atá ann, dar leis-sean, ach réabhlóidí.
Ba mhaith leis an fhear díchéillí seo
go gcuirfeadh na Giúdaigh in éadan riail
agus reacht uilechumhachtach na Róimhe…
OMRI Más fíor a ndeir tú, a Ammon,
Is léir go bhfuil seilbh glactha ag an ghealach
ar a stuaim agus ar a shamhlaíocht…
AMMON Tá creideamh an-aisteach ag na Giúdaigh.
Creideann siad in aon Dia amháin
atá síoraí agus uilechumhachtach.
Agus tá a fhios agam go bhfuil sé fógraithe
ina gcuid scríbhinní diaga
agus ina gcuid tairngreachtaí
go dtiocfaidh Mac Dé é féin
le hiad a tharrtháil is a threorú.
OMRI Tá Dia na nGiúdach dian go maith.
Cuireann sé béim an-mhór ar chúrsaí moráltachta.
Níl aon áit ina theagasc, is cosúil,
do phléisiúr na colainne.
Ní bheadh mórán measa
ar a leithéid de Dhia sa Róimh, a Ammon.
Dála an scéil, a chroí,
an gcreideann tú féin sna Déithe?
AMMON ’Sé mo thuairim phearsanta féin
nach bhfuil i nDia
ach teorainn a chruthaíonn an duine
nuair a theipeann ar a shamhlaíocht
dul i ngleic leis an tsíoraíocht.
Amuigh ansiúd tá dorchadas diamhair dothuigthe;
uaigneas uafásach na spéire;
a chuireann scanradh ar ár n-aigne.
Níl dóigh níos fearr le hé a líonadh,
le hé a dhaonnú, ba cheart domh a rá,
ná déithe a shuíomh ann.
OMRI Tá Héaróid ag teacht inár dtreo, a Ammon.
Tá cuma mhíshuaimhneach air,
bogaimis linn as a chosán.
Imíonn Omri agus Ammon.
Tá Héaróid agus Salomé ag siúl i gcuideachta a chéile.
HÉARÓID Anocht tá an ghealach chomh dearg le mias, mias a bheadh ag cur thar maoil le fuil.
SALOMÉ Níl sa dearglach sin ach luisne.
Luisne an ghrá, a Héaróid. Anocht tá an ghealach
mar bhean nocht ag éirí go lúcháireach
as leaba an aoibhnis. Amharc! Anois
tá sí ag caitheamh na scamall i leataobh
go díreach mar a dhéanfá le braillíní.
HÉARÓID Anocht tá dreach na gealaí chomh fuilteach le cloigeann:
Cloigeann a scoithfí ón cholainn le tua búistéara…
SALOMÉ Níl sa dearglach sin ach teaspach.
Teaspach na feola is na fola. Anocht
tá an ghealach lán de ghrá agus de ghean…
HÉARÓID Tá an ghealach ag sileadh fola, a Salomé, fuil a doirteadh le díoltas…
EOIN Tá lá an Tiarna chugaibh,
a lucht na hearráide.
Ní chuirfear bhur mbás ar cairde.
Breathnaígí! Tá an comhartha crochta in airde.
Éistigí! Tá an stoc á shéideadh.
Déanfar sibh a bhascadh agus a chreachadh,
a chlann na ceannairce.
Mar lochán i mbéal na gaoithe
déanfar sibh a shíobadh as bhur dtithe.
HÉARÓID Stad!
EOIN Beidh mic tíre ag glaoch ar a chéile i do chuid áras,
beidh nathracha nimhe i do chuid pálás,
Shéan tusa, a Héaróid, Tiarna an tSolais.
HÉARÓID Bíonn sé ag caitheamh saigheada nimhe i mo threo i gcónaí.
Gach ceann acu tumtha i bpisreogaí na nGiúdach…
SALOMÉ Cé hé féin? Tá a ghlór chomh tarraingteach
le sruthán sléibhe sa dorchadas.
HÉARÓID
Ach tá boladh as a chuid briathra a chuireann poll séaraigh
i mbrothall an tsamhraidh i gcuimhne domhsa…
SALOMÉ An fíor go gcluinim feithid bheag ar a dtugtar fuath
ag piocadh istigh ansin i d’aigne, a Héaróid?
