Reilig na bhFocla

Micheál Ó Conghaile

Images

Is bhí Focailín ar nós a mhacasamhla uile ina óige. Ón uair a ling den chéad uair d’aghaidh an duine isteach sa saol mór a gealladh dó. Níor thúisce caite ar an sop é nó bhí cosa siar as agus sciatháin aniar air agus é in ann gliondáil ó áit go háit de léimeanna agus go deimhin féin é in ann a bheith i raidhse áiteanna ag an am céanna. Níor aithin ná níor ghlac le claí, móta, draein, fál, farraige ná teorainn, dá theanntásaí, ach é breá sásta é a bheith aclaithe go rialta agus lingeadh as béal gach éinne – seachas balbháin – bíodh saibhir nó daibhir, bíodh dubh, bán, buí, riabhach nó gorm. Tagadh, i gcoim comhrá, mar bhéic aonair nó i gcogar íseal faiteach. Mheasc sé go fonnmhar le focla eile den uile chomhluadar, idir bheag agus mhór, sean, óg agus meánaosta. É mar dhroichead eatarthu scaití, is scaití eile ag déanamh muintearais leo, ach é chomh sásta céanna seasamh suas ar a dhá chois deiridh féin freisin agus teacht i láthair go ceannasach inaonfhocalamháin.

Is ní hé nach raibh óige shona ag Focailín. Bhí. Saor ó thuismitheoirí is ó dheartháireacha móra bagracha, ní áirím leasmháithreacha. Is níor imir seanuncail salach ná aintín shleamhain íde gnéis air ina óige. Bhíodh scód is cóir leis á chur féin in aithne don saol mór foclach forleathan Fódlach ón gcéad nóiméad den chéad lá. Nuair a bhíodh am saor aige bhíodh tostach is sona sásta leis féin, ar foluain i measc na bhfocla eile. Iad uile réidh agus ag fanacht go nglaofaí nó go sméidfí orthu amhail foireann otharchairr nó líne dhíreach saighdiúirí a bheadh ar gharda onóra. Chomh luath agus a gheofaí leid nó teachtaireacht ó fhocal na faire soicind ní bheadh le cur amú. Ní bheadh deis smaoineamh ná machnamh ná buillí ama a áireamh. Chomhlíonfadh sé a dhualgas faoi smacht, á athchruthú féin aríst is aríst eile go clónúil agus ansin ligfeadh a scíth cé nár theastaigh a leithéid ariamh uaidh. Agus bhíodh sé ag brionglóidí leis go socair tostach ina chuid ama féin. Mar a bheadh ar tí éalú leis ina intinn. É amuigh ar shleasa an chnoic scaití, ag rith thart, ag pocléimnigh, ag déanamh poillín in airde. Gan é i bhfad ó smaointe duine éicint áit éicint am ar bith, ba dhóigh, is é ina shearbhónta macánta dílis. Gan aon chúram air scaití ach é sínte siar ansin os comhair an tsaoil is ar tí teacht i láthair an phobail i gcónaí … nó gur tharla aighneas lá sa ngairdín. Agus ansin achrann. Troid. Éirí Amach agus Cogadh Mór na bhFocla. Ba é Focailín ba mhó a bhí thiar leis. Thosaigh daoine ag gáire faoi. Ba ghearr go raibh focla eile ag magadh faoi, go háirithe an chuid a cheap go raibh níos sine ná é, a bhí níos láidre buanaithe ná é, is iad siúd a raibh níos mó cáile orthu ná mar a bhí airsean. Lean gaolta na bhfocla seo sampla a sinsear amhail is dá mba dhrochfhocal a bheadh ann. Is in imeacht ama ba bheag nár chreid sé féin é sin freisin de bharr na spídiúlachta ar fad amhail is dá mbeadh drochfhocla agus focla maithe ann. Ba bheag an sólás dó forógra Ard-Rí na bhFocla a d’fhógair amach go hard soiléir ina spéic gur chóir go mbeadh gach focal a bhí ann ar comhchéim idir bheag agus mhór, ard agus íseal, shean agus óg le ginealach nó gan ghinealach, bíodh an focal sin neamhspleách, spleách nó bíodh mar mhaidí croise d’fhocal eile nó bíodh beo trí chuing an phósta i gcomhfhocal. Ach ba bheag an mhaith sin. Fágadh Focailín bacach, gonta, croíscoilte. Scoite … D’éirigh sé corr, beagáinín aisteach de réir a chéile. Níor thaobhaigh a chomhfhocla mórán. Á seachaint a bhíodh sé ionas gur ceapadh gur éirigh sé níos aistí fós. Dhún isteach air féin go dúnárasach mar a dhéanfadh muirín a spochfaí leis. Tosaíodh ag déanamh dearmaid air …

