Ba go deifreach a thuirling Mary Morrison den traein faoi thalamh. Rinne sí a slí go mífhoighdeach míchéadfach trí shluaite adhmhaidine Dé Luain ón ardán go dtí an tslí aníos. Ba leor sracfhéachaint ar an bhrú daoine timpeall na n-ardaitheoirí le cur ar a súile di nárbh fhiú moilliú ansin. Ba dhoiligh do Mary cur suas le haer leamh múchtach an stáisiúin faoi thalamh agus leis na soilse geala ann. Chas sí i dtreo an staighre suas. Ar an drochuair, sáinníodh í idir seanlánúin stadach Ghiúdach os a comhair agus triúr fear gnó cabanta taobh thiar di. Ba ar mallchéim a dhreap sí an staighre gur lig osna dhomhain faoisimh nuair a tháinig sí amach ar Broadway ag Park Place. Stop Mary le cóip den New York Times a cheannach ón mhangaire nuachtán, Clem, agus ansin bhrostaigh i dtreo a hoifige in Áras Woolworth.
Ní raibh sé ach ag tarraingt ar a hocht a chlog ach bhí fothram an lae tosaithe cheana. Bhí geonaíl bhonnáin gluaisteán agus díoscán choscáin tramanna ag meascadh le búiríl inneallra ón láthair thógála trasna an bhóthair ar Broadway. Ba ann a bhí teach spéire nua á thógáil, teach spéire eile a chaolódh ar an chandam sin den fhirmimint a d’fheicfeadh pobal Manhattan ó leibhéal na sráide. Ba mhinic óna hoifig anuas a rinne Mary iontas den díorma cruachfheisteoirí Mohawk a théadh i gcontúirt laethúil a n-anama ar chreatlach an tí spéire. B’iúd iad crochta san aer na céadta troigh ón talamh slán thíos fúthu ach shiúlaidís go cosdaingean dásachtach ar na cearchaillí cruaiche amuigh, dála gleacaithe siorcais ar mhaide luascáin. Ach amháin nach mbíodh aon líontán sábhála faoi na gleacaithe seo. Sula raibh sí cróilí, mhínigh a cara Caitlín, agus í ar cuairt lá, gur de gheasa do na hIndiaigh chéanna gan breathnú síos ar an talamh fúthu. Ba leor do Mary amharc anuas ar na Mohawk chun meadhrán a chur ina ceann. Tharraingíodh sí siar ó fhuinneog na hoifige i gcónaí, dhruideadh na dallóga is deireadh paidir bheag nach mbainfí dá chothrom aon duine acu. Ar ndóigh, tharlaíodh timpistí. B’fhearr le Mary léamh fúthu sa Times ná amharc orthu ag tarlú os a comhair.
Ach bhíodar ann i gcónaí ar an chosán sráide a dhéanadh aer is iontas de radharc amháin nó de radharc eile. Mar ba ghnách ar mhaidin gheal i dtosach an earraigh, bhí daoine cruinn cheana os comhair Áras Woolworth agus iad ag baint lán na súl as an fhoirgneamh. Meascán a bhí ann, a thabharfadh Mary buille faoi thuairim de réir fhianaise bhlasanna na nguthanna is déanamh na n-éadaí, de chuairteoirí eachtracha is d’imircigh úra a bhí i ndiaidh teacht isteach trí Oileán Ellis le cúpla lá anuas is a bhí ag tapú na chéad deise sin blaiseadh d’iontais Manhattan.
Agus ní hiontas go núíosach! arsa Mary léi féin agus í ag brú thart leis an bhaicle stadach ar an chosán. An té a bhíonn ag obair is ag luain in Áras Woolworth cúig go leith lá sa tseachtain—nó ina cás féin, sé lá sa tseachtain le tamall— b’fhurasta dó dearmad a dhéanamh ar na fíricí sin a chuir súile na gcuairteoirí is na n-imirceach ag bolgadh: is éard a bhí san ardteampall tráchtála seo, a shín na trí scór urlár, nó 792 throigh agus aon orlach stairiúil amháin, suas san aer, is éard a bhí ann an bloc oifige ab airde ar domhan ó tógadh é dosaen blianta roimhe sin i mbliain ár dTiarna 1913.
B’fhurasta, cinnte, ach amháin nuair a bhí na hardaitheoirí as feidhm.