Feithid an fhuatha, bheir sí bás go luath!
HÉARÓID Tá dála do mháthar ortsa, a iníon ó. Tá tú ábalta an smaoineamh
is sia i m’aigne a aimsiú.
EOIN Is mairg do chlann na ceannairce
a charnann coir sa mhullach ar choir;
Tá an Tiarna ag teacht ar a dtóir.
HÉARÓID Éist le hEoin! Eoin Fáidh a ghlaonn na bochta air.
Gabhadh an fear fiáin seo
agus rinneadh príosúnach de, cionn is go raibh sé ag craobhscaoileadh is ag cothú ceilge
i mo choinne, timpeall na tíre. Bhí sé ar buile, is cosúil, siocair gur fhuadaigh mé
agus gur phós mé bean mo leasdearthár, bean Philib: Héaróidias, do mháthair mhealltachsa,
a Salomé. Deireann sé nach bhfuil inti ach striapach Ifrinn, agus b’fhéidir go bhfuil an ceart aige;
Ach níos measa ná sin, cuireann sé an milleán ormsa, cionn is na Rómhánaigh a theacht
chun na tíre seo. Amaidí! Ní fhéadfaí na Rómhánaigh a choinneáil amach as an tír seo
ach oiread agus d’fhéadfaí stoirm gaoithe ó shléibhte Iudeá a shrianadh le fuip.
Mhaslaigh sé mé agus tharcaisnigh sé mé, anseo, i gceartlár mo ríochta.
Bhagair sé spioraid agus ainspioraid orm, ina sluaite, ach tá sé sáinnithe agam anois,
Agus déanfaidh mé mo dhíoltas féin,
mo dhíoltas speisialta féin,
a imirt air, ó go mall, mall, milis.
EOIN Sceoin agus clais agus gaiste
Sin a bhfuil i ndán duitse, a dhuine na hurchóide,
Má theitheann tú ó thorann na sceoine
titfidh tú sa chlais.
Agus má dhreapann tú aníos as an chlais
béarfar ort sa ghaiste.
Ní chuirfear díoltas an Tiarna ar cairde.
HÉARÓID Níl aon tiarna anseo níos cumhachtaí, ná níos cumasaí ná mise, Héaróid Antipas,
Teatrarc na Gaililí – cara le Caesar – agus is é Caesar tiarna an tsaoil.
Déanfaidh mé an fear seo a cheansú agus a smachtú.
Déanfaidh mé é a ísliú,
sa chruth nach mbeidh tógáil a chinn aige le náire.
Bainfidh mé an gus as le gliceas.
Cuirfidh mé as a mheabhair é sula muirfidh mé é;
Meallfaidh mé é…
Bradán glic atá ann ach meallfaidh mé é ar ball
as uiscí glana a gheanmnaíochta.
á an baoite anseo agam, baoite gleoite na banúlachta;
Rachaidh sí go croí ann.
Radharc 2
An Cathú
Tá Salomé ag siúl thart ar Eoin ag iarraidh é a mhealladh.
EOIN Tá dearmad déanta aici ar an Dia a dhealbhaigh í,
a spréigh na spéarthaí os a cionn mar scáth,
a leag an talamh ag a cosa le grá.
SALOMÉ Mo mháthair atá á mhaíomh agat? Cén fáth?
EOIN Lorgaígí an Tiarna fad a chuireann sé é féin ar fáil.
Glaoigí air fad atá sé in bhur ndáil,
fágadh an striapach a drochnós;
pilleadh sí ar an Tiarna atá fial lena mhaithiúnas.
SALOMÉ Tá do bhriathra borb agus binbeach
ach tá beatha iontu, a Eoin. Eoin Fáidh!
Nach é sin d’ainm i measc na nGiúdach?
Eoin! Focal atá chomh cruinn le mo chíocha.
EOIN As mo radharc leat, a bhean mhínáireach.
Tá nathracha nimhe i do theanga.
SALOMÉ An bhfuil an bheatha chéanna i do bhriathra leapa
agus atá i do bhriathra masla?
EOIN Is mairg do chlann na ceannairce
a charnann coir sa mhullach ar choir,
tá an Tiarna ag teacht ar a dtóir.
SALOMÉ An bhfuil aon smaoineamh i do cheann, seachas scrios?
