“Tá fáilte is fiche romhat. Tar isteach.”
Mhoilligh Mary ar thairseach an árasáin. D’aithin Lauretta ar an toirt cad ba chionsiocair leis sin.
“Tá Cornelia ag an chlochar sa Bhronx Thuaidh. Tá ordú faighte aici do línéadach altóra. Tá Robert ag an obair … agus … tá Alfie … amuigh.” Lig Lauretta osna. “Ach tá eolas na slí ar ais anseo aigesean. Fillfidh sé nuair nach mbeidh aon airgead aige … Orm féin atá cuid mhaith den mhilleán, agus mé i ndiaidh caitheamh leis amhail is nach bhfuil ann ach gasúr beag. Fear mór é.” Stad Lauretta den chaint amhail is gur thuig sí go raibh sí i mbun liodánachta. Tháinig aoibh fhann ar a haghaidh. “Isteach leat, a chailín. Níl anseo ach mé féin. Is aoibhinn liom tú a fheiceáil.”
Bhain Mary di a forbhróga sneachta is d’fhág ar mhata taobh amuigh den doras iad. Ar theacht isteach sa seomra di, rug sí barróg mhór ar Lauretta. An chéad rud a rith léi ná an chuma sheanchaite a bhí i ndiaidh a theacht ar an bhean eile. Cuma í a chuir Caitlín sa bhliain dheireanach sin i gcuimhne do Mary. Ba dhócha nach raibh ann ach go raibh Lauretta tuirseach. Bhí súil ag Mary nach raibh sí tinn.
“Tabhair dom do chóta agus hata, buail fút ar an tolg ansin agus déan tú féin a ghoradh os comhair na tine. Caithfidh go bhfuil tú préachta. Is fuath liom mí Feabhra i gcónaí. Mothaím nach stopfaidh an sneachta is an fuacht go deo.”
“Bhí rún agam siúl anseo ón stáisiún traenach ach fuair mé tacsaí. Róshleamhain a bhí an cosán.”
“Caithfidh tú a bheith cúramach amuigh ansin fosta agus tú ag siúl. Tá an ceantar seo ag athrú go beo agus níos mó daoine gorma ag aistriú isteach ann. Tá méadú ar líon is ar mhinice na gcoireanna.” Rinne Lauretta gáire beag leithscéalach. “Dá mbeadh Katie anseo, thabharfadh sí léasadh béil dom. ‘Má tá méadú ar an choiriúlacht,’ a déarfadh sí, ‘ní hé sin toisc go bhfuil níos mó daoine gorma ann ach toisc go bhfuil níos mó daoine bochta ann.’ Bheadh an ceart aici, ar ndóigh.” Stop Lauretta. “Katie bhocht féin. Agus ós ag caint uirthi atá mé, bhí mé ag gabháil don bháicéireacht ar maidin. Beidh bairín breac againn ar ball beag agus cupán tae ina theannta. Bhí an bairín breac agat an uair dheireanach dá raibh tú féin agus Katie ag obair anseo le chéile.”
“Beidh sin ar dóigh.” Cheana, bhí Mary ag glacadh a suaimhnis de bharr fháilte chroíúil na mná eile. Agus as siocair nach mbeadh uirthi Cornelia a fheiceáil ach oiread. “Tá súil agam nár choinnigh mé sa bhaile thú inniu. Nuair nár chuir tú teileagram chugam chun an coinne a chur ar ceal, bhí a fhios agam go mbeifeá anseo.”
“Ná bíodh imní ort faoi sin. Is fusa domsa mo chuid ama a eagrú. Caithfidh gur deacair duit éalú ón obair i rith na seachtaine.”
“Is ea …” Ba í sin an deis chun an casadh úr ina saol a thabhairt isteach sa scéal. Ní fhéadfadh Mary gan é a lua luath nó mall. D’fhanfadh sí tamall eile sula dtarraingeodh sí aníos an t-ábhar frithir sin.
“Caithfidh go raibh an Nollaig agus an Bhliain Úr andian oraibh. Tá súil agam go bhfuair sibh mo chárta. Tá aiféala orm nár éirigh liom teacht ar cuairt aimsir na Nollag ach chuaigh mé abhaile go New London le seachtain a chaitheamh le m’athair.” Thuig Mary, agus í ag gabháil a leithscéil, nár mhínigh sé sin cén fáth nach raibh sí anseo ón lá gur dhóigh Cornelia na cáipéisí is gur thug Lauretta cín lae Chaitlín di. Is ea, bhí sí tar éis a bheith gafa le dála a saoil féin, ach bhí an neamart a bhí déanta aici i dteaghlach Chaitlín—bhuel, i Lauretta, cibé ar bith—ina eiseamláir ar an dóigh ina ngluaiseann daoine agus an saol ar aghaidh in ainneoin chroí an chéad duine eile a bheith briste brúite. Nó, arsa Mary léi féin anois, ar an dóigh ina leanann comhlacht mór ar nós Woolworth ar aghaidh in ainneoin í a bheith ar scor. B’ann don ghéilleadh is don ghoilliúnacht de dheasca a cuid iompair féin. B’ann don tseirbhe is don fhearg fosta mar gheall ar an tslí ina raibh na fir thuas ar an 58ú hurlár i ndiaidh caitheamh léi.