Bhí forhalla an Árais ciúin go fóill nuair a bhí Mary ag tarraingt ar an tsraith ardaitheoirí.
“Mora duit ar maidin, Miss Morrison,” arsa an giolla, Max, léi agus í a dul ar bord ardaitheoir uimhir a deich.
Agus í ar an bhealach suas go dtí a hoifig ar an 53ú hurlár, thug Mary spléachadh ar na ceannlínte sa nuachtán.
Urlár a deich…
… Toghadh an Mharascail Von Hindenberg ina Uachtarán ar an Ghearmáin…
Urlár a fiche …
… An doirteadh fola sa Ghearmáin le déanaí…
Urlár a fiche is a seacht…
… Go raibh 1909 duine dúnmharaithe i Nua-Eabhrac le seacht mbliana anuas …
Urlár daichead isatrí…
… Go raibh feachtas an Mhéara Hylan go n-athroghnófaí mar iarrthóir ar son an Pháirtí Dhaonlathaigh é faoi lánseol…
Urlár caoga isahaon…
… Gur bhain nathair nimhe greim as ógchailín in aice le Suffern thuas ar an Hudson…
Ó tharla go mbeadh lá grithealánach oibre i ndán di, ní bhfaigheadh sí an dara hamharc ar an nuachtán go dtí an tráthnóna, arsa Mary léi féin. Sin buntáiste a bhain le teacht isteach go luath go raibh an seans beag deireanach seo aici cúpla bomaite a bheith aici di féin, a céad chupán caife agus an chéad toitín dá ciondáil lae a bheith aici.
“Bíodh lá deas agat, Miss Morrison,” arsa Max.
Ba dhoiligh di a shamhlú cad é mar a chuir Max suas le huaireanta fada ag taisteal suas agus anuas. Suas agus anuas. Ar nós an donáin sin ó mhiotaseolaíocht na Gréige ar thit sé de chrann air carraig mhór a bhrú anuas mala cnoic go Lá an Luain. Ar ór ná ar airgead Rockefeller, ní fhéadfadh Mary cuimhneamh ar a ainm.Is ar éigean a bheadh a seanmhúinteoir, an tSiúr Bosco, buíoch di tar éis di blianta fada a chaitheamh ag féachaint le blúiríní den Léann Clasaiceach a bhrú isteach i gcinn chipín an chlochair. Na laethanta seo, arsa Mary léi féin, lán a bhí a cloigeann le hairteagail is le fasach dlí, le breitheanna cúirte agus le cásanna achomharctha. Ach chuimhneodh sí ar an ainm mallaithe Gréagach luath nó mall. Agus maidir le Max, bhíodh cuma shuaimhneach air i gcónaí. Ach seachas malartú bheannachtaí na maidine is an ardtráthnóna, ní raibh a dhath ar eolas aici faoi. A bhuí le Dia, murab ionann is formhór na ndaoine a bhíodh ar na hardaitheoirí, ní fhéachadh sé le mionchomhrá a choinneáil léi.
Nuair a bhí sí ag siúl ón ardaitheoir go dtí a hoifig ag bun an dorchla, chuaigh Mary siar ina haigne ar liosta na gcoinní a bhí socair aici don lá. Ar a naoi a chlog, bheadh sí ag bualadh leis na hailtirí a bhí ag dearadh an dá stór nua de chuid an chomhlachta i gceantar Albany. In ainneoin gurbh é an Domhnach a bhí ann, ba go mall a d’oibrigh sí féin agus a rúnaí, Gertrude, tráthnóna beag aréir chun mionsonraí fánacha a bhain leis an chead pleanála a réiteach. Ar a dó dhéag inniu, bheadh cruinniú aici leis an bhainisteoir pearsanra chun cás cúirte a phlé. Ar a leathuair i ndiaidh a trí, bheadh sí féin agus a comhaturnae Jeffrey Taylor ag bualadh le dlíodóirí óga Áras an chomhlachta le leanúint dá dtraenáil inoifige. Cruinnithe, cruinnithe, cruinnithe, ní raibh aon éalú ag aturnaetha uathu. Agus bhí réimsí fada comhad idir lámha aici ar ghnéithe eile d’obair mhórchomhlacht Woolworth.
Ní bheadh sí sa bhaile go luath anocht ach oiread chun tráthnóna deas ciúin a bheith aici. Bhí sí i ndiaidh gealltanas a thabhairt d’Oliver go mbuailfeadh sí leis-sean le haghaidh an tsuipéir.
