‘Piont Guinness agus piont Murphy anso,’ arsa an bhean óg, laistigh de bheár. I bhfoirm ceiste a chuir sí an chaint agus bhí iarracht den mífhoighne, leis, le brath ina guth, faoi mar a bheadh sí tuirseach ag obair an oíche Shathairn seo i mbeár pacálta in aice le lár na cathrach, uaireanta cloig fada curtha isteach aici ar bheagán pá. Bhí san le haithint uirthi gach uair a ghlanadh sí siar a gruaig fhada dhonn óna súile le cúl a láimhe deise, an lámh chlé i gcónaí beirthe ar hanla an dispenser, faoi mar a bheadh sí ceangailte de ó thosnaigh sí ar leathuair tar éis an tráthnóna san, nuair a d’oscail an tábhairne arís tar éis an uair bheannaithe faoi mar a thugadh lucht óil na cathrach ar an uair an chloig ó leathuair tar éis a dó go dtí leathuair tar éis a trí, nuair a bhíodh an pub iata. D’aithneodh súil ghéar uirthi ná raibh sí díolta rómhaith, go raibh sí páirtaimseartha, b’fhéidir, mar ná raibh aon fheisteas ceart freastalaí tábhairne uirthi, ach jíons gorma Levis, agus geansaí trom, flúirseach olla.
Agus ansúd istigh a bhí na súile géara, faoi mar a bhíonn in aon tábhairne ceart óil. Ní mór acu ná raibh a fhios acu, lucht oibre an chuid ba mhó acu, go raibh Evelyn ag dul ’on ollscoil, trasna na habhann, míle amach an bóthar.
‘Piont Guinness agus piont Murphy,’ a bhéic Evelyn de scréach, de dhroim ghlórtha agus gibrise an tslua challánaigh. D’fhéach sí uaithi anairde ar an gclog a bhí ar an bhfalla, ag déanamh fógraíochta ar dhéanamh áirithe toitíní. Bhí sé a deich a chlog, buíochas le Dia, uair an chloig go leith eile. Bhí coinne aici lena buachaill chun dul ag rince go dtí club rugbaí tar éis don dtábhairne dúnadh, agus bhí sí ag tnúth leis seo.
Bhí glaoch Evelyn cloiste ag duine de bheirt fhear a bhí suite sa chúinne laistigh de dhoras, ach toisc a bheith an-dhoimhin in allagar lena pháirtí bhí leisce air éirí agus dul go dtí an gcontúirt chun an deoch a bhí ordaithe aige a fháil. Ar deireadh d’éirigh sé, fhios aige cén fhaid a d’éireodh leis fanacht gan foighne Evelyn a bhriseadh ar fad. Dinc teann d’fhear maith déanta ab ea é, é ag druidim isteach is amach le haois an phinsin, cé go raibh cuma chruaidh láidir i gcónaí air, faoi mar a bheadh a shaol caite aige ag obair amuigh, ar na bildeálacha b’fhéidir. Bheadh deich mbliana eile ann, ar é a mhaireachtaint leis, sula dtiocfadh aon lúib cheart ina dhrom ag an aos. Bhí sé ceann-nochtaithe, an ghruaig slíoctha siar le híle gruaige, meathribe liath os cionn a dhá chluas. Bhí an-chuid gruaige fanta fós air, go mórmhór timpeall na gcluas sa tslí gur dhóigh le duine gur ansan a bhí sí ag préamhú agus ag leathnú as san ar fuaid a chinn. Bhí dath breá folláin ar a cheannaithe ó bheith ag obair amuigh ar feadh na mblian, agus é déanta suas go maith faoina chulaith agus a léine bhán muineáloscailte i gcomhair oíche Dé Sathairn.
Bhí a pháirtí an-mhíchosúil leis. Bhí hata air sin, aghaidh chailce bhán aige, an taobh istigh taithithe aige leis na blianta. Bhí spéaclaí troma air, go raibh gloiní an-ramhar iontu, agus fráma mór buí á gcoimeád le chéile neadaithe anuas ar a choincín, agus fillte timpeall ar a dhá chluais. Ní raibh aon ribe dubh ina cheann san, ní foláir, mar bhí an méid di a bhí le feiscint buí liath os cionn na gcluas faoi scáth an hata. Culaith ghlas a bhí air seo, léine bhán chomh maith, ach go raibh carbhat go teann faoi úll a scornaí. Ní raibh an anamúlacht chéanna in aon chor anso agus bhí ina pháirtí, mar bhí sé deich mbliana go maith níos sine ná é. Ní raibh an mhire chéanna sna súile boga uisciúla, a bhí méadaithe ina dtoirt ag tiubhas an ghloine, is a bhí i súile a pháirtí nuair a fuair sé é féin taobh na contúrach, ag caint le Evelyn deas. Agus is í Evelyn a bhí ábalta ar chaint deas a dhéanamh lena leithéid seo, lucht óil a bhraitheann fonn an ghrá a bhí cloíte iontu ag an aos ag borradh arís ina gcroíthe ag éifeacht an Ghuinness nó an Mhurphy’s. Bhí an dá phiont ar an gcontúirt ag feitheamh leis go dílis. Shín sé chúig phunt go dtí Evelyn, gairbhe a láimhe ag scríobadh a dearnan mhín.
D’iompaigh Evelyn, meangadh ar a béal agus bhain sí ramsach bhinn as an dtill. Thaitin Bil léi. Duine deas ab ea é, a thugadh cuairt ar an bpub gach aon oíche sa mbliain. Chas sí timpeall, a gruaig ag séideadh uaithi siar ag an gcasadh, agus aoibh an gháire uirthi go speisialta do Bhil.
Nár bhreá é a bheith óg, arsa Bil leis féin, sa tslí a déarfadh duine é a fuair a thamall, ach in ionad an t-éileamh a bheith aige ar mhná óga faoi mar ba cheart le linn a óige, is amhlaidh a chaith sé a chuid ama i dtigh an óil. Chroith sé a cheann sa mhachnamh dó. Dhera, ní labharfadh aon bhean óg an uair sin leat, le heagla go dtabharfá chucu, iad loite ag an eaglais agus ag na sagairt. Cathain a chífeá bean óg dhathúil ag obair i mbeár an uair sin? Ní mar sin dóibh inniu. Evelyn, ná deas í!
