Rinne Mary iontas d’Ardoifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill. Ba mhinic a bhí grianghraif den chreatlach scriosta dóite feicthe aici. Bhí an obair atógála faoi lánseol, fir adaic ag gluaiseacht siar is aniar, fearas tógála á ardú le hulóga, is clampar meascthóirí suiminte. Sheas Mary ar an chosán taobh amuigh de shiopa ilranna Clerys, is bhain lán a súl as an radharc. Mhothaigh sí tocht ina sceadamán ar dhóigh nach mothódh sí go deo is cuma cá mhéad teach spéire a d’fheicfeadh sí lena beo i Manhattan. Ba ar an bhall sin a d’fhógair Pádraig Mac Piarais an Phoblacht chóir a bheith deich mbliana roimhe sin. Forógra é agus ar lean de a thug ar Chaitlín agus ar Mary féin ina dhiaidh sin mionn agus móid a thabhairt go n-oibreoidís ar a mbionda chun náisiún beo glórmhar a dhéanamh d’aisling na Poblachta. Siombail a bhí in Ardoifig an Phoist a sheas don Phoblacht. Leagadh go talamh í ach bhíothas á hatógáil arís. Cuireadh an Phoblacht faoi chois faoi dhó ach mhair sí i gcroí lucht na dílseachta agus thiocfadh an lá nuair a bheadh an Phoblacht athréimnithe. Nuair a thiocfadh an lá sin, ba é an chéad rud a bheadh le déanamh acu ná Túr gránna Nelson a leagan go talamh!
Faoi dheireadh, bhog Mary ar aghaidh. Bhí a cuid ama teoranta toisc nár chorraigh sí as an leaba an lá roimhe sin tar éis di titim ina codladh faoi dheireadh agus go raibh sí le dul ó thuaidh go Contae an Chabháin le stopadh le hUncail Ned, leathchúpla a hathar, an mhaidin dár gcionn. Ní bhfaigheadh sí deis cuairt a thabhairt ar uaigh Harry Boland i Reilig Ghlas Naíon nó féachaint le bualadh le de Valera is a insint dó go raibh Gael-Mheiriceánaigh ann i gcónaí a sheas leis an Phoblacht … Cibé ar bith, más fíor do na ráflaí, bhí de Valera féin ar tí scarúint ó Shinn Féin agus a chúl a thabhairt leis an Phoblacht chéanna. Feall é sin a bhrisfeadh croí Chaitlín, dá mbeadh sí beo i gcónaí. Agus gan ann ach scoilt i ndiaidh scoilte, ba leor do Mary rud siombalach amháin a dhéanamh sula dtabharfadh sí aghaidh ar an tasc a bhí le comhlíonadh aici ar son Chaitlín is thar ceann na nGéanna Fiáine. Stopfadh sí ag an láthair mar ar maraíodh Cathal calma Brugha taobh amuigh d’Óstán Hammam ag ceann thuaidh Shráid Uí Chonaill is paidir a chur le hanamacha uaisle laochra na Poblachta.
“Pádraic Ó Conaire, a deir tú? Agus cé thusa, a deir tú?”
An Fear Mór Rua a bhaist Mary air ar an phointe.
“Ní dúirt mé cé mise. Mary Morrison is ainm dom. Is ea, tá mé ag iarraidh teacht suas leis an Uasal Ó Conaire.” D’fhéach Mary leis an mhífhoighde a bhí ag borradh inti a bhrú faoi chois. Thabharfadh sí buille faoi thuairim as a taithí ghairmiúil go raibh foireann ardoifig Chonradh na Gaeilge ar Chearnóg Parnell cleachta ar dhaoine a bheith sa tóir ar an Chonaireach. Mná agus fir chéile na mban a bhformhór.
“Agus is as Meiriceá thú, a deir tú? … Agus tháinig tú an bealach ar fad le Pádraic a fheiceáil?”
“Ní dúirt mé é sin ach oiread, ach tá an ceart agat. Is as Meiriceá mé. Níor tháinig mé an bealach ar fad chun an tUasal Ó Conaire a fheiceáil ach ó tharla go bhfuil mé in Éirinn, ba mhaith liom bualadh leis … faoi ghnó tábhachtach.”
Thug Mary faoi deara go ndeachaigh an focal “tábhachtach” i bhfeidhm ar an Fhear Mór Rua.
“Bhuel, nach iontach an rud é sin? Tú ó Mheiriceá agus Gaeilge chomh paiteanta sin agat. Agus cad é mar atá cúrsaí thall i Meiriceá? An bhfuil sibh ag cruthú go maith?”