Is ansin lá amháin le linn dó a bheith ag fánaíocht ar thaobh an chnoic, agus é tuirseach go maith de féin is den díomhaointeas, nár sciorr sé. Nó b’fhéidir gur bhain neach míshaolta éicint tuisle beag as. B’fhéidir … Sul má bhí a fhios aige cá raibh sé bhí sé curtha thar mhullach a chinn de mhaol a mhainge, ag rolladh síos fána an chnoic agus cheal aon ghlaoch a bheith air sna laethanta úd ní raibh ar a chumas scread a chur as. Bhí meabhrán ina cheann sul má bhí sé ceathrú bealaigh síos ionas nach raibh sé in ann an talamh crua garbh faoi a aithneachtáil thar an spéir bhagrach thoirní a bhí os a chionn. Bhain cuid de na moghlaeirí gobacha clochacha snapanna as a easnacha is as a chnámh droma a d’fhág i gcóma é. Cónaí ní dhearna sé nó gur cuireadh i ndiaidh a thóna isteach sa loch é a bhí ag bun an chnoic. Shinceáil sé síos ansin. Síos síos. Go grinneall.

Is é gan aithne gan urlabhra ar thóin poill d’fhan sé báite ansin mar a raibh sé is gan dé ann ar feadh na gcianta cairbreacha. Cor ná feanc ní raibh as féin ná as a scáile nó gur athraigh an saol is an domhan in imeacht na mblianta, gur tolladh poll san ózón, gur athraigh an aimsir is aeráidí na cruinne ionas gur thriomaigh an loch ag nochtadh a leapa puití láibí go briosc den chéad uair leis na mílte bliain. Is sínte i bhfostú ina lár istigh a facthas an cruth is ansin, de réir a chéile, corp ídithe Fhocailín.

Agus d’aithin cnuasach siúlach de na focla láithreach gur ceann acu féin a bhí ann agus bhailigh slua mór acu timpeall, iad ag gol, ag olagón agus ag iarraidh é a bheochan le séideoga is le póga fuiseogacha. Bhí siad ann as chuile cheard, chuile réigiún is chuile roic d’aghaidh an duine is iad cúngaithe isteach ansin i bhfáinne i mullach a chéile – focla teanga, focla srónaíola, focla liopaí, focla scornaí, focla fiaclacha, agus focla ó chúinní agus mhogaill uile éadain éiginnte an duine.

Is beag nár stróiceadar na géaga as colainn sheargtha Fhocailín, á tharraingt aníos as an bpuiteach is as an gcré a bhí ag cruachan ina leac timpeall air. Scríob de í ina slisíní beaga go mall staidéarach cúramach, ionga ar ionga. Stop ná staonadh ní dhearna siad go raibh sé struipeáilte nocht acu agus é ina sheasamh os a gcomhair mar a chonaic Dia é. Chruinnigh an slua acu ina thimpeall, á fhéachaint, á shlíocadh agus ag labhairt leis ach theip orthu é a aithneachtáil ná aois a chur air, gan bacadh le dáta báis ná breithe, agus gan ar a chumas gníomhú ná labhairt ar a shon féin. Ceapadh go mb’fhéidir gur fear bréige d’fhocal a bhí ann.

Bheartaigh siad ar Chomhdháil mhór Idirnáisiúnta na bhFocla a ghlaoch ansin ionas gur chuir comharthaí agus teachtaireachtaí amach agus gairm chúirte ar fud na cruinne ag fáiltiú roimh fhocla den uile chineál, ó chuile aois, ó chuile fhoclóir, ó gach teanga is gach dath craicinn, féachaint an bhféadfadh aon cheann acu é a thabhairt chun saoil is chun beatha aríst. Trí lá agus trí oíche a mhair an t-ollchruinniú ina ndearnadh neart óil, ceoil, plé is pléaráca ach meabhair, tuiscint, tóin ná ceann ní bhfuair siad air ionas nach raibh ag formhór na dteachtaí eachtrannacha ach a dturas fada fillte a chur díobh chuig a ndúichí féin, ag áitiú nár mhór is nár mhiste tuilleadh machnaimh agus taighde a dhéanamh ar thuairiscí na saineolaithe agus comhdháil eile fós a ghairm amach anseo.

‘Agus céard a dhéanfas muid anois,’ arsa Agus, ‘nuair nach bhfuil fágtha ach muid féin?’

‘Coinneoidh muid orainn ag iarraidh meabhair agus scil a bhaint as agus é a thabhairt chuige féin,’ arsa Briathar. ‘Nach é an rud is lú dúinn é dár gcomhfhocal beag bocht?’

