Fága 2

Dara Ó Conaola

Images

Dhúisigh mé.

Tá mé i mo dhúiseacht anois. In áit aisteach atá mé. Is cosúil go bhfuil mé ann le fada. Tá daoine i mo thimpeall. Go leor daoine. Muid ag imeacht linn.

Tá meall againn ann. Níl a fhios agam beo cé méid. Ach go bhfuil muid ann. Is cuma linn faoi thada, ar bhealach. Ach go mbíonn corragall bhagrach asainn. Is go mbíonn cuma orainn go mbíonn eolas uainn. Is ó am go chéile go mbíonn sé seo siúd agus siúd eile uainn …

Ní bheidh aon réiteach againn déarfainn. Údar gáire, ar ndóigh, é sin. Is fearr é ná an caoineadh. Ní bhuann muid aon am – rud eile nach ngoilleann mórán orainn …

Bím féin. Tá sé chomh maith dom é a rá anois. Ag breathnú amach. Ag súil …

Bíonn siad ag faire orm anseo. Ach tá mé sách cliste acu. Bím ag imirt orthu. Tá an oiread acu ann, mar sin féin. Tá siad chuile áit. Téann siad isteach i m’intinn, fiú amháin. Ach ní gan fhios domsa é.

Níl aon olc agam dóibh. Mar a chéile uile muid.

Ní thugann siad aon aird ormsa. Ní thrustann siad mé. Bhí mé ag rá leo an rud a dúirt an spideoigín. Spideoigín a tháinig chugam i mbrionglóid le scéilín dóchais. Níor chreid siad ar chor ar bith mé. Mé féin ná an spideoigín. Bhí mé á rá leo ag cruinniú. Cruinniú a bhí acu. Bhí an t-uafás go deo le rá acu ach chomh luath is a d’airigh siad an spideoigín cheapfá gurb é an chaoi ar buaileadh ar an gcluais iad. Magadh fúthu, cheap siad, a bhí mé. Ach deabhal ab ea.

Is éard a rinne mé ansin, nár mhaith an mhaise dom é, tharla nár thug siad aon toradh orm, a dhul agus an rud a dúirt an spideoigín a rá ina amhrán. Féachaint an ngabhfadh sé isteach ina gcloigeann dothollta an chaoi sin, gan fhios dóibh. Ach ní léir dom aon toradh …

Tá deacrachtaí móra, ollmhóra, againn. Is iontach deacair cuimhneamh ar mhíbhuntáiste ar bith nach bhfuil againn – má tá ceann ar bith fanta.

Soitheach a chaithfear a thabhairt ar an deis iompair atá againn. Ní soitheach í, ar ndóigh. Ach tá sí ag snámh. Bíonn muid ag cur cuma shoitheach uirthi. Tá stiúir againn uirthi. Cur i gcéill de stiúir. Ní chasann sí an soitheach. Ní dhéanann sí maith ar bith. Imíonn an soitheach léi ina rogha bealach. Is cuma linne sa míádh cá ngabhfaidh sí. Nach mar a chéile chuile áit anseo. Farraige chuile thaobh. Tonnta chuile thaobh. Iad ag déanamh ort taobh amháin. Ag imeacht uait an taobh eile. Muide eatarthu.

Chuir muid seol freisin uirthi. Is beag an mhaith é, ach an oiread leis an stiúir. Seol bán é. Dúradh ag cruinniú gur cheart dath donn a chur air – nach raibh aon slacht ar an dath bán. Níl a fhios cén sáraíocht a tharraing sé. Ar deireadh cuireadh ar lámha é. Bhuaigh an dream atá ag iarraidh é a fhágáil mar atá sé.

Níor chuir mise lámh ar bith suas. Ní raibh mé ag iarraidh seol bán ná seol donn, tharla nach raibh sé ag déanamh aon mhaith.

Galántacht a bhí ar an dream a bhí ag iarraidh é a athrú. Rud níos measa a bhí ar an dream eile. Leisce. Níor chuir mise lámh ar bith suas …

Tá sé ráite gurb é an deacracht is mó atá againn nach féidir linn a theacht ar aon intinn faoi rud ar bith. Dhá mhíbhuntáiste is cúis leis sin. Tá cead ag chuile dhuine a rogha rud a cheapadh – sin ceann acu. Ní féidir linn tada a fháil – sin an ceann eile.

Pléitear an scéal go minic. Go mion. Deirtear gur cheart a theacht ar aon intinn faoi rud éigin. Rud ar bith faoin saol. Is cuma cé chomh leibideach is a bhreathnódh sé do chuid. Ní ghlactar leis an tuairim – mo léan géar, mar a dúirt an ghé a bhí ar deireadh.

Bhainfeadh sé ó shaoirse na hindibhide. Deir na liobrálaithe. Uaireanta bítear ár gcaitheamh soir. Tugann muid soir air. Imíonn muid an taobh eile ansin tamall eile. Siar.

Faigheann muid tuairteáil. Buailtear faoi chéile muid. Buaileann farraigí aniar sa mhuineál muid. Bíonn muid ar crith leis an bhfuacht. Faigheann muid drochshlaghdáin. Cailltear uile muid uaireanta. Ach dúisíonn muid arís …

Cailleadh mé féin. Aon uair amháin. In áit ar bhuail taghd mé lá. Bhuail mé mo chloigeann chomh maith is a bhí mé in ann faoi thaobh an tsoithigh.