Dóbair gur lig Mary scread aisti. Ba mhaith léi an Fear Mór Rua sin a thachtadh. Ach ní raibh seoladh poist aici le haghaidh an Chonairigh ó tháinig an dara litir a chuir sí chuige ag an seoladh i Mullach Íde ar ais chuici gan oscailt fosta. Dá mbeadh an t-eolas ag aon dream i mBaile Átha Cliath, cheapfaí gur ag muintir an Chonartha a bheadh sé. Agus b’fhéidir go raibh, dá dtiocfadh léi é a mhealladh ón fhear mallaithe seo a raibh dúil aige i gcluiche cainte. Bhuel, dá mba ghá é, d’imreodh sise an cluiche céanna.
“Tá cúrsaí go breá i Meiriceá …”
Bhain sé deich mbomaite eile as Mary an comhrá a stiúradh ar ais i dtreo an Chonairigh. Faoin am sin, bhí an dara duine i ndiaidh teacht isteach san oifig.
“Seoladh Phádraic? Níl sé sin againn. An bhfuil?” arsa an Fear Mór Rua leis an Fhear Beag Buí.
“Maise, níl. Déarfainn nach bhfuil seoladh buan ag Pádraic.”
“Ach tá sé anseo i mBaile Átha Cliath?” Bhí imní ag teacht ar Mary gur turas in aisce a bheadh ann.
“Baile Átha Cliath … agus Cill Mhantáin? Nach mbíodh tigín beag aige thíos ansin?” arsa an Fear Mór Rua leis an Fhear Beag Buí.
“Bhíodh, cinnte. Agus téann sé siar go minic freisin.”
“An bhfuil a fhios agaibhse an bhfuil sé i mBaile Átha Cliath faoi láthair? An bhfeiceann sibh é ar chor ar bith?”
“Bhuel, buaileann Pádraic isteach chugainn anseo ó am go chéile.”
“An raibh sé istigh ar na mallaibh?”
“Cad a déarfá? An raibh Pádraic istigh anseo ar na mallaibh?” a dúirt an Fear Mór Rua leis an Fhear Beag Buí.
“Fan go bhfeice mé? Hmm, nach raibh sé anseo an tseachtain seo caite?”
“Bhí, a dhuine. Bhí, ambaiste. Is maith is cuimhin liom é ina sheasamh ansin ag an chuntar áit a bhfuil an bhean uasal seo ó Mheiriceá anois.”
“Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé a bheith ar shiúl arís faoin am seo. Tá a fhios agat Pádraic. Fánaí cruthanta é.”
“Fánaí amach is amach é. É féin agus a asal beag dubh.”
“Cara le Pádraic thú, a bhean uasal?” arsa an Fear Beag Buí.
“Ara, ní dúirt sí sin ar chor ar bith,” a d’fhreagair an Fear Mór Rua. “Deir an bhean uasal Mheiriceánach seo a bhfuil an Ghaeilge ar a toil aici go bhfuil gnó tábhachtach aici le Pádraic.”
“Gnó tábhachtach. Bhuel, tig leat teachtaireacht a fhágáil anseo dó, más mian leat, a bhean uasal, agus tabharfaimid dó í a thúisce is a fheicimid é.”
“Tá gnó tábhachtach … iontach tábhachtach … agam leis. Níl a fhios agaibh cá dtiocfainn air inniu?”
“Gnó iontach tábhachtach, a deir tú. An gcloiseann tú sin?”
“Cloisim, cinnte. Tá gnó iontach tábhachtach ag an bhean seo le Pádraic … Gnó iontach tábhachtach…”
“Gnó práinneach é i ndáiríre—a bhaineas lena chuid scríbhneoireachta.” Thuig Mary gur cuma nó impí é seo. “Beidh mé ag filleadh ar Mheiriceá go luath agus caithfidh mé Mac Uí Chonaire a fheiceáil roimhe sin.”
“Gnó práinneach a bhaineas lena chuid scríbhneoireachta. Ar ndóigh, an-scríbhneoir is ea Pádraic.”
“Is ea, tá ardmheas agam ar a chuid leabhar.” Ar a laghad, d’fhéadfadh sí na teidil a lua gan aon stró. “Bheinn faoi chomaoin mhór agaibh dá n-inseodh sibh dom cén áit ba mhó a dtiocfainn air i mBaile Átha Cliath.”
“Bhuel, thiocfadh leat triail a bhaint as an DBC ar Fhaiche Stiabhna …”
“Nó as Monto…”
“Monto? Cá bhfuil sé sin?” Bhí Mary ag iarraidh na háitainmneacha aisteacha seo a chur de ghlanmheabhair.
“Cuir uait,” arsa an Fear Mór Rua leis an Fhear Beag Buí. “Ná bac leis sin, a bhean uasal. Ní áit í sin a thaitheodh Pádraic cóir choíche ar ór ná ar airgead … bhuel,ó thug na Gardaí ruathar rátha ar an áit mhallaithe sin anuraidh.”
“Cad é?” Ó tharla nach raibh cosc ar alcól in Éirinn, faoi mar a bhí i Meiriceá, caithfidh go raibh siad ag tagairt do theach nó do cheantar meirdreachais.
