Caibidil a hAon

-I-

“Ní aontaím leis sin ar chor ar bith,” arsa Oliver Shannon de ghuth ard garbh. “Diomailt airgid atá sa phlean meargánta sin ó thús deireadh.”

“Ach sin a mbeadh ó Chaitlín féin, go ndéana Dia trócaire uirthi,” arsa Mary go teann. A thúisce is a labhair sí thuig sí go raibh sí i ndiaidh botún a dhéanamh.

“Cad é mar is féidir leatsa a rá thar aon duine eile againn cad ba mhaith le Caitlín?” Níor chaill Oliver an deis. Ná níor fhéach leis an tarcaisne ina ghlór a cheilt.

Ba ghá do Mary seift eile a tharraingt chuici. Ní bheadh sí in ann Oliver a shásamh choíche de dheasca na drochfhola eatarthu, ach dá mbeadh ciall lena moladh, bheadh tromlach na mball sásta tacú léi.

“Is cóir dúinn sos gairid a thógáil,” arsa an tAthair Albert a bhí sa chathaoir ag an chruinniú. Thuig Mary nár thaitin an ghné phearsanta den díospóireacht leis. “Leanaimis den phlé ina dhiaidh sin. Tá braonán caife ar fáil ag bun an tseomra.”

Ar feadh meandair, smaoinigh Mary ar chaolú amach as an seomra agus imeacht léi abhaile. Ach bhí a fhios aici nárbh fhéidir léi sin a dhéanamh anois. Bhí sé de dhualgas uirthi fanacht go dtí go mbeadh an cúram seo curtha di. Rinne sí ar an tábla chun caife a fháil—gheall sí di féin go ngearrfadh sí siar ar an mhéid a bhí á ól aici an mhaidin dár gcionn. Ba go pointeáilte a rinne sí neamhiontas d’Oliver a bhí ag labhairt go hanamúil teanntásach leis an Athair Albert.

Ba é seo an chéad chruinniú foirmiúil de na Géanna Fiáine ó adhlacadh Caitlín. I mí Iúil bhailigh deascán ball le chéile le hoíche chainte is cheoil a bheith acu mar chuimhneachán ar a gcara a bhí ar shlí na fírinne. Léigh siad dréachtaí filíochta Éireannaí agus chas amhráin, cinn le John McCormack ina measc. Ba thrua nach raibh Lauretta in ann a bheith i láthair ach bhí Alfie ar an drabhlás arís. Oíche bhreá airneáin a bhí ann, de réir mar a rinne na baill ceiliúradh ar bheatha Chaitlín agus ar a ndearna sí ar son chúis na hÉireann. Agus ag an deireadh, thugadar móid shollúnta go leanfaidís d’obair Chaitlín.

Is ea, ghealladar go léir go n-oibreoidís go dian dícheallach le haislingí Chaitlín a fhíorú. Ach bhí an comhrá anseo i ndiaidh cur ina luí ar Mary gur réidhe an chaint mhaoithneach ná an gníomh éifeachtach. Ní raibh sa teannas idir í féin agus Oliver ach mionléiriú amháin ar a dheacra is a bheadh sé baill an chumainn a choinneáil le chéile tar éis don té a bhunaigh is a stiúraigh an cumann ón chéad lá riamh imeacht.

Ba í Caitlín croí agus anam na nGéanna Fiáine. Gan í a bheith ann chun an cheannasaíocht a thabhairt dóibh agus a n-aird a choimeád ar a misean, ní bheadh iontu ach daoine aonair agus díormaí beaga a bhí gan treoir nó, dála Oliver, a bhí ag tochras ar a cheirtlín féin le díoltas a imirt ar Mary.

Sin go díreach an rud a bhí ag tarlú anseo anocht, arsa Mary léi féin. B’eol don dall nach raibh ach meathaithne aige ar Chaitlín cad a ba mhaith léi go ndéanfaí. Ach ní dall a bhí Oliver Plunkett Shannon ach dúr dáigh.

