Scéal i mBarr Bata

Alan Titley

Images

Tá mórán rudaí bunoscionn leis an saol, gan amhras, dífhostaíocht, uafás, foréigean, fearéigean, banéigean, truailliú na timpeallachta, an cogadh núicléach, deireadh an domhain, an peaca in aghaidh an Spioraid Naoimh, drugaí ag daoine óga, corn an domhain agus Ronald Reagan.

Bhí fhios agam nach raibh mé ciontach iontu go léir, dá bhrí sin, níor mhiste liom dá mbeadh tamall saoire agam uathu.

Tharla go raibh An Mála Láimhe á léamh agam i mo leaba is mé go lagbhríoch an oíche áirithe seo nuair a chonaic mé an fógra.

Bhí fógraí eile ann, gan amhras, ach níor mhór an ceann a thógas díobh sin.

Fear álainn, tríocha bliain d’aois, sé throigh trí orlach ar airde, craiceann óir aige, suim aige san taisteal, san I Ching, san teiripe phríomha, in Gurdjieff agus Krishnamurti, a bhfuil fear den sórt céanna á lorg aige ar feadh tamall den bhóthar.

Níorbh é sin mo ghloine aoibhnis in aon chor in ainneoin go raibh imeacht gan teacht dulta ar Bhruce.

Admhaím go raibh mo chroí briste is go raibh mé ag caoi as nóin agus go raibh lom ag gach aon saghas soidéalaigh orm ach mar sin féin cheap mé gur aithin mé sladmhargadh nuair a chonaic mé é.

Ghlaoigh mé láithreach ar Thomaltach agus nuair a bhí sé féin sásta líon mé an fhoirm isteach dúinn beirt.

Níor mhiste liom bealach úrnua a thriail, ar seisean liom agus sinn sa bhus, d’éireodh éinne bréan den seanrud céanna.

Bhí Tomaltach níos oscailte ná mé féin, níos toilteanaí an dá thrá agus an trí thrá a fhreastal, agus níorbh aon chúis iontais dom, má sea, go raibh sé ábhairín bréan de Sitges agus Torremolinos agus Mykanos agus an Costa del Chraic.

Bhí mé féin bréan díobh tar éis aon bhabhta amháin agus níorbh í an tuirse a bhí ag cur orm ach an oiread.

Bíonn eispéiris nua ag teastáil uainn go léir tar éis an tsaoil, arsa mise leis agus liom féin, ní féidir linn dul ar aghaidh ar an gcuma chéanna go deo.

An bréan a bhíonn i gcónaí ag titim, déanann sé poll sa chloch ghlas, ar seisean faoi mar a bheadh féasóg fhada air.

Ní dhéanfadh sin cúis ar chor ar bith, arsa mise, óir níl glas ar na clocha go fóill.

Is dóigh liom gur thuig sé dom ceart go leor, ach bhí sé ag féachaint amach ar an abhainn bheag a bhí ina sconna craorac le hais an bhóthair ar dhath na dlúthchoille i lár an fhómhair a chuirfeadh griofadach trí do chuid fola dá smaoineofá air.

Ach ní raibh éinne de lán na beirte againn ag smaoineamh air ach ar na heachtraí a bhí romhainn amach má b’fhíor don bhróisiúr.

Chonaic Tomaltach fear ag iascach san abhainn sa ghleann laistíos dínn.

Féach ar an bhfear ag iascach san abhainn sa ghleann laistíos dínn, ar seisean liom, agus níorbh fholáir dom a admháil nach bhfuaireas aon locht ar a chuid cainte ó thaobh tabhairt faoi deara nó tuairisce de.

Ghoill sé orm, áfach, mar bhall den chine daonna seo a bhfuilimid go léir páirteach ann dár ndeoin nó dár n-ainneoin, agus mar phearsa shibhialta ina theannta sin, fear a fheiceáil ag iascach a thoimhdiú dom go raibh sé de dhúil ann comhchréatúir dár gcuid a chur chun báis, nó ar a laghad, é a mharú.

Ní hamháin go raibh sé chun é a mharú, ach bhí sé chun é a dhéanamh le foréigean agus le doirteadh fola.

Samhlaigh duit féin ga ag dul i do scornach agus tú do do sracadh amach as an atmaisféar ba dhual duit agus tú ag troid agus ag lúbadh agus ag snaidhmearnaigh san aer fad is a bhí an ga ag dul níos domhaine i do bhrád.

Níl sé go deas, an bhfuil?

An bhfuil fhios agat gur féidir leis na heolaithe labhairt le doráid anois? arsa Tomaltach liom.

An-suimiúil, arsa mise go tur, cé nár theastaigh uaim a bheith doithíosach chomh luath seo inár gcuid laethanta saoire.

Bhí fhios againn riamh go raibh siad an-chliste ag gabháil do chleasanna i bpáirceanna siamsaíochta, i súanna agus in uisceadáin, ar seisean, tá’s agat, ag léim trí fháinní, ag siúl ar an uisce, ag bualadh clog agus mar sin de, ach ní raibh fhios againn go dtí seo chomh daonna is a bhí a dteanga.

An bhfuil díochlaonta acu, arsa mise cé nach raibh suim dá laghad agam ann, agus tuisil agus réimniú briathar, nó an bhfuil struchtúr ar bith ar a gcuid cainte?

Níl struchtúr ar rud ar bith, an seisean, níl ann ach go gcuireann siad iad féin in iúl.