“Bhí an fhéile ciúin go leor. Sin mar a bhíonn nuair nach mbíonn páistí ann… bhuel, bhí Cornelia agus Alfie ann. Thugamar cuairt ar uaigh Katie.”
Rud nach raibh déanta aici féin, a mheabhraigh Mary di féin gur phrioc dairt chiontachta a coinsias.
“Ba mhaith linn leac cuimhneacháin a chur ar uaigh Katie amach anseo,” arsa Lauretta. “Níl a fhios agam cá bhfaighimid an t-airgead … Ar aon nós, ní gá dúinn a bheith buartha faoi sin go dtiocfaidh an t-earrach is go leáfaidh an sneachta.”
Bhuail dairt eile coinsias Mary. B’fhearr léi gan insint do Lauretta go raibh an t-airgead ag na Géanna Fiáine le haghaidh leac uaighe ach gurbh ise, Mary, ba mhó a thathantaigh ar na comhaltaí an t-airgead a sheoladh chuig Pádraic Ó Conaire. Agus í ag smaoineamh air sin ó shin, b’fhéidir gurbh ionmholta an comhréiteach san am, comhréiteach trí airgead na nGéanna Fiáine a roinnt ina dhá chuid, $300 don Chonaireach is $300 do leac Chaitlín. Aisteach go leor, níor mhol aon duine san eagraíocht a leithéid aimsir an chruinnithe. Cibé ar bith, agus fíoch troda agus racht stuacánachta ar Oliver, ní bheadh seisean sásta géilleadh. Ná ise ach oiread, a d’admhaigh Mary. Má bhraith sí faoin taca sin gur mhór an trua ar bhealach nár úsáideadh an tsuim iomlán le leac a chur ar uaigh Chaitlín, ní fhéadfadh sí a rá go hionraic cad ba chúis leis an mhothú sin: Lauretta a bheith ina suí taobh léi anois nó aiféala a bheith uirthi faoinar tharla idir í agus Oliver nó í bheith rud beag neirbhíseach faoina raibh sí ar tí a dhéanamh. Meascán ceart de na cúiseanna faoi deara an mothú, ba dhócha. Dá mbeadh breith ar a haiféala aici … Ní raibh agus ní bheadh. Lig Mary amach anáil dhomhain. Ba mhithid di fáth a cuairte a mhíniú.
“Tá tú ag gabháil go hÉirinn? I gcionn coicíse? Agus tá ag éirí leat saoire mhíosa a thógáil ón obair? Nach méanar duit é sin!”
Bhí Lauretta i ndiaidh tráidire a thabhairt isteach ar a raibh an tae agus an bairín breac. Tar éis di steall tae a dhoirteadh dóibh beirt is an bhearna bhruite den bhairín breac a thabhairt do Mary, bhain Mary an ceann dá scéal faoi dheireadh.
“Tá mé i ndiaidh éirí as mo phost. Is fada mé a rá liom féin gur mhaith liom triail a bhaint as dúshlán úr. Níl a dhath socair agam faoi phost nua go fóill ach tá méid áirithe airgid curtha ar leataobh agam le cúpla bliain anuas, go leor le híoc as an turas agus cuid bheag eile chun mé a choimeád beo ar fhilleadh ar ais anseo dom go dtí go bhfaighidh mé post … Ach níl mé cinnte go bhfuil mé ag iarraidh fanacht i gcathair Nua-Eabhraic.”
Stop Mary. Bhí sí féin ag brath air go mbeadh an bhean eile róbhéasach chun an bhearna mhór shofheicthe sin sa chuntas a chur ar a súile di, mar atá, cad chuige a n-éireodh sí as post gan ceann úr a bheith socair aici roimh ré? Ní raibh Mary réidh—níor chreid sí go mbeadh sí réidh choíche—le hinsint d’aon duine go raibh lucht stiúrtha Woolworth tar éis an bata agus an bóthar a thabhairt di. Bhí na boic mhóra thuas ar an 58ú hUrlár i ndiaidh na ráflaí a chloisteáil faoi “mhí-iompar” Mary i bpáirt le Max Doyle. Ba chuma an ar ghaoth an fhiosraithe ó na póilíní i Long Island nó ar na hardaitheoirí suas agus anuas a chuala siad iad. Ba chuma nach raibh Max ina fhostaí acu go fóill. B’ann don drochshampla agus d’íocfadh Mary go daor as sin.
