Ní réitím féin ná mo scáile lena chéile níos mó.
Ní réitím cé go raibh uair ann – fadó an lá – nuair a mhair muid go sona sásta i bhfochair a chéile. Bhíodh muid síoraí seasta ar aon intinn, ar aon fhocal, ar aon bhuille, agus ar aon amharc fiú – inár gcomrádaithe chomh dlúth sin. Go deimhin ba dheacair do dhuine muid a aithneachtáil thar a chéile scaití. Bhí muid chomh dílis sin dá chéile. Dílis agus tuisceanach ar a chéile dá réir.
Agus uaireanta i rith an lae théadh sé i bhfolach orm. Mar spraoi, ar ndóigh. Is ba chuma liom. Ba chuma liom an uair úd mar bhí a fhios agam i gcónaí go raibh sé ann. Go raibh sé ann – ansin – ach amháin é a fheiceáil. Fiú mura bhfeicfinn timpeall é, ní bhíodh aon imní shuntasach orm. Mé chomh cinnte sin go mbíodh sé i m’aice i gcónaí. Go háirithe san oíche. Bhíodh a fhios aige, is dóigh, go mbíonn faitíos ar ghasúir bheaga go minic san oíche. D’fhanfadh sé im fhochair. Agus aon uair eile freisin a mbínn amuigh liom féin i gclapsholas an tráthnóna – ag pocléimneach ar na bánta, ag caitheamh cloch le héanacha nó ag cur súil ribe i bpoill choiníní. Bhíodh sé gealgháireach spraíúil – ag rith amach romham go haerach spleodrach; do mo leanacht go ciúin cneasta; nó scaití eile fós taobh liom ina aingeal dílis coimhdeachta. Bhíodh sé i gcónaí, mar a bheadh ag breathnú suas orm, uaireanta dá shearradh féin go mbíodh dhá uair chomh fada liom, uaireanta eile fós dá chúbadh féin – gan ann ach buindilín beag giortach faoi mo chosa a mbíodh cineál faitís orm siúl air, agus scaití eile ag dearcadh orm go leataobhach – mar a bheadh fios nár bhain dó ag teastáil uaidh faoi rún …
Is bhíodh an créatúirín de shíor ag aithris orm go magúil – dá n-ardóinn mo lámh, dá dtarraingeoinn cic, fiú cic folamh ar an aer, dá gcuirfinn amach mo theanga ar chúl duine fásta eicínt go mímhúinte … nó go deimhin mura ndéanfainn ach mo bhéal a oscailt: d’osclódh seisean a bhéal freisin. D’osclódh. Ar ala na huaire. Níor ghá dom fiú tada a rá, ach ligean orm féin go raibh mé ag dul ag rá rud eicínt. B’in an rud ba mhó a chuireadh iontas orm faoi Scáil – go raibh a fhios aige i gcónaí céard a bhí ar intinn agam a dhéanamh …
Ach ní réitím le Scáil níos mó. Théis an tsaoil álainn a chaith muid i dteannta a chéile. Cosúil le lánúin shona phósta … sea. B’fhearr liom anois gan dul isteach sa scéal. Scéal fada an anró a bhí san intinnscaradh céanna. Bascann an tocht i gcónaí mé. An bheirt againn ag déanamh amach gurbh é an ceann eile a bhí contráilte. Muid araon ag cur an mhilleáin ar a chéile. Is dóigh gur cuma faoi mhilleán – anois go bhfuil mé rómhall. Imíonn sé leis ina bhealach féin. Is mé ag ceapadh tráth nach raibh ann ach scáile. É creidte agam gur scáth nó taise nó lorg nó scáthán dorcha díom féin é. Is níorbh ea muis! Nach mé a bhí seafóideach. Mé cinnte go raibh sé faoi chomaoin agam, go raibh cead agam é a phrógramú aon bhealach ba mhaith liom. Gur faoi siúd a bhí sé coinneáil suas liomsa. Mise cinnte nach gcuirfeadh tada isteach ná amach air. Mé ag ceapadh i gcónaí …
‘Is mise mise,’ a deir sé maidin fhuar shalach bháistí amháin, nuair a bhí mo chúl iompaithe agam leis agus mé ag stánadh orm féin go measúil sa scáthán. Bhain an ráiteas geit chasta asam an mhaidin dhorcha úd. É ag labhairt liomsa ar an gcaoi sin. Ní hé an rud a dúirt sé ba mheasa ar fad ach gur labhair sé ar chor ar bith – rud nach ndearna sé ariamh roimhe sin ná ó shin – agus freisin an tuin chrosta a shnigh isteach is amach trína chuid cainte …
‘Is mise, mise, agus ní leatsa mé.’ D’athraigh sé a chruth b’fhacthas dom nuair a d’iompaigh mé thart, agus bhreathnaigh sé isteach sa straois orm. ‘Tá cead agamsa mo rogha rud a dhéanamh liom féin. Focáil leat anois.’ Focal níor labhair sé ó shin liom. Ná fiafraigh díom cén fáth.