‘Chuile sheans gur focal againn féin é,’ arsa An. ‘Ós rud é nár aithin na hallúraigh é is ar éigean gur ó threabh eachtrannach é.’

‘Más ea, cá bhfuil a ghinealach Gaelach?’ a d’fhiafraigh Howdy.

‘Ag Dia amháin atá a fhios sin,’ arsa Tuige. ‘Ach is cinnte nach mbaineann sé leis an aois seo ná leis an aois seo caite. Cheapfá go n-aithneodh muid é dá mbainfeadh. Cá bhfios nach bhfuil sé báite sa láib ar thóin an locha sin ó ré an oghaim nó na Sean-Ghaeilge. Más amhlaidh atá beidh jab an diabhail againn é a ainmniú.’

‘Bhuel, céard atá le rá ag lucht na Sean-Ghaeilge mar sin nó iad siúd a mhaireann fós ón tréimhse sin,’ arsa Súr. ‘Ah?’ agus é mar a bheadh ag iarraidh an dualgas a bhaint dá ghuaillí féin agus dream a chreid iad féin a bheith níos eolaí a chur i bponc is i sáinn. Leath tost. Chualathas focla achrannacha callánacha nár tuigeadh i bhfad i gcéin mar a bheidís ag marú nó ag sá a chéile. Facthas cúpla focal i gcúinní ag tabhairt uillinneacha sna heasnacha dá chéile, iad ag breathnú claonta leataobhach amhrasach.

‘Put the question to them ones in English,’ a chualathas macalla de ghuth scéiniúil focail gan ainm, ach ar ceapadh gurbh é Glugar é, ag rá.

‘Is nach teanga oifigiúil é an Béarla anois freisin?’ arsa Deireadh.

‘Ní bheinn ag súil le réiteach choíche uathu,’ arsa Slad. ‘Is annamh lucht na Sean-Ghaeilge ar aon fhocal amháin faoi aon fhocal is gan ag a bhformhór ach sceana géara gréasaí gléasta i bhfocla bréige.’

‘Anois, anois, an té atá saor. An bhfuil muid ar an taobh céanna nó nach bhfuil? Nach mb’fhéidir go bhféadfadh Focailín anseo nasc nua cairdis a chruthú?’

‘Ní aithnímse é,’ arsa Ocus. ‘Ní chuimhním ar é a fheiceáil ná a chloisteáil ariamh is tá mé i bhfad ar bealach is ar bóthar. B’fhéidir nach focal ar bith é ach creatlach.’

‘B’fhéidir go bhfuil an iomarca againn ann, nach stopann muid ag caint, fiú nuair nach mbíonn tada le rá, nach dtugann muid aitheantas cuí don chiúnas.’

‘An féidir libh a dhéanamh amach cén sórt gléis atá aige, fiú?’

‘An bhfuil sé firinscneach, baininscneach nó neodrach?’

‘Seachain nach coillteán é nó focal a fuair malairt gnéis sa saol bocht dearóil ina bhfuil muid.’

‘Meas tú an raibh aingeal coimhdeachta aige?’

‘Má bhí, cá bhfuil sé nuair is géire a theastaíonn?’

‘Báite faoi chré íochtarach an locha, b’fhéidir.’

‘B’fhéidir gur chuir sé lámh ina bhás féin,’ arsa Bastard, trua ina ghuth. ‘Bíonn daoine anuas go mór ar chuid againn ag cur inár leith gur drochfhocla muid, nuair nach bhfuil a leithéid de rud ann agus drochfhocla ná dea-fhocla. Daoine amháin a luann dochar linne.’

‘Is fíor dhuit,’ arsa Buíochas. ‘Is fíor dhuit, by dad.’

‘Ar a laghad ní daoine muid agus tá muid saor óna gcuid peacaí siúd, nach bhfuil?’

‘Tá, má tá,’ arsa Sos.

‘Ach ní chuireann focla lámh ina mbás féin,’ arsa Beo. ‘Ní bheadh ar a gcumas fiú dá mbeadh ag iarraidh, sin í an fhadhb.’

‘Mura gcuireann, cuireann daoine chun báis sinn agus plúchann siad muid go neamhairdiúil éagórach,’ arsa Mídhleathach go searbhasach. ‘Féach mise; an bhail atá siad ag cur orm le tamall amhail is dá mba chrochadóir a bheadh ionam. Is mó an meas a bheadh ar ghadaí focla ná orm.’

‘Ar labhair focal éicint agaibh fúmsa, a chúlchainteoirí de chúlfhocla?’