“Cuirimis tús leis an chruinniú arís,” arsa an tAthair Albert tar éis bhriseadh deich mbomaite. Lig Mary osna chléibh is d’fhill ar a cathaoir i lár an tseomra. Bhí Oliver a shuigh ar an taobh clé den seomra i ndiaidh buntáiste amháin a ghéilleadh di.

“Más féidir liom gearrchuntas a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn, tá dhá mholadh ar leith againn faoin tslí gur cóir dúinn an t-airgead atá bailithe ag na Géanna Fiáine a chaitheamh. An chéad cheann …,” agus sméid an sagart ar Oliver, “… an chéad cheann ná leacht cuimhneacháin a thógáil os cionn uaigh Chaitlín, ar dheis Dé go raibh a hanam uasal. Nó …,” agus chas sé i dtreo Mary, “… an t-airgead a chur chuig an scríbhneoir Gaeilge sin, Ó Conaire …”

A thúisce is a mhoilligh an tAthair Albert, d’ardaigh Oliver a lámh is rinne réidh le héirí óna shuíochán ach lean an sagart de.

“Tá neart cainte cloiste againn faoina mbeadh ó Chaitlín féin ach is é fírinne an scéil nach bhfuil a fhios againn go cinnte cad a ba mhaith léi. Ach caithfimid a bheith dílis do na prionsabail ar sheas sí dóibh. Má chuimhnímid orthu sin, beidh fuascailt na faidhbe agam. Anois,” agus bhí faobhar beag mífhoighde ar ghuth an tsagairt, “gan dul siar ar gach rud a dúradh cheana agus gan dearmad a dhéanamh ar nasc an tseanchairdis a cheanglaíonn le chéile muid, an bhfuil aon ní nua le rá ag aon duine? … Is ea, ar aghaidh leat, Oliver.”

Is ar éigean a bhí Oliver ina sheasamh sular thosaigh sé ag labhairt.

“De réir mar a thuigim an scéal ó dhaoine a bhfuil aithne acu air in Éirinn, is meisceoir é an Conaireach sin atá tar éis imeacht le drabhlás an tsaoil. Ní luafaidh mé na rudaí eile atá cloiste agam faoi.” Stop Oliver go méaldrámata le ligean do na focail sin dul i bhfeidhm ar a lucht éisteachta. Ansin lean sé ar a chuid cainte. “An ceart dúinn a bheith ag soláthar airgead bhiotáille do mheisceoir de scríbhneoir nach bhfuil buille sa bhéim ann a thuilleadh? Nach fearr an t-airgead a úsáid chun bean dár gcuid féin a chomóradh ionas gur féidir le Gaeil Mheiriceá a heiseamláir a leanúint?”

Thit croí Mary. Thug an dreach a bhí ar cheannaithe chuid de na baill le fios di gur aontaigh siad le hOliver. Cleas glic a bhí ann leid a thabhairt gur phearsa scannalach é an Conaireach. Thug Mary colgfhéachaint ar Oliver agus í ag iarraidh an déistin a bhí uirthi leis a chur in iúl dó. Ag an am céanna, mar aturnae, bhí uirthi Oliver a mholadh as an bheart céanna. Ní leomhfadh seisean amharc go díreach idir an dá shúil uirthi. An t-aon ábhar faoisimh a bhí ag Mary ná go bhféadfadh an scéal a bheith seacht n-uaire níos measa. Ní raibh a dhath ar eolas ag Oliver faoi chín lae Chaitlín ó Battle Creek. A bhuí le Dia nár thaispeáin sí féin í dó.

Sméid Mary ar an Athair Albert is d’éirigh ina seasamh. Ba mhithid di teacht i dtír ar a hoiliúint ghairmiúil.