Focal níor labhair sé roimhe sin, ná ó shin mar a dúirt mé cheana. Ar dtús ba chuma liom, fiú má baineadh geit imníoch asam. ‘Nach fada gur labhair tú,’ a deir mé leis mar aisfhreagra tobann gan smaoineamh orm féin, agus nuair a tháinig an anáil liom, ‘más in í an sórt cainte atá rún agat a chleachtadh, coinnigh dó bhéal dúnta feasta.’ Choinnigh. Choinnigh ar m’anam. Smid níor fhan aige. Sin é atá do mo chrá anois. Ba bhreá an rud duine – nó fiú scáile a labhródh leat. Rud eicínt a rá. Rud ar bith beo. Scoilt a chur sa gciúnas. Mura gcuirfeadh ach ‘Bail ó Dhia’ ar dhuine. Fiú dá gcuirfeadh ‘Bail an diabhail’ féin ar dhuine … Níor ghá do bheirt a bheith róchairdiúil fiú le labhairt lena chéile …
Ormsa atá an locht ar fad, is dóigh? Níor thuig mé ceart ag an am é. Nó níor lig mé dom féin é a thuiscint ba chirte dom a rá. Ag breathnú siar anois air, nár léir don dall go raibh a phearsantacht saoil féin ag mo scáilesa – gur Scáil é scáile. A bhealach féin leis. A bhealach féin uaidh. Fonn air a rogha rud a dhéanamh, agus gan iallach a bheith air feidhmiú go cliniciúil meicniúil mar aingeal coimhdeachta sclábhúil do mo leanachtsa.
Is níl mé mór le Scáil níos mó dá bharr. Ach fan ort. Ní bhíonn muid ag troid lena chéile ach oiread. Níl sé féin rómhór liomsa – is cosúil – ach ní hin le rá go bhfuil an ghráin aige orm. Sure ní gá go mbeadh gráin ag duine ar dhuine nach mbeadh mór leis, an gá? Ní gá ar chor ar bith. Ó, bheadh an-bhrón orm dá mbeadh. B’fhéidir nach bhfuil muid rómhór lena chéile, ach mar sin féin ní bhíonn muid ag troid, ag bruíon ná ag iarraidh teacht salach ar a chéile …
Nuair a théimse ag siopadóireacht anois imíonn seisean ina bhealach féin má bhíonn an fonn sin air. Feileann sé sin go breá domsa. Bíonn saoirse agam mo rogha rud a dhéanamh. B’fhéidir dá mbeinnse i siopa na nglasraí gurbh fhearr le Scáil imeacht leis agus tréimhse a chaitheamh i siopa bláthanna, i siopa ceoil, nó i dteach an óil fiú dá mbeadh tart air. Scaití nuair a bhíonn mo chuid siopadóireachta ar fad déanta agamsa bíonn deoch againn le chéile sa gciúnas – leathghloine aigesean, óir siad is fearr leis, agus pionta agamsa. Corruair fanann sé sa teach ósta i mo dhiaidh, go háirithe ar an Aoine, agus déanann a bhealach abhaile ar a chonlán féin. Fanann sé amuigh amanta a mbíonn fonn téaráil air go mbíonn na pubanna dúnta, nó go dtugtar gentleman air. Buíochas mór le Dia bíonn sé de chiall aige tacsaí a fháil abhaile má bhíonn sé súgach. Níor mhaith liom mo charr féin a fhágáil aige ar fhaitíos na bhfaitíos. Níl mé cinnte fiú an bhfuil tiomáint aige, ach is dóigh gur ag a leithéid a bheadh óna stánadh grinn laethúil ormsa …