‘Tá an ceart ar fad ag Mídhleathach,’ arsa Homaighnéasach. ‘Féach an dímheas a chaitear liomsa naoi lá na seachtaine. Ní fhógraítear amach go hard glan soiléir mé de ghnáth ach mé díbeartha amach as béal daoine i mo chogar mogar tarcaisneach formhór an ama.’

‘Tá beirt againn ann,’ arsa Aerach. ‘Nár baineadh an craiceann bán anuas díomsa agus cuireadh cló eile orm.’

‘Anois, anois,’ arsa Aontas, ‘níl muide anseo le dul ag troid ná ag argóint lena chéile. Fág sin faoi na daoine díomhaoineacha díchéillí. Agus i ndeireadh an lae, is iad a chruthaíonn muid is ní hiad na hasail ná na caoirigh ná na muca ná na beithígh, dá chairdiúla daonna iad. Is acu atá an chumhacht, más olc maith linn é.’

‘Ach ní leo muid.’

‘Ach má éiríonn muid amach! Má éiríonn muid amach ina gcoinne?’ Troid a labhair.

‘Cogadh a chur orthu …’ arsa Cogadh go mórtasach, agus fonn gnímh air láithreach.

‘Ceacht a mhúineadh dóibh.’

‘Cothrom na féinne a fháil do gach focal feasta.’

‘Iallach a chur orthu gan oiread is ceann amháin againn a ligean i ndearmad ná a mhí-úsáid choíche.’

‘Go díreach é,’ arsa Greim. ‘Dul i bhfostú ina scornach is ina muineál atá againn a dhéanamh,’ agus é ar sceitimíní.

‘Aontaím go huile is go hiomlán leat,’ arsa Tarmacadam. ‘Is bheinnse thar barr chuige sin. Is tá aithne agam ar go leor focla fada casta eile freisin. Tá clann iomlán againn thiar i Muiceanach Idir Dhá Sháile na gCloch inár gcónaí in aice leis an timpeallán atá ar an droichead ar cuireadh na soilse tráchta air le gairid. Focla a bhfuil an oiread anonn is anall ag baint leo. Focla a chasfadh timpeall ina mbéal cúpla babhta ar a mbealach amach. Bheadh sé breá éasca againne cor coise a chur ina gcuid teangacha.’

‘Mise freisin,’ arsa Foc, ‘fiú má tá mé gearr gonta féin tá mé gobach,’ agus é ar bís le bheith i lár baill an scliúchais. ‘Focal sleamhain tanaí mise, agus bheinn thar barr ag sciorradh amach agus ag ardú mo ghutha san áit nach mbeifí ag iarraidh mé a chloisteáil. Táimse go maith ag náiriú daoine, daoine móra freisin, go háirithe nuair a léimim amach as a mbéal agus iad ag ceapadh nach bhfuil éinne ag éisteacht leo ná ceamaraí ag féachaint orthu. D’fhéadfainnse a bheith deadly ar fad, a mhac, ag tarraingt trioblóide.’

‘Is tú a theastódh le haghaidh polaiteoirí áirithe ar nós Aire Sóisearach Stáit na bhFocla a chur i sáinn,’ arsa Muide. ‘Fóidín meara a chur air.’

‘Muid ár gciall is ár mbrí a athrú thar oíche go meiteamorfach i ngan fhios dóibh,’ arsa Aerach, ‘cosúil leo féin. Dá ndéanfadh go leor againn é sin chuirfeadh an mhíbhrí ar seachrán iad is in árach a chéile. Chuirfeadh. Is gearr go mbeadh muinín caillte acu as aon fhocal a bheadh acu. Gan aon fhocal a bheith ceartpholaitiúil.’

‘Chuirfeadh ina dtost iad nuair a chaithfidís muid ar fad a choinneáil pacáilte thíos ina mbolg.’

‘Bheidís ina gcíor thuathail ansin agus pianta breithe ina mbolg agus cá bhfios nach bpléascfaidís.’

‘Nó go mbeadh ina chlampar is ina achrann eatarthu.’

‘Is ina arg–’

Níor críochnaíodh an focal ná an chaint.

Thit ciúnas ina measc. An leathfhocal ag titim ina bhrat ina mullach ag baint stangadh astu, iad ar fad ag cúlú siar coisméig … Shuigh Argóint síos ina lár agus labhair mar a bheadh seandall glic ann leis an slua.