“Anois, a bhean uasal,” arsa an Fear Mór Rua. “Ní thig liom insint duit go cinnte cá dtiocfá ar Phádraic nó an bhfuil sé i mBaile Átha Cliath féin faoi láthair. Ach …” D’ardaigh sé leathlámh sular labhair an Fear Beag Buí arís. “Ach má tá an bheirt acu timpeall, beidh sé leis an Fhlaitheartach … Liam Ó Flaithearta, tá a fhios agat … Is dócha gur chuala sibh trácht ar an scabhaitéir sin i Meiriceá, a bhean uasal?”
“Agus? …” Bhí súil le Dia ag Mary nach dtosódh an dís seo ar The Informer a phlé. Ainneoin nach raibh an t-úrscéal léite aici nó ag mórán eile dá lucht aitheantais, bhí léirmheas air léite aici sa New York Times agus bhí sí den tuairim nach dtaitneodh an t-úrscéal ná an t-údar léi.
“Cloisim gur minic a bhíonn siad ag ól thuas i Madame Cogley’s Cabaret.”
“Cad é?” arsa Mary agus imir den amhras ina guth. Bhí blas meatach de chuid Pháras na Fraince air sin.
“Síbín Toto Cogley thuas ag 29 Sráid Fhearchair. Cuir ceist ar aon Gharda thall ansin agus tabharfaidh sé eolas na slí duit. Ach…” Chaoch an Fear Mór Rua súil ar Mary. “ … abair leis go bhfuil tú ar lorg an Chlub Drámaíochta.”
Ghabh Mary buíochas leo is chas i dtreo an dorais. Mhothaigh sé spíonta amhail is go raibh aturnaetha trialach i ndiaidh diancheastóireacht a dhéanamh uirthi. Agus í ag imeacht an doras amach, chuala sí an comhrá taobh thiar di.
“Stumpa breá í.”
“Is ea, agus í an bealach ar fad ó Mheiriceá agus an Ghaeilge aici.”
Ní thiocfadh léi a bheith cinnte nach ag magadh fúithi a bhí an bheirt sin agus go mbeidís ag insint scéalta dá lucht aitheantais inniu is go ceann i bhfad faoin bhean bhaoth Phoncánach a bhí sa tóir ar Phádraic Ó Conaire.
Ba mhór an trua nach mbeadh sí saor an tráthnóna sin. Bhí súil ag Mary go mbeadh ionú aici ar ghabháil chuig Amharclann na Mainistreach le hamharc ar The Plough and the Stars le Sean O’Casey. Ar nós The Informer, bhí léirmheas air léite aici sa nuachtán, faoin chonspóid nuair a thug O’Casey Poblachtaigh a raibh an Trídhathach á iompar acu le chéile i dteach tábhairne, áit a raibh striapach i mbun stocaireachta le haghaidh a gnó féin. Ar nós The Informer, gach seans nach dtaitneodh an saothar ná an t-údar léi ach oiread. B’fhéidir nár dhrochrud é nach mbeadh sí i láthair. Cibé ar bith, b’fhéidir go bhfeicfeadh sí seó anocht dá mbeadh dráma éigin, ceann coimhthíoch féin, ar siúl i Madame Cogley’s Cabaret. Ach i ndeireadh na dála, ba é an rud ba thábhachtaí ná go bhfeicfeadh sí Ó Conaire sula dtabharfadh sí aghaidh ar Chontae an Chabháin.
Ní thiocfadh léi mórán a dhéanamh faoin Chonaireach go dtí an tráthnóna. Idir an dá linn, bheadh cúpla uair an chloig ar a toil aici. Chaith Mary seal ag siúl timpeall lár na cathrach. Cheannaigh sí hata dá hathair Tigh Clerys. D’fhill sí chun carbhat bréidín de chuid na hÉireann a cheannach. Le haghaidh Oliver, b’fhéidir. Dá n-athródh sí a haigne, gheobhadh a hathair an dara bronntanas. Rinne sí a slí síos go dtí an áit a mbíodh Halla na Saoirse. Chaith sí seal ag glinniúint ar Theach an Chustaim. Tháinig aniar is mhoilligh ar Shiúlán Bhaitsiléir sular thug sí aghaidh ar na Ceithre Cúirteanna gona gcruinneachán a bhí ina smidiríní. Loisc an scéala croí Chaitlín nuair a thiontaigh Mícheál Ó Coileáin gunnaí ordanáis Londan ar a chomh-Éireannaigh. Ach in ionad ligean don ghráin is don ghruaim an ceann ab fhearr a fháil uirthi, bhunaigh sí na Géanna Fiáine chun na Gaeil i mbaile is i gcéin a aontú le chéile is an t-athmhuintearas a chothú.