Timpeall an tí is ciúine a bhíonn sé, é chomh ciúin socair le uainín beathaithe. Ceapaim uaireanta gurb amhlaidh a bhíonn sé ag iarraidh gan cur isteach orm; mar bheadh a fhios aige go maith gur breá liomsa mo spás féin. Is mar gheall air sin, seans, nach n-ólann muid tae i bhfochair a chéile de ghnáth – mura mbeadh uair sa gcéad. Fanann sé go mbíonn mo chuid tae ólta agamsa agus an bord glanta sula dtarraingíonn chuige a chuid. Lena cheart féin a thabhairt dó glanann sé suas ina dhiaidh. De ghnáth níonn mise na soithí agus triomaíonn seisean iad mura mbeadh duine againn as baile. Aon uair a mbím féin as baile, nó dá mbeinn mall chuig an tae – d’fhágfadh sé mo chion réidh ar an bpláta dom. Bheadh mo bhéile leagtha amach ar an mbord romham, nó sin sa microwave, gan le déanamh agam ach cnaipe na nóiméadachaí a bhrú le mo mhéar. Bheadh braon uisce te fágtha sa gciteal …
Caitheann muid beirt an chuid is mó de na hoícheanta ag léamh nó ag breathnú ar an teilifís. Bíonn muid ar aon bhuille chomh fada agus a bhaineann le cluichí sacair agus cláracha spóirt: ár súile greamaithe den bhosca. Níl a fhios agam cé againn is measa. Ach cláracha nuachta! A mhic ó na feannadh is fuath leis iad. Is tuigeann sé go mbímse santach ag iarraidh an nuacht a fheiceáil chuile oíche. Ach ní osclaíonn sé a bhéal, an diabhal bocht. Ní osclaíonn … ach leabhar nó iris a tharraingt chuige den bhoirdín caife agus tosú ag léamh nó ag breathnú ar na pictiúir – ag caitheamh corrshúil amach thar bharr na leathanach, ag tnúth le deireadh na nuachta is tuar na haimsire … sin nó an walkman a bhualadh suas faoina chluasa, síneadh siar ar an gcathaoir mhór agus a shúile a dhúnadh …
Ach mhairfeadh sé ar scannáin, go háirithe science fiction. Tugaim cead a chinn dó. Ní fhéadfainn féin breathnú ar a leithéid. Scanraíonn siad rómhór mé. B’fhéidir go dtosóinn ag léamh, ach níos minice ná a mhalairt d’éalóinn ón seomra suite ar fad. Sin é an t-am a scríobhaim litreacha, a ndéanaim glaonna gutháin nó a ndéanaim mo chuid iarnála nó jab eicínt eile timpeall an tí … Osclaíonn sé doras an tseomra suite nuair a bhíonn an scannán críochnaithe, le tabhairt le fios go bhfuil fáilte ar ais romham, is dóigh, má tá mé ag faire amach do chlár eicínt eile. Má bhímse róchruógach coinníonn sé air ag fliceáil thart ó chainéal go cainéal leis an gcianrialaitheoir … as sin go ham codlata.