“Níl ach cúpla rud le rá agam. Aontaím go huile is go hiomlán leis an Athair Albert nuair a deir sé go gcaithfimid a bheith dílis do mhórphrionsabail Chaitlín. Tuigim fosta go mbeadh daoine buartha faoi airgead a chur amú.” Ní fhéadfadh aon duine a rá go raibh sí ag déanamh neamhshuime ina raibh le rá ag Oliver. “Ach …” Lig sí dá dhá súil dul siar is aniar ar na baill amhail is go raibh sí ag labhairt le giúiré. “… tá a fhios againn uilig nár mhaith le Caitlín go gcaithfí airgead uirthi féin. Nárbh iomaí uair a chualamar í ag rá nach raibh sí le hairgead a dhiomailt trína chaitheamh ar a cuid costas dleathach oibre.” Thug Mary faoi deara sciar maith de na baill ag aontú léi go ciúin, rud a thug ardú misnigh di. “Agus an dara rud. Bhí seanaithne ag Caitlín ar an Chonaireach. Bhí a fhios aici cén mianach a bhí ann. Bhí a fhios aici go paiteanta cérbh iad a shuáilcí is a dhuáilcí mar dhuine. Ina dhiaidh sin is uile, theastaigh uaithi teacht i gcabhair air i gcónaí. Dá socróimis ar gan an t-airgead atá againn a chur ar fáil don Chonaireach ansin, nárbh ionann é sin is a rá nárbh iontaofa linn breithiúnas Chaitlín?” Ba bhuille ceart d’Oliver féin an t-achasán deireanach sin, arsa Mary léi féin. Chuir sé leis an sásamh a bhí uirthi go raibh ag méadú ar chuthach Oliver de réir mar a bhí na baill ag taobhú léi. “Focal scoir amháin,” ar sise. Botún a bheadh ann barraíocht eile a rá. “Ní leor an t-airgead atá i dtaisce againn le post a chruthú don Chonaireach ar an ollscoil i nGaillimh. Ach tá go leor ann le lámh chuidithe a thabhairt dó. Is leor é sin le haisling bheag de chuid Chaitlín a fhíorú. Ní beag sin sna laethanta duairce seo.”

Shuigh Mary síos. Níor ghá duit amharc ar aghaidh dhearg Oliver. Bhí a fhios aici ina croí istigh go raibh an svae tugtha léi aici.

-II-

“Nach méanar don ghiolla ardaitheora a bhfuil teacht aige ar gach saghas áise,” arsa Max go héadrom. “Seo, a thaisce, cuir orm é le do thoil.”

Bhraith Mary a dhá lámh a bheith amscaí mar a d’fhill sí an coiscín rubair ar a bhod a bhí ina staic. “Ní dhearna mé seo riamh,” ar sise agus gan a fhios aici ar chóir di a leithscéal a ghabháil nó gáire a dhéanamh. Ní raibh coiscín feicthe aici riamh roimhe sin.

“Tá sé agat,” a dúirt Max agus é á pógadh go teann. “Seo, treoraigh mé isteach ionat. Níl uaimse tú a ghortú.”

Tharraing Mary é chuici is lena deasóg threoraigh sí a bhall fearga isteach inti.

Mhothaigh sí a anáil ag luathú agus a cholainn ag éirí righin mar a thosaigh an dá cholainn ag gluaiseacht le chéile. Is ar éigean a bhí faill ag Mary dul i dtaithí luail a colainne féin nuair a chrith cabhail Max. Mhaolaigh ar an teannas ina chorp gur shuaimhnigh a anáil gur dheasaigh sé isteach léi is a chloigeann crom ar a hucht. Thart a bhí an gníomh comhriachtana taobh istigh de bhomaite.

“Maith dom é,” ar seisean agus ceann faoi air. “Ní raibh mé in ann moilliú a thuilleadh.”

Theann sí an greim a bhí aici air. “Is deas liom muid a bheith gar dá chéile mar seo.”

Phóg sé í go dil arís gur tharraing siar uaithi gur bhain sé de an coiscín. D’éirigh sé as an leaba is d’imigh isteach sa seomra folctha. D’amharc Mary ar an chlog balla. Fiche bomaite chun meán oíche a bhí ann. B’fhearr gan smaoineamh ar an mhochéirí is ar obair an lae amárach. Tharraing sí an súisín timpeall uirthi is d’éist le siansa shruth an uisce sa seomra folctha. Ar theacht ar ais do Max, mhúch sé an solas cois leapa, neadaigh isteach taobh léi is chrom ar a pit a chuimilt le méara a dheasóige.