Thóg sé bolgam breá as a phiont sular chas sé timpeall chun dul thar n-ais go dtína pháirtí. Bhí an taobh thall de bheár lán de dhaoine óga, amuigh ag caitheamh siar. Bhí a fhios aige gur mic léinn iad san a bhí ag dul ’on ollscoil, leis, agus a bhí ag maireachtaint in árasáin timpeall na háite. Ba í oíche Dé Sathairn acu so, leis, é, a nglórtha ardaithe agus ag ardú de réir mar a bhíodar ag críochnú na bpint, gan an taithí ar dheoch fós acu is a bhí ag leithéidí Bhil. Ní rabhadar righnithe ag an saol fós, agus is maith a thuig Bil agus a leithéidí ná beidís go deo ar an gcuma féin, sáite san ól, mar go mbeidís sin ina ndochtúirí, ina n-innealtóirí agus ina ndlíodóirí, a gcuid oideachais á chur ina luí orthu gan a bheith caiteach, fanacht glan de dheoch, agus socrú síos. Ní raibh san ól dóibh ach spórt, spraoi na hóige. Ní mar sin do Bhil ná dá leithéidí é. Bhí príntíseacht rófhada curtha isteach acu san chun gan a bheith dáiríribh mar gheall ar a gcuid óil. Cuid dá saol, cuid an-tábhachtach dá gcultúr ab ea é; cultúr lucht oibre na cathrach. Bhí sé nádúrtha dóibh sin cúpla piont a bheith acu tar éis a lae oibre, chun smúit na sráide a ghlanadh as a scornaigh, nó chun anam agus sprid a chur arís ina gcroíthe agus ina gcosa, tar éis an mhíchompoird a leanfadh taobh sráide lá beirithe samhraidh.
Ach cé gur ó dhá shaol dheifriúla an dá shórt duine, na mic léinn agus an lucht oibre, bhí báidhiúlacht ar leith eatarthu. Is chuige sin a thaithíodar an pub céanna. Maitear gach aon ní don óige, mar ná bíonn an duine óg ach uair amháin, agus go ngabhann gach éinne trí na trialacha céanna agus iad ina n-aosánaigh, ag broic le hólachán, ag broic le fearaíocht, agus ag iarraidh taithí a fháil ar mhná. Ghaibh Bil féin trí na trialacha seo, agus i dtaobh nár ráinig go bhfuair sé aon taithí cheart ar mhná, luigh sé le deoch. Chas Bil timpeall agus chuir é féin in úil dá chairde óga.
‘Tá an-oíche agaibh, a chím,’ a bhéic sé uaidh sall trasna an urláir.
‘Tá, a Bhil, a bhuachaill, déanfaidh sí an-oíche óil agus ban. B’fhearra dhuit dul in éineacht linn amach go dtí club rugbaí Dolphin. Beidh síneadh ama ann anocht,’ a bhéic mar léinn innealtóireachta thar n-ais air a bheadh deimhnitheach de bhean a fháil anocht toisc é a bheith ar fhoireann rugbaí an choláiste.
Gháir Bil, mar gurb in é a d’oir. B’in é a saol san. Ba é seo a shaol súd, bolgam eile á bhaint as a phiont. B’in é chomh fada is a shín an cairdeas. Tharraing Bil osna. Bhí na mic léinn iompaithe thar n-ais ar a gcuid allagair féin, cad ná hólfaidís, agus cad iad na mná ná geobhaidís. Bhí beannaithe do Bhil, agus seam caite chuige. B’é Bil a gcara. Chroith Bil a cheann faoi mar ná feadair sé cad a chuirfeadh sé ina leabhar, an dá phiont faoi mar a bheadh dhá mhéaracán ina dhá chrobh mhóra agus é ina sheasamh ina staic i lár an urláir.
Nár bhreá a bheith óg, a taibhsíodh dó arís, agus go bhféadfainn iad a jaidhneáil. Tháinig meangadh an gháire air nuair a thuig sé gur ag ligint air leis féin a bhí sé, mar is maith a bhí a fhios aige dá mbeadh sé comhaos dóibh seo ná beadh aon lorg acu air, ná aon bhaint aige sin leo, mar gur aicmí deifriúla daoine iad; aicmíocht a chuirfeadh iachall orthu a chéile a ghlacadh bog.
Ní bheannóimis dá chéile, a mhic ó. É féin a bhí ag caint leis féin fós. Tharraing sé osna eile, agus d’iompaigh chun tabhairt faoina chúinne féin. Sea, arsa é sin leis féin, tá sé chomh maith agam dul thar n-ais go dtí an seandhiabhal cancrach san go bhfuilim bodhar aige ar feadh na hoíche.
Bhí súile Evelyn á leanúint agus é ag dul thar n-ais ina chúinne, faoi mar a bheadh sí ag rá léi féin gur dhiail na bastairtí magaidh mic léinn ná ligfeadh do Bhil bocht. Thuig Bil maolchluasach, leis, go raibh an bháidh seo ag an óigbhean spéiriúil leis. Agus é ag déanamh ar a pháirtí roicneach ní fhéadfadh sé gan a rá leis féin arís gur dhiail an duine í Evelyn; gur dheas í. Shín Bil an piont Murphy go dtí a pháirtí, choimeád sé féin an Guinness. D’fhéach an páirtí air faoi mar ná féadfadh sé a mhaitheamh d’aon Chorcaíoch dílis go raibh sé ag ól Guinness. Shuigh sé; d’fhéach uaidh le déistean ar na pint bhuí beorach agus lágair a bhí á n-ól ag na mic léinn trasna sall uaidh. Thóg sé bolgam breá fada as a phiont a chuir síos trian é, d’fhan rian bán an chúráin ar uachtar a liopa. I gceann tamaill leadhb sé lena theanga go geanúil é. D’ól a pháirtí go mall, righin as a phiont sin. Bhí stíl dheifriúil óil aige seo; chuir sé siar a cheann i gcoinne an fhalla, dhóirt sé an deoch siar síos ina sceolbhach, é á scaoileadh síos blúire ar bhlúire, a shúile dúnta aige le sólás, na beola bána tanaí ag deargú ó bheith ag fáscadh timpeall ar an ngloine, go dtí gur dhóigh leat ná tógfadh sé an ghloine dá cheann go brách – nó go dtitfeadh an t-anam as, ós rud é gur fhéach sé chomh mílítheach. Nuair a bhuail sé an ghloine uaidh, bhí sí an tríú cuid ólta. Ní raibh aon chúrán bán ar a bheola toisc an cúrán céanna a bheith scagtha ag a chír fhiacal bréige, cé go raibh céir bhuí dhorcha an phórtair le feiscint ag bailiú ag cúinní a bhéil de réir mar a bhí an oíche ag dul ar bun. Ní raibh an fhadhb so ag Bil mar anois is arís tharraingíodh sé amach seál póca breá, bán chun a bheola agus timpeallacht a bhéil a ghlanadh; breis suime ag an bhfear ab óige sa tslí inár fhéach sé de bhreis ar an bhfear ba shine, gur chuma leis sa diabhal cé acu ná cé a bheadh ag féachaint ná ag caint air. Uathu sall bhí na mic léinn, an dream ab óige sa tigh agus ba mhó go raibh a ndreach ag cur isteach orthu, gléasta sa bhfaisean ba dhéanaí, treabhsair anairte nó canbháis, léinteacha ioldaite, paistí ioldathacha ina bhfolt gruaige a bhí fada chun deiridh ach bearrtha gearr i dtosach agus ar na cliatháin, fáinní cluas chlé gach éinne acu.