Nach dtig leat taitneamh a bhaint as an tsaol?
Cén cineál Dé a chuireann cosc ar cheiliúradh na colainne,
a chuireann téada agus teaghráin ar do chéadfaí
amhail is dá mba thréad gabhar iad?
An coillteán atá ann, a Eoin?
EOIN Imigh uaim, a iníon na Bablóine. Tá do chuid
briathra mar phláigh lócaistí i spéarthaí m’anama.
Réitígí bealach an Tiarna, déanaigí díreach a chosán.
SALOMÉ Níl ach cúpla orlach eadrainn, a Eoin.
An mothaíonn tú mo bhoige… mo bhanúlacht
ag éirí chugat mar bholadh túise i dteampall an Tiarna?
EOIN Tá tú mealltach… tá tú ag cuartú úll na haithne
i ngairdín mo gheanmnaíochta.
SALOMÉ Na húllaí is deirge agus is milse, a Eoin,
tá siad ag fás ar chrann na fearúlachta.
Lig domh iad a bhlaiseadh sula n-imeoidh an sú astu,
sula mbainfidh cruimh na haoise an mhaith astu.
EOIN Tá tú glic agus gáifeach, a bhean mhínósach.
SALOMÉ Tá mé anseo le tú a shásamh.
EOIN Tá tú anseo le mé a spochadh.
SALOMÉ Le timpeallghearradh a dhéanamh ar do chruas
mar a ghní na Giúdaigh lena gcuid mac.
Tá forchraiceann ar do chéadfaí, a Eoin.
EOIN Bí i do thost. Tá mé chomh glan i láthair an Tiarna
is atá an t-uisce a shníonn in Abhainn na hIordáine.
SALOMÉ Tá d’anáil mar chúr bán na mara
ag sleamhnú aníos cladaigh mo chéadfaí;
Clúdaigh mé le tonnta teasa do ghrá,
líon gach cuas le do chumhacht.
EOIN Tum tú féin i dtobar an tslánaithe, a iníon na Bablóine.
SALOMÉ Tá do chraiceann chomh cumhra
le bláthcheapach i bhfiántas an fhásaigh.
Tá an lile bhán agus an deargrós
ag iomaíocht le chéile i do ghnúis.
Lig domh iad a uisciú le mo phóga taise.
Tá do sciatháin ina sleánna
ar a bhfuil grian an gheimhridh ag glinniúint:
sleánna géara an ghaiscígh
a bhrúfadh an anáil asam le haoibhneas.
Smachtaigh mé le do shleánna.
Sín mé ar an talamh.
EOIN Ní éistim ach le glór glé an Tiarna,
Neach naofa Iosrael.
SALOMÉ Tá do cholainn chomh docht daingean
le crann coille de chuid na Liobáine,
crann ar a neadaíonn iolar fíochmhar do chinn.
Lig domh sleamhnú suas an crann
is déanfaidh mé an t-iolar a cheansú le ceol mo chíche.
EOIN Imigh! Imigh amach, a iníon Shodom,
agus ísligh tú féin roimh an Té atá ag teacht…
SALOMÉ An bhfuil an té atá ag teacht chomh dea-dhéanta,
chomh dea-chumtha leat féin, a Eoin?
An bhfuil a bhéal chomh súmhar
le mealbhacán uisce do bhéilse, a stór;
mealbhacán uisce a gearradh do bhricfeasta na banríona.
Cuireann do bhéal cíocras orm, a mhian.
EOIN Stad! Stad!
SALOMÉ Teastaíonn do chorp uaim, a Eoin;
do chorp atá mar ainmhí allta
faoi ghéibheann i gcró na cráifeachta.
Lig domh tú a scaoileadh as na slabhraí…
Tá saoirse i mo phóga, a chroí,
bainfidh muid beirt buaic an tsuaimhnis
amach… anocht… ar shliabh na seirce.
(Déanann sí iarracht a lámha a chur thart air.)
Tar chugam, tar chugam, a chroí.
Is teach aíochta mé ar do bhealach duairc dorcha, a thaistealaí.
Tá mé foscailte agus fáilteach. Tar chugam…
Buaileann sé san aghaidh í agus caitheann sé í i leataobh.