Bhí mise ag cuimhneamh ar conas a chuirfeadh an t-iasc bocht, an bradán nó an chadóg nó an fíogach gobach nó an breac raice nó an bod gorm nó an pincín féin, a chuid mianta in iúl.

Arbh fhearr dóibh go léir a bheith ar coinneáil agus ar buanchoimeád in umar nó i ndabhach nó i mbabhla gloine i bhfad ó shlata iascaigh agus ó dhuáin ghéara?

Má bhí an sráidbhaile domhanda ann cheana féin cén fáth nach mbeadh an dabhach domhanda ann chomh maith?

Bhí an choill ag dul i dtibhe de réir mar a bhí an bóthar ag dul in airde i measc na gcnoc agus an té a mbeadh éirim rómánsúil ann chloisfeadh sé an scol amhráin i nguth mná ag teach ó íochtar an rosa áit a mbeadh sí ag siúl amach ar maidin ina haonar seal le súil go gcasfadh sí le fear fiaigh nó foghlaeireachta ar a sheans.

Ábhar suilt don té a bheadh sínte ar a sháimhín só i lár na coille ba ea gluaiseacht mhall an bhus agus mar a bheadh giorranáil air ag saothrú an bhealaigh mhóir aníos i dtreo na gcnoc.

Bhí teanga na gcnoc á labhairt go séimh acu lena chéile ach níor fhéadamar í a thuiscint toisc nach rabhamar sean go leor.

Bhí an ghrian ag spalpadh anuas orainn chomh te le jacuzzi agus sinne ag éirí chomh cráite le bóíní dé i bpróca gloine.

Lean an bus ag gnúsachtach leis i gcoinne an aird mar a bheadh ceol Beethoven á sheinnt ag JCB.

Bhí na scáthanna go léir curtha chun báis agus dulta ar ais i bpócaí na bpaisinéirí mar a raibh dóchas, tochais, clúmh liath agus gréibhlí gan ainm ag cuimilt le chéile.

Chuamar thar dhroichead adhmaid os cionn claise nach raibh a grinneall le feiceáil agus bhí fhios againn láithreach go raibh focail áirithe fágtha inár ndiaidh againn leis an imeacht sin.

Cupán tae, reifreann, árachas saoil, comhartha bóthair, piardálaí, iris.

Bhí fhios againn, leis, go mbeadh gach aon lá ag tabhairt a lae leis feasta agus go mbeadh madraí i gcónaí ag amhastrach go balbh le hiontas na cruinne fad is a bheadh péint an bhogha cheatha ag triomú.

Bhí rudaí eile a rabhamar dall orthu, áfach, in ainneoin na gcnoc is na gcrann is ár dtreoraí a bhí ag iarraidh tráchtaireacht a dhéanamh in aghaidh na fuarchúise.

Sa cheantar seo, bhí sé ag rá, tá cead ag bean a fear a dhíol mura bhfuil sí sásta leis, agus dá dheasca sin ní haon ionadh go dtéann préamhacha an amhrais go domhain sna fir agus deir na hantraipeolaithe linn gurb é sin an fáth go gcuireann an oiread sin díobh lámh ina mbás féin, agus dá thoradh sin go mbíonn fir atá fágtha láidir, cruálach agus míthrócaireach agus gurb é sin an fáth, leis, nárbh inmholta an ní é dá dteipfeadh ar inneall an bhus sna bólaí seo.

Sa cheantar seo, bhí Tomaltach ag rá, tá ainmhí ann ar a dtugtar an gránc, ar geall le hasal i bhfoirm é, ach go bhfuil sciatháin aige in áit na gcluas agus lapaí air mar a bheadh ag cat cois teallaigh, an bhfuil a fhios sin agat?

Táim gan fios, arsa mise.

Ní bheidh tú mar sin, a mhuide, arsa Tomaltach, níor mhór duit duine tuisceanach a bhualadh leat tamall de lá gach aon lá buí a chuirfeadh i dtuiscint duit é.

Cheap mé gurbh é sin an chúis go rabhamar ag teacht ar an saoire seo, saoire gan dua gan. dualgas, mar adúirt an bróisiúr, saoire a thugann cead duit an uile ní a dhéanamh a raibh tú rófhaiteach tabhairt faoi.

Saoire don té atá tuirseach, don té ar mhaith leis blaiseadh den saol.

Don té ar mhaith leis dlí na feasa a ithe, a chuid brionglóidí príobháideacha a fhíoradh, mianta a anama a shásamh.

Bhí friotal na fógraíochta de ghlanmheabhair againn gan aon agó.

Is dócha go rabhamar ag taisteal mar sin ar feadh an chuid is mó den lá agus b’fhíor a rá nár stadamar oiread agus aon uair amháin, ar eagla go mbeadh eagla ar dhaoine, nó faitíos b’fhéidir, nó scáth fiú amháin, nó go mbeadh cuid acu ag crith.

D’itheamar go léir ár gcuid ceapairí cé go raibh cuid de na paisinéirí ag cnagadh a gcuid fiacla níos glóraí agus níos drochbhéasaí ná daoine eile ar chuma a thabharfadh le fios duit nár chuaigh siad ag an scoil cheart nó nach bhfuair siad léasadh breá riamh óna dtuismitheoirí.

An bhean a bhí os ár gcomhair amach, mar shampla, ba dhóigh leat uirthi gur mirlíní gloine a bhí idir an dá phíosa aráin aici bhí an cnagarnach chomh breá sin.