N’fhéadfadh Bil gan ceann a thógaint de shíor den bhfaisean i measc na n-ógánach. Agus is mó faisean a bhí athraithe agus curtha de ag an saol ós na caogaidí, nuair a thosnaigh an cultúr pop ag fáil greim ar dhaoine óga den chéad uair. Ba chuimhin le Bil gach aon tréimhse, agus gach aon athrú acu san. Agus fós ba bhreá leis a bheith ag féachaint orthu agus ag tógaint ceann díobh. Ba bhreá leis dá bhféadfadh sé é seo go léir a phlé lena pháirtí dúr ach bhí a fhios aige ná féadfadh go deo. Bhí san tar éis pósadh. Bhí saol an phósta caite aige ná féadfadh go deo. Ní raibh Bil ina thuismitheoir riamh agus mar sin níor thuig sé aon ní ach a bheith óg ina mheon i gcónaí. D’fhéach sé ar an mbeár ina thimpeall.
Bhí cuma mharbh thraochta ar an mbeár an t-am so an oíche Shathairn sin. Bhí an t-urlár tíleanna ina lathaigh tar éis choisíocht agus doirteadh dí an lae. Bhí an t-aer gorm ag deatach toitíní agus ag anáil na ndaoine. Níorbh aon phub deas é ó thaobh leagan amach ná maisiúcháin de. Ní raibh péint ná páipéar ar na fallaí ach painéil mhóra plywood vearnaiseálta gurbh fhuirist liobar éadaigh a chuimilt dóibh agus ná haithneofá aon tsalachar go deo orthu. Bhí an chontúirt agus laistiar den chontúirt maisithe mar a chéile, na painéil dhonnbhuí chéanna, ach amháin go raibh meathscáthán ag fógraíocht sórt áirithe óil nó toitíní ar crochadh anso is ansúd ag cur beocht éigin san áit, is é sin don té a thabharfadh beocht ar a bheith ag féachaint ar a scáth féin istigh i measc na mbuidéal ar na seilfeanna lána. Bhí a thuilleadh slí siar ar an mbeár, mar a raibh cúpla cuideachta daoine óga ag imirt púil, glór balbh na liathróidí ag bualadh ar a chéile ag baint cluthaireacht an phoill amach le clos aon uair a thitfeadh tost ar an mbeár amuigh. Bhí atmaisféar an bheár istigh ag luí isteach go maith le hatmaisféar na hoíche lasmuigh. Oíche mharbh throm ab ea í, lasmuigh d’fhuinneog ceo bhog bháistí ag rince i soilse na tráchta a bhí isteach is amach ó lár na cathrach ag síorimeacht gan staonadh, an leoithne bhog ghaoithe aneas ag caitheamh na síormhionbháistí trasna an chlaí cloch a bhí ag cosaint na sráide agus an phábhaille taobh thall de shráid, isteach in abhainn na Laoi.
Ach ní raibh éinne dá raibh istigh ag gearán. Pub breá óil ab ea é seo, dar leo, agus ba chuma cén pháirt den gcathair ina mbeidís ag ól oíche, chaithfidís críochnú anso. Ba é seo an tobar, ba chuma cad a dhéanfadh compord ná rudaí a bheith ag féachaint go deas.
Bhí a dtaithí tar éis iad a chur i gcuideachta ar an ionad óil seo, agus ar nós an leannáin gur leasc leis scaoileadh le leannán a bhíonn comhoiriúnach, ba dheacair scaradh le Roth an Mhuilinn. B’in iad na focail a bhí scríofa os cionn an dorais lasmuigh. Bhí an tost suaimhneasach san a thiteann tar éis tamaill ar pháirtithe cearta óil, tite ar Bhil agus a pháirtí Jack. Bhíodar faoi mar a bheidís ansan suite le chéile le cúpla uair an chloig go maith, na mionchainteanna beaga a thosnaíonn gach cuideachta i bpub curtha tharstu acu, an suaimhneas tite orthu a thagann roimis an rábhaill chainte a tharraingíonn deoch. Bhíodar chomh suaimhneach sa tost san nár bhraith éinne acu an dara fear ann nó as, ach fós an sásamh san ina gcroí go rabhadar beirt ann in ionad a bheith ina n-aonaránaigh ag féachaint ar na fallaí. Ní mar a chéile a fhéachann fallaí tí tábhairne don té a bhíonn ina chaonaí agus don té a bhíonn le páirtí a bhíonn comhoiriúnach. Ba mhinic a shílíodh Bil nuair a bhíodh sé i bpub mar seo oíche Shathairn i dteannta pháirtí óil éigin dó, Jack nó a mhacasamhail, dá bhféadfadh sé bean mar a bhí acu san a sholáthar dó féin go mbeadh sé pósta fadó.
Ní foláir nó gur ghaibh an smaoineamh san trí a aigne anois, mar chas sé é féin i dtreo Jack, a shúile boga uiscealacha leáite istigh ina cheann. D’fhéach Jack thar n-ais air, a shúile sin deacair le déanamh amach an rabhadar ag cur uisce nó ná rabhadar, i dtaobh gur thaibhsíodar chomh beag bídeach le dhá shúil circe ag tathag na ngloiní troma. B’in comhoiriúnaíocht.
Fhliuch Bil a bheola chun labhairt. Bhí a fhios aige nach mór na daoine a bhuaileadh le Jack i rith na seachtaine chun scéalta a thabhairt chuige, toisc é a bheith ar a phinsean. Níl aon áit chomh huaigneach, aonaránach le cathair ar an gcuma san. Bhí a fhios aige go raibh Jack aistrithe isteach in árasán a bhí ar cíos on mbardas ag a iníon agus ag a fear céile. Bhí a bhean caillte le bliain agus mheas a iníon gurb é a ceart féachaint ina dhiaidh. Bhí seanthigín beag aige go dtí seo sa tsráid bheag chéanna chúng mheánaoiseach mar ar mhair Bil ina aonar ó cailleadh a mháthair sin trí mbliana roimis sin. Bhí trua ag Bil dó nuair a chuir coinsias na hiníne iachall ar Jack aistriú isteach in árasán fuar trí urlár lasnairde de leibhéal na sráide, agus ní sráid féin a bhí ann. Bíonn sráid beo, go mórmhór na sráideanna beaga cúnga as ar fáisceadh an bheirt acu, béal doirse na dtithe beaga i mbéal a chéile, gach éinne ag ithe as láimh as chéile; dea-chomharsanacht cheart – gach éinne ag roinnt a choda go flaithiúil ar an dara duine. Tháinig scaimh ar aghaidh Bhil nuair a chuimhnigh sé ar thimpeallacht na n-árasán nua, leathacra tarra oscailte os a gcomhair amach. Leathadh an bháin ag leanaí beaga ag scréachaigh agus ag búirthigh, gaoth aduaidh agus sneachta lóipíneach ag gabháil lastuas de gach lá geimhridh, cheal fothana. Cá gcuirfeadh duine a dhroim le falla ina leithéid seo d’áit gan agat d’fhalla ach cliathán sceirdiúil binne? An bhríc liathbhán ag éirí anairde trí nó a ceathair d’urláir, ó dhá dtrian den mbinn anuas loite le graifítí scríte go fuilteach dearg – ‘Brits Out’ – i dtacaíocht don gcogadh i dtuaisceart na tíre, nuair ba mhó a raghadh sé chun sochair dóibh lucht Halla na Cathrach a cheadaíonn a leithéid seo de phríosúin chun daoine a chur chun cónaí iontu, a throid. Chaith sé. Nach leis a bhí an seans ná raibh beirthe ag an saol ar eireaball air. Casann an roth, agus go minic ní gá gur chun do leasa é.