Tar éis di an lón a chaitheamh i mbialann bheag gar do Shráid an Fheistí, rinne Mary a slí siar ar na céanna ar bhruach theas na Life. Stop sí ag siopa leabhar Geo. Webb ar Ché Crampton. B’fhéidir go bhfeicfeadh sí leabhair staire a mbeadh dúil ag a deartháir iontu. Saothar faoi stair Shasana ba mhó a bhí acu sa siopa, a thug sí faoi deara. Tháinig sí ar dhornán leabhar faoi Éirinn sular luigh a súil ar sheilfeanna ar a raibh foilseacháin faoi Thiarnais de chuid Impireacht na Breataine Móire … an Astráil … an Nua-Shéalainn … an Afraic Theas … Talamh an Éisc … Ceanada … An tagairt do Cheanada a thug ar Mary an dara spléachadh a thabhairt gur leag sí a lámh ar leabhar, ar dhá leabhar, le Katherine Hughes. Thóg sí amach Archbishop O’Brien. Man and Churchman gur léigh an inscríbhinn: “Do mo mháistir foighdeach, Pádraic Ó Conaire, Le meas i gcónaí, ó scoláire bocht, Caitlín Ní Aodha, 6 mí na Nodlag 1913.” Níor ghá di clúdach an dara leabhar a oscailt. Bhí a fhios ag Mary cad a bheadh scríofa ag tús Father Lacombe, The Black-Robe Voyageur.Nár ghránna an mhaise don Chonaireach leabhair Chaitlín a dhíol, an fhreagairt fheargach a bhí ag Mary. Tar éis do Chaitlín na leabhair seo aigesean a choinneáil slán sábháilte in ainneoin a cuid taistil agus, go háirithe, tar éis do Chaitlín cur roimpi lámh chuidithe a thabhairt dó, ar sise léi féin agus í ag téamh ina craiceann. Theann Mary an dá leabhar lena croí. Rug sí iad léi go cuntar an tsiopa. Réal an ceann a thug sí orthu.
D’ith Mary a dinnéar ag an Royal Hibernian. Timpeall a hocht a chlog, d’fhruiligh sí tacsaí chun í a thabhairt go Sráid Fhearchair. Ródhorcha a bhí sé, ró-aineolach ar na sráideanna a bhí Mary, le dul de shiúl na gcos. Suas Sráid Dásain leis an tacsaí, timpeall Fhaiche Stiabhna leis chomh fada le Sráid Fhearchair gur stop sé thart le Plás Camden. Ar nós na dtithe eile sa tsráid, teach ard Seoirseach a bhí in Uimhir 29.
Mhoilligh Mary ar an chosán tar éis di táille an tacsaí a ghlanadh. Bhreathnaigh sí ar an teach os a comhair. Diomaite den uimhir ar an doras, ní raibh aon chomhartha ann gur club drámaíochta nó tábhairne Francach féin é an t-áras sin. Ní raibh aon duine eile amuigh agus ní raibh ach corrsholas lasta istigh. Bhí súil ag Mary nach raibh an pleidhce sin in oifig an Chonartha i ndiaidh an seoladh contráilte a thabhairt di. Ar feadh meandair, smaoinigh sí ar fhilleadh ar an teach ósta ach bhí an fear tacsaí i ndiaidh bailiú leis cheana agus níor shíl Mary go mbeadh sí ar a suaimhneas ag siúl ar ais sa dorchadas. Cibé ar bith, bhí cúram le cur di aici. Shiúil sí suas na céimeanna chuig an teach agus bhuail an baschrann go trom.
Searbhónta mná a d’oscail an doras tar éis an dara cnag.
“Haileo, an é seo Madame Cogley’s Cabaret?” a d’fhiafraigh Mary di go stadach.
“Thíos staighre, san íoslach,” a d’fhreagair an bhean de ghuth fulangach amhail is gur cuireadh an cheist chéanna is gur freagraíodh í go rómhinic cheana. Nuair nár bhog Mary, phointeáil sí i dtreo an gheata ag na ráillí thíos. “Ach níl aon dráma ar siúl ann anocht.”
“Ó,” arsa Mary agus idir dhíomá agus fhrustrachas ina glór. “Tá sé druidte mar sin.”
“Níl aon dráma ann anocht, a deirim. Déarfainn nach gearánta do na gnáthchustaiméirí é sin. Ní chaithfidh siad cur suas leis an ealaín, mar dhea, sula mbeidh fliuchadh a mbéil acu.” D’fhéach an searbhónta go grinn ar Mary. “B’fhéidir nach é an t-ionad is fearr do bhean mheasúil é,” a mhaígh sí sular dhruid sí doras mór an tí.