Ní théann muid a chodladh le chéile an-mhinic níos mó. Bímse i mo sheomra féin agus eisean de ghnáth i seomra na gcuairteoirí – seomra a bheadh folamh i gcónaí murach é. Is é féin a thosaigh ag úsáid seomra na gcuairteoirí. Níor thug sé aon leid dom cén fáth, má bhí aon chúis faoi leith aige leis. B’fhéidir go mbímse ag srannadh ró-ard nó tharlódh nach bhfuil ann ach go bhfuil sé deacair cur suas liom sa leaba. Rud amháin cónaí faoin díon céanna le duine ach is mór idir sin agus codladh faoi aon phluid amháin freisin. Táid ann nach bhfáilteodh roimh a leithéid. B’fhéidir gurb amhlaidh do Scáil. Ach ní hin le rá nach gcodlaíonn sé liom anois is aríst. Uaireanta sleamhnaíonn sé isteach i mo sheomra uaidh féin beagnach i ngan fhios. De réir mar a bhíonn fonn air, is dóigh. Ar ndóigh, roinnim mo leaba leis go fonnmhar. Uaireanta cuireann sé a lámha timpeall orm – go ceanúil, sílim – cosúil le comhghleacaí a bheadh ag suirí liom. Beireann muid beirt barróg ar a chéile ansin go foscúil fáisciúil, ag sú cion fir as a chéile. Ó, is breá liom na nóiméadachaí sin … Ba bhreá liom dá mairfidís go deo. Bím ag iarraidh iad a fhadú. Braithim gur maith le Scáil iad freisin, nach bhfuil uaidh ach iad a roinnt liom. Ach ní dheireann sé tada, ar ndóigh. Ach uaireanta ní gá focail idir páirtithe … nuair is binne an ciúineas.
Scaití titeann muid inár gcodladh sámh i mbaclainn theolaí a chéile, ár ngéaga snaidhmthe go ceanúil, chomh séimh soineanta le dhá choileán óga bheathaithe. Ach, nuair a dhúisím ar maidin is minic go mbím liom féin – gan tásc ná tuairisc ar mo Scáil. Seo tuilleadh dá chuid ealaíne. Éalaíonn sé leis uaim de ghnáth in uair mharbh na hoíche. Is fearr leis teacht lena chomhluadar féin is dóigh, fios maith aige go mbíonn duine níos compordaí ina aonar sa leaba. Táim ag ceapadh go bhfuil drochfhaisean agam féin ar aon nós, bheith ag ciceáil i mo chodladh. Deireadh mo mháthair liom go mbíodh. Cá bhfios nach ceann de mo chuid ciceanna fiáine a dhúisíonn é, is a ruaigeann amach é – is é sin má thiteann codladh ar bith air. Bím ag déanamh amach amanntaí nach dtiteann, nuair nach bhfeicim ariamh ag méanfach uaidh féin é, ná dá shearradh féin seachas nuair a bhíodh ag aithris go magúil ormsa. Níl suim ar bith aige éirí moch. Níor rug an codladh ariamh air. Níl ann ach go dtéann sé a chodladh, sílim, mar go bhfeiceann sé mise ag dul a chodladh, agus b’fhéidir le n-éalú ón dorchadas. Is cosúil, má tá faitíos roimh thada air, gur roimh an dorchadas dubh é … Ach bíonn sé go maith dhomsa mar sin féin má bheireann an codladh orm. Maidneachaí cliseann aláram an chloig, nó diúltaím géilleadh dá ghlaoch smachtúil. Fanaim im luí go trom sa leaba ag iarraidh sásamh marbhánta a shú amach as an nóiméad deireanach is giortaí … Agus féach go ndúisíonn Scáil mé. Dúisíonn sé mé ag croitheadh an philiúir faoi mo chloigeann go múinte. Ócé, ócé a screadaim, mé sách grumpaí maidineachaí áirithe nach mbíonn mo dhóthain codlata agam, táim ag éirí anois díreach …