‘Nach bhfuil a fhios agaibh go maith gur muid féin amháin a bheidh thiar leis,’ a dúirt sé, ‘má bhíonn aon argóint ann? Orainne féin a ídeoidh siad a gcuid cantail. Bainfidh siad chuile úsáid is míúsáid asainn lena chéile is le muide a mhaslú, a lot is a bhearnú. Úsáidfidh siad muid mar a bheadh saighdiúirí coise ann i gcogadh núicléach. Gortóidh siad cuid againn. Coillfidh siad cuid againn. Cuirfidh i bpríosún muid. Faoi chló aistriúcháin nó caighdeáin nó míbhrí. Marú. Ní bheidh ionainn dóibh i ndeireadh an lae ach uirlisí airm eile. Airm le cur i gcoimhlint lena chéile ionas go bhfaighidh cuid againn an ceann is fearr ar an gcuid eile. Go maróidh leath againn a chéile. Go slogfaidh cuid againn a chéile ar fad. Ionas go mbeidh cuid againn inár bpuiteach. Go sinceálfaidh na focla troma go híochtar is go n-ardóidh na focla éadroma go huachtar. Go gcuirfidh focla áirithe chun cinn ar a chéile, is faoina chéile. Ag imirt cluichí fichille linn atá siad. Cluiche báis. Anonn is anall. Anonn is anall is trasna.’

Shuigh Argóint síos. Lig osna faoisimh.

D’éirigh Údarás ina sheasamh. Ghlan a scornach.

‘Ach an leis na daoine muid, i ndáiríre píre?’ a d’fhiafraigh sé, ag cur goic fealsúnaí air féin. ‘Sin í an cheist mhór. Nach raibh an Briathar ann i dtús báire in éineacht le Dia, más fíor?’ Agus thug sé spéic mhór fhada don chruinniú. ‘Cé leis muid? Cé muid féin? Cá bhfuil ár dtriall, ár misean?’ a d’fhiafraigh sé. ‘An linn féin muid féin a thuilleadh nó arbh ea ariamh? Nach raibh muide ann roimh an duine nó an raibh an duine ann romhainn? An bhfuil an duine ag brath orainn nó muide ag brath ar an duine? An é an duine ár máistir anois, ár nDia, nó an é Dia an duine ár nDia freisin? Nó an é an diabhal atá i gceannas orainn go léir is ar an whole shootin’ gallery? An bhfuil saol eile ann dúinn théis an tsaoil seo sa gcás go gcaillfí sinn? Cé is sine faoi seo, an focal nó an duine … nuair nach ionann bliain i saol an duine is i saol an fhocail. An focal a chreidimse. An focal is sinsearaí. Bhí an focal ann i dtosach. Murach go raibh ní bheadh ag an duine. Bhí muid ansin go tostach i gcónaí inár múnla féin san aer, agus gan uainn ach béal an duine lenár bhfuaimniú, lenár dtabhairt chun míntíreachais. Na milliúin againn ann ar foluain go héadrom san aer, réidh le titim siar i mbéal gach éinne agus amach as de réir mar a theastaigh uathu.’

‘Ach,’ a dúirt guth ón slua, ‘cá mbeadh muid gan an duine, is gan foscadh is teas a mbéil? Cén neach eile a phiocfadh suas muid choíche, a d’athchúrsálfadh muid? Is beag aird a thug aon ainmhí orainn ach muid fágtha na milliúin bliain ag fanacht ansin sa bhfuacht is sa teas, sa sioc is sa tsíon. Agus, ar aon nós, nach é béal an duine a mhúnlaigh muid, a phlánáil muid, a chuir snas orainn, a rinne neacha sainiúla dínn, a chruthaigh ár n-áilleacht, a bhain ceol binn asainn? I dtrí fhocal amháin is leo muid agus é de chumhacht acu a rogha rud a dhéanamh linn. Muid a chaitheamh amach ina smugairle, más maith leo. Is leo muid dáiríre. Nach muide atá ag brath orthusan?’

‘Ach an muid?’ a d’fhiafraigh Údarás. ‘Nach muide a thugann saoirse don duine? A uaislíonn is a ardaíonn os cionn an ainmhí é, más fíor. Nach muid an difríocht atá idir “sea” agus “tá”? Nach ionann sinne dóibh agus a n-anam? Duine gan focal, duine gan chaint, gan cheart gan anam … Nach cuimhneach libh féin an chéad dream acu a tháinig anuas as na crainnte? An bhail a bhí orthu. An tsíanaíl a bhíodh acu. Gan iad tada níos fearr as ná ainmhí allta. Iad i dtuilleamaí comharthaí, gothaí agus strainceanna místuama leis na teachtaireachtaí ba shimplí a chur thar a chéile. An oiread sin éigeandála. Is iad na milliúin bliain ar an ealaín sin sul má d’fhoghlaim cén chaoi le muide a láimhseáil, sul má tharraing chucu muide go flúirseach ag tabhairt saoirse agus muiníne dóibh féin. Murach muide bhí siad ina mbalbháin agus srianta teagmhála curtha ar a ngréasán smaointe is samhlaíochta dá réir. Gach neach beo acu. Is muide an uirlis is cumhachtaí atá ag an duine, an bhunchloch ar a dtógtar gach gréasán eile, is tá siad ag brath go mór orainn dá réir. Muide a bhronn sibhialtacht ar an saol. Níl críoch ná teorainn leis na féidearthachtaí, a bhuíochas sin dúinne.’

