Ach tuairim na bliana 1913, tugadh faoi deara go raibh athrú ag teacht air—athrú fónta. Chonacthas go raibh sé go deaghléasta sochóirithe thar mar ba bhéas leis. Agus ní hé sin amháin! Le linn na tréimhse céanna bhí sé féiltiúil pointeáilte ag freastal ar na ranganna Gaeilge. B’annamh ólta é, agus de réir gach dealraimh, bhí sé ag éirí as an saol mírialta, aimhrialta ba chleacht leis le fada an lá. Ba ghearr gur tuigeadh do lucht an iontais conas a bhí an scéal aige agus cad a bhí á chur ar a leas. Is amhlaidh a bhí sé mór le hógbhean áirithe faoin am agus is é an cion a bhí aige uirthisean ba bhun leis an athrú a bhí tagtha air.
Áine Ní Chnáimhín, Pádraic Ó Conaire (Baile Átha Cliath, 1947, 53).