EOIN Imigh! Imigh as mo radharc.
Chan grá a thugann tú, a bhean, ach gráin.
SALOMÉ Fáidh! Ní léir duit an rud atá os do chomhair
chan amháin an rud atá le theacht.
Fáidh! Níl ionat ach féileacán.
Bainfidh mé díoltas asat… tusa a dhiúltaigh Salomé,
iníon Héaróidias, banphrionsa na Gaililí;
bainfidh mé fuil asat, fiú mura bhfuil ionat ach cloch.
Imíonn sí go feargach.
EOIN Sceoin agus clais agus gaiste
sin a bhfuil i ndán duitse, a bhean na hurchóide.
Má theitheann tú ó thorann na sceoine
titfidh tú sa chlais.
Agus má dhreapann tú aníos as an chlais
béarfar ort sa ghaiste.
Ní chuirfear díoltas an Tiarna ar cairde.
Radharc 3
An Damhsa
Tá Ammon agus Omri ag siúl le chéile sa ghairdín.
AMMON Tá solas i súile Salomé a chuireann
creatha fuachta orm. Bhí gaoth an gheimhridh
ina gluaiseacht agus í ag gabháil tharainn.
Níor labhair sí linn.
OMRI Tá solas fuar ina súile anocht;
an cineál solais a bhíonn ar leac oighir
faoi loinnir na gealaí. Chuirfeadh sé eanglach
i do chroí…
AMMON Tá scrios sna súile sin anocht.
OMRI B’fhéidir gur chaill sí a foighid.
Tá Héaróid i gcónaí ar a tóir,
á seilg ó mhaidin go hoíche. Tá sí mar eilit
ag teitheadh roimh chonairt a cholainne.
AMMON Is iontach liom nach ngéilleann sí dó.
Tá sí fial go leor le fir eile.
Bíonn sí féin i gcónaí sa tseilg.
Is beag fear de chuid na cúirte seo
nár chuala adharc seilge a gáire ina chluasa.
Anocht rinne sí iarracht an fear fíochmhar sin
atá faoi ghéibheann ag Héaróid a cheansú.
Ach ní raibh aird dá laghad aigesean
ar a cuid mealltachta ná a cuid maslaí.
OMRI Seo chugainn Héaróid.
Tá cuma chorraithe air,
bogaimis linn sula gcuirfidh sé sonrú ionainn.
Imíonn Ammon agus Omri.
Tagann Héaróid i láthair.
HÉARÓID Á! Dá bhféadfadh Salomé an fear gránna sin
a ghríosú agus a ghriogadh;
Dá bhféadfadh sí é a mhealladh…
Ní bheadh sé de dhánaíocht ann ansin
a bheith ag gearán fúmsa…
EOIN Mo mhallacht ar an té atá ina luí
ar leaba na drúise. Ní éisteann sé
ach le callán a chéadfaí agus glór Dé i gceartlár a thí.
Tagann Héaróidias i láthair.
HÉARÓIDIAS An fear damanta sin;
cén fáth nach steallann tú an cloigeann de
le tua an díoltais.
Tá a theanga mar scian ag baint stiallta
as mo shuaimhneas.
Ní thig liom an tarcaisne seo a sheasamh níos mó.
HÉARÓID Foighid! Foighid, a Héaróidias. Caithfear a bheith cúramach.
Dá mbainfinn an ceann de
anois díreach, d’éireodh na Giúdaigh amach i mo choinne.
Tá siadsan uilig den bharúil
gur Éilias atá tagtha arís chucu ina bheatha. Dar leosan go bhfuil sé anseo lena dtarrtháil.
Tá sé anseo agam mar ghiall, sa dóigh go mbeidh mé ábalta déileáil lena lucht leanúna:
an dream dainséarach sin atá ag iarraidh mé a chur as cumhacht…
HÉARÓIDIAS Níl aird ar bith agat ormsa, a Héaróid.
Ní chuireann sé as duit, beag ná mór, go bhfuil an fear sin
ag satailt orm lena chuid seanmóireachta;
go bhfuil sé ag tarraingt fola asam lena chuid tarcaisne.
Ligeann Héaróid osna. Is léir go bhfuil sé faoi bhrú.