‘Bhuel, tánn tú socairte síos go maith anois is dócha san árasán nua,’ arsa é sin le Jack.
Thóg Jack a shuaimhneas a fhreagairt faoi mar go raibh leisce air teacht amach as an gcluthairt smaointe ina raibh sé, gan faic ar leith ag déanamh tinnis dó faoi láthair, a thrioblóidí ligthe i ndearmad aige.
‘Mhuise, níl rudaí ró-olc,’ arsa Jack, faoi mar a déarfadh duine a bheadh imithe tamaillín ó láthair a chráite agus go mbeadh an chuid ab fhearr á dhéanamh aige den gcúram.
‘Á, is maith é sin,’ arsa Bil, á thógaint breá réidh leis, mar gur maith a thuig sé dá pháirtí, agus gurb é a mhalairt de scéal a bheadh aige mura mbeadh go raibh ceathair nó cúig de phint ólta aige agus gurb í oíche Dé Sathairn í.
Bhí Jack ag féachaint timpeall air féin níos géire agus níos aibiúla anois, na súile beaga circe ag rince ina cheann, droim a dhá lámh neadaithe go sásta compordach aige faoina dhá cheathrú, a chosa á luascadh aige le pé ceol a mhúscail atmaisféar an phub ina cheann. Bhí sé de chuma air go raibh sé chomh sásta le diúic mar a raibh sé, gurb é an pub a phálás, agus dá bhféadfadh sé ná fágfadh sé cuideachta seo an oíche Shathairn choíche. Agus ba shoilbhir suáilceach an áit é chun a bheith um an dtaca so.
Dúirt sé le Bil dhá dheoch eile a ordú. Chuaigh Bil go dtí an mbeár gan uaidh ach é chun gliúc eile a bheith aige ar Evelyn. Tar éis dó teacht thar n-ais agus suí síos, shín Jack bille chúig phunt chuige, é casta ar a chéile go cruinn ina dhorn aige, ní le sprionlaitheacht ná le leisce é a thabhairt uaidh, ach toisc go raibh sé cruinnithe ar a chéile aige i bpóca a threabhsair chun go mbraithfeadh sé a chruas lena láimh agus go mbeadh a fhios aige ná raibh sé caillte aige, gan puinn fairis aige ag fágaint an tí.
Nuair a chonaic Bil an caidhte cruaidh de bhille ag déanamh air, thug sé droim a láimhe dó, mar gur thuig sé cás Jack, ná raibh dó ach an pinsean.
‘Ná bac é,’ arsa é sin, ‘seasódsa an ceann so.’
‘Ní sheasóir mhuis,’ arsa Jack, ag tabhairt buille san uillinn don bhfear eile, buille gur chuir sé iontas ar Bhil chomh cruaidh is a bhí sé, d’fhear nár cheap sé go raibh corraí na coise ann. D’fhéach sé cliathánach ar Jack faoi mar a bheadh sé a mheá sula gcuirfeadh sé challenge bhrúine air. Bhí meathbhuille buailte ag Bil cheana aon uair a chruaigh air i mbeáranna na cathrach, ach gan dabht bhí blianta ansan anois. Chuir an chniug ghránna a fuair sé óna chara iarracht den seanghomh air. Ach nuair a thuig sé é féin i gceart tháinig náire air chuige féin.
Dhein sé leamhgháire. ‘Féach,’ arsa é sin, ‘táimse ag obair fós agus tá mo dhóthain agam, fuíollach; níl agatsa ach an pinsean agus b’fhéidir na hólfá oiread mura mbeadh tú a bheith i mo theanntasa.’ Dhein sé an chuid eile den gcaint leis féin: ní foláir nó gur fhocaéir cruaidh tú tamall. Bhí pian an bhuille ag cur pian fós air agus míshocracht go raibh adaithe ag deoch as. Mar sin a thosnaíonn bruíonta i bpub, arsa é sin leis féin, n’fheadar an bhfuil san fachta amach ag an ndream thall fós. Na mic léinn a bhí i gceist aige.
‘Cogar anois, a bhuachaill bháin,’ Jack a bhí ag leanúint air, ‘ní gá dhuit a bheith ag seasamh faic breise domsa. Tá fuíollach airgid agam. Tá iníon mhaith agam. Gan dabht tugaim pinginí pinsin di as mé a chotháil …’
Bhí Jack tosnaithe – tosnaithe ar a bheith ag cosaint a choda féin, ní i gcoinne éinne ar leith ach i gcoinne an tsaoil a cheap gur bits cheart a iníon go raibh an cac ag crith ann féin roimpi gan bacúint leis an síofra fir a bhí pósta aici nár dhein aon lá oibre riamh ach ar an ndeol ag ól agus ag cearrbhachas.
Níor lú le Bil an sórt san duine ná an sioc, fear ná raibh lá díomhaoin ina shaol riamh agus é bródúil as san, fear a bhainfeadh amach jab san áit a chaillfí fear eile. Ach gan dabht tá airgead mór inniu dos na liairní as a bheith suite ar a bpoll, a shíl sé. Bhí straidhn ag teacht arís air go dtí fear iníne Jack agus go dtí na mic léinn a bhí neamheolgaiseach ar dheoch. Chuimhnigh sé air féin a bhí ag obair ag folmhú árthaí bananaí, a thagadh ó Mheirice Theas, thíos ar na céanna agus gan é ach dhá bhliain déag, gan d’oideachas air ach an bhunscoil a bheith fágtha aige. Ghaibheadh sé síos an cnoc gach aon mhaidin, ag fágaint an ardáin inar mhair sé laistiar de, an cuan le feiscint faoina bhun aige faoi mar a bheadh sé ag féachaint ón bhfuinneoigín anairde staighre ag baile toisc an t-ard a bheith chomh géar san; a shála ag breith ar a chéile ag a ghluaiseacht féin, na bruachbhailte agus na goirt laisteas ag síneadh go híor na spéire, dúthaí gurbh ionann a thaithí orthu agus an taithí a bhí aige ar na tíortha as ar tháinig árthaí na mbananaí, a gcuimhne ina cheann fós ós na léarscáileanna ar sheanfhallaí príosúin na scoile. Ghaibheadh sé aníos an cnoc céanna tráthnóna, a choiscéimí slat go leith ar faid ag an dtarraingt i gcoinne an aird, boladh deataigh an ghuail ag dó ag teacht ó thinteacha tráthnóna na dtithe beaga brícdhearga, breis guail caite ar an dtine, sioc fógraithe arís anocht ag an raidió mór ar sheilf i gcúinne na cistine agus gan faic á choimeád ina bheathaidh ach an taephota mór láidir tae a bheadh roimis sa bhaile ullamh ag a mháthair dó tar éis a lae chruaidh oibre, a sheacht mallacht curtha aige le árthaí bananaí ó Mheirice Theas, ach fós fhios aige go raghadh sé síos an cnoc céanna go fonnmhar arís ar maidin i dtaobh go raibh meas aige air féin mar oibrí neamhdhíomhaoin.