Bhí aghaidh uirthi mar a bheadh ar dhuine nár léigh riamh ach billí gáis.

An duine a bhí ina haice, bhí aghaidh air siúd a chuaigh as faisean dhá chéad bliain ó shin agus nach dtiocfadh a seal arís go ceann tamaill fhada má b’fhíor do na scannáin.

Is mise an Ginearál Factotum, arsa an fear mór a chuir fáilte romhainn nuair a thuirlingíomar den bhus ag an gcaisleán.

Féachfaidh mise chuige go mbainfidh sibh lántaitneamh agus lántairbhe as an tréimhse a chaithfidh sibh inár measc mar is mé atá freagrach agus mar sin de agus luach bhur gcuid airgid agus mar sin de agus ar ais arís an bhliain seo chugainn agus mar sin de agus a thuilleadh fós den chineál a raibh taithí againn air.

Ach go gcaithfidh sibh rogha a dhéanamh maidin amárach idir Plean Omni agus Plean Aquarius agus Plean Tantric agus Plean Ixtlan agus Plean an Tarot agus Plean an Rotharghluaiste agus nuair a ghabhann tú ar an mbóthar nach bhfuil aon dul siar agus mar sin de agus a thuilleadh fós de chineál nach raibh taithí ar bith againn air gur thaitin na fuaimeanna linn.

Agus má tá duine ar bith in amhras faoin bPlean is oiriúnaí dó féin níl le déanamh aige ach teacht chugamsa agus cuirfidh mise ar bhóthar a leasa é.

D’fhéach sé ar dhearna ormsa agus d’imigh pont a mhéire ag siúl suas síos ar na línte a bhí le léamh ann, rud a réitigh go mór liom ní foláir dom a rá.

Plean an Tarot, ar seisean ag féachaint idir an dá shúil orm, is é is oscailte duit, is é is oiriúnaí, is é is áille, is é is fearr a thabharfaidh seans duit tú féin a chomhlíonadh, tú féin a fhorbairt, tú féin a chur i gcrích.

Plean an Tarot, ar seisean le Tomaltach ina dhiaidh sin, is é is oscailte duit, is é is oiriúnaí, is é is áille, is é is fearr a thabharfaidh seans duit tú féin a chomhlíonadh, tú féin a fhorbairt, tú féin a chur i gcrích.

Ní gá a rá go rabhamar breá sásta linn féin a bheith le chéile agus ba léir go raibh aoibh an gháire ar ár n-aghaidh nuair a chuamar os comhair an Mhaoir Arcana a raibh an paca cártaí á shuathadh go méaréasca aige mar bhí aoibh ar a aghaidh siúd chomh maith.

Dar drandal an ghandail, ar seisean, nach ait agus nach aoibhinn an t-iompó é sin daoibh, agus chonaiceamar gurbh iad na triufanna a bhí ag stánadh aníos orainn.

Dar diailimín, ar seisean, bain deol as na póga is bain aer den pheil ach is iad na bloghtracha bána atá i ndán daoibhse.

Níor thuigeamar i gceart cad a bhí i gceist aige go dtí gur tógadh síos chun na páirce sinn agus gur mhínigh an Ginearál Factotum an scéal dúinn.

Sraitheanna de thithe gloine a bhí os ár gcomhair amach ina bhfeithidí ag snámh siar go híor na spéire.

Deireann na cártaí linn, bhí mo dhuine ag rá, go bhfuil mianta folaigh ionaibh go léir, mianta nach mór a thabhairt chun barra nó beidh sibh ag fáisceadh na leapa le frustrachas agus ní bheadh sé sin ceart ar chor ar bith, gan trácht ar é a bheith réasúnta.

Tá sé ag cumarsáid linn, arsa Tomaltach liom, thar bhlianta dorcha agus thar aineolas na meánaoise.

Ba mheasa a bheith soirbhíoch ar aon nós, arsa mise, nó a bheith ag féachaint ar an teilifís nó ag siúl do chihuahua ar an bhfaiche maidin Domhnaigh.

Bhí an carn cloch os ár gcomhair amach, chomh maith, ach thug sé an rogha dúinn cannaí stáin nó creachaillí adhmaid nó liathróidí práis nó rud ar bith a réitigh linn a úsáid dá mba rogha linn.

Ní fhaca tú riamh a leithéid de liúanna fiaigh is de screadanna áthais is de hosannanaí sna harda is a chonaiceamar is sinn ag crústach na ndiúracán leis na tithe gloine!

SPLINC! CLINGEADACH! SPROIS! GLEAGAR! CLANGARÁN! SMIDIRCHLEAIS! BIÚCHCHCH!

Níor iarradh ar éinne againn stad go raibh pian inár nguaillí agus trálach inár lámha agus crampa inár ndroim trí bheith ag teilgeadh is ag raideadh is ag rúscadh na gcloch is an lón chaite eile is go dtí go raibh na tithe gloine os ár gcomhair amach ina spruadar mionálainn ar an talamh.

Nach mbraitheann sibh go maith anois, d’fhiafraigh an Ginearál Factotum dínn, nár ardaigh sin sála bhur mbróg den chré, nach gaire anois sibh do bhur mianta cealdraí bunúsacha fuaimintiúla domhainphearsanta barántúla fréamhbhunata sainiúla, na mothúcháin sin is sibh?