HÉARÓIDIAS Níl aon mhaitheas in osnaí, a Héaróid,
ach amháin in osnaí an ghrá, agus ní chluinim aon
cheann acu sin ag teacht asat anois…
HÉARÓID Bí suaimhneach, a bhean, bí suaimhneach! Anocht tá gach osna ina carraig;
ceann ar cheann táthar á gcarnadh os cionn mo chroí, sa chruth go bhfuil airde cnoic
iontu anois. Ach cá bhfuil Salomé? Salomé! Salomé! Dá gcluinfinn a gáire anois
thógfaí an t-ualach seo de mo chroí…
HÉARÓIDIAS Ní ormsa atá d’aird, ach ar Salomé.
Tá a fhios agam cá mbíonn do shúile, nuair a bhíonn sí ag siúl
os do chomhair. Tchím tú á striopáil i do shamhlaíocht.
Cluinim do chuid briathra ceana ina cluasa.
HÉARÓID Bí ciúin, a bhean, ciúin… ciúin. Anocht tá cogadh idir croí agus cloigeann;
cogadh fuilteach… fealltach… ach dá dtiocfadh… dá dtiocfadh…
HÉARÓIDIAS Dá dtiocfadh Salomé… Salomé atá uait…
Dá dtiocfadh Salomé, chuirfeadh sí
cogar i do chluais; cogar a dhéanfadh síocháin idir croí agus cloigeann.
Ní thig leat bean a tréigeadh a chiúnú.
Tá a cuid díoltais ag scairtigh amach os ard, mar sclábhaithe
a bhrisfeadh smacht a dtaoisigh,
is a ghlacfadh seilbh ar a raibh aige den tsaol.
Tá do phort seinnte, a Héaróid.
Tá a fhios agam go ndéanfá mé a dhíbirt as do radharc,
go gcuirfeá arís ag do leasdeartháir mé
ach amháin go bhfuil eagla ort go gcaillfeá Salomé.
EOIN Iarraim ar striapach Shodom
a ceann a chromadh le náire.
HÉARÓIDIAS Mura gcuirfidh tú an fear sin ina thost déanfaidh mé féin é.
Tá tú ag cailleadh stiúir ar do dhúiche
agus ar do dhaoine. Tá deireadh leat, a Héaróid.
Imíonn sí.
HÉARÓID Tá mé mar chrann anseo faoi ghreadadh na gaoithe:
Tá mo ghéaga ar crith is ag croitheadh ach ní thig liom bogadh. Tá mé préamhaithe le heagla…
Tagann Salomé isteach.
HÉARÓID Salomé! Salomé! Tá mé anseo agus ceangal
na gcúig gcaol orm,
le cúraimí an tsaoil. An dtiocfadh leat na slabhraí seo a scaoileadh anuas díom,
A Salomé…
SALOMÉ Deir mo mháthair gur as saint
atá do chuid slabhraí déanta.
Deir sí gur tú féin a chruthaigh
is a cheangail iad. Agat féin atá an eochair, a Héaróid.
Ach b’fhéidir gur chaill tú í…?
HÉARÓID A Salomé, a chroí, ná bí ag éisteacht le do mháthair. Tá cealg ina cuid cainte.
Cuirfidh sí nimh i do chroí ceansa… Ó, a Salomé, ná himigh uaim…
Ná fág anseo mé agus gan i mo thimpeall ach fuath.
SALOMÉ Tá do shúile sáite ionam i gcónaí, a Héaróid.
Ní thig liom iad a sheachaint.
Tá siad sna sála agam i dtólamh,
ag impí agus ag achainí
go díreach mar a bheadh poodle ann
a d’fhágfaí gan bhia…
HÉARÓID A Salomé – ná tréig mé anois. Tá an oíche seo lán de shúile beaga craosacha.
Tá siad ag faire orm le fuath agus le fearg.