Ar an drochuair, a dúirt Mary léi féin mar a bhain sí doras a hoifige amach, ar nós na hoíche aréir fosta, ní bhfaigheadh sí seans anocht dul go dtí an Bronx le cuairt a thabhairt ar Chaitlín bhocht. Amárach nó arú amárach, gan teip, nuair a bheadh carn na gcomhad ar a deasc íslithe aici agus stiúir níos cinnte curtha aici ar chúrsaí dlí impireacht F. W. Woolworth.
I lár an dara cruinniú a bhí Mary nuair a bhuail Gertrude go ciúin ar ghloine dhoras sheomra an bhoird. D’fhéach Mary ina treo go géar míshásta. Ba mhaith a bhí a fhios ag a rúnaí nár chóir di cur isteach ar chruinniú mar seo. Tháinig Gertrude isteach is labhair le Mary de chogar.
“Tá glao práinneach ann duit, Miss Morrison.”
Níorbh í an bhéim ar an fhocal “práinneach” ach an dreach a bhí ar aghaidh Gertrude ba mhó a bhain siar as Mary.
Ghabh sí a leithscéal leis an bhainisteoir pearsanra is rinne ar oifig an rúnaí amuigh. Thóg Mary glacadóir an ghutháin ina láimh. Bhí go leor discréide ag Gertrude—agus go leor céille ceannaithe aici—imeacht as raon cluas.
“Haileo, Mary Morrison ag labhairt.” Bhí eagla a craicinn uirthi go raibh rud éigin cearr lena hathair, ach labhair sí go húdarásach chun an neirbhís a cheilt.
“Mary, Oliver anseo…”
Ar aithint an ghlóir di ar an taobh eile den líne theileafóin agus ar thuiscint di nár dhócha gur dhrochscéala faoina hathair é, mhothaigh Mary an mhífhoighde ag borradh inti. Caithfidh go raibh Oliver i ndiaidh bob a bhualadh ar Gertrude … nó tathant uirthi briseadh isteach ar an chruinniú.
“Oliver, beidh daor …”
“Tá aiféala orm faoi chur isteach ar an chruinniú, Mary, ach cheap mé gur cheart fios a bheith agat gan mhoill. Tá Caitlín bhocht ar shlí na fírinne. Fuair sí bás aréir … Mary, an bhfuil tú ann go fóill? An bhfuil tú i gceart?”
“Tá …” Ba dheacair di a raibh á rá ag Oliver a scagadh ina haigne. “Féach, Oliver, ní thig liom labhairt leat anois. Cuirfidh mé glao ort ar ball.”
Mhothaigh sí féin fuaire ina guth nár thaitin léi de réir mar a chuir sí an glacadóir síos. Fuaire ghairmiúil an aturnae a thugadh Oliver air ar na hócáidí eile sin nuair a bhraitheadh sí gur chall di a mothúcháin féin a choinneáil faoi smacht. Níorbh é seo an t-am le stiúir cheart uirthi féin a chailliúint. Bhí lá oibre le cur isteach aici go fóill.
“Ná cuirtear isteach orm arís, Gertrude,” ar sise go dúr diongbháilte leis an rúnaí a bhí i ndiaidh scor dá cuid oibre ar an taobh eile den oifig agus fanacht go ndéarfadh Mary rud éigin.
Rinne Mary ar sheomra an bhoird athuair.
Faoi a sé a chlog bhí an cruinniú deireanach thart. Ba ar éigean a bhí seans ag Mary greim gasta a alpadh siar i rith an lae. Nó éalú sách fada chun cupán caife is toitín suaimhneach eile a bheith aici. Nó smaoineamh ar Chaitlín mórán, a thuig Mary. Thóg sí an sreangscéal a bhí fágtha ag Gertrude ar dheasc Mary is d’athléigh go mall é. “KATIE AR SHLÍ NA FÍRINNE. STOP. SHÍOTHLAIGH GO CIÚIN ARÉIR. STOP. LAURETTA.” Ní raibh a dhath ag deirfiúr Chaitlín ann faoi na socruithe sochraide. Rug Mary ar an ghlacadóir is d’iarr ar an oibritheoir uimhir árasán Oliver a dhiailiú. Níorbh fhiú triail a bhaint as uimhir na scoile ag an am sin den tráthnóna. Chuala Mary cloigín an ghutháin ag clingeadh. B’fhollas faoin chúigiú cling nach raibh sé sa bhaile. Thabharfadh sí buille faoi thuairim go raibh Oliver imithe suas go dtí an Bronx cheana. Ar an drochuair, ní raibh teileafón ag Lauretta. D’iarr Mary ar an oibritheoir uimhir an Athar Albert ag Teach na Sagart ag Séipéal San Síomón Stock in Fordham a dhiailiú. D’fhreagair an bhean tí agus dúirt go raibh an sagart amuigh ar ghlaoch ola.