Ní fhéadfaí na mionsonraí a réiteach roimh bhriseadh na Nollag, ach níor thúisce Mary ar ais sa bhliain úr, tar éis di seachtain chráite a chaitheamh in Connecticut, gur thángthas ar shocrú trína n-éireodh Mary as a post dá deoin féin, mar dhea, agus go bhfaigheadh sí pá scoir is glac teistiméireachtaí á ndearbhú d’aon fhostóir gurbh oibrí dícheallach dílis í Mary Morrison, aturnae, a d’fhág impireacht Woolworth gan smál ar a carachtar is ar a hoineach. Shínigh Mary an cháipéis scoir is thug do Jeffrey Taylor é. Lánchinnte a bhí sí go bhfaca sí aoibh mhailíseach an gháire ar aghaidh a comhaturnae. Eisean a gheobhadh a post is a hoifig. San am bhí Mary chomh croite sin go ndeachaigh íoróin bheag amháin amú uirthi. Cáipéis í siúd a bhí dréachtaithe aici féin don chomhlacht dhá bhliain roimhe sin. Ní raibh a fhios ag Mary cad a bhí cluinte ag Gertrude ach ba dhoiligh a shamhlú nár leath na luaidreáin i measc na rúnaithe. Bhris a gol ar Gertrude nuair a d’inis Mary di go mbeadh sí ag imeacht ag deireadh na seachtaine. Cheana, bhí an rúnaí ag dearbhú nach bhfanfadh sise le dul ag obair le haghaidh na piteoige poimpéisí sin…
D’fhág Mary an oifig go luath an Aoine dheireanach sin. B’fhearr léi an plód daoine a sheachaint. Ar dhul síos ar Ardaitheoir a Deich don uair dheiridh di, bhí na deora i gceann a súl agus thabharfadh sí an leabhar go raibh Neil Denner ag stánadh uirthi is é idir dhá chomhairle ar chóir dó a dhath a rá. Ba chuma léi ag an bhomaite áirithe sin, fiú dá ndéarfadh sé léi go raibh Max ar a bhealach ar ais go Nua-Eabhrac. An t-aon rud a bhí ó Mary ná a bheith taobh amuigh den fhoirgneamh sin.
“An bhfuil tú ag dul i d’aonar? Níl d’fhear óg ag taisteal leat?”
Bhris ceisteanna Lauretta isteach ar smaointe Mary.
“Ní thig leis … Beidh sé ag teagasc ag an am …” Lean sí de ruthag cainte agus fios aici gur las a haghaidh. “Ar an drochuair, nílimid rómhór le chéile faoi láthair.” Arís, bhí Mary ag brath air go mbeadh Lauretta róchásmhar i mothúcháin Mary chun a thuilleadh ceisteanna a chur.
“Cad a dhéanfaidh tú in Éirinn, mar sin? Tá gaolta agat ansin, nach bhfuil? Is cuimhin liom Katie ag rá gurb as an tseantír ó dhúchas do do thuismitheoirí.”
Ghabh Mary buíochas ó chroí ina haigne le Lauretta. Ní hé amháin go raibh sí ar thalamh slán anois ach go ligfeadh an casadh seo sa chomhrá di tagairt a dhéanamh d’aidhm na cuairte.
“Is ea, tá mé le deireadh seachtaine a chaitheamh thuas i gContae an Chabháin … ach beidh cúpla lá agam i mBaile Átha Cliath fosta … Bhí mé ag smaoineamh ar iarracht a dhéanamh bualadh le seanchara Chaitlín, Pádraic Ó Conaire.” Ní déarfadh sí a dhath faoin airgead le Lauretta.
“Léigh tú cín lae Chaitlín?”
“Léigh.” Ar eagla go bhfiafródh Lauretta di cén tuairim a bhí aici ar scéal na leannán, lean Mary di go réchúiseach, mar dhea. “Dála an scéil, ní dócha gur tháinig aon litreacha ó Ó Conaire ó shin? Tá mé ag féachaint lena sheoladh a fháil. Bhí ceann ar an litir a bhí istigh leis an chín lae. Scríobh mé chuige ansin ach seoladh mo litir ar ais chugam. Níl cónaí air ansin a thuilleadh.” Ní hé amháin gur tháinig an litir ar ais ach bhí nóta gonta ar chúl an chlúdaigh: “Níl teacht ar an chunús anseo.”
“Go bhfios dom, níor tháinig aon cheann eile … Ach ní fhéadfainn a bheith cinnte … Cornelia, tá a fhios agat …,” a d’fhreagair Lauretta go leithscéalach. D’éirigh sí, chuaigh ag ransú cófra gur fhill ar Mary.
“Ráinig liom na leabhair seo a choimeád as raon láimhe Cornelia,” arsa Lauretta, agus shín sí beartán leabhar chuig Mary a d’amharc ar na teidil. Saothair leis an Chonaireach iad. “Tá mé cinnte gur mhaith le Katie iad a bheith agat.”
Bhreathnaigh Mary ar a raibh scríofa ag an Chonaireach ar an leathanach teidil in Nóra Mharcuis Bhig, Deoraidheacht, agus An Sgoláire Bocht. An dáta céanna a bhí ar na trí leabhar sin. Chuir sí sonrú san inscríbhinn in An Chéad Chloch: “Do Chaitlín chóir. Ó Phádraic, An Cháisg, 1915.” Ní raibh Seacht mBuaidh an Eirghe-Amach sínithe ag an Chonaireach. 1918 bliain a fhoilsithe. Faoin am sin, bhí Caitlín ar ais i Meiriceá Thuaidh.