Seo é an caidreamh bailí gan húm ná há, arsa Tomaltach, a bharraicíní ina seasamh ina bhróga, seo é an caidreamh Mise-Tusa a mbíonn Barber ag scríobh faoi.

Is caidreamh Mise-Mise é seo, arsa an Ginearál, nó Tusa-Tusa ag braith ar cé tá ag caint, nó cá bhfuil do sheasamh, nó cé tú féin, nó cad leis a bhfuil do luí, nó muran scitsifréineach amach is amach tú leath an ama.

Seo é an caidreamh leat féin a bhfuil eagla air a ainm a lua, a shroicheann páirt díot nach eol do do chroí a bheith ann, a chuireann do bhraistintí i dteagmháil le do mhothúcháin, a thugann ar ais ar an bhfód dóchais tú nuair a bhíonn do thusa ceart as baile.

Cad mar gheall ar na boscaí teileafóin, arsa duine os ard ó chúl an tslua, ar léir ar a gháire go raibh sé anseo cheana.

Agus na ceapacha bláth, arsa duine eile a raibh siosúr ina lámh aige.

Agus na seanmháithreacha críonna caite, arsa ógánach a raibh an ghruaig ina seasamh ar a cheann ar nós gráinneoige ar baineadh stangadh as.

Agus na tairní meirgeacha ar na gluaisteáin nua, d’fhiafraigh fear deas fionn a raibh ailt a lámh ag éirí ban leis an tnúth.

Fóill, fóill oraibh, arsa an Ginearál, críoch gach aon scéil ní mór daoibh foidhne a bheith agaibh, foidhne, foidhne, níl aon ní is fearr ná an fhoidhne agus gheobhaidh sibh gach aon ní in am tráth mar is breá bog a bhíonn an chaint ag fear an chlaí.

Is é mo thuairim mheáite ná go bhfuil an ceart ar fad aige, arsa Tomaltach, allas fós lena éadan de bharr a shaothair, seo é saol an teaspaigh againn, an saol nár bhlaiseamar riamh de.

Ní déarfainn i do choinne, arsa mise, i gcead don chuideachta.

Bhí an ceart againn go léir.

Is dóigh liom gur réab mé seacht mbosca teileafóin as a chéile, gur phollaigh mé thart ar dhosaen gluaisteán, gur bhain mé na géaga de chrainn óga an bhóthair, gur mharaigh mé cat, gur dhein mé mo mhún i mbosca faoistine, gur fhág mé madra sa chuisneoir, gur chuir mé barra iarrainn trí theilifíseán agus gur sciob mé an seanphinsean ó chúpla duine sinseartha an chéad lá sin agus ní foláir dom a rá gur bhraith mé niamhghlanta nuabhaiste dá mbarr.

Bhí Tomaltach ar an gcuma chéanna agus gach éinne eile dár labhraíomar leo sa tolglann a bhí ag gabháil don chúrsa an oíche sin.

Tagaim anseo gan teip gach aon bhliain, arsa an t-ógánach álainn seo liomsa a bhí ag caitheamh a shúile i mo threo formhór an tráthnóna idir babhtaí rifíneachta, ní séire cumainn go dtí é, níl scaoileadh snaidhme mar é, níl taoscadh teannais ar aon dul leis le fáil áit ar bith faoin spéir, níl aon ní chomh mór greann agus sorcais leis i bpolaitíocht na hÉireann fiú amháin.

An amhlaidh go bhféadfaí a áiteamh an lá is lú ar dhóigh leat a mbeadh rud éigin dá mbarr agat, arsa Tomaltach nár theastaigh uaidh a bheith fágtha ag cogaint na gainmhe ar an trá fholamh, nach mbeadh sé curtha amú in aon chor ach go rachadh sé chun tairbhe duit i ngan fhios duit féin.

Thíos sna domhainstruchtúir nach bhfaca éinne riamh ach Chomsky, arsa an ting ard álainn, sin é metier an chúrsa, sin é an rud atá tugtha.

Braithim cheana féin nach bhfuil an condition humaine ródhona, arsa mise, braithim gur féidir liom é a fhulaingt, nach gá dom a bheith chomh buartha feasta faoi mhalltriall na forbartha, braithim go mbeidh gach ní ina cheart nuair a rachaimid abhaile, go mbeidh feoil gan harmóiní le fáil i mo hamburger as seo suas.

Fan go bhfeice tú an chéad chleas eile amárach, arsa mo dhuine, agus ní Corc ar Shróin ná Toill i mBarraile ná Roth an Ratha ná Mála an Éithigh a bheidh ann ach rud eile ar fad, cé nach ceart dom cleas a thabhairt air ar chor ar bith, níl ansin ach salmaireacht chainte a chaith mé chugat mar gurbh é an chéad rud a rith liom faoi mar a rithfeadh nár shia gob an ghé ná gob an ghandail le duine eile dá mbeadh ábhar eile i dtreis agus dá mbeadh sé leisciúil, mar rud é seo a bhaineann chuige leat faoi mar a bhaineann sé linn go léir a bhfuil aon ní le rá againn.

Mhínigh mé dó go rabhamar go léir tuirseach de mhídhaonnacht an duine in aghaidh an duine, agus go raibh cuid againn bréan de, agus go raibh aithne againn ar dhaoine sa bhaile a thionscnódh léirsithe ina coinne dá bhfaigheadh siad an deis, agus dá mbeadh an t-am acu tar éis machnamh an lae, agus ar an gcuntar sin go rabhamar breá sásta an Ginearál Factotum a leanacht cibé ní a déarfadh na nuachtáin ina thaobh.