“Tá mé rud beag íogair thíos ansin,” ar sise á shrianadh lena láimh. Bhí rubar trom an choiscín i ndiaidh greadfach a chur ina pit. “Is leor mé a mhuirniú.”

“Tá súil agam nár ghortaigh mé thú.”

“Níor ghortaigh. Anois cuir do sciathán timpeall orm.”

Níorbh fhada gur thit seisean ina chodladh. Agus é ag srannachtaigh go ciúin, luigh Mary ansin, greim aici ar láimh Max agus í ag iarraidh ciall a bhaint as a raibh i ndiaidh tarlú.

Sna trí bliana a chaith sí féin agus Oliver ag siúl amach le chéile, b’iomaí uair a chaith siad an oíche le chéile. In ainneoin ócáidí an chathaithe a bheith acu, agus méirínteacht idir throm is éadrom déanta acu ar a chéile, níor cuireadh a gcumann i gcrích riamh. Ach seo í i ndiaidh an gníomh comhriachtana a dhéanamh le fear nach raibh ach aithne shúl aici air go dtí cúpla mí roimhe sin.

Ón oíche sin nuair a chuidigh Max léi páipéir Chaitlín a thabhairt ar ais ón Bhronx, bheannaíodh sí dó i dtólamh agus stopadh le mionchomhrá a choinneáil leis mura mbeadh ach an dís acu ar an ardaitheoir. I lár an tsamhraidh, bhí Oliver i ndiaidh teach a thógáil ar cíos ar feadh seachtaine amuigh ar Long Island agus chuaigh Mary ann leis. Rith sé léi gurbh fhéidir go bhfeicfeadh sí Max amuigh ann ach ní raibh a fhios aici cén dúiche ná cén ceap árasán féin a mbíodh sé ag obair ann. Maidir le bualadh le duine trí sheans ar Long Island, bhí sé siúd sa samhradh chomh plódaithe le Manhattan féin ar ghnáthlá seachtaine.

Dála Oliver, níorbh fholáir, chreid Mary gurbh é an t-athmhuintearas an toradh a bheadh ar an tsaoire sin. Bheadh dalladh ama acu beirt le sult a bhaint as an athrú suímh is as an aimsir shamhraidh agus as a bheith ina n-aonar le chéile. Ní mar a shíltear bítear: bhí an aimsir cáidheach, bhí slaghdán trom ar Mary agus droch-ghiúmar uirthi dá réir, agus chaith sí féin is Oliver an tseachtain fhada fhliuch ag tabhairt na bhfiacla dá chéile. Faoin am ar fhilleadar ar chathair Nua-Eabhraic, bhíodar ar aon fhocal gur mhithid dóibh sos a bheith acu óna chéile.

Tráthnóna san fhómhar, bhí Mary ag fágáil Áras Woolworth go déanach. Bhí tuirse uirthi, bhí drochmhisneach uirthi faoi stiúir a saoil agus í ag smaoineamh ar chur isteach ar phost i bhfo-oifig an chomhlachta i mBostún. Cé a bhuail léi taobh amuigh den Áras ach Max a bhí i ndiaidh a sheal oibre a chríochnú? Chaith siad tamall ag caint le chéile gur iarr sé uirthi an raibh an t-am aici le haghaidh chupán tae. Cibé cúis a bhí leis, gur bhraith sí go mbeadh sé mímhúinte diúltú dó tar éis a ndearna seisean di nó nach raibh uaithi filleadh ar a hárasán folamh fós nó nach raibh sí in ann leithscéal a chumadh ar an phointe, ghlac sí leis an chuireadh gur chaith uair an chloig ina theannta agus iad ag malartú scéalta faoina n-óige beirte. De shliocht iascairí trosc Éireannacha a mhuintir, idir fhir a théadh amach ar an fharraige mhór is mhná a bhaineadh as na héisc is a shailleadh iad.