Chas Mary thart is thug gliúc thar na ráillí. Is ea, bhí staighre iarainn ag dul síos ó leibhéal na sráide agus bhí solas le feiceáil ó fhuinneog an íoslaigh. Chroith Mary a guaillí. Mhothaigh sí go raibh sí i ndiaidh an lá ar fad a chaitheamh ag déanamh folach bíog agus í sa tóir ar an Chonaireach. Bhí súil aici go mbeadh deireadh leis an chluiche sin anois.
“Tá aiféala orm ach tá an club drámaíochta druidte faoi láthair. Beidh seó úr ar siúl an tseachtain seo chugainn.”
Chuir an bhean ard chatach a raibh gúna fada corcra is clóca dubh uirthi chun an doras a dhúnadh ach d’ardaigh Mary a ciotóg chun breith ar thaobh an dorais.
“Is tusa Madame Cogley?”
“Is mé. Madame Toto Bannard Cogley le bheith cruinn.” Rinne an bhean gáire beag amhail is go raibh sí ag magadh fúithi féin. “Ach tugann gach duine Daisy orm.”
“Is mise Mary Morrison agus …” Bhí Mary go fóill idir dhá chomhairle cad eile a déarfadh sí nuair a d’ardaigh an bhean eile a lámh.
“Is tusa an bhean Mheiriceánach atá ar lorg Phádraic Uí Chonaire … tar isteach. Agus ná bíodh lá iontais ort, a bhean uasal. Is é Baile Átha Cliath an sráidbhaile is mó ar dhroim an domhain!”
Agus corrabhuais uirthi, lean Mary an bhean eile isteach san íoslach go seomra mór leathan ina raibh cathaoireacha agus cúpla bord cruinn, ballaí faoi thaipéisí ar a raibh pictiúir iomráiteacha de chuid Phárais—Montmartre, La Tour Eiffel, agus Musée du Louvre na cinn a d’aithin Mary ar an phointe—agus thuas ag barr an tseomra, murarbh ionann is ardán ceart amharclainne, stáitse beag troigh ón urlár. Bhí dornán fear ina suí ag táblaí ar an stáitse, iad i mbun cainte agus óil agus an chuma orthu nárbh eol dóibh cuairteoir a bheith ina measc.
Stop Madame Cogley is chas chuig Mary nuair a bhíodar leath bealaigh trasna an tseomra.
“As siocair gur club príobháideach drámaíochta é seo, tá ceadúnas againn biotáille a dhíol lenár mbaill is lena gcuid aíonna… Is dócha go bhfuil sibhse thall i Meiriceá cleachta ar sheifteanna leis an cheann is fearr a fháil ar an Chosc ar Alcól.”
Ní raibh a fhios ag Mary cén freagra a dhéanfadh cúis.
“Ní ball é Pádraic, faraor. Deir sé i gcónaí nach bhfuil luach na ballraíochta aige,” arsa an bhean eile agus imir den mhagadh ina guth. “Mar sin, ar eagla go dtabharfadh na Gardaí cuairt orainn, déarfaimid gur tú aoi Shéamais … Sílim go bhfuil aithne agat air cheana.”
“Séamas? Níl.”
“Tá. Casadh ort é in oifig an Chonartha ar maidin.”
“Ó!” Bhí ag méadú ar an chorrabhuais a bhí ar Mary.
“Tá sé ag an tábla thuas le Pádraic. Gabh i leith go gcuirfidh mé na daoine eile in aithne duit.”
Lean Mary sna sála ag Madame Cogley gur bhaineadar amach an bord ar an stáitse beag. Ceathrar fear a bhí ann agus bhí comhrá bríomhar amháin ar a laghad ar siúl eatarthu. Ní fhéadfadh Mary a bheith cinnte de ach mhothaigh sí gur aithin sí an Ghaeilge, Béarla agus an Fhraincis tríd an chaint.
“A fheara,” arsa bean an tí. “Tá cuairteoir againn. Mary Morrison a hainm. Aoi leatsa an bhean uasal seo, a Shéamais, bíodh a fhios agat.” Ní den chéad uair an lá sin, theastaigh ó Mary an Fear Mór Rua a thachtadh, go háirithe tar éis dó beannú di amhail is gur sheanchairde iad. “Agus, a Phádraic …” Labhair Madame Cogley leis an fhear a raibh a dhroim le Mary. “A Phádraic, tá an bhean seo i bhfách le bualadh leatsa.”
“Qui est la femme Américaine, chère Daisy?” Fear mór trom deargleicneach a raibh blagaid air a labhair.
“Elle est un des amis de Pádraic.”
“Que veut-elle?”
“Elle est venue ici pour le voir.” Chas Madame Cogley chuig Mary. “Is é seo an tOllamh Rudmose-Brown ó Choláiste na Tríonóide agus …” Sméid sí i dtreo ógfhir a bhí ina shuí taobh leis an ollamh. “Seo mac léinn leis … Gabh mo leithscéal, a dhuine uasail. Níl d’ainm ar eolas agam.”