B’fhéidir go bhfeicfinn ag an damhsa istoíche amárach tú, ar seisean liomsa gan oiread agus urla dá cheann a chroitheadh i dtreo Tomaltaigh, beidh sé ar siúl thíos san bálrúm, An Rince Sporium, mar a thugaimid air.

Tá súil agam gur feirmeoirí ar fad a bheidh ann, arsa Tomaltach, is ansin a chloisfimis d’uaill á casadh, ach ní dóigh liom gur airigh mo dhuine in aon chor é.

Tháinig an mhaidin aníos arís i ngan fhios dúinn nuair a bhíomar inár gcodladh ag taibhreamh ar bhunaircitípeanna agus ar shiombail de chuid anima mundi agus a cairde.

Chruthaigh sé uair amháin eile nach raibh an ceart ag na fealsaimh adúirt nár ghá go n-éireodh an ghrian ó thaobh na loighce de díreach ar son gur éirigh sé gach maidin go dtí seo.

Níorbh í seo an tsamhlaíocht a bhí ag imirt orainn ar aon nós ach an tseanghrian chéanna a bhí tuairim is ceithre mhíle sé chéad milliún bliain d’aois is a mhairfeadh ag lonradh anuas orainn ar feadh cúig mhíle milliún bliain eile ar a laghad, má b’fhíor do na heolaithe.

An raideghníomhaíocht an t-aon phíosa eolaíochta amháin atá ar eolas agamsa, adeireadh Tomaltach nuair a bhíodh buachaill óg á thabhairt abhaile aige i ndiaidh cóisire.

Cuir oraibh iad seo, arsa an Maor Arcana linn, ag síneadh éidí phílirs chugainn, inniu táimid ag dul siar isteach sa ghleann.

Capaill an chóir taistil a bhí againn agus bhraith mé go raibh cnámh droma an-ghéar fúmsa in ainneoin na diallaite.

Bíodh go raibh an ghrian ag taitneamh agus sinn ag fágáil an chaisleáin níor thúisce in imeall an ghleanna dúinn nuair a thosaigh an ceobhrán.

Bíonn sé i gcónaí mar seo sa ghleann, arsa seanfhondúir liom a bhí ag marcaíocht i mo aice, féach an portach, féach an mhóin, féach na srutháin fhíoruisce, féach an fásra fiáin go léir, ní bheadh sé mar sin murach an bháisteach.

Is ait an áit í seo le haghaidh tithe gloine, arsa mise leis, b’fhearr liom go mór a bheith ar ais ar an réileán mar a mbíonn an ghrian ag taitneamh.

Ní tithe gloine atá anseo ar chor ar bith, ach tithe cloch is tithe ceann tuí is botháin déanta de scaobóga créafóige is d’fhóda an réisc, nach n-aithníonn tú an géim, an réim is an t-am atá?

Ní fheicim ach daoine bochta ag rith isteach ina gcuid bothán, is paistí cosnochta ag dul faoi sheál a máithreacha, is fir mheata ag rith chun na gcnoc, is scanradh i súile na mban óg, is ní chloisim tada ach triamhain na n-aithreacha faoina gcuid leanaí, is garthaíl na gcailíní faoina bhfuil i ndán dóibh, is búirthíl na n-ógánach mar nach féidir leo tada a dhéanamh, is impí na dtruán ag lorg trócaire.

Nár theastaigh riamh uait a bheith i do thiarna talún, ar seisean liom, nár theastaigh riamh uait daoine a chur as seilbh, nár theastaigh riamh uait údarás beatha is báis a bheith agat, droit de seigneur a bheith agat is é a éileamh, nár theastaigh riamh uait an nimh atá i do chroí do na bochtáin a ligean amach?

Seo é do sheans!

Cé gur chnag mise go béasach ar an leathdhoras bhrúisc an Sáirsint Rua isteach romham agus d’fhéach le sotal ar na tuathánaigh a bhí gróigthe istigh sa chúinne le chéile.

Más libh an cnoc, díol an cíos as!

Ba dheas an mana é ar m’anam, agus ar nós na manaí is fearr ní raibh aon fhreagra air, agus ba ghearr gur chualamar ag teacht ó bhotháin an bhaile é.

Níl tú chomh caoch is atá tú ar uireasa céille, arsa pílir eile leis an seanleaid á bhrú an doras amach, tabharfaidh tú an oíche faoin dtor fós, nó faoin scraith mura stopann tú den ghogallach!

Ná habair go bhfuiltear chun é a lámhach, arsa mise leis an Sáirsint ag lorg eolais, ar fhaitíos go gceapfadh éinne go raibh uafás i mo ghlór.

Má bhristear an dlí caithfear an dlí a chneasú, ar seisean, sin é an dlí, agus an rud atá dlite tá sé rite, agus an rud atá rite tá sé snoite, agus an rud atá snoite tá sé gan cháim, ergo mar fhreagra ar do cheist, mura ndéanfar é a lámhach is cinnte go ndéanfar é a chaitheamh.

Céard faoi na mná, arsa Tomaltach a bhí ciúin go maith ón oíche aréir.

Ní fiú iad a chaitheamh, dá bhrí sin, ní mór iad a bhualadh mar is chun a mbuailte a ceapadh iad, arsa an Sáirsint, ag caitheamh bean an duine chugainn.

