Na Déithe Luachmhara Deiridh

Pádraic Breathnach

Images

Maidin Chinn an Dá Lá Dhéag

D’éirigh Máire Ní Fhatharta go luath, chomh luath le maidin gheimhridh ar bith eile bíodh is an uain go han-fhuar. Bheadh brat bán sneachta ar an dúiche bhí sí ag ceapadh arae bhí an chosúlacht sin ar an spéir liathghlas san oíche aréir; corrmhionchalóg ag titim faoin am a thogair sí ar dhul a luí.

Go cosnochta d’fhair sí an tír scáil scóipiúil trí fhuinneog bheag a seomra; gan ach an mhaidneachan fós ann. Bhí go deimhin barr breá sneachta.

Chuile áit is ní, cés moite den loch mór, clúdaithe bán. Eanacha, portaigh, athphoill ’gus bruacha an locha go himeall uisce faoi bhrat sa chaoi is nach raibh ann faoin am seo ach dhá dhath: bán ’gus liathghlas.

An loch liathghlas ina dabhach easlán ag breathnú; níor mhiste le Máire; í ciúin gan friota ar a dromchla. Murab ionann is go leor maidineacha eile geimhridh ní raibh geonaíl ar bith gaoithe le binn thiar an tí.

Ba ghliondar le Máire an radharc bán. Bhí sí amhlaidh gan athrú ó bhí sí ina girseach. Í ag tnúthán chuile gheimhreadh le sneachta – brat trom tiubh sneachta. Sneachta faoi Nollaig b’in mar a d’ordaigh Dia é. An sneachta ag déanamh na dúiche go hálainn. Aimsir chiúin shneachta bhí tost beannaithe suaimhneach le brath agus b’éasca an t-am sin do chomhrá a shéanamh le do chruthaitheoir. Adhmholadh do Dhia na glóire! a deir sí ina hintinn.

Thochail amach an ghríosach bheo ’gus las tine mhóna, ag cur dhá fhód ag luí anuas ar a chéile agus caorán ina sheasamh mar thaca ar chaon cheann de na fóid. Chuir sí ar ais an ghríosach sa lár ’gus fóid taobh amuigh di. Chroch an túlán os a cionn ’gus chuaigh ar a glúine ar an urlár dul ag rá a paidreacha, a droim leis an tine.

Théis ruainne a ithe agus scairdín tae a ól ghabhfadh sí amach ‘an mhaidin bheannaithe a bhí ann’ agus scaoilfeadh sí an madra ’gus na cearca. Níor mhórán a bhí ann do na cearca ach b’fhearr ag fáiteall iad ar chaoi ar bith. ’Gus ligfeadh sí don aer úr folláin oibriú go tlásach ar a héadan is ar a scamhóga.

Thit plabanna sneachta go talamh agus anuas uirthi féin a luaithe is a d’oscail sí an doras. Bhí dreoilíní ag máinneáil go héiginnte leis an mbunsop. Frídíní éan. Frídíní gleoite. Céad slán ag Lá ’le Stiofáin!

Thoir sa chré thais bhreacdhubh ag bun na gcrann buaircíneach a bhí mar dhoirefhoscadh ag an teach bhí lon dubh ’gus spideog ag preabfháiteall. Gob gealbhuí an loin. Gob folláin buí. ’Gus an spideoigín. Broinn dearg!

Cuireadh áthas ar chroí Mháire. An bhroinn dearg chomh ríméadach sa sneachta. Dea-chomhartha. An bhroinn dearg a bhí ag bun na croise nuair a déanadh Íosa a chéasadh agus í go taibhseach beannaithe ar chártaí Nollag.

Shiúil Máire timpeall an tí, rianta a cos dhá gcur, plu plu, sa chlár bog bán. Cosán. Caipín breá sneachta ar dhíon an tí, ar mhullach an bhalla eibhir. Sneachta ar na corraigh, ar na leargáin, ar na leitreacha sléibhe. Na cnoic i bhfad i gcéin bhíodar bán. Chuile cheo bán.