Éirím go drogallach leisciúil agus daoraim mo lá oibre ar nós chuile dhuine. Maidir le Scáil ná fiafraigh díom cén chaoi a gcaitheann sé an lá nuair a bhímse as baile. Déanann sé roinnt pointeála timpeall an tí ceart go leor. Cóiríonn an leaba. Hiúvarálann an t-urlár. Glanann an chistineach is mar sin de. Ach dhéanfadh duine an méid sin in uair an chloig, agus is beag eile a bhíonn le déanamh i mo theachsa, is gan ann ach mé féin. Cá bhfios dom céard eile a dhéanann sé. Tharlódh go gcaitheann sé tréimhsí fada den lá ag scagadh a chuid brionglóidí nó ag iarraidh éisteacht lena mhacalla …
Agus is ar bhealach cineálta séimh nach réitíonn muid lena chéile. Is minic – i ngan fhios dom féin b’fhéidir – go gceapaim go bhfuil ag éirí thar barr linn mar bheirt atá scartha óna chéile. I bhfad níos fearr ná dá mbeadh muid pósta i ngrá. Ní gá dúinn a bheith dílis dá chéile ach is féidir linn a bheith más maith linn. Is mór liomsa, agus le Scáil, sílim, an tsaoirse sin. Ní bhíonn muid ag achrann, ag argóint, ag treascairt ná ag imirt cleasanna suaracha ar a chéile ach oiread, ag iarraidh a theacht i dtír ar laigí a chéile. B’fhéidir go n-admhódh daoine maithe fiú go mbreathnaíonn muid amach dá chéile ar ár mbealaí aonracha féin …
Is níl tada agamsa ina choinne dáiríre. Breathnaím ina dhiaidh chomh maith agus atá mé in ann, mar a dhéanfainn le duine ar bith eile de mo mhuintir a bheadh in aontíos liom. Déanaim amach go bhfuil sé féin buíoch díomsa – cé nár ríomh sé sin i bhfocail ariamh, ar ndóigh. Ach feictear dom, murar ar mo shúile atá sé, go sméideann sé a chloigeann orm go moltach ó am go chéile. Is an gcreidfeá – go sábhála Dia sinn ar an anachain – go mbeinn an-trína chéile dá dtarlódh tada dó. Bheadh. Bíonn animní orm faoi sin scaití. Dá gcaillfí tobann é de bharr taom croí nó stróc, abair – nó fiú dá mbuailfeadh carr é agus é ag trasnú an bhóthair – agus na bóithrí chomh contúirteach agus atá siad … chuile charr beo ag bútáil faoi luas lasrach. Sea, dá marófaí é bheadh an-uaigneas go deo orm. Uaigneas damanta. Uaigneas, imní agus briseadh croí. Díreach mar a bhí roinnt blianta ó shin nuair a chaith sé trí lá ar iarraidh. Chaith. Trí lá damanta a chaith mé dá thóraíocht ar na sléibhte. Amuigh ag fiach a bhí muid, gunna an duine againn. Chuaigh seisean bealach amháin agus mise bealach eile, socrú déanta againn casadh lena chéile ní ba dheireanaí. Mise a lean an gadhar. Murach sin b’fhéidir gur mé féin a rachadh amú. Is shiúil mé thoir agus thiar, romham agus i mo dhiaidh ar feadh trí lá dá thóraíocht. Tóraíocht. Tabhair tóraíocht air. Trí lá fada agus mo chloigeann tollta le himní. Mé báite fuar fliuch. Ag síorshiúl sléibhte agus gleannta. An gadhar i mo theannta ag leanacht a shrón roimhe: mise ag ligean gach re fead ghlaice agus ag screadach a ainm os ard. In ard mo chinn is mo ghutha. ‘’Scáil … Cá bhfuil tú? … ’Scáil … ’SCÁIL …’ Gan ag teacht ar ais chugam ach mo mhacalla mantach leadránach féin. Imní an diabhail orm nach bhfeicfinn go deo arís le mo bheo é – nuair a thug mé suas mo chás théis trí lá agus trí oíche … mé ag cur rírá paidreacha le hanamacha na marbh …
Is nach raibh sé sa mbaile romham an diabhailín bocht nuair a chrágáil mé isteach an doras! Tine bhreá fadaithe aige agus an teach téite. Mo shuipéar te réidh ar an mbord dom. Mura raibh ríméad orm an oíche úd ní lá go maidin é … Bhí a fhios agam nach mbeadh sé féaráilte iarraidh air míniú a thabhairt ar an eachtra. Cén chaoi a bhféadfainn!