“Ní thiocfadh liom boladh an éisc a fhulaingt riamh,” ar seisean sula bhfuair sí seans an cheist a chur air.

Agus Mary i mBostún ar feadh seachtaine i mbun ghnótha an chomhlachta ina dhiaidh sin—áit ar tairgeadh an post di gur chuir sí suas dó ar chúiseanna nár thuig sí go hiomlán go fóill—ní bhfuair sí faill an comhar a íoc le Max go dtí gur casadh ar a chéile iad san ardaitheoir. Bhuailfidís le chéile ar a naoi a chlog an tráthnóna sin le haghaidh chupán caife.

Ghin an cuireadh sin an chéad chuireadh eile.

“Tá mé le harán a bhácáil Dé Sathairn,” ar sise leis. “Ar mhaith leat cuidiú liom? Ar a trí a chlog.” Má bhraith Max go raibh a dhath barrúil ag roinnt leis an chuireadh áirithe céanna, níor lig sé a dhath air ach d’iarr seoladh a hárasáin uirthi.

“Nós is ea é a d’fhoghlaim mé ó mo mháthair,” arsa Mary leis mar mhíniúchán nuair a d’fhiafraigh sé di san árasán ar ghnách léi arán a bhácáil. “‘Nuair a thagann crua ort agus nuair is mian leat d’aigne a shuaimhniú is dearmad a dhéanamh ar thinnis an tsaoil, déan builín aráin,’ a deireadh sí i gcónaí.”

“An bealach atá againn i dTalamh an Éisc le dearmad a dhéanamh ar thrioblóidí an domhain mhóir ná an deoch.” Thóg Max buidéal amach as póca a chóta. “Ní raibh teacht agam ar screech nó ar fhuisce na hÉireann féin ach … tá súil agam go ndéanfaidh sé seo cúis?”

“Níor chall duit sin a fháil … agus an costas a bheadh ar an fhíon ar an mhargadh dubh,” ar sise.

Chroith sé a chloigeann agus rinne gáire.

“Fuair mé an ceann seo saor in aisce. Sin buntáiste amháin a bhaineas le mo phost, go mbíonn orm teachtaireachtaí beaga a dhéanamh is earraí ar leith a aimsiú do bhoic mhóra sa chomhlacht. Bainisteoir Giúdach thuas ar an 36ú hurlár a thug seo dom.”

Thóg Mary dhá ghloine anuas ón chófra cistine. Mar aturnae, b’fhearr di gan a dhath a bheith ar eolas aici faoi imeachtaí mídhleathacha. Bhí Max i ndiaidh dul sa seans trí bheith ag iompar alcóil. D’fhéadfaí fíneáil throm nó tréimhse phríosúnachta a ghearradh ort dá mbéarfaí ort na laethanta seo agus deoch níos cumhachtaí ná uisce sóide i do sheilbh agat. Ina theannta sin, cé go dtaitníodh corrghloine mhídhleathach léi anois is arís, chuir a tógáil mheánaicmeach Chaitliceach in iúl di go raibh rud éigin míchuí faoi bheith ag ól ar a trí a chlog san iarnóin. Ach tútach míbhéasach a bheadh sé gan deoch a roinnt le Max tar éis dó an buidéal a thabhairt di. Cibé ar bith, tar éis sheachtain mhaslach oibre eile, b’fhéidir nár leor arán a bhácáil chun í a shuaimhniú is go ndéanfadh deoch faoi shult an gnó. D’aimsigh Mary seanchorcscriú ag cúl an tarraiceáin, thug do Max é is tar éis dó an buidéal a bhearnú is na gloiní a líonadh, thóg sí a gloine, d’fhan gur ardaigh sé a cheann féin gur theagmhaigh an dá ghloine le chéile le cling cheolmhar éadrom.

“Sláinte,” a dúirt sí, “Go raibh saol fada agat agus bás le ceannadhairt i bhfad ón fharraige mhór.”