… Cuireadh focla leis agus focla eile ina choinne.

‘Nach dtuigeann sibh?’ arsa Údarás, ag míniú go tréan. ‘Tá an uile chineál againn ann. Focla arda is focla ísle. Focla teicniúla, meicniúla is polaitiúla. Focla grá grámhara is scáfara. A dhath féin ar gach ceann againn. A chló féin. Muid lán de shiollaí, de shiombailí is d’ornáidíocht. Béim, binneas, aiceann, teilgean, sínte fada is rithim. Is muid siúcra mín milis chorp, chroí agus anam an duine. A mhíle milseacht. Cá mbeadh sé dá n-uireasa, d’uireasa a bhriathra grá, a bhriathra naofa, a bhriathra sibhialta nó a eascainí glóracha. Dá rachadh muid uile ar stailc?’

‘Stailc! Stailc!’

‘Stopaigí, stopaigí!’ a scread Seachrán. ‘Tá muid curtha ar strae ag caint den chineál sin. Tá ár smaointe imithe ar strae. Róardnósach. Caint san aer. Tá ár gcuid cainte imithe ar strae. Níl mórán céille le bheith ag cur ceisteanna faoi cé as a tháinig muid ná cé againn is sinsearaí. Ná go deimhin cá gcríochnóimid, mar go mb’fhéidir nach bhfuil aon chríoch ann. Nó is gearr eile go mbeidh muid chomh dona leis na pleibeanna de dhaoine a bhíonn ag iarraidh a fháil amach cé acu is túisce a bhí ann – an chearc nó an ubh. Nach cuma sa sioc cé acu is túisce a bhí ann. Is cuma leis an gcearc, ar aon nós, ach a bheith in ann tiuc-tiuc a rá. Is cuma leis an ubh gan an tiuc-tiuc sin a chloisteáil choíche is a bheith gan chluas gan bhéal gan mhuineál. Tá cearca agus uibheacha anois ann agus iad ar an gcaoi a bhfuil siad mar go bhfuil siad ar an gcaoi a bhfuil siad agus sin sin. B’fhéidir go dtiocfadh an lá a mbeadh cearca ann nach mbéarfadh ubh ar ór ná ar choirce nó an lá a mbeadh chuile ubh ina glugar. B’fhéidir go dtiocfadh an lá nach mbeadh na cearca ná na huibheacha féin ann agus sin sin. Agus nach cuma dóibh ach iad a bheith anois ann. Anois díreach. Is é an dá mhar a chéile againne é. Tá muid anseo, an méid atá ann againn, agus an méid againn nach bhfuil ann, níl muid ann níos mó, agus ní dóigh go mbeidh cé go raibh muid ann uair amháin. Mar cuimhnigh, dá mbeadh muid an uair úd ann nach móide nó nach gá go mbeadh muid anois ann. Agus ó tá muid anois ann nach gá go mbeadh muid aríst ann. Nó dá mbeadh chuile sheans gur ábhar eile cainte a bheadh againn. Agus anois céard faoi Fhocailín bocht beag anseo atá dearmadta agaibh le bhur n-éirí in airde? Nach lena chás úd a réiteach a glaodh an tionól seo agus ní le bheith ag réiteach ceisteanna seafóideacha na cruinne nach réiteofar choíche agus nár cumadh le réiteach ariamh agus nach é gnó na bhfocla tinneas cinn a chur orthu féin leo. Anois an bhfuil muid in ann aon mhaith a dhéanamh d’Fhocailín bocht seo anseo nó nach bhfuil? …’

D’fhéachadar timpeall.

‘Ach cá bhfuil sé?’ a d’fhiafraigh Ceist.

Ach gaoth an Fhocailín ní raibh siad in ann a fháil. A thásc ná a thuairisc ná a leaba dhearg. Chuardaigh siad thoir, thiar, theas agus thuaidh. A bhlas, a bholadh ná a scáile ní raibh le fáil ná le feiceáil ná le cloisteáil. Ach nach raibh sé anseo, a dúirt siad, ar ball beag? Agus bhí a fhios acu ar fad go raibh. Is bhí a fhios acu anois nach raibh sé ann níos mó. Nárbh é a thug le chéile iad. A spreag iad le dul ar thóir a chéille is a bhrí nó gur shleamhnaigh siad ar strae is ar seachrán lena dtuairimíocht.