Gan corraí le haireachtáil sna bólaí mura mbeadh an t-ainmhí beag fiáin a mba deacair a fheiceáil. D’fhágfadh rianta a gcrúb. Luchóga, francaigh, madraí uisce. Na caoirigh bailithe go dtí na cróití ó thráthnóna inné, pé méid acu a bhí ann. Ba bheag a líon anois, a mhaisce!

Tigh Churraoin, tigh Bhairéad, tigh Eithir ’gus Fhatharta. B’in a raibh ann díobh anois.

Tigh Churraoin an teach ba nuaí, an t-aon teach a raibh gustal ar bith ann agus cé a bhí fanta, dheamhan duine. Ghreadaíodar leo, an teach tógtha gan ach cúpla bliain, iad lonnaithe anois thar sáile. An talamh ’gus an teach díolta le Cóilín Bairéad.

Bológ tigh Mháirtín Shéamais, Bairéadach eile. Féar fada ’gus fásach ag cur ar a lorga. Ceannabháin bhána ’gus cíb ag sléachtadh sna garranta a mbíodh barraí iontu. Máirtín Shéamais féin, an créatúr, i mBéal Átha na Sluaighe leis na blianta is gan duine nó deoraí le dul dhá fhéachaint.

Bríd Ní Eithir ar an ard ó dheas; ar aon aois léi féin mórán. Drochtheach anois aici. Gan ach cosán cnapánach isteach thairsti féin, starragáin cloch ar a fhuid. Gan iad oiread is ag beann dá chéile leis an bhfad seo aimsire. Gúna fada go rúitíní ’gus buataisí ar Bhríd a fearacht féin. Seál uirthi scaití a fearacht féin. Bealach aici trí gharranta ’gus céimeanna sna claíocha a bhí aici go dtí le gairid agus ba uair i bhfad ó chéile aici é dul thar a teach sise mura mbeadh rud éigin le tabhairt isteach. An bealach fada a bhí anois aici, í ag éirí buailte suas.

Fear Bhríd básaithe leis an bhfad seo ama fearacht a fir féin. Seán, mac Bhríde, i Sasana. Iníon a bhí aicise, Máire, í básaithe.

B’iad na seandeileoirí seo amháin a bhí fanta anois de sheantreabh na Tulaí. Tulach an Locha, a deir sí le práinn. Méirscrí na treibhe! Ba ag Cóilín Bairéad anois é. Mura bhfillfeadh Seán Bhríde. Níor mhóide go bhfillfeadh. Ghabhfadh fuil Eithir in éag fearacht fuil Fhatharta.

Fuil Fhatharta ann go fóilleach. Tugadh sí aire. Dia dhár réiteach, tugadh sí aire.

Thosaigh cearc ag agallach, ag fógairt breith uibhe. Scairteadh teann. Blaoch chomh gaisciúil le cearc ar bith agus b’aoibhinn le Máire é seo. Ba sláinte ar fad é an blaoch caithréimeach, gan éadóchas nó easpa misnigh. Blaoch chomh hóg le méileach uain, chomh sásta scafánta le gáire ámhailleach gasúir fir. Agallach iothlainne. Agallach maidine lae.

Dhá ubh dhonna circe go teolaí in íochtar mhol dhúrua raithní: ubh shéide ’gus ubh nuabheirthe. B’iad a bhí go gleoite i seascaireacht na nide.

A cearc sise ag breith agus é ina sheascach ag cearca go leor …

Dheamhan a raibh deireadh go deo leis an áilleacht a bhain le huibheacha i nead, a shíl Máire. Ach go háirid má bhí an nead i bhfolach. Preab áthais i gcónaí ba chuma cé chomh minic. De shíor b’í an bhreith a thugadar le fios. Na huibheacha seo isteach go cliste ealaíonta ó shíonta is ó shíorstealladh míchompóirt; barr bán sneachta ar an raithneach ach an bhreith arbh ábhar breithe arís í i gcluthaireacht álainn shámh.

Thóg sí amach an ubh ba ubh shéide agus d’fhága ann an ceann ba úire.