“Má bhuaileann tú le hÓ Conaire, abair leis …” Stad Lauretta. “Is iomaí uair a dúirt mé liom féin gur mhaith liom íde béil a thabhairt dó as caitheamh chomh gránna sin le mo dheirfiúr. Ach cad is fiú é sin faoin taca seo, agus Katie ar shlí na fírinne? Cibé ar bith, bhí sise ceanúil air i gcónaí cé gur ghortaigh sé í.” Stad Lauretta arís sular labhair. “Má chastar ort é, abair leis go gcuirim … go gcuireann muintir Katie a mbeannacht chuige. Anois, ar mhaith leat cupán eile tae?”
Ag ól a thuilleadh tae a bhí Mary nuair a chas Lauretta chuici.
“Tharla gur chuir mo sheanchara i dTalamh an Éisc, Stella, litir chugam aimsir na Nollag. Tá a fhios agat … Stella Doyle a bhíodh ag obair liom san ospidéal in Ottawa na cianta cairbreacha ó shin. Bhí scéala báis Katie cloiste aici … Cibé ar bith, luaigh Stella go bhfuil col cúigir léi a bhí i ndiaidh teacht abhaile ó Nua-Eabhrac le pósadh aimsir na Cásca. Cad is ainm do do chara deas a bhí anseo leat? Max, nach é sin é? Níl a fhios agam an eisean a bhí i gceist aici?”
Dóbair gur lig Mary dá cupán titim. Thuig sí go raibh Lauretta ag féachaint uirthi go géar amhail is gur aithin sí go raibh corrabhuais ar an bhean eile.
“B’fhéidir gur col cúigir eile léi a bhí á mhaíomh ag Stella,” arsa Lauretta go leithscéalach agus í ag breith ar chupán Mary.
D’éirigh Mary. Bhí uirthi déanamh ar an seomra folctha, ar sise. Is ar éigean a bhain sí an seomra folctha amach gur chaith sí aníos sa bháisín. D’fhan sí ann fada go leor chun an báisín a ghlanadh is gur mhothaigh sí staidéartha ar a cosa. Níor mhór di imeacht, ar sise le Lauretta, ar theacht amach di gan a dhath a mhíniú. D’fhág sí an t-árasán go deifreach agus na leabhair is bairín breac de chuid Lauretta faoina hascaill aici. Bhí sneachta mór air, ar sise léi féin agus í ag breathnú ar spéir liath an Bhronx. Gheobhadh sí tacsaí ar ais chuig an stáisiún traenach agus bheadh sí sa bhaile i Manhattan sula dtosódh an stoirm.
Agus í ag fanacht le tacsaí ar an Grand Concourse, d’fhéach Mary le hord a chur ar a cuid smaointe suaite. Cad ba chóir di a chreidbheáil? B’fhéidir gur chol cúigir eile le Stella é? B’fhéidir gurbh é Max é? Gan an dara litir faighte aici ó Max, ní fhéadfadh sise a dhath a rá go cinnte. Nár chomhartha beag féin é nárbh ann don dara litir sin? … Chuaigh creathán fuachta trí Mary.
Bhí sí ag feitheamh le tacsaí go fóill, bhí an sneachta tosaithe nuair a chonaic sí Cornelia Hughes ag teacht ina treo. Tharraing Mary duilleog a hata síos go teann ar a cloigeann is tharraing aníos coiléar fionnaidh a cóta ar eagla go n-aithneodh an bhean eile í. De réir mar a chuaigh deirfiúr Chaitlín thart léi, chuala Mary monabhar cainte uaithi amhail is go raibh Cornelia in iomarbhá léi féin. Dheamhan ciall a rinne Mary den ghibiris chainte. Ba leor spléachadh ar cheannaithe Cornelia le fionnaitheacht a chur ar Mary. Bhí gnúis rinneach uirthi chomh fuar cealgach leis an chnoc oighir a chuir an Titanic go tóin poill. Meafar cruinn é, dar le Mary—ach níorbh é an ceann ba chompordaí is ab fhóirsteanaí ag an té a bhí ar hob imeacht ar aistear trasna an Aigéin Atlantaigh é. Nó ag bean a bhí i ndiaidh a fhoghlaim go ndearnadh feall uirthi. Ghabh creathán eile trí Mary. Tharraing sí aníos a coiléar a thuilleadh.
Chaith Mary ceithre lá tigh a hathar i New London an tseachtain ina dhiaidh sin. Más amhlaidh gurbh é an chéad smaoineamh a bhí aici ná a chinntiú go mbeadh a hathair i gceart le linn di a bheith thar sáile, bhuail smaoineamh eile í sular fhág sí Manhattan le dul abhaile go Connecticut. De réir mar a bhí dáta a himeachta go hÉirinn ag druidim léi ag deireadh mhí Feabhra, bhí sí rud beag neirbhíseach faoi dhul ina haonar. Mar sin, nár mhaith an tseift é cuireadh a thabhairt dá hathair teacht ar an turas léi? Bheadh cuideachta aici. Thabharfadh sé deis dó bualadh lena mhuintir sa bhaile, lena leathchúpla, Uncail Ned, go háirithe. Ba bhreá an ní é an t-am sin a bheith ag athair is ag iníon le chéile. Ní bheadh uirthi a bheith buartha nach mbeadh sí i láthair dá dtarlódh a dhath dó le linn di a bheith ar shiúl.
