Cad a fhágann siad ar lár
ar maidin
is iad ag trácht Ort?
Faic.
Is um thráthnóna
an claisceadal céanna arís?
Ní hea.
Tá traochadh beag ina nglór
is Tú á gcur chun suain.
I dtost na n-éan a chodlaíonn Tú
ina gclúmh suaimhneach
aimsímid a chéile, leathnóta fós le ceiliúradh
What is it they miss
in the morning
when describing You?
Nothing.
Is it the very same concert
at evening?
No.
A little weariness now in their voices
as You lull them to sleep.
You slumber in the silence of birds
and in their unruffled plumage
we find one another, a half-note yet to trill