Sin é an fáth a mbeadh an-uaigneas anois orm dá dtarlódh tada dó, an créatúr. Go deimhin, tá amhras orm an bhféadfainn maireachtáil dá uireasa. Nach bhfuil an oiread aithne agam air faoi seo, agus atá agam orm féin. Nach bhfuil mé théis mo shaol a chaitheamh leis, a roinnt leis. Braithim gur mó é ná mise, agus gur cuid díomsa eisean. Is maith liom é. Bíonn mar a bheadh fonn mór orm féin scaití tréigean liom amach asam féin agus isteach i mo Scáil, agus mé féin féin a fhágáil i mo dhiaidh. Mé féin a fhágáil amuigh ansin as mo bhealach féin ar fad. Tharlódh go mbeinn saor ansin mar Scáil – saor ó phian, saor ó imní, saor ó mhíle ní … Ba chuma liom ansin an lá a bheith fliuch nó fuar. D’fhéadfainn dul amach ag siúl sa mbáisteach gan mo gheansaí ná mo chóta mór … Ní chuirfeadh an fuacht damanta dath gorm orm. Ní bhfaighinn dó gréine ón ngrian ná plúchadh ón mbrothall. Ní bheadh beann agam ar rud ar bith beo. Sea. D’fheilfeadh go mór dom a bheith i mo Scáil. Tá seanaithne agam ar Scáil agus ceapaim go dtuigim a bhealach maireachtála agus a shaol faoi seo … Is tá sé ócé.
Agus is ar éigean gur thréig an diabhal bocht ariamh mé ón gcéad lá. É níos sine ná mé, freisin, agus seans maith, níos ciallmhaire. É mar a bheadh treoraí ann dom ó thús ama. Nach cuimhneach liom go maith é a bheith ansin an nóiméad ar rugadh mé. Nach é Scáil bocht an chéad duine a chonaic mé. É ina luí ansin ar an mbraillín bán romham ag fanacht, dá mhéadú is dá chruthú féin domsa de réir mar a brúdh go fáisciúil isteach sa saol mé. Cuimhneoidh mé go deo air. É díreach amach romham ansin ag fáiltiú …
Cén t-iontas go n-aireoinn uaim é mar sin, an créatúr, dá dtarlódh tada dó. Níor cheart dom é seo a rá, b’fhéidir, ach b’fhearr liom go mór fada dá n-imeoinn féin roimhe. Ba mhaith liom a cheapadh go mbeadh Scáil ann i mo dhiaidh – go mbeadh sé fós beo ansin le m’ais, é ag sileadh amach asam agus mise sínte siar os cionn cláir … Ach nach í an imní dhamanta a bhíonn orm ná go ndúiseoidh mé maidin eicínt agus go bhfaighidh mé básaithe romham sa leaba nó ar an urlár é … Ní hé go bhfuil aon chosúlacht tinnis ná anró air ach … ach bíonn an bás tobann mistéireach ann. Is céard a dhéanfainn ansin? Cén chaoi sa diabhal a bhféadfainnse a shocraid a láimhseáil gan é agam mar chuideachta … tórramh, paidreacha, aifreann, cártaí aifrinn … muintir an bhaile ag tarraingt ar an teach ag croitheadh láimhe liom, ag déanamh comhbhróin liom, comharsana ag iarraidh a theacht i gcabhair orm, lámh chúnta á gealladh dom, comhluadar á choinneáil liom sna hoícheanta fada fuara aonaránacha geimhridh …