Na daoine, a dúirt siad ansin. Caithfidh sé gur ar na daoine santacha atá an milleán le cur. Caithfidh sé gur chrochadar siúd leo idir chorp is chreatlach é le meabhair agus scil a bhaint as. Más amhlaidh atá is dóigh go bhfuil muid réidh leis. Mar má bhaineann siad ciall féin as, teipfidh orthu fuaim a bhaint as nó ní thabharfaidh siad cothrom na féinne dá cheol. É a ghreamú go smeartha de pháipéar a dhéanfas siad. Agus ansin é a chuibhriú istigh i bhfoclóir dorcha san áit nach bhfaighidh sé aer úr ná solas sa lá ná san oíche. Agus cén sórt saoil é sin d’fhocal bocht ar bith, beo nó marbh? Nach dtuilleann focal bás nádúrtha, ar a laghad ar bith, seachas críoch i gcóma buan stálaithe síoraí?

Bhí an ceart acu. Ag na daoine a bhí Focailín faoi seo nó a raibh fágtha dá chorp is dá chreatlach. Seanfhear cruiteach a bhí ag guairdeall thart le brathadóir miotail mídhleathach ar thóir seod a fuair é. Sciob sé chuige láithreach é is é ag ceapadh nár ghá dó cromadh ná aon lá oibre a dhéanamh aríst choíche. Shíl é a dhíol ar an margadh dubh le milliúnaí d’fhocalchnuasaitheoir ach bhain Bord na nOibreacha Poiblí de é théis dul chun na Cúirte Uachtaraí, ag áiteamh go mba leis an náisiún é. Seoid náisiúnta. Ach ansin níor chuir an Iarsmalann Náisiúnta aon spéis ann agus d’áitigh go raibh brú spáis orthu, ar aon nós. Agus más focal a bhí ann, nár chóir agus nár chirte dó a bheith sa Leabharlann Náisiúnta, dáiríre, a dúradar. Leabhra atá anseo, a dúradh sa Leabharlann Náisiúnta agus ní focla strae strainséartha gan chara gan chompánach agus seoladh amach faoi shéala i dtacsaí dubh le teannadh chuig an Ollscoil é, áit ar tarraingíodh síos suas ina scliúchas idir Roinn na Gaeilge agus Roinn an Bhéaloidis é sul má fuair sé ruainne de leaba. Cuireadh faoi chúram is faoi bhráid buíne cíocraí scoláirí é. Chruinnigh siad ina ndáil féachaint an bhféadfaidís scil nó sú saoil ar bith a bhaint as. Bhain siad ó chéile é agus chuir siad ar ais ina chéile aríst é. Chuir siad gutaí roimh a smut agus consain lena dhrioball is sínte fada ar a ghuaillí. Shíl siad na bearnaí a bhí ina sclaigeanna a scagadh is a líonadh. Bhain siad fad as agus chuir coranna ann. D’iompaigh siad bolg amach é, droim ar ais, bunoscionn agus poillín in airde. Chroith siad go maith é féachaint an dtitfeadh aon eochair ná litir eolais as. Litrigh siad óna dheireadh é, aniar aduaidh agus óna bhun aníos mar a dhéantar le focla is le scrollaí i gcúinní eile na cruinne. Is d’fhuaimnigh siad ar gach bealach é a d’fhéadfaí a fhuaimniú ach ní raibh sé cosúil le haon fhuaim dár chualadar ariamh ó aghaidh ná ó strainc duine, ná a chruth cosúil le haon fhocal a tiomsaíodh os comhair a súl.

‘Bíodh an fheamainn aige,’ arsa an tArd-Ollamh tugtha agus braonacha allais air.

‘Ní fiú bacadh níos mó leis,’ arsa an tOllamh cúnta nuacheaptha, neamhfhógraithe, agus é ar crith de bharr óil is gan uaidh ach an cás a thabhairt suas agus dul ag bóithrínteacht.

‘Am amú,’ arsa Dr na bhFocla Neamhchoitianta nuair a thuig nach raibh aon bhuntáiste ann dó féin mar nach mbeadh feiliúnach dá chnuasach nua neamhfhoilsithe.

‘Hah-hah,’ arsa an Léachtóir Sóisearach, ag aontú leo.

‘Huh,’ arsa an t-iarchéimí, ‘nach cuma ann nó as é. Tá neart focla eile ann do mo thráchtas dá uireasa.’

Nílimse cáilithe le labhairt ná le tuairim a nochtadh, a smaoinigh an fochéimí go leisciúil tostach gan a bhéal a oscailt is níor bhreathnaigh ar chor ar bith air ach chogain leis a ghuma coganta go gíoscánach. Ar aon nós, cá bhfios nach focal é nach bhfuil litreacha ar bith ann?