Bhí Jack ag caint leis níos fonnmhaire ná mar ba ghnáthaí dó.
‘An-dhuine is ea an iníon san agam. Ní loirgíonn sí orm ach daichead punt sa tseachtain. Bíonn an chuid eile agam féin. Dhera, fé mar deir sí, cad ab áil liom de pé scéal é? Níl mhuis, níl de chúram agam de ach chun cúpla toitín a cheannach, cúpla piointín istoíche, agus bronntanas beag don gclann, aon uair a bhíonn lá breithe ag éinne acu.’
‘Ó, sea,’ arsa Bil, ag teanntú leis. Chuireadh an saghas so maoitheanachais masmas air ó sheandaoine don tsórt so oícheanta Sathairn. A gclann tógtha acu, iad san pósta, socairte síos, buíochas le Dia, iad acu chun aire a thabhairt dóibh féin nuair a chuirfeadh an chríneacht nó dáil a gclainne ina bpinginí pinsin amach as na tithe beaga iad mar ar tógadh iad agus mar ar chaitheadar formhór a saoil singil agus pósta. Thiocfadh bulldozer ansan a réabfadh na háitribh tréigthe chun slí a dhéanamh do charrchlós muiltíurláir nó d’oifigí rialtais chun a bheith ag dáileadh pinginí suaracha deol ar an lucht oibre a bhí lofa loite ag díomhaointeas. Cá raibh an féinmheas? Bhí san marbhthach, dar le Bil. Ní haon ionadh ná raibh aon mheas ag na daoine orthu féin. Lean Jack air ag déanamh an leathscéil i dtaobh ná raibh misneach Bhil aige agus fanacht neamhspleách.
‘Bhí a lá breithe ag Decie, a fear céile, ansan le déanaí. Theastaigh uaim rud éigin a cheannach dó, ach ní ligfeadh sí dom é.’
Stop Jack, é ag cuimhneamh ar an maitheas a dhein Decie dó as é a scaoileadh isteach san árasán an chéad lá.
Mhuise, muran tú atá go simplí, a dhuine bhoicht, arsa Bil leis féin, ach ní hin é a dúirt sé amach go hoscailte ach – ‘Ba dheas uaithi é.’
Thóg Jack bolgam tanaí eile as a phiont, é dearmadta aige gurb é Bil a dhíol as. Níorbh fhearr leis sin rud de ná é a bheith imithe as a cheann. Bhog cuntanós Jack, a aghaidh ag leá ar nós na súile beaga a bhí ag snámh laistiar de na gloiní ramhra le barr buíochais dá iníon agus dá fear Decie a bhí sásta cur suas leis i ndeireadh a shaoil thiar dó. Ní raibh aon oidhre air ach maidrín go mbeadh cead a bheith istigh fachta gan choinne aige. Tharraing sé osna bhuíochais, a chuir masmas ar Bhil, agus lean air.
‘Chuaigh sí isteach ’on chathair ar an mbus, tráthnóna Déardaoin,’ a dúirt sé. ‘Thugas fé ndeara go raibh birtín aici nuair a tháinig sí isteach. “Cad tá ansan agat?” arsa mise léi, á cheapadh gur geansaí beag éigin a bhí aici do dhuine de na garsúin. “An b’amhlaidh ná raibh fhios agat gurb é lá breithe Decie amárach é?” arsa í sin. Níor chuimhníos riamh air, bhí sé dearmadta glan agam agus níorbh éinní liom ach iad chomh maith dom. Cad a dhéanfainn? “Cad a fuairis dó?” “Fuaireas léinteán allais Lonsdale,” arsa í sin. “Thugas hocht bpunt air.” “Thugais!” arsa mise. Daor a dhóthain a bhí sé. Chuireas mo lámh im phóca. Ní raibh agam ach chúig phunt, ach thugas di é. Bheinn náirithe go deo mura mbeadh éinní fachta agam do Decie bocht.’
Decie bocht, arsa Bil leis féin, is mó bille cúig phunt fágtha ag an ndiabhal san i bpubanna na cathrach. Go mbeire an diabhal leis é féin agus a chuid bumála.
Thit ciúnas ar an mbeirt ar feadh tamaill faoi mar a bheadh náire bheag ar Jack i dtaobh na faoistine leanbaí a bhí déanta aige lena chara. Bhraith sé faoi mar a bheadh páiste tar éis a chéad fhaoistin a dhéanamh, faoiseamh na simplíochta ag gabháil lastuas de tar éis an t-ualach a chur dá chroí. Thuig sé chomh maith go raibh náire curtha aige ar Bhil, mar nach duine é sin a bhí críonna a dhóthain fós chun filleadh ar a bheith ina leanbh. Chroith sé a ghuaille cnámhacha. Bhain de na spéaclaí troma ramhra agus chuimil an t-uisce as a shúile bídeacha le ciarsúir go raibh cuma air go raibh sé barrdhóite cois tine. D’iompaigh Bil uaidh, brón air go raibh an lagar taispeáinte ag imeacht na mblian sa bhfear. Bhí a fhios aige cad a bhí le teacht.
D’fhéach sé sall i dtreo na mac léinn óg. N’fhaca sé iad, mar ná raibh aon tsuim aige a thuilleadh iontu ach ghaibh a gcuid cainte anall trasna an urláir chuige, a nglórtha méadaithe go mór faoi mar a bheidís ag iarraidh briseadh isteach ar a smaointe de ghnó glan. Theastaigh uaidh iad a choimeád uaidh amach. B’fhearr leis anois a bheith ina aonar, ná a bheith ag éisteacht le seanduine bocht truamhéileach ag gabháil leathscéil dó féin, ná le mic léinn ag bóisceáil as cad ná déarfaidís, misneach falsa na hóige agus meatacht chráite na seanaoise. A Dhia nárbh uaigneach an áit Roth an Mhuilinn oíche Shathairn. Ghaibh pian trína chroí, pian a bhí méadaithe go mór ag an méid a bhí ólta aige. Síl na heornan, a dúirt sé leis féin, is maith í uaireanta ach uaireanta eile méadaíonn sí an t-éadóchas. Agus chun an t-éadóchas san a dhúnadh amach as a chroí, chun ná faigheadh sé greim air, chuimhnigh sé gur thráthúil gur i Roth an Mhuilinn a bhíodar ag ól, áit ina mbíodh muileann mór ag meilt cruithneachtan agus eornan sa tseanshaol. Gháir sé leis féin. Bhí fhios aige go raibh Jack ag obair tamall éigin as a óige ann agus gurb in é an chéad ábhar cainte eile. Gheobhadh an bhulaíocht agus an mustar, na seansciatha cosanta, an lámh in uachtar ar an eagla, ar an anbhá agus ar an sceimhle a thriaileann an duine a mhúchadh nuair a bhíonn sé ina aonaránaí nochtaithe os a chomhair féin. Chrith Bil arís. Chuimil sé an t-allas dá chlár éadain le droim a láimhe. Bhuail sé an ghloine pint ar a cheann agus d’ól siar síos ar a chroí a raibh inti. Faoi mar a bhainfeadh an pórtar an mheirg den nglas a bhí curtha aige ar chupairdín a inchinne, scaoileadh an glas agus líon caint, gáirí agus glór na mac léinn a mheabhair. Bulaíocht chainte a bhí ar siúl acu, ag ligint orthu go raibh misneach acu ná raibh agus ná beadh go deo, iad tiomáinte ag sú na heornan, pint mhóra Hoffmans, lágar Gearmánach a bhí nua ar an margadh, á gcaitheamh siar acu, sú eornan na dúthaí seo – Harp – tréigthe acu. Thaibhsigh an chaint, neamhdhíobhálach, neamhéagórach do Bhil i dtaobh go raibh sé féin breá bogtha anois, cead saoirse tugtha aige don ndeoch spior spear a dhéanamh dá smaointe dubhacha.