“Ar mhaith leat labhairt leis an Athair Tadhg?” ar sise.
“Níor mhaith liom, go raibh maith agat,” arsa Mary go teann. Chuir sí an glacadóir uaithi go tapa ar eagla go dtiocfadh an sagart eile ar an líne. Tharraing sí a cóta mór uirthi is bhailigh le chéile cáipéisí a bhí le tabhairt abhaile aici léi. Bhí tuirse uirthi, bhí ocras uirthi, bhí tinneas cinn ag teacht uirthi, bhí a thuilleadh oibre le críochnú aici ach ba cheart di imeacht suas go dtí an Bronx.
Bhí oifig Gertrude amuigh folamh dorcha. Ba dhócha go raibh an rúnaí crosta léi. Bhí a fhios ag Mary go raibh sí i ndiaidh a bheith garbh léi ar ball. Ní raibh neart ag Gertrude air go raibh sí féin chomh gnóthach sin … nó go raibh Oliver i ndiaidh glaoch leis an drochscéala. Ach, i ndáiríre, ba é Oliver an t-aon duine amháin a bheadh in ann tabhairt ar Gertrude an dianriail a choilleadh is briseadh isteach ar chruinniú.
“Dá mbeinn scór bliain níos óige ná mar atáim,” a deireadh an rúnaí minic go leor, “sciobfainn an Oliver sin uait, Mary. Fear breá stuama é. Déan fear pósta de, sula bhfuadaíonn bean éigin eile é … nó go n-athraím m’aigne!”
Lig Mary osna chléibh agus í ag siúl i dtreo na n-ardaitheoirí. Róbhroidiúil a bhí sí ar na mallaibh chun Oliver a fheiceáil go minic gan trácht ar fhear pósta a dhéanamh de. Agus maidir le Gertrude, ba cheart di a chinntiú go bhfaigheadh an rúnaí bónas speisialta as ucht na ragoibre ar fad.
Faoi mar a bhíodh sé nuair a thagadh sí isteach go moch ar maidin, bhíodh na hardaitheoirí anuas ciúin go mall sa tráthnóna.
“Oíche mhaith, Miss,” arsa Max, “agus slán abhaile.” B’fhéidir gurbh é an t-aiféaltas faoi Gertrude é, ach stop Mary nuair a tháinig sí amach as an ardaitheoir ar leibhéal na sráide agus chas sí chuig an ghiolla ardaitheora.
“Caithfidh go bhfuil lá fada oibre curtha isteach agat, Max. Cén t-am a mbeidh tú críochnaithe anocht?”
“Ar a naoi a chlog, Miss.”
“Sin lá fada, ceart go leor.”
“Ceithre lá ag obair anseo, trí lá ar shiúl, Miss. Téann tú i dtaithí an ghnáthaimh.”
“Bhuel, bíonn do shos trí lá tuillte agat.”
“Ó, téim ag obair amuigh i gceap árasán ar Long Island dhá lá eile sa tseachtain. Mar ghiolla ardaitheora ansin.”
“Caithfidh nach bhfeiceann do mhuintir thú in aon chor.”
“Níl ann ach mé féin, Miss. Go dtí go mbeidh go leor airgid i dtaisce agam chun mo chailín a thabhairt anall ó Thalamh an Éisc.”
“An as Talamh an Éisc duit?”
“Is ea.”
Nuair a bhí sí ag imeacht uaidh, bhraith Mary náire de shaghas uirthi gur thóg sí—cá mhéad bliain?—is ea, breis is trí bliana—thóg sé breis is trí bliana uirthi bunrudaí mar sin a fháil amach faoi Max. B’fhéidir nach raibh an ceart ag Oliver go raibh fuaire phroifisiúnta an aturnae inti. B’fhéidir go raibh sí inti ó dhúchas.