Mothaím iad ag teannadh isteach orm
is gan cosaint agam ina n-aghaidh ná bealach éalaithe…
Níl aon ní, a Salomé, a thógfadh
an dorchadas seo de mo chroí anocht, ach amháin,
amharc a fháil, amharc amháin fiú,
ar ghaetha gréine do ghluaiseachtaí. Déan damhsa domh,
an damhsa sin a bhíonn á chleachtadh agat
os comhair scátháin do sheomra leapa…
SALOMÉ Deir mo mháthair go mbíonn tú ag féachaint orm fríd pholl na heochrach…
HÉARÓID An damhsa, a Salomé, an damhsa le do thoil, Tá mé fuar agus níl aon ní
a chuirfeadh an fhuil ag borradh i mo chuislí ach amháin do chuid gluaiseachtaí,
na gluaiseachtaí a thig asat mar bhladhairí…
SALOMÉ I dtine do dhúile, a Héaróid.
HÉARÓID Ná diúltaigh mé, a Salomé. Damhsaigh! Damhsaigh! Tá do chuid gluaiseachtaí
mar ghealach ag gearradh aicearra airgid fríd mhachairí na mara:
Déan bealach domh as mo bhuaireadh.
SALOMÉ Anocht níl aon cheol i mo chosa;
ní chluinim rithim an rince i mo chroí.
HÉARÓID Damhsaigh domh, a Salomé, agus béarfaidh mé duit cé bith rud atá uait.
Abair é, a stór, agus beidh sé agat. Leath mo ríochta!
Aon rud atá le do mhian;
Aon rud ach… damhsaigh… damhsaigh…
Bronnfaidh mé seoda ort ina slaoda;
clocha luachmhara as gach cearn den domhan:
Ópal, tópás agus rúibíní,
bronnfaidh mé péarlaí ort a bheas mar spraoi solais
ar do bhráid. Ní bheidh an dara bean
i Ríocht na Róimhe chomh solasmhar leatsa, a Salomé.
Ach déan an damhsa ar dtús…
SALOMÉ Níl seoda ar bith níos lonraí ná seoda mo shúile:
Ní solas bréige atá iontu, a Héaróid,
ach solas beo…
HÉARÓID Bronnfaidh mé tithe agus tailte ort! Saibhreas an tsaoil!
Searbhóntaí! Beidh ceannas agat agus cumhacht.
Déanfar friotháladh ort agus freastal.
SALOMÉ Tá mé ábalta amharc i mo dhiaidh féin, a Héaróid.
Is é m’áilleacht féin an mhaoin is fearr.
Is iad mo smaointe féin na searbhóntaí is éifeachtaí…
Ach dá n-iarrfainn…
an leabhar draíochta a fuair tú ó chailleach cártaí
de chuid na hAraibe… An dtabharfá domh é?…
An dtabharfá domh…
Tagann Héaróidias isteach i ngan fhios.
HÉARÓID Aon ní, a iníon ó. Cé bith atá le do mhian, bíodh sé beag nó mór,
gheobhaidh tú é ach an damhsa a dhéanamh.
An damhsa, a Salomé, an damhsa sin
a thig asat mar shiollaí ceoil ag sní as bogha an veidhleadóra.
HÉARÓIDIAS Ag mealladh m’iníne arís, a Héaróid!
Ach níl aon aird aici ort, a sheanreithe.
Tá do sheal thuas; tá do ré thart.
SALOMÉ An dtabharfaidh tú móid domh
os coinne na n-aíonna seo ar fad
go gcoinneoidh tú d’fhocal?
HÉARÓIDIAS D’fhocalsa, a Héaróid!
Níl sé d’fhear ionat a leithéid a thabhairt.
Níl seasmhacht ar bith ag baint leat.
SALOMÉ D’fhocal, a Héaróid.
D’fhocal agus déanfaidh mé an damhsa.
HÉARÓIDIAS Damhsa!
HÉARÓID Bí ciúin, a bhean, bí ciúin. Geallaim duit, a Salomé go dtabharfaidh mé duit cé bith atá uait.
Tugaim móid agus mionn go gcomhlíonfar mo gheallúint…
Téann Héaróidias i gcomhairle le Salomé.
HÉARÓIDIAS Móid agus mionn
os comhair na cuideachta,
sin é a theastaíonn uainn, a Héaróid.
HÉARÓID Ná tabhair aird ar do mháthair, a Salomé, Ná héist lena cuid mioscaise.
Tá dorchadas ina dreach atá níos duibhe agus níos dainséaraí
ná oíche drochghealaí
I nduibheagán an tsléibhe. Caillfear tú sa dorchadas sin;
Rachaidh tú ar seachrán, a Salomé.