‘Chuas ar mo chaid ar fad oíche Dé Sathairn seo caite.’
‘Chuais, mhuis. Cá rabhais?’
Níor chreid an dara mac léinn an chéad duine faoi mar ná beadh dea-theist na tiufáltachta air. Dar le Bil nárbh aon iontas é sin, mar go raibh sé chomh beag mílítheach le sicín aon lae saolta.
‘Bhí slua againn i Réalt an Iarthair. Thugamar an oíche ag ól ann ó chríochnaigh an chluiche idirnáisiúnta rugbaí ar an dteilifís.’
‘Sea?’ arsa an mac léinn eile, faoi mar a bheadh sé ag fáil mífhoighneach, nárbh aon scéal nua é sin.
‘Bhí páirtí i mBóthar an Choláiste ina dhiaidh sin. Cheannaigh duine nó dhó againn buidéil vodca. D’ólas ceann sa chruinne ag an bpáirtí. Bhíos i mo chac ar fad. Leagadh amach mé.’
Dhein an fear eile neamhshuim iomlán de. ‘Cogar,’ a dúirt sé, ‘ar chualaís riamh an ceann so: Cad ina thaobh go mbíonn drárs ar striapach?’
D’éist an comhluadar go léir leis. Ba é seo an ceann crústa. Nuair a chacann gé, cacann siad go léir, arsa Bil leis féin. Ní raibh aon fhreagra ag an mac léinn ab óige agus faoi mar a shílfeadh sé gurb é a cheart a bheith, ‘N’fheadar’ a dúirt sé go díomách.
‘Ar eagla go bhfaigheadh ailt a cos fuacht,’ arsa fear an tseoigh agus gháir gach éinne.
Chaith Bil miongháire a dhéanamh dá ainneoin féin. Ancheann, a dúirt sé leis féin. Níor chuala Jack faic. Bhí sé ar dhuine den sórt san daoine ná tugann faic faoi ndeara gan é a bheith os a gcomhair amach ag stánadh san aghaidh orthu. Ba gheall le seanchapall é go mbeadh púicín air ná cífeadh ach roimis amach díreach, a leithéid sin a bhíodh ag gabháil timpeall go dtí na pubanna fadó le soithí Murphy. Bhí an t-ól i gcónaí ann, a bhuachaill, arsa Bil leis féin.
Mar bhuíochas don méid sin, shín sé a ghloine folamh go dtí Jack, agus arsa é sin leis, ‘Líon í sin, a bheithígh, agus cuir dealramh ort féin. Má tá airgead anois agat seasaimh.’
’Riúnaigh an sórt san cainte go díreach an t-athrú meoin a bhí ag teacht ar Jack. Tharraing sé amach an bille cúig phunt arís, é cruinnithe ar a chéile fós.
‘Seo,’ arsa é sin. ‘Seo leat ansan suas agus ordaigh deoch. Tá fhios agam ná fuil uait ach é chun a bheith ag spaiteáil ar Evelyn, ach dá mbeinnse deich mbliana níos óige …’
N’fheadaraís cé hé éinne, arsa Bil leis féin ag gabháil suas leis an dá ghloine fholmha go humhal go dtí Evelyn, nach géarchúiseach an baistirtín agam é.
Ar shroichint taobh na contúrach dó, chas Evelyn ina threo, an miongháire a chuireadh le gealaigh é ar a beola.
‘Murphy agus Guinness eile?’ a dúirt sí go macánta.
Dá mhéid pint a bhí ólta aige, lúb a chosa faoi nuair a labhair sí, éifeacht shú na heornan rólag do bhualadh a chroí. Líon Evelyn an dá phiont go healaíonta, a lámh shlím i solas leathchaoch an bheáir, beirthe go daingean ar an dispenser, an greim róchruaidh baineann san, a shamhlaíonn fir a bheith neamhghátarach i dtaobh nach gá dóibh féin leath an fhórsa a úsáid i mbun oibre. Bhí gléas gnéisiúil sa bhfionnadh fionn éadrom ar dhroim a láimhe a chorraigh Bil go mór. Nuair a bhain sí ramsach as an dteap a tharraingt chuici, bhain fuinneamh na hiarrachta san geit as, gníomh fearúil ag cur isteach ar bhoigeacht a cuid banúlachta. Nuair a shín sí an dá phiont lán chuige, ghlac sé leo go buíoch agus phioc leis gan puinn a rá, eagla air go raibh a ghrá don mbean óg le feiscint róshoiléir ar a cheannaithe. Le taithí ó a bheith ag obair laistigh de chontúirt d’aithin Evelyn, leis, go raibh rud éigin suas, mar ón áirithe sin pint amach a bheadh ag éirí ar leithéid Bhil chun cainte. Bhí sí ag ní ghloiní sa soinc, tar éis di stracfhéachaint eile a thabhairt ar an gclog, nuair a buaileadh isteach ina ceann cad a bhí ag déanamh tinnis do Bhil. Bhraith sí ciontach, bitsiúil toisc go raibh coinne aici anocht chun dul go dtí an gclub rugbaí. Don gcéad uair i rith na hoíche bhí aithreachas uirthi an choinne a bheith déanta aici agus bhraith sí fonn ag teacht uirthi gan bualadh leis an mbuachaill. Ach ansan dúirt sí léi féin gur simplí a bhí sí. Ní hamhlaidh a raghadh sí amach le seanbhaitsiléir mar Bhil. Ní raghadh ná é, ná ní dócha go mbeadh suim aige sin inti sa tslí sin ach oiread. Mar sin féin bhí ceangal éigin eatarthu gur dheacair di méar a chur air, ach bhí fhios aici aon ní amháin: dá raghadh sí i dteannta aon fhir anocht bhraithfeadh sí go raibh sí ag scaoileadh Bhil síos. Bhí a dhá láimh lán de lacht níocháin. Thit dlaoi dá gruaig anuas ar a héadan tais. Thriail sí é a shéideadh siar as a súile le puth dá hanáil. Chuaigh di, toisc go raibh an ghlib báite ag allas.