An coileach go mustarach ag scríobadh i miodamais urlár chró an charr chapaill. Ag cur rabhadh is bagairtí óna scornach idir amanna. Ag tóch. Ag dearcadh. A chíor ard dearg ag claon is ag croiteadh.

Dia go deo lena muintir a bhain cleacht as an gcarrchapall, as an gcéachta iarainn ’gus as an mbráca. Oiread sin d’iarsmaí na seanuaire. Lobhadh is fán anois.

Tugadh sí aire di féin. Cúram. Gan an iomarca d’imní a theacht uirthi. Fuil Fhatharta sa Tulach go fóilleach.

Goidé a tharlódh nuair a bheadh sise imithe? Cé cheannódh a cuid talúna? Talamh Fhathartach!

Thiocfadh casadh ar an roth fós. Bhí sé ag tarlú in áiteanna go leor cheana. Áiteanna uaigneacha san aistreán a bhí uaidh dhaoine anois. Amach anseo cheannófaí láithreáin agus bheadh tithe dhá dtógáil go fairsing. Tithe galánta. Fuinneoga móra. Gluaisteáin ’gus garáistí lena gcur. Céad slán leis an seandream!

Nárbh é an mí-ádh é a ndéanfaí de scrios ar chuimhne na seanmhuintire, théis a liachtaí sin gníomh fóintiúil. Iad a ligean i ndearmad ar fad a dhéanfaí. Nár mhór an peaca!

D’amharc sí soir ó thuaidh. Caoch ’gus cnoic Leitreach. Taobh thall de na cnoic a bhí an sráidbhaile, as a dtáinig an bóthar mór, as a dtáinig an bóithrín beag aici féin. Sneachta, sneachta.

Ní aithneodh strainséara an bóithrín anois, gan lorg cairr, coise nó eile air. D’aithneodh sise ar a bhruacha é ’gus an chorrsceach. An dá chlais ’gus an t-iomaire faoin aon bhrat anois. Carranna na n-iascairí sa samhradh ’gus na bhfoghlaeirí …

Images

Las Máire an dá choinneal déag an Oíche Chinn seo chomh maith le bliain ar bith. Coinnle beaga a raibh dathanna éagsúla orthu: cinn bhuí, cinn dhearga, cinn uaine, ’gus cinn ghorma.

Ar an seanmhaide ceannann céanna, an maide ar maide éamainn agus ar maide briseadh na bhfataí bruite é, a cuireadh ina seasamh iad. Ar an mbord cisteanaí céanna, le hais na fuinneoige iata, a leagadh an maide. Aghaidh na cisteanaí ar an mbóithrín.

Bordáil ar aon aois lena fear nuair a fuair sé bás a bhí sí féin faoi seo. Bordáil ar aon aois lena hathair agus lena máthair. Níorbh fhadsaolaí anois duine ar bith dá muintir ná í féin agus bhí a mbunáite fadsaolach. Dhá bhliain déag uirthi a bhí ag a fear nuair a fuair sé bás, amuigh ag gortghlanadh.

Chomhairigh sí na blianta ó shin: haon déag, a deich, a naoi … a haon.

Súgán beag páipéir as an tine an modh lasáin a bhí aici. Modh liopastach a mheas sí i gcónaí agus shantaigh bealach ní ba néata arae ba ghnás an-phráinneach é lasadh na gcoinnle a dhligh an-chúram. Sé ba chóra a dhéanamh iad ar fad a lasadh ar an aon bhall soicind chéanna nó go ríscioptha i ndiaidh a chéile ar an ábhar nárbh fhéidir sin eile a chomhlíonadh. Níor cheart ach oiread an puithín gaoithe ba lú bheith ar cheann seachas ceann eile arae ba rása beatha é seo: tástáil ar fhad saoil a daoine muintire uilig. An choinneal ba luaithe múchta b’é an té ar leis í ba túisce bás.

Fearacht chuile bhliain chuir Máire ainmneacha leis na coinnle breactha ar bhlúirí páipéir. A hainm féin; ainmneacha a céile, a hiníne; a deartháireacha is a deirfiúracha, móide ainmneacha a hathar is a máthar. Iad ar fad cés moite di féin ar shlí na fírinne. B’í a coinneal sise ba deireanaí ag múchadh chuile bhliain agus ba diamhair é seo ag Máire. Níor chead an leid a chreideachtáil. Ach bhí rud éigin ag sméideadh ann chreid sí.