Cúig bliana déag, ar a mhéid, a bhí ag mo chailínse ach ar éigean gur chuaigh mé chomh fada le binn a gúna a thógáil.

Nuair a dhein mé iarracht labhairt léi chrom sí ar a bheith ag scithireacht agus níor thuig mé i gceart an chanúint a bhí á labhairt aici laistiar den mhiogaireacht agus den cháir fholamh.

Cha leanabh mi is tu ’ga bhreugadh, nó rud éigin mar sin adúirt sí, cha déideag mi nó balach bog, ach ní fhéadfainn í a leanacht siar ina bobaireacht.

Ná bí buartha faoi, arsa an seanfhondúir liom ag doras an tseomra, tarlaíonn sé dúinn go léir uair éigin, ach ná bíodh lá mairg ort, ní inseoidh mise tada don Ghinearál fút, tá cead ag gach éinne cliseadh duine ar dhuine fad is atá coitiantacht na gcustaiméirí sásta formhór an ama.

Murar thuig sé mo chás bhí sé báúil ar aon nós agus léirigh sé arís dom gur mór an difear atá idir bheith i do chónaí ag bun an chrainn seachas bheith i do chónaí ar a bharr rud a thuig mé riamh ó bhaintí an liathróid díom agus mé ag imirt peile ar an tsráid.

Níor mhiste liom dá gceapfaí go mba dhuine den bhuíon sin mé arbh fhearr leo pit mhaith ná drochsheasamh ach ní fhéadfaimis go léir teacht amach as an gcófra ag an am céanna gan ár gcuid éadaigh a chur orainn.

Ait go leor, níor chas mé leis an ógánach álainn ag an Rince Sporium an oíche sin cé gur chas mé le go leor eile ach ní healaín dom trácht ar a gcuid gníomhartha anseo mar is scéal é seo a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don teaghlach go léir.

Ní raibh aon imeachtaí ar siúl i mol thuaidh mo chloiginn an oíche sin bíodh gur chaith mé tamall fada ag iarraidh éisteacht le mantra ceol an chiúnais agus le fealsaimh ag iarraidh a gcuid gluaisrothar a dheisiú.

B’éigean dom caoirigh a chomhaireamh ar deireadh sular chuaigh mé a chodladh ach b’iad na fir mhóra nár ith an triosc riamh a bhí á leanúint tríd an gclaí ó thuaidh is mó a bhí ag déanamh scime domsa.

Bhí rogha idir seo is siúd againn an mhaidin dár gcionn.

Roghnaigh Tomaltach an éide ghorm a chur air féin agus croíthe na nIndiach Rua a chur sa chré ag an nGlúin Leointe.

Roghnaigh mise ríthe a chur chun báis mar ba ní é a bhí imithe as an saol agus bhí caitheamh i ndiaidh na hochtú aoise déag riamh agam.

Et vous, monsieur, arsa an buirgéiseach liom a raibh an tuí ag gobadh amach as a chuimhne, vous etes venue sans doute pour ce triste accident?

Ní raibh mórán Frogaise agamsa ach mheas mé gur cheart dom rud éigin tromaí a rá.

Alors, rien, quelle vie, arsa mise agus d’ardaigh mé mo ghuaillí fad is a bhí mo dhuine leis na rufaí síoda á n-ardach chun a chrochta.

Ce n’est pas drôle, arsa guth go ciúin a bhí ag caint lena chosa.

C’est amusant ici, arsa guth eile i bhfad níos láidre mar tagann misneach chun daoine nuair a bhíonn ríthe á gcur chun báis.

Fear cineálta tú, arsa bochtán de shaghas éigin liom mar nach raibh mé ag béiceach chomh hard nó chomh fuilbhéasach leis an gcuid eile.

Nuair a chruann orm, arsa mise, le súil go dtuigfeadh sé an scéal.

Cén saghas Frogaise é sin, d’fhiafraigh bean díom a raibh fiacla aici ar nós sléachta sámhshlabhra Texas, mura bhfuil an urlabhra nó an gléas agat ná habair tada.

Bhí muidinne ag caint faoi dtaobh den bhean ar an ardán a bhfuil na cácaí beaga milse ina láimh aici, arsa an bochtán leis an mbulóg aráin.

Qui allait bientôt crever, arsa an guth láidir.

T’en fais pas, arsa an guth lag ach bhí sé nach mór báite sa phuililiú trí chéile in ainneoin go rabhamar go léir ag tochas ár n-ascaillí leis an mbréidín trom garbh a thug siad dúinn ar maidin d’fhonn a chinntiú go mbraithimis réabhlóideach.

Seo dhaoibh an rí gan choróin, arsa an callaire.

An rí gan cheann, d’fhreagair an slua mar thuig siad go raibh a lá tagtha.

Seo dhaoibh an bhanríon gan choróin, arsa an callaire arís.

An bhanríon gan cheann, arsa an slua agus tháinig an lann anuas chomh glan chomh gasta le Diego Maradona trí chúlaithe Shasana.

B’é seo an t-aistriú ama, an lúbadh linne, an claochlú caite, an filleadh feasa, agus murar thuig mé fós do réabhlóid na Fraince ina slánchruinne de dheasca nach raibh aon ocras orm agus nár réitigh sé liom go raibh banríona ag cailleadh a gcloigne, níorbh fholáir dom a admháil ag an bpointe sin gur mhothaigh mé aontacht an chine dhona, gur bhraith mé chomh huilíoch le hoíche Shathairn, chomh nádúrtha leis an bhféasóg ar an saoi gan locht.