Sheas an t-ógfhear suas. Duine ard donnrua ba ea é, a raibh spéaclaí air, spéaclaí a cheil ar éigean glinniúint dhlúth a shúl.
“Samuel m’ainmse. Samuel Beckett,” ar seisean go ciúin cúthaileach gur shuigh sé síos arís ar an toirt amhail is go raibh eagla air go mbeadh air a thuilleadh a rá.
“Agus …” Bhí lámh Madame Cogley ar ghualainn an fhir eile. “Agus, ar ndóigh, seo an fear atá uait.”
Srann a lig an Conaireach mar fhreagra.
“Pádraic est rapidement endormi. Il est ivre mort,”a mhaígh an t-ollamh le teann díspeagtha, agus é ag pointeáil i dtreo na mbuidéal ar an bhord.
“Ní raibh Pádraic ag baint mórán spraoi as an chluiche beag a bhí idir lámha againn,” a mhínigh an Fear Mór Rua. “Bhíomar ag iarraidh a fháil amach arbh fhéidir linn scéal grinn de chuid an Bhéarla a aistriú go Gaeilge agus ansin go Fraincis gan an mianach grinn sa bhunleagan a chailliúint.”
Rith sé le Mary nár mhínigh sé sin cad chuige ar thit an Conaireach ina chodladh.
“Ar ndóigh, más droch-am é seo …” B’fhéidir gurbh fhearr coinne eile a shocrú, arsa Mary léi féin.
“Éirigh as, Ruddy,” arsa Madame Cogley agus í ag amharc ar an ollamh go crosta. “Ní raibh ach dhá bhuidéal ag Pádraic ó tháinig sé isteach. Dúisigh, a Phádraic, a chroí, tá an bhean Mheiriceánach a raibh Séamas ag caint uirthi anseo.”
Mar a d’ardaigh sé a chloigeann, bhí deis ag Mary radharc ceart a fháil ar aghaidh Phádraic Uí Chonaire. Aghaidh liath chaite a chonaic sí os a comhair, amhail is go raibh an té ar leis í i ndiaidh babhta tinnis a chur de. Nó b’fhéidir nach raibh ann ach an dreach a bhíonn ar an té atá idir a chodladh is a dhúiseacht.
“A Phádraic, seo Mary Morrison, is ise an bhean ó Mheiriceá atá ag iarraidh labhairt leat.”
“Is ea …” Chroith an Conaireach é féin agus bhain searradh as a ghuaillí. “Tá aiféala orm … níor chodail mé i gceart aréir. Sin agus an teas anseo.” Bhain sé earraíocht mhall as a dhá lámh chun cuidiú leis seasamh suas. Ní raibh a fhios ag Mary arbh é an mheisce nó an fonn codlata nó an laige fhisiciúil faoi deara sin.
Thiontaigh an Conaireach chuig Mary. “As Meiriceá thú?”
“Is ea.”
“Agus tháinig tú anseo le mé a fheiceáil?”
“Bhuel, níor— Is ea, tháinig.” Ligfeadh sí an ceann sin thairsti an iarraidh seo. “An miste leat má dhéanaimid dreas cainte le chéile … go príobháideach?”
“An bhfuil a fhios agat cad a dhéanfaidh mé?” arsa Madame Cogley. “Déanfaidh mé réidh cupán tae daoibh— nó an bhfuil a dhath níos láidre uaibh? Níl … Tá go maith.” Ba go diongbháilte a bhí Mary i ndiaidh comharthú gur leor an tae. “Tig libh suí ag ceann de na táblaí thíos ar an urlár.”
Rinne Mary ar an tábla agus d’fhan ag amharc ar an Chonaireach a bhí i mbun cainte leis na fir. Bhí deis aici é a mheas ar a chosúlacht. Fear measartha beag a bhí ann. Bhí dhá orlach aici air, a déarfadh sí. Bhí sé tanaí. Má bhí sé folláin lúfar lá den saol, ní thugadh sé aire dó féin ó thaobh cothaithe de agus ní bheadh mórán teacht aniar ann dá mbuailfí breoite é. Bhí a ghruaig chatach dhubh ag tanú is ag liathadh. Níor dhealraitheach go raibh sé i ndiaidh é féin a bhearradh ar feadh roinnt laethanta. Sna daichidí deireanacha a bhí sé, a thuig Mary, ach ba gheall le duine sna caogaidí é. Gnáthéadaí agus gnáthbhróga tairní an fhir oibre a bhí á gcaitheamh aige. Ar an chéad amharc, ba dhoiligh a shamhlú gur scríbhneoir mór Gaeilge é sin. Ar an dara hamharc, ba dhoiligh do Mary a shamhlú gurbh é sin an fear a raibh grá ag Caitlín dó.
“Is minic a mhaígh mé go mba mhaith liom dul go Meiriceá,” a dúirt an Conaireach le Mary ar theacht anuas chuig an tábla dó.