“Gabháil ar ais go hÉirinn? Há, an bhfuil tú ag magadh fúm, a chailín? B’fhearr liom ruathar aonair a dhéanamh ar uachais Al Capone is a gheaing is gan i mo láimh agam ach smíste maide ná dul go hÉirinn,” a d’fhógair Pat Morrison. “Féach ar an phraiseach atá déanta acu den áit … iad i ngreim scornaí ina chéile … Níos mó daoine curtha chun báis acu ná mar a rinne na Sasanaigh riamh. Ár náiriú os comhair an domhain mhóir agus ag tabhairt le fios do chách go raibh an ceart ag na Sasanaigh nuair a mhaídís nach raibh na hÉireannaigh réidh chun a dtír féin a rialú. In ainm Chroim, cad chuige a mbeinn ag iarraidh gabháil ar ais ansin?”
Bhuel, b’in sin.
Bhí an méid seo sóláis ag Mary. Lig an cuireadh dá hathair a bheith ag tabhairt amach agus ag comhairliú di gan a bheith ag súil leis na flaithis a fháil ar thalamh glas na hÉireann.
“An dream fuinniúil fiontrach a d’imigh, tá a fhios agat, níor fhan ach an seandream is cúil le rath nach mairfeadh seachtain fhliuch ar shráideanna Mheiriceá,” a dúirt sé.
Bhain sé sin aire a hathar ó nuacht Mary faoina himeacht óna post agus faoina tslí nach raibh sí féin agus Oliver ag siúl amach le chéile a thuilleadh. Ghlac sé leis an leagan sin den scéal a bhí snoite mínithe aici ó labhair sí le Lauretta.
“Tá a fhios agam nach mbíonn daoine óga chomh sásta sin socrú síos na laethanta seo,” ar seisean. “Tá súil agam go ndéanfaidh sibh mórtachas le chéile arís. Fear breá é Oliver … Post maith seasmhach aige … agus níl tusa ag éirí aon phioc níos óige, a chailín.”
Chuir Mary cár uirthi féin lena hathair. Níor inis sí dó go raibh an Captaen Welsh ar Long Island ag cur a thuairisce. Dhéileálfadh sí leis an chor sin dá mbuailfeadh an bheirt phóilíní lena chéile amach anseo.
Lena chois sin, ní raibh Mary cinnte gur ghá di a bheith róbhuartha faoina hathair feasta. I rith shaoire na Nollag, bhí a deartháir John ann cuid den am. Thagadh is d’imíodh na comharsana. Seanchairde lena muintir cuid acu. Dream a bhog isteach sa cheantar ó d’imigh Mary an chuid eile. Ba dheas a fheiceáil nach raibh a hathair scoite amach ó dhaoine. Ach toisc go raibh Mary féin ciaptha ag an imní faoi chúrsaí oibre, níor bhac sí mórán leis na cuairteoirí seachas caife a dhéanamh réidh is sólaistí na Nollag a sholáthar dóibh. Ach i mí Feabhra, thug sé faoi deara gurbh ann do bhean amháin a thagadh go rialta, a thug pióg úll dá hathair lá amháin is a raibh a stocaí deisithe aige an chéad lá eile, agus a raibh cur amach aici ar an áit cheart a raibh gach giuirléid i gcistin an tí … Chroith Mary a cloigeann. Ní fhéadfadh sí a bheith ag súil leis gur mhaith lena hathair fanacht leis féin, go háirithe ó bhí a bhean chéile—mo mháthair, arsa Mary léi féin go pusach—marbh le breis is dhá bhliain anuas. Cibé ar bith, bhí an chuma ar an scéal gur dhuine lách í Josephine Malley, bean shingil mheánaosta, múinteoir sa chlochar áitiúil agus comhalta gníomhach de choistí éagsúla de chuid an pharóiste. Nár cheart go mbeadh deis aici is ag a hathair cuideachta a choinneáil le chéile is sult a bhaint as an saol? Nárbh aisteach an ní é, a dúirt Mary léi féin go diomúch, gurbh fhéidir le seandaoine—bhuel, daoine meánaosta—a gcúrsaí a réiteach fad is nach raibh aon rath uirthi féin i gcúrsaí grá?
“Bean an-deas í Josephine, a Dhaid,” arsa Mary go bog. “Déarfainn go bhfuil sí ceanúil ortsa.”
Bhí iníon agus athair ag siúl ar ais chuig an charrchlós tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an reilig Chaitliceach i New London is glac bláthanna a chur ar uaigh Nóra Morrison. Stad Pat is chas chuig Mary. Bhí eagla uirthi go raibh sé le tabhairt amach di gur rud mí-ómósach dá máthair é Josephine a tharraingt isteach sa scéal ag an am sin agus ag an áit sin. Ach bhí an ócáid sin roghnaithe aici d’aon oghaim le cuireadh a thabhairt dó labhairt léi faoi Josephine, le cur in iúl dó nach raibh sí le cur i gcoinne na mná eile.