“Sláinte,” a d’fhreagair sé. “Go raibh saol fada agat féin agus má stopann d’ardaitheoir gan choinne idir urláir, go raibh mé féin leat.”

Shuigh sé ag cathaoir ard ag an chuntar bricfeasta agus d’fhéach uirthi de réir mar a bhailigh Mary le chéile na táthchodanna le haghaidh na bácála.

“Arán na hIodáile atá le déanamh agam.”

“Cheapfá go mbeadh neart oideas le haghaidh arán rua nó bhairín breac na hÉireann agat ó do mháthair?”

“Ó, tá, ach nuair a bhí mé ar an ollscoil i St. Louis, bhínn in aontíos le scata cailíní Iodálacha agus bhídís siúd ag bácáil de shíor. B’fhéidir go bhfuilim i ndiaidh cúl a thabhairt le cine, ach is blasta liom go mór arán geal éadrom na hIodáile ná arán trom na hÉireann.”

“Níor bhácáil mé arán riamh,” ar seisean ag crapadh mhuinchillí a léine, “ach ba mhaith liom foghlaim.”

Chuir Mary é ag meascadh an phlúir is na dtáthchodanna eile agus d’fhan ina seasamh ag amharc air agus í ag baint súimíní as an fhíon dearg. Bhí blas súmhar na gcaor air, cinnte. Tar éis di an t-oigheann a lasadh, thaispeáin sí dó an bealach chun an t-arán a fhuineadh. Ba le sásamh a thug sí faoi deara nár chall di iarraidh air a lámha a ní sular thug seisean faoin obair sin. Thug sí faoi deara fosta an dóigh mhall chúramach a raibh a méara fada ag fuineadh an aráin. Go tobann, rith seanrá de chuid a seanchairde Iodálacha léi: an fear a raibh bua fuinte an aráin aige, bhí bua na suirí aige. Ba go mear a dhíbir sí an smaoineamh sin as a haigne. Thaispeáin sí dó an bealach chun an taos a rolláil agus dhá phíosa fhada a ghearradh amach agus iad a fhí le chéile i gcruth builín Iodálaigh … Ina hainneoin féin, rith an dara nath Iodálach léi … níl de shamhail ar an bhuilín foirfe ach beirt leannán snaidhmthe ina chéile sa ghníomh comhriachtana … Bhraith Mary a leicne ag deargadh. Caithfidh go raibh a sáith fíona ólta aici. Thug Max an deargadh sin faoi deara fosta. “An bhfuil tú ceart go leor?” ar seisean, ag cur láimhe ar a gualainn.

Bhíodar ag pógadh a chéile nuair a chuala Mary cloigín an dorais. Ach amháin go raibh uaithi a smaointe a cheapadh, bheadh a fhios aici cé a bheadh ann agus dhéanfadh sí neamhiontas de bhualadh an chloigín. Chuir sí síos a gloine, d’imigh sall go dtí an doras, d’oscail é gur shiúil Oliver isteach. Nár mhíthráthúil a roghnaigh sé an iarnóin sin le teacht le méadaíocht a dhéanamh léi.

“Ó, tá plúr ar do shrón,” ar seisean le Mary. Chúlaigh sí uaidh nuair a d’fhéach sé le caol a sróine a chuimilt. Caithfidh gurbh é Max faoi deara sin nuair a phógadar. “Nach tráthúil a tháinig mé agus tú ag bácáil?”

Níor thúisce Oliver thar thairseach isteach gur baineadh stad as. Chonaic sé Max i dtosach. Ansin luigh a dhá shúil fhaghartha ar an bhuidéal fíona leathfholamh ar an chuntar.

“B’fhéidir nach bhfuil sé chomh tráthúil sin,” ar seisean agus faobhar ar a ghuth.

Ní raibh aon dul as ag Mary ach an bheirt fhear a chur in aithne dá chéile.

“Oliver, seo Max … Max, seo Oliver.” Níor fhéach ceachtar acu le lámh a chroitheadh le chéile. D’fhan Oliver ina sheasamh i lár an urláir. D’fhan Max ina shuí taobh thiar den chuntar bricfeasta.