Ní fhéadfainnse dul tríd an méid sin choíchin. Mo shaol a ghineadh as an nua – saol gan mo Scáil féin fiú. Ba chreachta go mór mo shaol gan Scáil fiú má bhí seanaighneas seafóideach eicínt eadrainn fadó an lá …
Mé féin is measa. Mé féin is cionsiocair le chuile thrioblóid. Nár chóir go dtuigfinn nár thaithin an scáthán le Scáil, go raibh mé ag iarraidh éalú uaidh nuair a stán mé isteach ann orm féin go postúil, go raibh mé ar tí é a chealú. Cén mí-adh a bhí orm bagairt air an mhaidin ghránna úd a bhéal a choinneáil dúnta, agus gan é ach ar mhaithe liom. ‘Nach fada gur labhair tú. Más in é an sórt cainte atá rún agat a chleachtadh coinnigh do bhéal dúnta.’ Cuimhním go maith ar mo ráiteas. Tuige nach gcuimhneoinn. Na habairtí stálaithe ó shin, mar a bheadh chip-phriontáilte go místuama le siséal i mo chnámha. Iad pianmhar mar a bheadh scoilteacha ann. An méid uaireanta ó shin a dtabharfainn lán an leabhair dá mbeadh breith ar m’aiféala agam ionas go bhféadfainn breith ar na focail úd agus iad a shacadh ar ais siar i mo bhéal … nó cibé áit strainséarach thiar thíos ionam as a dtáinig siad …
Cén t-iontas nár oscail sé a bhéal ó shin agus fainic mar sin curtha agam air. Ní fhéadfadh sé a bheith chomh cúthail sin an t-am ar fad shílfeá. B’fhéidir go bhfuil faitíos air a bhéal a oscailt anois, ar eagla go ndéarfainn leis é a dhúnadh aríst, ós rud é gur lochtaigh mé an dá fhocal a dúirt sé an t-aon uair a d’oscail sé a bhéal. Nó b’fhéidir gur sórt aithrí síoraí dó a bhéal a choinneáil dúnta – purgadóir atá sé a chur air féin … Súil le Dia agam nach bhfuil an chaint imithe uaidh nó dearmadta aige. Má tá, is mise is cionsiocair leis seo ar fad. Mise agus mo chlab mór. Mise agus mo chlab mór, nach raibh sách mór lena rá leis ó shin go raibh aiféala orm, go bhféadfadh sé labhairt!
Ach sin a déarfas mé leis anois díreach. Nach mé an t-amadán mór nár dhúirt cheana leis é … go bhféadfadh sé easaontú liom agus a rogha rud a rá, a bheith ag troid liom, ag bruíon, ag argóint, ag achrann … clabhta a thabhairt dom fiú, is mé a chur i m’áit féin.
Déarfaidh mé anois as láimh leis gur aige a bhí an ceart ó thús. Go bhfuil aiféala orm. Gurb eisean eisean. A chomhairle féin a ghlacadh. A thoil féin a leanacht. Gur faoi féin amháin atá sé más mian leis gliondáil leis ina bhealach féin. Nach liomsa é … ach go mbeidh mé féin anseo i gcónaí má theastaím uaidh. Cén smál a bhí orm nár chuimhnigh ar é sin a rá leis fadó ariamh an lá …
‘’Scáil! ’Scáil! an gcloiseann tú mé – tá rud eicínt le rá agam leat … An bhfuil tú ag éisteacht liom …?’ Cá bhfuil sé imithe uaim anois ar chor ar bith? Nach raibh sé ina sheasamh ansin ag an sinc soicind ó shin …
Breathnóidh mé sa seomra suite.