“Ní dhéanfaidh mé dearmad ar do mháthair,” arsa Pat Morrison de ghuth caoin. D’aithin Mary gur chúis faoisimh dósan go raibh cead cainte tugtha ag a iníon dó. “Cad é mar is féidir liom sin a dhéanamh nuair a bhronn sí clann ionúin orm agus nuair a thug sí na blianta ab fhearr dá saol dom go grámhar dílis.” Rug sé greim láimhe ar Mary. “Ach … ach níl tusa nó do dheartháir anseo agus níl mé ag iarraidh a bheith liom féin. Ní thig liom a bheith liom féin. Is ea, is bean bhreá í Josephine agus … táimid ceanúil ar a chéile.”
“Mar sin, tá a fhios agat cad tá le déanamh agat.” Ar feadh meandair, mhothaigh Mary gurbh ise an tuismitheoir agus gurbh é a hathair an páiste. Ansin, agus na deora lena grua, theann sí isteach leis gur chuach sé lena ucht í, faoi mar a dhéanadh sé nuair a bhíodh sí ina girseach bheag.
An mhaidin dár gcionn, thug a hathair síob do Mary chuig an stáisiún traenach i New London.
“Ná bac le cuid mhaith de na rudaí a dúirt mé faoi Éirinn,” ar seisean le Mary agus iad ina seasamh ar an ardán. “Níl mé ach ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh díomá ort.”
“Tá a fhios agam,” ar sise. “Ach is mian liom féin an seanfhód a fheiceáil. Imigh … beidh mé i gceart. Déarfainn go bhfuil Josephine ag fanacht leat. Caithfidh mé dul ar bord, ar scor ar bith.”
“Fanfaidh mé.” D’fhan sé mar a dhéanadh sé i gcónaí nuair a bhíodh sí ag imeacht ar ais chun na hollscoile nó go Nua-Eabhrac.
Shnaidhm siad iad féin ina chéile gur scar le chéile.
Nuair a bhí a suíochan aimsithe ag Mary, d’oscail sí fuinneog an charráiste. Bhí an fheadóg séidte ag stiúrthóir na traenach. Cúpla soicind eile, agus bheidís ar shiúl.
“Cuirfidh mé sreangscéal chugat nuair a bhainfidh mé Baile Átha Cliath amach,” a ghlaoigh sí.
“Agus ná déan dearmad ar a ndúirt mé faoi Oliver … faoi mar a dúirt aturnae mór le rá liom tráth, ‘Tá a fhios agat cad tá le déanamh agat.’”
Chuir Mary púic uirthi féin lena hathair. Ansin rinne sí meangadh beag gáire.
“Ná déan …” Bháigh múscailt inneall na traenach caint a hathar. D’ardaigh Mary a lámh le slán a fhágáil aige is sheas ag an fhuinneog go raibh ardán an stáisiúin fágtha ina diaidh aici agus gan radharc ar a hathair aici a thuilleadh.
“Beidh lasta úr ag teacht isteach ó dheisceart California le haghaidh na Cásca,” a dúirt an bláthadóir le Mary. “Tig liom a bheith i dteagmháil leat nuair a thagann siad isteach.”
Ghabh Mary buíochas leis an bhean gan a mhíniú di gur bheag an mhaitheas di an mhoill sin. Cheannaigh sí lusanna an chromchinn. Mura raibh lilí an earraigh ar fáil, dhéanfadh bláth ar bith cúis.
D’fhill Mary ar a hárasán go beo agus d’aimsigh ribín trídhathach de chuid Phoblacht na hÉireann. Bhí an t-aistear ar ais chuig an árasán i ndiaidh moill a chur uirthi, ach dá mbuailfeadh sí an bóthar ar an toirt, bheadh go leor ama aici faoi choinne an tsuipéir sula dtabharfadh sí aghaidh ar na duganna. Ba é an feall go raibh deifir agus driopás uirthi ach bhí an aimsir tar éis a bheith chomh hainnis sin le tamall de laethanta gur leor di fanacht sa bhaile is a cuid bagáiste a ullmhú is téisclim a dhéanamh le haghaidh an phasáiste mara.