“Ar mhaith leat gloine fíona, Oliver?” arsa Max. Ba go córtasach a labhair sé ach bhí Mary lánchinnte gur aithin sí blas íseal magaidh ina ghuth.

“Níor mhaith liom,” arsa Oliver go teann gan chorraí. “Ní ólaim in aon chor.”

Agus Mary ina luí taobh le Max, chuir an chuimhne ar an tréimhse mhíchompordach tar éis d’Oliver teacht an croí ar crith inti. Ní raibh ann ach leathuair an chloig; ba gheall leis an tsíoraíocht é. Bhí sí féin in ann cuma ghnóthach a chur uirthi féin trí leanúint leis an obair. Chuir sí dhá bhuilín isteach san oigheann. Thosaigh ar an obair ghlanacháin. Ach in ainneoin a díchill le mionchomhrá a choinneáil leis an bheirt eile, bhí bior nimhe ar shúile Oliver. Nuair a d’amharc sí ar Max, sméid seisean a chloigeann le cur in iúl di go mbuailfeadh sé bóthar dá mba mhian léi sin. Chomharthaigh sise dó fanacht. Ba é Oliver an stocaire.

“Cén obair a dhéanann tú?” a d’fhiafraigh Oliver de Max faoi dheireadh.

“Tá mé ag obair in Áras Woolworth.”

“Ó, an aturnae thú dála Mary? … nó bainisteoir?”

“Ní hea, is giolla ardaitheora mé.”

“Ó.” Ba léir gur chuir an freagra a sháith iontais ar Oliver nach raibh sé in ann buntáiste a bhaint as an fhaisnéis sin.

Bhí an dá bhuilín réidh is thóg Mary amach as an oigheann iad. Agus faoi dheireadh thiar thall, ar thuiscint d’Oliver nach raibh Max le bogadh, d’éirigh seisean. Ba mhithid dó imeacht, arsa Oliver go pusmhar.

“Seo. Tóg leat ceann de na builíní seo,” arsa Mary leis amhail is gur leor sin mar chúiteamh ar ar tharla. Níor fhan sí leis an diúltú. Shac sí an builín te isteach i mála páipéir is bhrúigh isteach ina ghlac é.

D’imigh Oliver agus an toirtín mór is an mhallacht leis. Tháinig Mary ar an bhuilín ina luí ar radaitheoir sa halla an mhaidin dár gcionn. Níor chuala sí a dhath ó Oliver go hoíche an chruinnithe faoi airgead na nGéanna Fiáine an tseachtain roimhe sin.

D’imigh Max agus an toirtín beag is an bheannacht leis. Coicís i ndiaidh an tSathairn mhí-ámharaigh sin, ba leannáin í féin agus Max.

Ina gcíor thuathail a bhí a smaointe uilig faoi Max agus ba dheacair do Mary ord a chur orthu.

Gan cúrsaí creidimh a chur san áireamh a bheag ná a mhór bhí cúrsaí oibre agus eitice ann. Ise a bhí ina haturnae ag comhlacht Woolworth; eisean ina fhear oibre íseal ann. Bhí ráflaí cloiste aici faoi fheidhmeannaigh chumhachtacha de chuid an chomhlachta a bhí i ndiaidh a n-iúl a dhíriú ar rúnaithe óga agus faoin bhrú a bhíodh ar chuid de na rúnaithe géilleadh dóibh. Ba chuma nó admháil a ndúirt Max féin ar ball go mbíodh daoine sinsearacha sa chomhlacht ar lorg coiscíní ar chúla téarmaí. Thairis sin, d’fhreastail Mary ar chruinniú an bhliain roimhe sin nuair a phléigh boic mhóra na hardoifige bagairt dlí ar bhainisteoir thall i New Jersey, bainisteoir ar cuireadh ina leith gur éignigh sé cailín i gceann de shiopaí an chomhlachta. Ach níorbh ionann cás Mary is cás an dreama eile. B’fhir iad siúd a bhí ag piocadh ar na mná. Cad a déarfaí dá bhfaigheadh daoine amach fúithi is faoi Max?