Shuigh Bil síos go trom in aice lena pháirtí. Bhuail sé an piont Murphy uaidh ar an mbord roimis siúd amach de chnag. D’fhéach Jack suas san aghaidh air, mar b’ait leis an fuadar so.
‘Tá sé all right, a bhuachaill, raghadsa ag triall air an chéad turas eile,’ arsa Jack. Bhí aithreachas air tar éis é a rá mar níor theastaigh uaidh a bheith smairteálta, fear galánta ab ea Bil, ní raibh a leithéid ag teacht isteach san áit. Ach ba chuma dó cé acu mar níor chuala san in aon chor é. Bhí sé ródhoimhin ina smaointe féin. A Chríost, cad tá ormsa? Mo chroí síos suas fé mar a bheadh garsúinín scoile a bheadh tite i ngrá don gcéad uair. Bhuel, foc a’ diabhail air mar chúram. Bhí an gomh dearg aige chuige féin, mar bhí an oíche á lot aige air féin. Bhí sé ag éirí míghiúmarach, agus é ag fáil corrathónach ag an ngrá. Aon oíche Shathairn eile faoin dtráth so bheadh sé breá bogtha dó féin, a chroí go héadrom, é gealgháirtheach le gach éinne, gan éinne bocht ar a chine. Focaid, bhí sé sóbarálta arís anois, ag an sceit a thóg a chroí nuair a bhí sé thuas ag an gcontúirt ag féachaint ar … n’fhéadfadh sé a hainm a rá … uirthi. Bhí sé tuirseach tnáite ag an suaitheadh a bhí ag breith air, suaitheadh nár thaithigh sé riamh ina shaol go dtí so. Bhí buailte faoi aige agus chaith sé siar leath an phint mar dhúshlán chun an tsaoil. Caithfidh an diabhal Jack dul suas an chéad turas eile, mhuis, dathacha aige nó uaidh. Bhí sé tuigthe ina chroí istigh aige go raibh loite air ag Evelyn, agus nach mar a chéile a fhéachaidís ar a chéile go deo arís; deireadh tagtha leis an seanaithne neamhdhíobhálach a bhí acu ar a chéile, an col a shíolraíonn go minic as an ngrá ag tosnú ar fhás agus gan aon leigheas faoin spéir ag lán na beirte acu air. Nach cruaidh í an nádúir?
Thriomaíodar an dá phiont faoi mar a bheadh na madraí curtha leo. Chuaigh Jack suas an turas so. D’ordaigh sé dhá leathghloine fuiscí i dteannta an dá phiont, é ag caint agus ag scartaíl gháirí le hEvelyn, faoi mar a bheadh éinne a bheadh ar a shuaimhneas i gcomhluadar mná óige ná beadh a chroí ina dhá lomleath aici. Chonaic Bil na geáitsí amach trí chúinne a shúl. Bhí formad aige leis don gcéad uair ó chuir sé aithne air, formad toisc é a bheith chomh neamhspleách ar Evelyn. Ghortaigh sé é. Anuas leis agus é ag luascadh leis na deochanna go léir faoi mar gur ag siúl deic árthaigh a bheadh sé. Chaith Bil gáirí leis féin dá aineoinn.
‘Buail síos ar do chroí é sin,’ arsa Jack, é féin i gceannas shearmanais an óil anois, ‘déanfaidh sé maitheas duit, dúrt liom féin go raibh sé chomh maith againn braon íle as an lampa a bheith againn i dteannta an phórtair. Ní fios cé a mhairfidh le oíche Dé Sathairn seo chugainn.’ Raid sé siar an leathghloine, é fós ina sheasamh, faoi mar gur chuma leis sa diabhal cé acu. Bhí an seanmhisneach múscailte arís ann ag sú na heornan, a bhuíochas san de rothanna muilte an tsaoil, a chasann na brónna, a mheileann an gráinne, a chuireann an speach sa deoch, a thiomáineann seandaoine. D’ól Bil a bhraon cruaidh féin go ciúin faoi mar a bheadh leaid óg ag ól i measc seancheardaithe. Ar deireadh shuigh Jack, na tinneasaí cnámha ag fáil an lámh in uachtar ar a chuid teaspaigh.
‘An bhfeadraís go dtugas-sa na blianta ag obair as m’óige sa tseanmhuileann a bhí anso?’ arsa Jack.
Níor fhreagair Bil in aon chor, ach a fhabhraí a ardach, faoi mar a chuirfeadh sé iontas air, agus an seanscéal céanna cloiste aige na fichidí uair roimis seo, oícheanta Sathairn eile agus iad ag dul ar bun. Ní raibh oiread fáilte riamh aige roimis an seanphort is a bhí anocht. Níor ghá dó ach fanacht ina éisteacht, cluas a thabhairt do Jack agus ligint don mBlack Bush éirí anairde ina cheann, ag tabhairt faoisimh agus sóláis dó, ní hea ach cosaint, dá ndéarfadh sé é, ón ngrá so a bhí ina scamall dobrónach anuas air. Lig sé a cheann i gcoinne an fhalla laistiar de agus leathdhún a shúile, míobhán aoibhinn na dí á bhrath aige ag gabháil go dtí an inchinn, chuir paidir ó chroí go dtí Bacchus, seandia págánach an óil, agus d’éist go cruinn le leadrántaíocht cainte Shean-Jack.
‘Bhíodh pacaí móra cruithneachtan an uair sin ann …’ Bhí Jack luite isteach leis an seanchaíocht, ach gurb é féin an laoch mar ná leomhfadh sé an gradam sin d’éinne eile. Lean an dordán i gcluasa Bhil agus i ngan fhios dó féin nach mór bhí sásamh ceart a fháil aige ann. B’fhéidir nár éist sé i gceart riamh go dtí so leis.
‘Chaithfimis na pacaí mine a chur anairde ar lochta mór a bhí ann. Bhí an staighre sin chomh géar, agus céad go leith meáchan sna pacaí an uair sin. Bhí aithne agam ar fhear amháin a bhí ag obair ann, ón Linn Dubh ab ea é, thugadh sé dhá phaca sa turas leis, ceann ar gach gualainn. Dá gcífeá an neart a bhí ansan. Is é siúd a d’ólfadh na pint Murphy. Ní raibh aon lá riamh na go mbíodh a cúig nó a sé de phint am lóin aige. Agus an rud a mharódh tú ná go raibh an staighre chomh géar. Ní mór ná go mbeadh do chorrán ag bualadh ar an steip romhat amach, tú á thabhairt chun talún ag meáchain an bhastairt paca. Agus pá – pá na hainnise. Ní thochaiseoidís iad féin inniu ar an bpá a gheibhimisne, a bhuachaill. Nó, conas a chuireamar suas leis. Sa tsamhradh ba mheasa ar fad é. An teas a bhíodh istigh fén gceann slinne sin anairde ar an lochta. Bhíodh allas ar sileadh ina abhainn díom ó dhubh dubh sa diabhal áite sin. Bheadh dream an lae inniu ar stailc gach aon lá sa tseachtain dá gcaithfidís a leithéid a dhéanamh.’