Bhí an sneachta mór i ndiaidh moill a chur ar thraenacha. Uair go leith a thóg sé ar Mary a slí a dhéanamh chuig Reilig San Réamonn. Bhí faitíos uirthi go mbeadh an reilig féin druidte ach bhí na príomhbhóithre tríd an reilig glanta cheana. Níor dhoiligh di an chearn sin den reilig ina raibh uaigh Chaitlín a aimsiú ach ansin … Ní raibh sí róchinnte go raibh an rae cheart aici. Bhí sraitheanna uaigheanna úra ann ón samhradh agus bhí na bóithríní idir na sraitheanna agus na huaigheanna féin clúdaithe le sneachta. Ba é an trua nach raibh Lauretta léi, nó nach raibh sí tar éis comhartha suntasach, ar nós cloiche cinn feiceálaí, a chur de ghlanmheabhair. Ach ba bheag cloch chinn nó cros a bhí ar na huaigheanna sa chearn úr sin den reilig go fóill, diomaite de chorrchros adhmaid a bhí ag gobadh aníos tríd an sneachta. Chuaigh dairt bheag uamhain trí Mary, agus í ina seasamh ansin, a mála ina raibh na bláthanna ar an talamh, agus gan ar gach taobh di ach sraith i ndiaidh sraithe agus cosán i ndiaidh cosáin. Ní ar Chaitlín agus ar a huaigh a bhí sí ag smaoineamh ach ar a máthair. Cad a tharlódh dá dtabharfadh sí cuairt ar an reilig i New London ach nach mbeadh sí in ann uaigh a máthar féin a aimsiú? Bhrúigh Mary an pictiúr ina haigne faoi chois. Níorbh é seo an t-am le ligean dá samhlaíocht imirt uirthi. Theann sí a gialla, rug ar a mála, thug buille faoi thuairim cá raibh uaigh Chaitlín, bhuail chun cinn trí shneachta gur stop ag uaigh agus leag na bláthanna síos. Níor dhócha gurbh í an uaigh cheart í. B’fhéidir nárbh í an tsraith cheart féin í. B’fhéidir go raibh Iodálach éigin curtha ann agus go mbeadh corrabhuais ar a mhuintir go raibh bláthanna ar a raibh trídhathach Phoblacht na hÉireann seachas trídhathach Ríocht na hIodáile agus armas Rítheaghlach na Saváí ar an uaigh. B’fhéidir go raibh Státaire féin adhlactha ann. B’fhéidir go scuabfadh gaoth fheanntach mhí Feabhra na bláthanna agus an ribín léi. Ní mhairfeadh lusanna an chromchinn i bhfad sa ghaoth nimhneach sin. Ba chuma. Ba leor go dtuigfeadh Caitlín nach ndearnadh dearmad uirthi. Chuir Mary paidir bheag lena hanam sular threabh sí a slí anall tríd an sneachta arís.
“Haileo, Mary.”
Bhain an guth aithnidiúil bíog aisti gur chas Mary thart. Thóg sé roinnt soicindí uirthi a aghaidh a phiocadh amach i measc na tranglála daoine sa halla imeachta, idir iad siúd a bhí ag ullmhú le dul ar an línéar, a gcuid gaolta is cairde a bhí ann le slán a chur leo, is baill d’fhoireann na loinge a bhí ag brostú siar is aniar.
“Cad atá á dhéanamh agat anseo?” Ní raibh a fhios aici cén mothúchán ba mhó a bhí chun tosaigh ina cloigeann— an mhíchéadfa toisc gur léir di cheana aoibh bhogásach ar aghaidh Oliver amhail is go raibh sé ag baint sult as teacht aniar aduaidh uirthi, nó an faoiseamh toisc go mbeadh cara léi—nó iarchara féin—ann le slán a fhágáil léi.
“D’iarr Pat … d’athair … d’iarr sé orm teacht le slán a chur leat … Déarfainn go raibh eagla air go n-athrófá d’aigne is go dtiocfá ar ais chuige. Cloisim go bhfuil bean sa tóir ar an fhear bocht.” Rinne Oliver gáire le cur ina luí ar Mary go raibh sé ag spochadh aisti.
“Bhuel, tig leat insint dó go bhfaca tú mé ag imeacht.” Tar éis di brostú go dtí na céanna i Hoboken i New Jersey, siar ó Manhattan, le bheith in am don línéar, ní raibh deaspíon uirthi. Mar bharr ar an donas, bhraith sí go raibh sí i ndiaidh slaghdán a tholgadh tar éis di a bheith amuigh faoin aer bioranta sin ag Reilig San Réamann.
“An bhfuil gach rud faoi réir agat?”
“Tá.”
“Tá do bhagáiste seiceáilte agat?”
“Tá.”
“Tá do phas agat?”
“Tá.” “Níl le déanamh agat mar sin ach dul ar bord?”
“Níl.”
D’fhéach Oliver ar a uaireadóir. “Tá uair an chloig ann go fóill, a dúirt duine den fhoireann liom, sula gcaithfidh gach duine a bheith ar bord. Ar mhaith leat cupán caife?”
“Níor mhaith…”
“An bhfuil tú cinnte?”
“Tá … Níl.” Bhí Mary róthuirseach le troid leis a thuilleadh. Ar scor ar bith, ina hainneoin féin, bhí sí buíoch d’Oliver go raibh sé i ndiaidh an dua a chur air féin teacht an bealach ar fad go Hoboken.
Ba bheag spás a bhí sa bhialann sa halla imeachta. Bhí a ndóthain slí ag tábla amháin gur bhuail Mary agus Oliver fúthu ag ceann amháin den bhord. Ar an drochuair, bhí lánúin Shasanach ag an cheann eile cheana i mbun argóna le chéile. “Sprionlóir” eisean. “Crá croí” ise ar cheart di a slí féin a dhéanamh abhaile go Southampton. De réir dealraimh, ní raibh an cineál cábáin a bhí uaithi curtha in áirithe aigesean. De réir dealraimh, bhí daoine eile i ndiaidh an tábla céanna a sheachaint mar gheall ar an tsiosarnach fhíochmhar ón lánúin.