Las aghaidh Mary is chorraigh sí go míchompordach sa leaba nuair a smaoinigh ar an fhreagairt idir fhimíneach is fhrimhagúil a bheadh ann faoin aturnae mná a bhí i dtaobh leis an ghiolla ardaitheora. Thabharfaí an bata is an bóthar di agus do Max ar an toirt ó tharla nach bhféadfadh an comhlacht neamhiontas a dhéanamh d’ábhar oilbhéime mar sin. Níor thúisce an ruaig curtha acu orthu dís go mbeadh na boic mhóra chéanna ag reic scéalta gáirsiúla faoin dóigh a dtógadh Max suas agus anuas ina ardaitheoir í …

Ach, ar sise léi féin, agus í ag ardú lámh Max chun a leiceann a chuimilt, ní raibh ann ach cuid den scéal. Duine caoin cineálta a bhí i Max, duine ar mhothaigh sí ar a suaimhneas leis. Cheana bhí siad dlúth dá chéile ar dhóigh nach raibh sise is Oliver riamh. I ndeireadh na dála, murar chuir sí féin is Oliver a gcumann i gcrích riamh, níorbh é reacht na hEaglaise nó nósmhaireacht na sochaí ba chionsiocair leis sin. Ba é an fhírinne ghlan nárbh ann don phaisean, do phaisean na drúise féin, eatarthu. B’fhéidir nach raibh a chéad blaiseadh den chollaíocht de réir a teiste anocht ach dá mbeadh cúpla lá aici féin agus ag Max le chéile sa leaba, chruthódh seisean go maith roimh i bhfad …

Agus in ainneoin na ndifríochtaí aicme is gairme a dhealaigh óna chéile iad, thuig Mary cheana go gcruthódh sé go maith ar dhóigh eile fosta. Bhí súil aici nár nocht sí méid an iontais a bhí uirthi nuair a d’inis sé di an oíche faoi dheireadh go raibh scaireanna ceannaithe aige i gcuid de na comhlachtaí ba mhó i Meiriceá. Dá leanfadh sé de bheith ag obair go maslach is a bheith ag coigilt agus a bheith ag ceannach scaireanna de chuid mhórchomhlachtaí Wall Street agus dá mbeadh suí forais ar an stocmhargadh, bheadh sé féin ina shuí go maith faoi cheann cúig bliana.

“Faoin bhliain 1930, sula mbeinn tríocha bliain d’aois, ba cheart go mbeadh luach $100,000 ar mo chuid scaireanna.”

Nuair a luaigh sé sin san am, níorbh é an tsuim airgid amháin a chuaigh i gcion uirthi ach a aois fosta. Bhí ceithre bliana aici air.

“Cad faoin chailín atá ag fanacht leat i dTalamh an Éisc?” arsa Mary leis ní ba luaithe an tráthnóna sin.

Den chéad uair, bhraith sí éiginnteacht ann.

“Bhuel, tá deireadh leis sin anois … má táimidne le bheith le chéile.”

“Ach nach bhfuil lámh is focal eadraibh?”

“Scríobhfaidh mé chuici is míneoidh mé di go bhfuil an cumann thart.”

Chreid Mary go ndéanfadh sé sin. Ach cad a bhí uaithi féin?

Faoi dhorchadas na hoíche de réir mar a chodail Max go ciúin taobh léi, bhí ar Mary a admháil nach raibh a fhios aici cad a bhí uaithi nó cad ba chóir di a dhéanamh. Go tobann, bhraith sí Caitlín uaithi. Dá mbeadh an bhean eile beo, rachadh sí le labhairt léi agus a comhairle a iarraidh uirthi. Mar, tar éis ar tharla idir í agus Pádraic Ó Conaire, bheadh an chiall cheannaithe sin a thagann leis an tsaoltaithí aici le roinnt le Mary.