DO NOCHTACHT

Chomh geal sin

Nach gcorraíonn suáilce ná duáilce ionam

Sea, Taoi nocht os mo chomhair

Ach nach bhfuil an féar nocht?

Tá an ghealach nocht

Nocht atá an drúcht

Is ní siocair pheaca dom iad.

Tusa nár pheacaigh riamh! A ghile!

Conas a pheacóinnse?

YOUR NAKEDNESS

So bright

Neither virtue nor vice stirs in me

Yes, You stand naked before me

But is the grass not naked?

The moon is naked

Naked the dew

They are not occasions of sin.

You who never sinned! Bright being!

How could I?