“Caithfidh go bhfuil sceitimíní ort agus tú ag tabhairt cuairte ar Éirinn …,” arsa Oliver nuair a bhí siad ag ól caife. Bhí sé i ndiaidh a chúl a thiontú leis an bheirt eile ionas go mbeadh cead cainte aige is ag Mary.
“Tá … ar ndóigh …” D’aithin Mary féin an phatuaire ina guth. “Tá. Beidh sé go hiontach,” ar sise de ghlór róchinnte.
“Ba í mian mo chroí í go rachaimis ann le chéile.” Den chéad uair, níorbh ann don tiúin mhagúil.
Agus den chéad uair, thug Mary faoi deara go raibh ribí liatha i bhfolt donn Oliver.
“Cheap mé riamh go mbeifeá ag teacht liom … Athraíonn an saol, athraíonn daoine. Sin mar atá.” Sméid Mary a ceann ar an bheirt trasna uathu, beirt a bhí ag sáraíocht ar a chéile i gcónaí. “Is mar sin a bhí cúrsaí eadrainn sa deireadh.”
“Tá a fhios agam. Tuigim go raibh cuid den mhilleán orm féin … go raibh mé in éad le Caitlín mar gheall ar an mhéid ama a chaiteá léi … Ach creidim nach raibh an locht ar fad ormsa … Roghnaigh tusa gan mórán ama a chaitheamh liom … Ansin thosaigh rudaí eile ag titim amach nár thuig mé, nach dtuigim go fóill … Gurbh fhearr leat a bheith i mbun báicéireachta leis an ghiolla ardaitheora sin ná a bheith liom … Nuair a ghlaoigh Pat orm, ní raibh mé ag iarraidh teacht anseo. Ní toisc nach raibh mé ag iarraidh tú a fheiceáil … ach toisc go raibh eagla mo chraicinn ormsa nach mbeifeá ag imeacht i d’aonar …”
“I m’aonar atá mé … diomaite den bhuachaill báire sin atá i dtaisce agam i mo thrunc ar bord.” Ba dhoiligh do Mary gan an deis mhagaidh a thapú mar chúiteamh ar spochadh Oliver. Thug sí faoi deara go raibh an lánúin i ndiaidh cluas le héisteacht a chur orthu féin tar éis dóibh an tagairt don bhuachaill báire a chluinstin. “Seo, caithfidh mé imeacht … siúil liom go dtí an geata imeachta.” D’éirigh sí is d’fhág a caife gan chríochnú.
“Tá a fhios agam gur éirigh tú as do phost in Áras Woolworth,” arsa Oliver le Mary nuair a bhí siad ag siúl. “Gertrude, tá a fhios agat…,” ar seisean go leithscéalach amhail is go raibh eagla air go raibh sé i ndiaidh olc a chur ar Mary as a bheith chomh fiosrach sin.
“Faoi mar a dúirt mé, athraíonn an saol …” Cibé rud faoi ligean d’Oliver cur isteach ar a cuid cruinnithe, bhí Mary cinnte go mbeadh Getrude discréideach dúnárasach faoi na cúinsí faoinar fhág Mary an comhlacht.
“B’iomaí uair a smaoinigh mé ar ghlao gutháin a chur ort. Nó teacht thart go dtí d’árasán. Ach bhuel, ní raibh mé ag iarraidh …” Stop Oliver amhail is nach raibh uaidh tagairt don uair dheiridh dá raibh sé ann. “Bhuail mé sall an tseachtain seo caite … Ach bhí tú i New London.”
Bhí an geata imeachta sroiste acu. Chas Mary chuig Oliver.
“Go raibh maith agat as teacht anseo, Oliver.” Thuig Mary gurbh é sin an chéad rud dearfach a bhí ráite aici leis.
“Bain sult as an turas, Mary. Go dtuga Dia slán go ceann cúrsa thú … agus abhaile ina dhiaidh sin.”
“Tabhair aire duit féin, Oliver.”
“Cuir sreangscéal chugam sula mbaineann an línéar Nua-Eabhrac amach agus tiocfaidh mé i d’araicis … Más mian leat sin, tá mé á rá.” Chas sé le himeacht.
“Níl tú le fanacht go n-imeoidh mé?”
“Níl, Mary. Buailfidh mé bóthar anois. Slán.” Stán Mary ar a dhroim de réir mar a ghluais Oliver i dtreo dhoirse móra an halla. Theastaigh uaithi glaoch air is tathant air filleadh is a chasadh leis nach raibh sé i ndiaidh rud a dhéanamh ar a hathair. Ina croí istigh, thuig sí go raibh Oliver ag cur abhaile uirthi gur fúithi féin a bheadh an chéad chéim eile ina gcumann dá mba ann dó feasta agus, murarbh ionann is a hathair, nárbh é an grá gan choinníoll a bhí aige di. Ba go mall a d’iompaigh Mary thart is shiúil go tromchosach i dtreo an gheata imeachta.