HÉARÓIDIAS An mhóid agus an mionn, a Héaróid!
SALOMÉ An mhóid agus an mionn, a Héaróid!
HÉARÓID Déanfar mar a ordaíonn tú, a stór,
ach an damhsa a dhéanamh.
HÉARÓIDIAS Déanfar an damhsa duit, a Héaróid,
ach ar dtús, d’fhocal.
SALOMÉ D’fhocal, a Héaróid.
HÉARÓID A chairde na páirte, ba mhaith liom aoi speisialta a chur in aithne daoibh;
bean álainn aibí – ach ní bean í dáiríre
ach bláth ar ar bronnadh beatha.
As gairdín de chuid Venus a seoladh í anuas chugam
le mo chroí a chumhrú…
le samhradh a dhéanamh de mo shaol…
(Cluintear casachtach chrua ó Héaróidias.)
Ina cuid gluaiseachtaí
tá sí níos gleoite ná aon lile ag bogadaí i mbog-ghaoth.
Seo chugaibh Salomé… an bláth beo,
le damhsa a dhéanamh dúinn… Agus os comhair na cuideachta
geallaim go dtabharfaidh mé dithe
cé bith bronntanas atá uaithi, beag nó mór, mar luach saothair,
agus mar thabhartas dá háilleacht.
Déanann Salomé an damhsa.
HÉARÓID Anois, a chroí, iarr cá bith atá le do mhian; Iarr agus gheobhaidh tú.
Téann Salomé agus Héaróidias i gcomhairle lena chéile.
SALOMÉ Ba mhaith liom, a Héaróid, mias…
HÉARÓID Mias lán de sheoda, a stór, mias a bheadh ag cur thar maoil le… hór…
SALOMÉ Mias ar a bhfuil cloigeann Eoin Fáidh.
HÉARÓID Cloigeann Eoin, a chroí! Bíodh ciall agat.
Bíodh ciall agat, a Salomé.
Ná héist le do mháthair. Tá nead de nathracha nimhe ina croí. Ná hiarr a leithéid.
Ná hiarr a leithéid orm, a Salomé, a stór.
HÉARÓIDIAS Cloigeann Eoin atá uaithi, a Héaróid.
Thug tú d’fhocal.
An é go bhfuil tú ag cailleadh do chuimhne
chomh maith le do ríocht?…
SALOMÉ Cloigeann Eoin atá uaim, a Héaróid.
Cloigeann Eoin ar mhias airgid.
HÉARÓID Ní thig liom é a thabhairt duit i láthair na huaire.
Ní thuigeann tú cúrsaí polaitíochta,
cúrsaí rialtais, a chroí. D’éireodh na Giúdaigh amach i mo choinne…
HÉARÓIDIAS An bhfuil meas ar bith agat ar mhóid… ar mhionn?
HÉARÓID As mo radharc leat, a bhean gan náire.
Ba mhaith leat mé a scrios.
SALOMÉ Thug tú d’fhocal, a Héaróid.
An dtig brath ort, beag nó mór?
HÉARÓIDIAS Tá tú mar shifín i mbéal na gaoithe
siar agus aniar gan seasmhacht.
Ní maith le Caesar ceannairí
a chailleann stiúir…
HÉARÓID Bí thusa i do thost! Salomé! Iarr aon ní eile orm
ach amháin an achainí sin.
Leath mo ríochta… bíodh sé agat agus fáilte.
Déanfaidh mé banríon na Gaililí díot.
Beidh tú ar an bhanríon is áille ar chlár an domhain.
Beidh ríthe ag teacht chugat
le hómós a thabhairt duit, le humhlú ag do chosa beaga
banúla. Níl tú ag éisteacht liom…
SALOMÉ Ceann Eoin atá uaim…
HÉARÓIDIAS Thug tú d’fhocal, a Héaróid.
HÉARÓID Iarr aon ní orm, a Salomé, ach amháin ceann Eoin.
Taitníonn an smaoineamh liom,
ach ní thig é a chur i gcrích i láthair na huaire.
Tá sé ródhainséarach,
róchóngarach don chnámh. Bheadh an tír ina tuile dhearg fola… Dhéanfaí thiar de thoir.