Dóbair gur fhreagair sí go raibh a fhios aici sin cheana.
“Cén áit i Meiriceá arbh as duit?”
“Connecticut … ach cónaím i gcathair Nua-Eabhraic.” D’iniúch Mary go géar é féachaint cad é mar a rachadh an tagairt do sheanáit chónaithe Chaitlín i gcion air. Ba aniar aduaidh uirthi a tháinig freagairt chiúin an Chonairigh amhail is nár chuala sé an tagairt.
“Ba go Meiriceá a d’imigh m’athair nuair nach raibh mé ach i mo ghasúr. Cailleadh thall é. I mBostún.”
Ar feadh soicind, mheas Mary go bhfaca sí an tsoghontacht a shamhlódh sí le páiste tréigthe in aghaidh an Chonairigh. Mhothaigh sí í féin ag téamh leis, ach ar leagan na súl, rinne seisean gáire beag is d’fhógair go haerach.
“Ba bhreá liom maidin bhreá ghréine a chaitheamh i mo sheasamh ag cúinne i lár Manhattan, ag breathnú ar dhaoine de gach cine agus de gach dath ag brostú thart agus ag smaoineamh ar na scéalta a bheadh le hinsint ag gach mac máthar acu. Tá leabhar mór le scríobh ina mbeadh scéal ann faoin Éireannach, an dara ceann faoin nGiúdach, ceann eile faoin nGearmánach is a thuilleadh faoi na ciníocha eile. Sheasfadh gach scéal leis féin. Ach ina n-iomláine, d’inseoidís stair Mheiriceá agus stair an chine dhaonna.”
Ina hainneoin féin, bhí Mary faoi dhraíocht ag glór meallacach an Chonairigh. B’in rud a luaigh Caitlín fosta …Rug Mary ar a ciall ar an toirt. Fear mór scéalta ba ea an Conaireach. Fear é a raibh sé de bhua aige go n-éistfeadh daoine leis. Fear é fosta a thuig gurbh fhéidir leis teacht i dtír ar an bhá a bheadh ag daoine leis agus ar an trua a bheadh acu dó. Níor mhór dóibh, níor mhór di, cuimhneamh ar bhunfhíric amháin. Níorbh é athair Uí Chonaire an t-aon fhear a thréig a mhuirear. Bhí an mac tar éis an peaca ceannann céanna a dhéanamh.
Faoin am sin, bhí Madame Cogley i ndiaidh teacht is tráidire tae a chur ar an tábla. Dhoirt Mary cupán tae an duine di féin is don Chonaireach. Thug sí faoi deara an crith beag i lámha an Chonairigh de réir mar a rug sé greim ar an chupán.
“Cara leat ó Mheiriceá faoi deara dom a bheith anseo,” arsa Mary faoi dheireadh.
“Cara liom … ?”
“Is ea, seanchara leat. Caitlín Ní Aodha.”
“Ó, Caitlín! Mo sheanchara Ceanadach! Agus cén chaoi a bhfuil sí?”
D’éirigh Mary bán sa ghnúis.
“Tá sí ar shl— Fuair Caitlín bhocht bás den ailse tamall de mhíonna ó shin.”
Dhoirt an Conaireach cuid den tae nuair a d’ísligh sé a chupán ar an tábla go prap. Athuair, chuir Mary sonrú sa chrith ina lámha.
“Níor airigh mé an scéala sin. Go ndéana Dia trócaire uirthi.”
“Níl a fhios agam an bhfuair scéala a báis mórán poiblíochta sna nuachtáin anseo … is dócha, go mbraitheann sé ar na cinn a léann duine … ar thaobh amháin nó ar an taobh eile …” Stop Mary. Ní raibh sí ag iarraidh an pholaitíocht a tharraingt isteach sa scéal.
“Bhíomar i dteagmháil lena chéile anuraidh … agus gheall sí go mbeadh dea-scéala aici dom. Bhí ionadh orm nár airigh mé tada uaithi. Ach …” D’ardaigh Ó Conaire a lámh le comharthú do Madame Cogley teacht. “ … níl seoladh buan agam faoi láthair.” Chas sé chuig bean an tí. “Daisy, a chroí, an dtabharfá buidéal pórtair dom … agus cibé rud atá ón mbean seo. Cuir ar an scláta iad, le do thoil.” Stop Madame Cogley agus an chuma uirthi go raibh sí ar tí rud éigin a rá. Faoin scláta céanna, a mheas Mary. “Dlúthchara liom a fuair bás i Meiriceá le déanaí … Angheit a bhain an drochscéala asam … agus … Anois, déan rud orm mar a dhéanfadh bean mhaith.”
Dhearbhaigh Mary nach raibh a dhath uaithi gur chúlaigh Madame Cogley. Lena ciotóg, tharraing sí a mála ina raibh an seic níos gaire di. Ní bheadh aon teacht thairis aici go fóill.