Ní fearr ann iad ná ar a nguaillí ar aon nós, arsa siopadóir agus goic lagmheasa air féin i dtaobh na ngnóthaí go léir fág go raibh sé suite de go raibh ceangal éigin idir an dá cheann a bhí ag titim chun ciseáin agus praghas na bprátaí.

An tusa tú féin, a d’fhiafraigh mé de Thomaltach an oíche sin, nó an neamhshuim leat ceisteanna bunúsacha mar sin go fóill.

Ba shaighdiúir mé, ar seisean, is ba dhúnmharfóir, is ba mhairnéalach, is ba spásaire, is ba mhilliúnaí is cár bheag san nuair b’fhearr liom ceann amháin ar bith acu ina aonar ná an rud maith a mbítear ag caint air.

Labhair mé féin saint na ndaoine ar feadh tamaill agus is é a bhí go blasta, dea-mhaitheasach, snasmhar murab ionann agus an phostaireacht gan éifeacht a bhíodh ar siúl againn amuigh sa saol mór.

Nach aoibhinn duit den tróig seo mar adúirt an seanrá riamh, ar seisean agus ba dhóigh liom air go mbeadh sé in éad liom ba chuma cá ngabhfaimis.

Bhí clab mór aoibhnis air mar sin féin chomh mór le bolg beorach ar a shlí go dtí an síbín nuair a mhínigh mé do go mbeimis go léir sa bhád céanna an lá dár gcionn.

Bhí, leis, agus dheineamar tamall iascaigh ar an loch agus mharaíomar cúpla searc agus nuair a d’éistíomar le ceol na habhann ina dhiaidh sin fuaireamar an bhreac is a máthair mar lá saoire ba ea é ón saothar mór a bhí inár ndiaidh agus romhainn amach.

Éirigí, tá an lá bán ann, adeireadh an Ginearál Factotum linn agus thugaimis ár n-aghaidh amach mar b’eisean an ceannphort agus an bas agus bhíomar ag íoc as.

Bhí lá againn in Vítneam, mise ag caitheamh napailm síos ar shráidbhailte lán de sceimhlitheoirí idir óg agus bhaineann fad is a bhí Tomaltach ag dul isteach in Mai Lai ag tabhairt an daonlathais do na dúchasaigh.

Ba cheart go bhfaighimis Duais Nobel na Síochána dá bharr seo, arsa sinne i dteannta a chéile d’aon ghuth.

Chaitheamar aga inár mbuachaillí bó, gan amhras, is inár ngadaithe banc, is ag déanamh bolg le grian fara daoine áille, is ag tairneáil daoine ar chroiseanna, is ag stiúradh ceolfhoirne siansaí, is ag buachan cluichí cártaí, is ag tumadh na spéire, is ag trasnú an ghaineamhlaigh ar chamaill, is ag déanamh míorúiltí, is ag dul thar chraos ann, is ag ithe muisiriún craoraga, is ag imirt croquet ar an bhfaiche, is ag tiomáint gluaisteáin mheara timpeall ar fhaobhar na faille, ag déanamh dlíthe, ag tabhairt óráidí, ag croitheadh lámh le pearsana ríoga, ag cnagadh daoine sa chró dornálaíochta, ag seilg eilifintí san fhoraois, ag casadh le sinsir nach bhfacamar riamh.

Ach b’é an rud ba mhó a thaitin liomsa ná an lá a chaith mé i mo mhaor tráchta ag cur ticéad ar ghluaisteáin siopadóirí.

Thaitin an lá ríomhaireachta le Tomaltach mar ba bhreá leis a bheith ag tincéireacht le ciútraimintí cé gur éirigh mé beagáinín bréan den phort a bhíodh á chanadh aige.

Bogábhar ar maidin, bogábhar ar nóin, is dá ndúiseoinn istoíche bogábhar a gheobhainn.

Éirigí, tá an tsaoirse chugainn, arsa an Ginearál Factotum agus bhí sé ag gáire an mhaidin áirithe seo mar a bheadh duine a raibh Das Kapital á léamh aige.

Léimeamar go léir amach as ár gcuid leapacha chomh tapaidh le plapa saighdiúirí i ndrúthlann agus thugamar faoi deara go raibh lá breá gréine buí eile romhainn amach ina cháilíocht féin lena ghinmhilleadh, is lena ailse, lena aids agus lena cham reilige.

Thugamar faoi deara, leis, go raibh bó bhleacht na maidine ag luascadh a hútha ar chách cibé acu ar thaitin sin leo nó nár thaitin.

Arbh fhearr leat fofhoirgneamh aitreabúideach dhímhiotaseolú an fhidéachais a phlé anois, nó ar mhaith leat briosca tirim, d’fhiafraigh Tomaltach díom fad is a bhíomar ag éisteacht leis an nGinearál ag bladar leis mar gheall ar an tsaoirse.

Tuigim gaoth agus tonn tuile do cheiste, arsa mise leis, ach ar ndóigh ní dóigh leat gur i nead sa chlaí a tugadh amach mé.

Ní saoirse go ceallalóid, ar seisean, ní saoirse go scannán.