Iarr an phearóid bhánbhuí orm, an phearóid a labhraíonn liom
i Laidin agus i nGréigis;
agus a bhfuil dán de chuid Catullus de ghlanmheabhair aige;
Iarr an leabhar draíochta…
SALOMÉ Tá cloigeann Eoin uaim…
HÉARÓIDIAS Tógann tú mo chroí, a Salomé.
Ní thig d’aigne a athrú.
Sin tréith a fuair tú ó do mháthair.
Seasmhacht! Seasmhacht, a Héaróid.
HÉARÓID Bíodh do mhian agat, mar sin. Cuirfear an gníomh i gcrích.
Ordaím go mbainfear an ceann
d’Eoin Fáidh. Ordaím an bás chuige láithreach…
Radharc 4
An Dícheannú
Tá Salomé ag caint le cloigeann Eoin. Tá an cloigeann á iompar aici.
SALOMÉ Anois, a Eoin, cha dtig leat éaló. Tá tú gafa, go deo, a ghiorria ghlic.
Tá tú gafa i ngaiste mo ghrá.
Ní chun an fhásaigh a rachas tú níos mó
ná chun an tsléibhe. Déan do leaba dhearg, a chroí,
anseo idir cnocáin mo chíche.
Tusa a dhiúltaigh Salomé, iníon Héaróidias,
banphrionsa na Gaililí,
tusa a ghoin í le claíomh faobhrach do theanga;
tusa a dhaor í go dún dorcha an dóláis.
Ach níl corraí ar bith ionat anois. Tá tú i do thost.
Chaill tú do cheann le grá domh;
bhrúcht do chuid fola as do chuid féitheacha
le méid do mhéine.
An ndéanfadh snaidhm seirce
na créachtaí seo a cheansú, a chroí?
Amharc orm, a Eoin, amharc orm, a mhian.
Lig do do shúile siúl ar mo chorp.
Lig daofa sásamh a bhaint as gach cuar agus gach cuas.
HÉARÓID Dírigh d’aire ormsa, a Salomé.
Lig do do shúile tuirlingt orm;
do shúile atá chomh diamhair
le dhá cholmán sa chlapsholas.
SALOMÉ Níl aon aird agam ortsa, a Héaróid.
Níl ionat ach sliogán folamh
a chaith mo mháthair i leataobh
i ndiaidh a raibh istigh ann a phiocadh.
HÉARÓIDIAS Agus cha raibh mórán istigh ann
ach cé bith a bhí ann bhí sé lofa,
rud a d’fhág tinn mé ó shin.
Salomé ag caint le cloigeann Eoin.
SALOMÉ Is tusa an fiagaí – an fireannach fiáin,
a dhéanfas fia na seirce a sheilg
i gcríocha iargúlta mo cholainne,
is a dhéanfas é a sháinniú sa deireadh
thíos anseo i ngleann diamhair an tsuaimhnis.
HÉARÓID Tá d’iníon as a meabhair, a bhean.
Chuir sí an ruaig ar mo chuid aíonna
lena cuid uafáis.
Ní thaitneoidh sé le Caesar.
HÉARÓIDIAS
Tá deireadh le do réim, a Héaróid.
Salomé ag caint le cloigeann Eoin.
SALOMÉ Tá bláthanna áirithe, bláthanna fiáine, a Eoin,
agus tá níos mó bolaidh astu, níos mó cumhrachta astu
nuair a bhrúitear iad faoi chois
ná mar a bhíonn astu nuair atá siad ag bláthú ar na bánta.
Agus tá tusa mar an gcéanna, a Eoin:
Tá cumhracht ag sileadh asat anois,
cumhracht a chuireann aoibhneas orm, a stór.
HÉARÓID Cuir na soilse as. Tá barraíocht feicthe againn anocht.
Cuireann fuil as domh…
HÉARÓIDIAS Mar nach bhfuil fuil ar bith ionat féin,
a fhir gan mhaith. Chan fhuil ag sní
i do chuislí ach uisce salach na soitheach.
Tá Salomé ag pógadh chloigeann fuilteach Eoin.
SALOMÉ Phóg tú mé, a Eoin, phóg tú mé, a stór,
Glac seilbh orm anois.
Cluintear racán agus rí-rá taobh amuigh. Táthar ag ionsaí an pháláis.
BRAT