Stop sé. D’oscail Bil a shúile ábhar. Bhí díomá air an chaint a bheith dulta i ndísc. Ach ní fada a bhí. Lean Jack air i nguth ciúin uaigneach, faoi mar a bhraithfeadh sé uaidh an saol san dá olcas é.
‘Bhí fuinneog amháin ar an mbinn ar an lochta úd. Bhí radharc aisti síos ar an abhainn agus ar roth an mhuilinn ag síorchasadh agus ag cáitheadh uisce san aer, glioscarnach ag an uisce i solas láidir na gréine a chuirfeadh uisce le do fhiacla, sa tslí gur bhreá leat tú féin a chaitheamh síos, gan ’od stop ach fhios a bheith agat dá raghadh do chuid éadaigh ceangailte sa roth ollmhór go dtarraingeodh sí léi tú agus go meilfeadh sí i do ghéiríocha tú.’
Dúirt sé an chuid deireanach le fuinneamh fíochmhar díograise a bhain sceit as Bhil, an chaint ag éirí ó leibhéal an chiúnais tamall roimis sin go raibh sí ina leathscriúch diamhair i ndeireadh. Chrith Bil arís.
‘Tá an t-am suas,’ arsa Evelyn de bhéic ghránna fhearúil laistigh. Chuir a glór isteach ar chuma éigin ar Bhil.
‘Cogar,’ arsa é sin le Jack, ‘seo,’ shín sé chuige bille deich bpunt. ‘Téigh suas arís agus faigh dhá ghloine fuiscí agus dhá phiont eile. Tabharfaidh sí duitse é mar tá fhios aici ná bíonn tú amuigh ach oíche Dé Sathairn. Ní bheadh aon trua domsa.’
Thóg Jack an baoite agus suas leis. Tháinig sé thar n-ais leis na deochanna, agus cuma air go raibh sé doimhin go maith. Nuair a chonaic Bil an deoch go léir a bhí tite ar a pháirtí tháinig aithreachas air i dtaobh a bheith ag teannadh di chomh mór le duine chomh críonna leis. Bhí a fhios aige, leis, go raibh sé ag baint úsáide as, mar gur oir sé dó féin anocht dul ar meisce. Chaitheadar siar na deochanna, gan puinn a rá toisc an t-am a bheith ag breith orthu. Bhí Evelyn ag fáil níos mífhoighní agus an gomh uirthi toisc go bhfaca sí Bil ag teannadh dí chomh mór le Sean-Jack. Níor thaitin sé léi go raibh sé ag taispeáint an drochmhianaigh a bhí ann. Níor chuaigh sé i ngan fhios di ach chomh beag gur chuir Bil suas an seanduine chun na deochanna breise a ordach. Bhí díomá uirthi a chuir straidhn uirthi. Níor chabhraigh sé léi ach an oiread go raibh fhios aici go mbeadh mata de chur amach le glanadh aici i leithreas na bhfear tar éis spraoi na mac léinn óg sula mbeadh críochnaithe aici. Bhí rud éigin san oíche anocht a shíl sí. Bhí spreang éigin tagtha ar na daoine. Ní bheadh rudaí go deo arís mar a chéile i Roth an Mhuilinn.
Bhí pint lána i ndiaidh na mac léinn, an deoch gafa lastuas dóibh. Thosaíodar ag lorg buidéil vodca uirthi. Ní thabharfadh sí dóibh iad. Ar deireadh dhíol sí cúpla paca iompair beorach leo, féachaint an bhfágfaidís an áit. Steaigearáladar amach an doras ar deireadh, Bil agus Jack istigh ina measc, idir mhac léinn agus seancheardaí tugtha ar aon leibhéal ag meáchan na dí. Ghoill sé go mór ar Evelyn, mar gach oíche Shathairn eile ligeadh sí don mbeirt aosta fanacht istigh agus a ndeoch a chríochnú ar a suaimhneas, ach ní ligfeadh a gcuid leanbaíochta dóibh fanacht réasúnta anocht.
Agus saol leanbaí is ea é, arsa Evelyn léi féin agus í ag glanadh suas i ndiaidh an lucht Bacasach, a cuid deora ag caochadh a súl.
B’fhíor do Evelyn ná beadh Roth an Mhuilinn mar a chéile go deo arís. Níor chuaigh Jack abhaile in aon chor an oíche sin. Tugadh an tseachtain á lorg, Decie ag ligint air go raibh sé ag cur tinnis air ná raibh riamh. Fuaireadh seachtain ina dhiaidh sin é báite san abhainn, nuair a bhí an tuile tráite inti.
Chuaigh Evelyn go dtí an ndioscó sa chlub rugbaí leis an mbuachaill go raibh an choinne aici leis. Thug sí cuireadh isteach go dtí a hárasán dó. D’fhan sé an oíche ina teannta. Fuair sí amach ná raibh de mhaith ann ach a raibh d’fhearaíocht chuige, mar gur thug sé an oíche a fhórsáil féin uirthi go lag truamhéileach go dtí ar deireadh gur chrom sé ar ghol le frustráltacht an easpa taithí. Bhí sí buíoch go raibh sé de chiall aige imeacht ar adhmhaidean agus ná caithfeadh sí féachaint san aghaidh air le gealas an lae.
Ní fhágann san ach Bil. Trua Mhuire ab ea é sin. Bhí a fhios ag gach éinne gurb é ba dheireanaí a chonaic Sean-Jack ina bheathaidh. Bhraith sé go raibh daoine milleánach air. Thosnaigh sé ag ól go trom de ló agus d’oíche. Bhíodh an scéal céanna aige do pé a bhuailfeadh leis i bpubanna na cathrach agus a dhóthain ólta aige go dtí ar deireadh gur mheasadar go raibh sé glan as a mheabhair. Deireadh sé gur tháinig a mhisneach do Jack an oíche úd ag dul abhaile dóibh, nuair a sheas sé ar an gclaí cloch a bhí íseal sa phaiste áirithe sin tar éis do leaid óg gluaisteán goidte a thiomáint isteach ann tamall éigin roimis sin. Dúirt Jack leis go bhfaca sé roth an mhuilinn arís san abhainn, an t-uisce ag glioscarnaigh faoi sholas láidir na gréine, ach gurb é solas na gealaí i ndáiríre a bhí ann mar gur scaip an cheo mhionbháistí an oíche chéanna. Dúirt sé ansan go raibh spalladh an bháis air, rud a bheadh i gceist mar go raibh mórán ólta acu an oíche chéanna agus ansan léim sé isteach.