‘Caithigí amach sa scip mar sin é agus ní bheidh a fhios go raibh a leithéid ariamh ann agus ní bheidh an domhan tada níos boichte dá uireasa,’ arsa an Feighlí Focla a bhí ar garda nuair a fuair sé nod uathu agus é ag smaoineamh go bhféadfadh sé an áit a ghlasáil agus dul abhaile luath dó féin le bheith in am le féachaint ar an sobaldráma lena bhean agus lena bheirt ghasúr. ‘Ní chuirfeadh sé lenár gcáil focal gan réiteach a bheith faoinár gcúram anseo againn.’

Ach sul má d’fhéad sé breith ar mhuineál air nach raibh sé pitch eáilte amach an fhuinneog ag an Ard-Ollamh mífhoighneach nó gur chuir an Focailín ag lingeadh síos thar ísleáin is ardáin is thar phortaigh is mhachairí lár na tíre. Stop, stad ná staonadh ní dhearna nó gur leaindeáil thíos ar mhullach a chinn i lár Chontae Mhaigh Eo.

Amuigh faoin gclaí ag múitseáil agus ag caitheamh joint a bhí scoláire saibhir meánscoile nuair a scin an smeadar d’Fhocailín thairis go siosarnach ag baint stiall chraicinn dá chluas. Phioc sé suas é, ag meas gur ón spás a thuirling ar dtús agus thosaigh ag cur spéise ann mar a chuireann a leithéid sna UFOs nó sa neach is nuaí nach dtuigeann. Chinn sé air aon mheabhair a bhaint as ach níos tábhachtaí ná sin thuig sé luath go leor freisin nach bhféadfaí aon deatach ná sú a bhaint as a shásódh aon mhian dá chuid. Ach chroch leis ar a bhealach abhaile é le caitheamh ag an bpáiste sa gcliabhán lena choinneáil socair. Ba é an páiste ab óige, ba nuaí, is ba neamhchlaonta sa tír é ag an nóiméad sin agus chruinnigh an pobal ina thimpeall féachaint an bhféadfadh sé brí nó scil a bhaint as. Dúradh leis gur dócha gur Focailín a bhí ann, agus d’fhiafraigh siad de solas a chaitheamh ar an gcás dóibh. Cinnte, a d’umhlaigh sé, chomh luath agus a thiocfas an chaint dom, abróidh mé amach é, a thug sé le fios trína chuid comharthaí. Rug sé air agus shac sé siar ina bhéal é amhail is dá mba bhréagán nua a bheadh aige ann. D’fhan siad ina gciorcal timpeall air agus faitíos a gcroí orthu go dtachtfadh sé é féin, ar feadh bliana nó gur tháinig an chaint dó, agus iad ag iarraidh na strainceanna a bhí sé a chur ar a éadan a mheas is a léamh. Ansin chuir siad cluasa chomh mór le cluasa capaill orthu féin nuair a bhraith siad a bhéilín beag binn ar tí siollaí Fhocailín a chur i dtoll a chéile.

‘Focailín focáilte,’ a scairt an naíonán amach, é ag lingeadh an fhocail le fórsa fuipe amach as a bhéal, suas sa spéir dhorcha ionas nár stop ná nár stad nó gur thit de phlub-phlab sa bpuiteach bog a bhí i mbun an locha i Muiceanach Idir Dhá Sháile na gCloch mar ar frítheadh é an chéad lá ariamh. Siollaí bainte as ag an taisteal is an tuirlingt.

‘Sin sin anois, is dóigh, buíochas mór le Dia,’ arsa Focailín leis féin go sona sásta. ‘Nach breá an rud a bheith beo aríst agus saor uathu uile idir fhocail is daoine agus cead a bheith agam dul i mo bhealach féin de réir mar is maith liom. Cé nárbh aon dochar a bheith tamall i d’fhocal bréige gan dualgas. Tú ann agus gan tú ann ariamh. I leaba dóibh éisteacht liom agus gan a bheith do mo bhodhrú is do mo dhioscadh. Ach tá mé saor anois óna gcrúba ingearacha, óna bhfiacla géara is óna dteangacha léasacha agus gan iad in ann mé a cheangal ná a chuibhriú ná a chur i sáinn. Agus lena chinntiú nach ndrannfaidh aon neach beo choíche aríst liom criogfaidh mé mé féin i mo smionagar anois as láimh.’ Agus mhéadaigh sé é féin nó go raibh ina bhalún mór mór mór … is phléasc sé amach ina smidiríní – ag gáire.