“Cogar.” Theann an Conaireach isteach le Mary beagán gur bholaigh sí a dhrochanáil. “Dúirt tú gurbh í Caitlín faoi deara duit a bheith anseo. Ní mé ar thug sí teachtaireacht duit … faoin bpost ar an ollscoil i nGaillimh? Ar éirigh léi an t-airgead a bhailiú faoi dheireadh? Diabhal scéal cinnte a bhí ag Tomás Ó Máille agus mé ag labhairt leis thiar cúpla seachtain ó shin.”
Ba í sin uair na faille. Ní raibh le déanamh ag Mary ach breith ar an fhaill tríd an chlúdach donn a thógáil amach as a mála, a mhíniú don Chonaireach i mbeagán focal cad a bhí ann agus bailiú léi as an chlub seo. Ach b’fhollas di gur chuma leis an Chonaireach arbh ann nó as do Chaitlín. An t-aon rud a bhí ag dó na geirbe aige ná ar ráinig léi airgead a fháil dósan sular éag sí. Ní raibh cineáltas Chaitlín tuillte aige. Ba chóir di siúl amach as an síbín sin gan an t-airgead a bhronnadh air. Ba chóir, cinnte … Lig Mary osna. Bhí a thuilleadh ama ag teastáil uaithi lena haigne a dhéanamh suas cad ba chóir di a dhéanamh.
“Sula bhfuair sí bás, thug Caitlín beartán dom le tabhairt duit,” ar sise faoi dheireadh gan amharc sna súile ar an Chonaireach. “Níl sé agam anseo, faraor. Ní raibh mé cinnte go mbeifeá anseo anocht. Ba mhaith liom coinne a shocrú leat … an mbeidh tú anseo i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh?” Mura mbeadh sé ar fáil, bheadh uirthi ligean uirthi go raibh an clúdach aici an t-am ar fad. “An féidir linn bualadh le chéile … le haghaidh cupán tae?” Ní raibh sí ag iarraidh áit oirise ar nós an chlub seo nó tí tábhairne a roghnú, dá mbeadh cead isteach ann ag mná fiú.
“Cupán tae?” Chuir an Conaireach púic ar a mhalaí agus shlog bolgam as a chupán.
“Is ea, sa DBC ar Fhaiche Stiabhna.” Thaitin sé le Mary go bhféadfadh sí tarraingt ar an stór eolais a bhí cnuasaithe aici cheana.
“Ní bheidh mé i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh… Ach tráthúil go leor, tá cuireadh agam chuig an tae amuigh i Mullach Íde. Buail amach ansin agus beidh dreas comhrá againn—agus tae, ar ndóigh.”
“Ach cén áit…?”
“Blue Bird Cottage ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath i Mullach Íde, ar a trí.”
“Ach …” Cibé rud faoi chur isteach ar a pleananna trí bhualadh leis an Chonaireach arís, ní raibh sí ag iarraidh dul chuig teach strainséartha amuigh faoin tuath. Lena chois sin, nárbh é sin an teach céanna gur chuir sí litreacha chuige cheana – agus gur seoladh ar ais chuici iad?
“Déarfaidh mé le Ruddy thall go mbeidh tú ag teacht,” arsa an Conaireach agus é ag pointeáil i dtreo an ollaimh ag an tábla eile.
Thosaigh Mary ar éirí óna cathaoir nuair a leag an Conaireach a lámh ar chaol a láimhe gur chuimil í go bog.
“Anois, tá cúrsaí gnó socair,” ar seisean. “Níl suim agam i gcluichí cainte an dreama sin.” Sméid sé ar an triúr ar an stáitse. “Céard faoin mbeirt againn éalú linn le taitneamh a bhaint as iontais Bhaile Átha Cliath? Ní féidir leat teacht an bealach ar fad ó Mheiriceá gan oíche mhór scléipe a bheith agat anseo.”
“Dé Domhnaigh ar a trí,” arsa Mary go giorraisc gairgeach agus í ag tarraingt siar a láimhe.
“Seo an tairiscint is fearr a gheobhaidh tú anocht, bíodh a fhios agat. Beidh tú in ann insint do mhuintir Mheiriceá gur bhlais tú de scríbhneoir Éireannach mór le rá.”
Bhí Mary ar tí tabhairt faoi as smál a chaitheamh ar chuimhne Chaitlín, agus as faillí a dhéanamh ina bhean agus ina chlann. Bhí a fhios aici dá dtosódh sí air go gcaithfeadh sí peacaí marfacha de gach cineál leis. Ar ámharaí an tsaoil, b’fhéidir, ba ag an bhomaite sin a tháinig Madame Cogley agus deoch an Chonairigh aici. Mhoilligh Mary fada go leor le slán a fhágáil ag bean an tí gur thug sí aghaidh ar an doras agus ar an staighre iarainn suas.