Ní raibh athrú ar bith tagtha nuair a tháinig mé chugam féin ón mbás. An tseanealaín chéanna. Soir siar.

Ach an oiread le duine ar bith a tháinig ón mbás, nó a tógadh ón mbás go míorúilteach, níor chuimhin liom tada. Faic. Ní dhearna sé maith ar bith dom.

Ceart go leor bhí mé stromptha. Dúradh liom é. Bhí mé in mo phleainc. Leáigh mé. Deir siad. Nuair a tháinig séasúr earrachúil ansin tar éis tamaill thosaigh mé ag cur feola suas arís. Go raibh mé chomh beathaithe le ronnach. Dhúisigh mé agus mé chomh dímheabhrach agus a bhí mé riamh. Thiarnín.

Scéilín dólásach é sin. Ní maith liom a bheith ag cuimhneamh air.

Bíonn ráflaí go leor ag dul thart anseo. Ní thugaim féin mórán toradh orthu. Bréaga a bhíonn ina leath, ar ndóigh. Cuid acu bíonn bunús éigin leo. Creidtear chuile rud den chineál sin anseo. Ach an rud a dúirt an spideoigín níor chreid siad ar chor ar bith é. Agus is scéal fíor é.

Tá sé ráite, ach ní móide go bhfuil aon aird le tabhairt ar an scéal, go bhfuil slánaitheoir le teacht. Tá sé creidte ag cuid mhaith. Tá sé ráite go dtiocfaidh sé má chuirtear fios air.

Buachaill an-chliste a rinne suas an méid sin, cheap mise. Breathnaíonn sé thar cionn. Tá an slánaitheoir ann ach fios a chur air. Bíonn snaidhm éigin sna scéalta maithe seo i gcónaí. Cé a scaoilfidh an tsnaidhm seo? Cé a chuirfidh fios air?

Ar ndóigh, níl a fhios againn cá bhfuil sé. Nach mb’fhéidir gur thoir atá sé. Nó thiar. Nó an taobh eile … Ní mór dúinn slánaitheoir eile le fios a chur air. Murach sin is beag nach gcreidfinn féin é.

Baineadh an-gheit asainn. Rud nua ann féin geit. Athrú beag bídeach. Tagann sé go tobann. Bítear ag súil go bhfanfaidh sé. Gur athrú mór atá ag teacht … ar nós buille. Tagann sé. Ní imíonn sé. Ach ní fhanann sé …

Sotach nach ndúirt aon cheo riamh, nó má dúirt nár tugadh aon aird air, dúirt sé gurbh é féin an slánaitheoir … cé is moite den gheit níor tugadh aon aird mhór air. Cantal is mó a chuir sé orainn …

Rinne mise machnamh ar an scéal. Arbh fhéidir gurbh é seo an buachaill cliste a bhí ag cur na scéalta amach? Cé lena aghaidh? Chinn sé orm, ar ndóigh, é a dhéanamh amach. Cheap mé gurbh fhiú labhairt leis faoi.

– Tá a fhios agam chuile rud, dúirt sé. Tá draíocht agam. Tabharfaidh mé a bhfuil sa soitheach slán, má thugtar aird orm. Cén mhaith dhuit a bheith chomh maith leis an gcuid is fearr acu anseo? Nárbh fhearr a dhul amach as an soitheach uile go léir. Gan casadh go deo. Sin é atá uaimse, ar aon chaoi. Ach cén mhaith é nuair nach bhfuil mé ag fáil aon chúnaimh?

– Ach cá ngabhfá?

– Tá áit ann dúinn go léir. Tá a fhios agam go maith go bhfuil.

– Tá do scéal féin agus scéal an spideoigín ag teacht le chéile, a dúirt mise leis.

– Má tá anois, a dúirt sé, ní tráth faillí é.

– Glaofaimid cruinniú le chéile, mar sin, agus iarrfaimid cúnamh orthu.

– Tá go maith, a dúirt sé.

Cruinniú gearr a bhí ann. Chuir mise an buachaill in aithne dóibh. Labhair sé go bríomhar. Bhí cúnamh uaidh. Rópa a chur air, a dúirt sé. É a ligean amach. Tar éis cúpla lá ag cleachtadh mar sin bheadh sé in ann siúl ar an bhfarraige uaidh féin. Thabharfadh sé leis an soitheach ina dhiaidh slán, mar a thabharfadh duine capall nó beithíoch ar bith leis le hadhastar. B’fhiú é a thriail, ar aon chaoi. Sin é a cheap an cruinniú d’aonghuth …

Cuireadh air an rópa. Chaith sé cúpla lá ag plubáil timpeall an tsoithigh. Bhí sé ag feabhsú. An tríú lá bhí sé in ann siúl ar nós a shiúlfadh sé ar bhóthar …

– Nach bhfuil sé in am agat muid a thabhairt slán anois, a d’fhiafraigh mise de.

– Tá go maith.

Scaoil sé an rópa a bhí timpeall a láir. Bhí sé in ann siúl ar an bhfarraige. Bhí muid uile an-bhródúil as. Nach gearr anois go mbeimid uile slán …

Bhí sé píosa maith ón soitheach anois. Gearradh siúil thar na tonnta aige. Níos faide agus níos faide uainn. Go raibh sé chomh beag le faoileán. Chomh beag le gráinne mine. Gur shéalaigh sé isteach sa dothuigtheacht … uainn. Go raibh sé follasach dúinn nach bhfeicfimis go deo arís é. An bastard.