Tugadh amach sinn san áit a raibh na ceamaraí go léir ina suí mar a bheadh cuileoga ar im agus ba mhór go léir an sás taitnimh é a fhios a bheith againn go rabhamar chun a bheith mar réaltaí scannán chomh maith le gach aon ní eile a déanadh dúinn.

Níor mhór ná gurbh ionann an taithí seo go léir agus naoi mbeatha an chait a bheith againn.

Mura raibh aghaidh cheart á tabhairt againn ar cheist na beatha go dtí seo níor dheacair dúinn a shamhlú anois go rabhamar chomh gar sin don rud dothadhaill is a bheimis riamh.

Ach cuirimis uainn an dáiríreacht seo agus bímis greannmhar.

Más é sin an focal ceart, níl fhios agam mar d’fhoghlaim mé go leor focal ó thús m’óige go nuige seo anois faoi láthair na huaire, ach chaill mé cuid mhór acu ar thaobh an bhealaigh mhóir nó i ngréasán glasghéagach na coille, nó d’fhág mé i mo dhiaidh iad i dtithe tábhairne, nó chonaic mé iad á gcur chun báis ag scríbhneoirí agus ag iriseoirí agus ag scribleálaithe eile, nó tharlódh nach raibh ciall ar bith leo sa chéad áit, níl fhios agam.

An Fear Nach Raibh Aige Ach Aon Scéal Amháin is teideal don scannán seo, arsa an léiritheoir a raibh an-dealramh go deo aige leis an nGinearál Factotum ach go raibh a shúile ag lonradh ina cheann ar nós an bhuachalláin chorraigh.

Sheas sé os ár gcomhair amach go soiléir mar a bheadh goirín ar shmig agus d’fhéach sé ó mhullach talamh orainn.

Ná bíodh aon chorrabhuais ar éinne agaibh, ar seisean, tá páirt againn do gach éinne, tá script againn do gach éinne, beidh clú agus cáil ar gach éinne agaibh fad is a ritheann tionscal na scannán.

Bhí cnoic chiúnais ann ina dhiaidh sin nuair a dheineamar ár machnamh ar fhorás agus ar fhorbairt na daonnachta agus ar an áit a bhí againn go léir ann.

Ba chuimhin linn go ndúirt an Ginearál go mbeadh deireadh go deo le peaca nuair a bheadh an cúrsa curtha dínn againn óir nach bhfuil peaca ar bith fágtha don té a thuigeann an uile ní.

Bhí an spéir mar a bheadh scornach dhearg os ár gcionn agus bhí scamall thall is abhus ag at ar nós broim i bhfiteán.

Seo dhuit, arsa an léiritheoir liomsa, seo dhuit do script, níl le déanamh ach na treoracha a leanacht.

Thiomáin mé an BMW síos an bóthar uaigneach go dtí go bhfaca mé an duine ag síobshiúl is a mhéar in airde aige.

Stop mé an gluaisteán mar b’in a bhí sa script agus bhí na ceamaraí ag seabhrán laistiar díom in airde.

An t-ógánach álainn is é a bhí ann.

Bhí na priompalláin ag crónán go trom leisciúil tríd an aer agus bhí na píobairí fraoigh ag déanamh cibé rud a dhéanann píobairí fraoigh.

Ní gá dom a rá go raibh mo chuid feola féin ar crith le dúlaíocht faoi mar a bheadh tarbh ag dul isteach i macha búistéara.

Thuig an Ginearál Factotum conas ár gcuid gá go léir a shásamh luath nó mall is na haimsirí a bhí ann.

Léim isteach, arsa mise, agus déanfaimid cuaird aoibhnis na gealaí.

Léigh an script, ar seisean agus meill bheag ghrinn ar a bhéal, an rud atá scríofa tá sé scríofa.

Léim isteach, arsa mise á léamh, agus déanfaimid cuaird aoibhnis na gealaí.

Is tú adúirt é, ar seisean, agus bhí an méid sin san script chomh maith.

Nuair a stopamar ag an gcairéal ní raibh duine ar bith eile ann seachas na fir cheamara agus an léiritheoir ach ní bhaineann siad sin le háireamh.

Agus nuair a thóg an t-ógánach álainn an gunna amach as a mhála láimhe thuig mé meafar na scannán chomh maith le héinne eile.

Seo é deireadh an aistir, ar seisean faoi mar a bheadh an script de mheabhair aige, is gráin liom do chineál is bhur gcigireacht tóna, bhur mbuachailleacht bhaitín, bhur síleadóireacht, is sibh dríodar na cruinne.

Ba shuarach nár chreid mé é bhí sé chomh maith sin d’aisteoir.

Chónaigh mo shúil i bhfad air thuaidh agus theas sular léigh mé an chéad chuid eile.

Ní féidir go bhfuil seo fíor, níor shíl mé gur tharla a leithéid seo ach amháin sna nuachtáin, sna hirisí agus sna scannáin.

Cén difear, ar seisean, nach iad an dá mhar a chéile iad.

Ab ea is dóigh leat go bhfuil mise chun suí anseo go deas síochánta agus ligean duitse mé a lámhach?

Tá sé scríofa, ar seisean.

Má bhí, thug mé faoi deara nach raibh na ceamaraí ag seabhrán níos mó agus go raibh an léiritheoir ag casadh ar a shála chun dul abhaile.

Bíodh dóthain fola ar na suíocháin, adúirt an script, agus bíodh a inchinn spréite ar fud na fuinneoige.