Shuigh sí síos le hais na tine dála mar a rinne sí Oíche Chinn chuile bhliain d’fhonn rása na gcoinnle a fhaire. Ar feadh uaire nó mar sin. Na buaicis dhubha, a lasracha ag claonadh nó ag eitdhamhsa scaití. An smuga dhá ídiú, braonta di ag ritheadh le taobh coinnle idir amanna, dhá chruachan ar ais ina smuga arís. Coimhlint ghéar na ndeireadh ré. Na déithe deireanacha.

In achar gearr bhí sí ag stánadh uaithi; ag breathnú ina hintinn ar an sneachta bán, ar chalóga ag titim go míonla. An tír faoi bhrat. Ciúnas séimh san aer. An t-aer go folláin.

Bhí ógbhean bhán ag béal an bhóithrín. Ógbhean ard slím, le ceathrúintí is le lámha leabhara. Moing bhreá gruaige go droim. Fallaing fhada go sála.

Ógfhear dubh ina teannta. Ógfhear caol ard. Crochta. Hata ard ar a cheann. Bhí sé ag umhlú a hata don bhean, a bhí ag iompú scioptha go dtí é lena fallaing go scuabach ina timpeall, ag fáil greim láimhe uirthi. Bhí sí ag breathnú sna súile ar an ógfhear, dul ag breith póigíní ar a chéile. Grámhar, bogshiúl, gan mórán aird acu ar thada eile.

D’airigh Máire sáimhe. Loinnir ’gus grá ’gus óige. Dóchas. Áilleacht.

Bhí an cúpla óg ag coisíocht ina treo ach dheamhan a rabhadar ag tíocht ní ba chóngaraí. A cloigeann sise claonta siar ligthe iarrachtín lena ucht seisean. Nár bhreá, nár bhreá, nár bhreá! Go bpósfaidís. Go gcuirfidís le chéile sa saol. Go síolróidís.

Baineadh a haird; bhí na coinnle ag dul i ndísc. Bheidís ag tosaí ag fáil bháis nóiméad ar bith feasta. Gheobhadh cuid acu éag obann dhá múchadh as a seasamh …

Bhíodar básaithe ach a coinneal sise. A ceann sise ag anró léi i gcónaí. Go snoite, craptha. Gan gus. Thit a buaiceas ar an gclár ach níor chuaigh as. Choinnigh ag fáil beatha ón smuga rite ag a tóin. Ídíodh an smuga ach bhí an lasair ag dó eanga in adhmad an chláir. Logán beag dubh.

D’athraigh an spéir. A léithe is sioc dhá chur go tréan. Na mílte réalta ag meidhir faoi cheannas máistreása gealaí. Solas, brí, suáilceas. Íongheanmnaíocht.

D’airigh Máire mar a bheadh súile ag faire tríd an bhfuinneog uirthi. Cé go mba i dtobainne a d’airigh níor baineadh cliseadh aisti arae facthas di go mba as ceo go mall i ndiaidh a chéile a thángadar ann. Súile seanmhná. Na súile sách beo ach a logaill go huafásach dearg. Chomh dearg le fuil. Sheasadar gan sméideadh ar an bplána gloine. Crochta i lár na gloine ag gliúcaíocht isteach. Ag gliúcaíocht uirthi, gan ceann, colainn nó tada.

B’iad súile a seanmháthar iad d’aithnigh sí. Trí scór bliain ó shin.

B’iad súile a máthar. Scór go leith bliain ó shin. B’iad a súile féin.

Chlaon sí siar. A coinneal gan éitir. Mhéadaigh an t-eanga dubh go dtí gur ghabh an lasair an blúirín páipéir a raibh ‘Máire’ scríofa air. Dódh é sin. Gan tóstal nó éagaoineadh d’éirigh púirín bídeach íoséadrom deataigh mar dheireadh.